Ordú: 40A

Imeachtaí díobhálacha pearsanta : I.R. Uimh. 17 de 2014

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No40A-S.I. No. 599 Of 2014: District Court (Personal Injuries) Rules 2014

No40A-S.I. No. 513 Of 2016: District Court (Issue Of Civil Proceedings) Rules 2016

No40A-S.I. No. 102 Of 2017: District Court (Order 40A) Rules 2017

No40A-S.I. No. 327 Of 2019: District Court (Personal Injuries: Section 8 Notices) Rules 2019


Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

 

1 — MÍNITHE

1 Mínithe

1. San Ordú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs nó an t-ábhar a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 2003” an tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003 (Uimh. 46 de 2003);

ciallaíonn “Acht 2004” an tAcht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004 (Uimh. 31 de 2004); tá le “measúnóirí” an bhrí a thugtar dó le halt 20(2) d’Acht 2003;

tá leis an “Bord” na bríonna a thugtar dó le halt 4 d’Acht 2003; folaíonn “éilitheoir” duine éagtha, i gcás go ndéanfar imeachtaí díobhálacha pearsanta a thionscnamh chun tairbhe do chleithiúnaithe duine éagtha;

folaíonn “ordú” aon bhreithiúnas, foraithne nó díbhe;

ciallaíonn “imeachtaí díobhálacha pearsanta” caingean chun damáistí a ghnóthú,

i leith éagóra—

(a) i dtaobh díobhálacha pearsanta,
(b) i dtaobh díobhálacha den sórt sin agus damáiste do mhaoin araon (ach sin amháin más rud é gurbh í an éagóir chéanna ba chúis leo araon), nó
(c) faoi alt 48 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 (Uimh. 41 de 1961),

ach ní fholaíonn sé caingean i gcás go bhfolóidh na damáistí a éileofar damáistí i leith príosúnú neamhdhleathach nó foghail ar an bpearsa,

agus ní foláir “imeachtaí” a léiriú dá réir sin;

ciallaíonn “toghairm díobhálacha pearsanta” toghairm trína dtionscnófar imeachtaí díobhálacha pearsanta sa Chúirt de réir riail 3; tá le “pléadáil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 d’Acht 2004; ciallaíonn “Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí” nó “UPSP” an Uimhir

Phearsanta Seirbhíse Poiblí a bheidh leithroinnte ar dhuine faoi alt 241B den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh, 2005 (Uimh. 26 de 2005) agus a bheidh eisithe chuige nó chuici.


2 — IMEACHTAÍ DÍOBHÁLACHA PEARSANTA FAOI ACHT 2004

2 Tosaíocht d’fhorálacha an Ordaithe seo in imeachtaí díobhálacha pearsanta

2. (1) Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo maidir le himeachtaí díobhálacha pearsanta.

(2) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite leis an Ordú seo, más rud é go mbeidh an fhoráil d’aon riail den Ordú seo ar neamhréir, ar bhealach ar bith, le haon fhoráil eile de na Rialacha seo, beidh forlámhas ag an bhforáil den riail den Ordú seo maidir le himeachtaí díobhálacha pearsanta. 

3 Ionad

3. (1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha seo nó le hAcht agus faoi réir Ordú 41B agus na gCoinbhinsiún lena mbaineann sé, ní foláir toghairm díobhálacha pearsanta a chomhdú leis an gCléireach agus ní foláir don Chléireach í a eisiúint, is Cléireach a bheidh sannta don cheantar Cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir nó ar dhuine de na freagróirí nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

(2) Mura bhforáiltear a mhalairt le dlí, ní foláir imeachtaí díobhálacha pearsanta sa Chúirt a éisteacht agus a chinneadh ag suí den Chúirt chun gnó sibhialta a dhéanamh don cheantar Cúirte ina ndearnadh na himeachtaí díobhálacha pearsanta a thionscnamh. (3) Measfar, maidir le toghairm díobhálacha pearsanta a bheidh eisithe ag Cléireach, gur eisíodh í ar an dáta ar a ndearnadh í a chomhdú leis an gCléireach lena heisiúint. 

4 Foirm na toghairme díobhálacha pearsanta

4. (1). Ní foláir imeachtaí díobhálacha pearsanta sa Chúirt a thionscnamh trí thoghairm díobhálacha pearsanta i bhFoirm Uimh. 40A.01, Sceideal C a eisiúint lena seirbheáil ar gach freagróir.

(2) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite leis an Ordú seo, maidir le forálacha na Rialacha seo a mbeidh feidhm acu maidir le fógra éilimh, beidh feidhm acu maidir le toghairm díobhálacha pearsanta, fara modhnuithe cuí. 

5 Ábhar na toghairme díobhálacha pearsanta

5. (1) Ní foláir go sonrófar i dtoghairm díobhálacha pearsanta:

(i) ainm an éilitheora, an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi agus a shlí bheatha nó a slí bheatha;
(ii) Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an éilitheora (agus i gcás nach mbeidh UPSP eisithe chuig éilitheoir, ní foláir an méid sin a shonrú sa toghairm díobhálacha pearsanta);
(iii) ainm an fhreagróra, an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir (más eol don éilitheoir é) agus slí bheatha an fhreagróra (más eol don éilitheoir í).

(2) Maidir le haon imeachtaí ar gá a dtionscnamh a bheith údaraithe de réir ailt 14, 17, 32, 36 nó 49, nó rialacha faoi alt 46(3) d’Acht 2003, ní foláir ráiteas a bheith sa toghairm díobhálacha pearsanta:

(a) ina ndaingneofar go bhfuil na himeachtaí údaraithe ag an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta,
(b) ina sonrófar an t-alt d’Acht 2003 nó an riail arna déanamh faoi alt 46(3) d’Acht 2003 ar dá réir a bheidh údarú den sórt sin eisithe, agus
(c) ina luafar dáta eisiúna an údaraithe agus aon tagairt nó uimhir thaifid a bhaineann leis an údarú sin.

6 Sonraí an éilimh i dtoghairm díobhálacha pearsanta

6. (1) Maidir le toghairm díobhálacha pearsanta, ní foláir:

(a) sonraí iomlána agus mionsonraithe a leagan amach inti-

(i) i dtaobh chineál an éilimh agus chineál gach líomhna, dearbhaithe nó pléadála a bheidh san éileamh sin;
(ii) i dtaobh na ndíobhálacha don éilitheoir a líomhnaítear a bheith tagtha de bharr éagóir an fhreagróra;
(iii) i dtaobh ghníomhartha an fhreagróra arb éard iad an éagóir agus i dtaobh na n-imthosca a bhaineann leis an éagóir a bheith déanta;
(iv) i dtaobh gach cáis d’fhaillí a bheidh déanta ag an bhfreagróir, agus

(b) sceideal a bheith inti ina mbeidh sonraí iomlána faoi na hítimí go léir de dhamáiste speisialta a bhfuil éileamh á dhéanamh ag an éilitheoir ina leith.

(2) I gcás go líomhnóidh éilitheoir nach raibh sé nó sí ábalta, tráth a raibh toghairm díobhálacha pearsanta eisithe, aon chuid den fhaisnéis a cheanglaítear leis an riail seo a bheidh le sonrú sa toghairm díobhálacha pearsanta a áireamh sa toghairm díobhálacha pearsanta, ní foláir dó nó di ráiteas a áireamh sa toghairm díobhálacha pearsanta i dtaobh na gcúiseanna ar a bhfuiltear ag éileamh nach rabhthas ábalta aon fhaisnéis den sórt sin a sholáthar tráth eisithe na toghairme díobhálacha pearsanta. Ní foláir don éilitheoir, tráth seirbheála na toghairme díobhálacha pearsanta nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin (cibé acu le leasú nó ar shlí eile), cibé cuid den fhaisnéis a cheanglaítear leis an riail seo ach nach raibh ar áireamh sa toghairm díobhálacha pearsanta a sholáthar agus a fhíorú. 

7 Foirm um chosaint díobhálacha pearsanta

7. (1) Ní foláir do gach freagróir a bhfuil ar intinn aige nó aici na himeachtaí díobhálacha pearsanta a chosaint láithreas agus cosaint i bhFoirm 40A.02, Sceideal C, a sheachadadh ar an éilitheoir (nó ar a aturnae nó ar a haturnae) agus cóip den láithreas a chomhdú leis an gCléireach laistigh de 28 lá tar éis an toghairm díobhálacha pearsanta a sheirbheáil air nó uirthi.

(2) I gcás go ndéanfaidh aon fhreagróir frithéileamh, ní foláir an frithéileamh a bheith i bhFoirm 40A.03, Sceideal C agus ní foláir é a chur mar fhoscríbhinn leis an gcosaint. 

8 Mionnscríbhinn fíoraithe faoi alt 14 d’Acht 2004

8. (1) Ní foláir mionnscríbhinn fíoraithe ar phléadáil nó ar fhaisnéis bhreise a cheanglaítear a fhíorú faoi mhionn faoi alt 14(1) nó alt 14(2) d’Acht 2004 a bheith i bhFoirm 40A.04, Sceideal C.

(2) Féadfar an mhionnscríbhinn a fhormhuiniú ar an bpléadáil nó ar an doiciméad eile lena mbaineann, nó féadfar an phléadáil iomchuí nó an doiciméad eile a fhoilseánadh sa mhionnscríbhinn.

(3) Ní foláir cóip den mhionnscríbhinn fíoraithe a sheachadadh ar an bpáirtí ar a mbeidh an phléadáil nó an doiciméad eile le seachadadh.

(4) I gcás go ndéanfar an mhionnscríbhinn a fhormhuiniú ar an bpléadáil nó ar an doiciméad eile, ní foláir í a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear leis na Rialacha seo chun an phléadáil nó an doiciméad eile a sheachadadh. Thairis sin, ní foláir an mhionnscríbhinn a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear le halt 14 d’Acht 2004 chun an mhionnscríbhinn a chomhdú sa Chúirt.

(5) I gcás go ndéanfar an mhionnscríbhinn fíoraithe a sheachadadh tar éis an phléadáil nó an doiciméad eile a sheachadadh, tosóidh an tréimhse ama a fhorordaítear leis na Rialacha seo chun aon phléadáil nó doiciméad eile a sheachadadh mar fhreagra ón dáta ar a ndéanfar an mhionnscríbhinn fíoraithe a sheachadadh.

(6) Ní foláir mionnscríbhinn fíoraithe a chomhdú sa Chúirt de réir mar a cheanglaítear le halt 14(4) d’Acht 2004 tríd an mionnscríbhinn bhunaidh a bheidh stampáilte go cuí a chomhdú leis an gCléireach. 

9 Iarratais trí fhógra foriarratais in imeachtaí díobhálacha pearsanta

9. (1) Ní foláir na hiarratais seo a leanas in imeachtaí díobhálacha pearsanta a dhéanamh trí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte trí fhoriarratas iar bhfógra chun an pháirtí fhreasúraigh nó chun na bpáirtithe freasúracha. Ní foláir an fógra foriarratais a bheith i bhFoirm 40A.05, Sceideal C agus ní foláir mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann nó thar a ceann a bheith mar thaca leis:

(i) iarratas faoi alt 9(2) d’Acht 2004 (d’éagmais comhaontú idir na páirtithe nó ina measc) chun an tréimhse dá bhforáiltear san Ordú seo nó thairis sin sna Rialacha seo a fhadú, ar lena linn a fhéadfar aon doiciméad a sheirbheáil nó aon ní a dhéanamh;

(ii) iarratas ó fhreagróir faoi alt 10(3) d’Acht 2004 ar bhac ar imeachtaí nó ar dhíbhe imeachtaí mar gheall ar éilitheoir do mhainneachtain an fhaisnéis a sholáthar is gá chun alt 10 d’Acht 2004 a chomhlíonadh;

(iii) iarratas ó fhreagróir faoi alt 11(3) d’Acht 2004 ar bhac ar imeachtaí nó ar dhíbhe imeachtaí mar gheall ar éilitheoir do mhainneachtain faisnéis bhreise a sholáthar arna hiarraidh faoi alt 11(1) nó alt 11(2) d’Acht 2004;

(iv) iarratas ó éilitheoir faoi alt 12(3) d’Acht 2004 ar bhac ar imeachtaí nó ar bhreithiúnas mar gheall ar fhreagróir do mhainneachtain an fhaisnéis a sholáthar is gá chun alt 12 d’Acht 2004 a chomhlíonadh;

(v) iarratas ó pháirtí ar ordachán ón gCúirt faoi alt 15 d’Acht 2004 go ndéanfar éisteacht idirghabhála a thionól;

(vi) iarratas chun na Cúirte go n-ordófar don pháirtí freasúrach sonraí breise agus níos fearr a sheachadadh maidir le haon phléadáil arna seachadadh ag an bpáirtí freasúrach sin;

(vii) iarratas ó pháirtí ar mian leis nó léi go dtabharfar fianaise trí mhionnscríbhinn, faoi alt 19 d’Acht 2004;

(viii) iarratas ó pháirtí ar mian leis nó léi go ndéanfar duine ceadaithe a cheapadh chun aon imscrúdú a dhéanamh agus chun aon fhianaise a thabhairt i ndáil le haon ábhar, faoi alt 20 d’Acht 2004.

(2) Ní fhéadfar iarratas ar bith a thuairiscítear i bhfo-riail (1) a eisiúint:

(a) mura mbeidh scríofa roimhe sin ag an bpáirtí tionscnaimh chuig an bpáirtí freasúrach iomchuí á iarraidh go gcomhaontóidh an páirtí freasúrach iomchuí le haon fhadú atá beartaithe nó (de réir mar a bheidh) go soláthróidh an páirtí sin an fhaisnéis arna sainaithint in iarraidh an pháirtí tionscnaimh nó go gcomhaontóidh an páirtí sin le hiarraidh an pháirtí tionscnaimh;

(b) mura mbeidh tréimhse 14 lá lamháilte chun iarraidh an pháirtí tionscnaimh a chomhlíonadh; agus

(c) murar mhainnigh nó murar dhiúltaigh an páirtí, ar ar iarradh amhlaidh, an iarraidh sin a chomhlíonadh nó mura ndearna an páirtí sin faillí sa chéanna.

(3) Ní fhéadfar géilleadh d’iarratas ar bith ar bhreithiúnas d’éagmais cosanta in imeachtaí díobhálacha pearsanta murar mbeidh deimhnithe ag an bpáirtí tionscnaimh don Chúirt gur fhíoraigh sé nó sí a thoghairm díobhálacha pearsanta nó a toghairm díobhálacha pearsanta sna himeachtaí sin faoi mhionn de réir an Ordaithe seo. 

10 Atráthú chun idirghabháil a éascú

10. (1) I gcás go n-ordóidh an Chúirt, de réir alt 15 d’Acht 2004, go dtionólfar comhdháil idirghabhála, féadfaidh sí na himeachtaí díobhálacha pearsanta a chur ar atráth ar feadh cibé tréimhse ama is dóigh léi is cuí chun a chumasú an éisteacht idirghabhála a thionól.

(2) I gcás go n-ordóidh an Chúirt go dtionólfar comhdháil idirghabhála, féadfaidh sí an tréimhse ama a fhadú chun go gcomhlíonfaidh na páirtithe nó aon pháirtí acu aon fhoráil de na Rialacha seo nó aon ordú ón gCúirt sna himeachtaí díobhálacha pearsanta. (3) Ní foláir gur i mionnscríbhinn a sholáthrófar an tuarascáil faoi alt 16 d’Acht 2004 ón duine a bheidh ceaptha faoi alt 15(4) d’Acht 2004 chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar éisteacht idirghabhála agus ní foláir go bhfíorófar sa mhionnscríbhinn sin:

(a) a cheapachán nó a ceapachán mar idirghabhálaí;

(b) cibé acu a tionóladh nó nár tionóladh an éisteacht idirghabhála;

(c) murar tionóladh í, na cúiseanna nach raibh an éisteacht idirghabhála ann;

(d) má tionóladh í—

(i) an tráth a tionóladh agus an áit inar tionóladh an éisteacht idirghabhála;

(ii) na páirtithe a bhí i láthair;

(iii) cibé acu a thángthas nó nár thángthas ar shocraíocht sna himeachtaí díobhálacha pearsanta, agus

(iv) téarmaí aon socraíocht arna síniú ag na páirtithe.

11 Tairiscint socraíochta

11. (1) Ní foláir cóipeanna den fhógra ón éilitheoir ina dtairgtear téarmaí socraíochta a cheanglaítear le halt 17(1) d’Acht 2004 agus d’fhógra an fhreagróra a cheanglaítear le halt 17(2) d’Acht 2004 a chomhdú sa Chúirt.

(2) Ní foláir cóipeanna de na fógraí dá dtagraítear i bhfo-riail (1) a chomhdú trína seachadadh, mar aon le mionnscríbhinn nó dearbhú reachtúil á rá go ndearnadh an fógra a sheirbheáil ar an bpáirtí freasúrach, ar an gCléireach a luaithe is féidir tar éis an tréimhse fhorordaithe dá dtagraítear in alt 17(3) d’Acht 2004 a bheith caite.

(3) Ní foláir na fógraí dá dtagraítear i bhfo-riail (1) a bheith i bhFoirm 40A.06, Sceideal C.

(4) Ní ceadmhach na fógraí dá dtagraítear i bhfo-riail (1) a thabhairt ná a thabhairt ar aird don Bhreitheamh sula ndéanfar na himeachtaí díobhálacha pearsanta a chinneadh. 

12 Éisteacht réamhthrialach

12. (1) Ní foláir éisteacht réamhthrialach dá bhforáiltear in alt 18 d’Acht 2004 a thionól in imeachtaí díobhálacha pearsanta i gcás, ar iarratas trí fhoriarratas iar bhfógra chun an pháirtí fhreasúraigh nó chun na bpáirtithe freasúracha ón bpáirtí ar mian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar éisteacht réamhthrialach, go measfaidh an Chúirt gur cuí éisteacht réamhthrialach.

(2) Féadfaidh Breitheamh a bheidh i gceannas ar éisteacht réamhthrialach cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh ag an éisteacht sin a mheasfaidh sé nó sí is gá chun a chinneadh cibé acu de na hábhair a bhaineann leis na himeachtaí atá faoi dhíospóid.


3 — IARRATAIS FAOI ACHT 2003

13 Iarratas chun measúnú a cheadú

13. (1) Ní foláir iarratas chun go gceadóidh an Chúirt measúnú faoi alt 35(2) d’Acht 2003 a dhéanamh trí fhógra foriarratais i bhFoirm 40A.07, Sceideal C.

(2) Ní foláir fógra foriarratais a chomhdú sa cheantar Cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir nó ar dhuine de na freagróirí nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha agus ní foláir don Chléireach a bheidh sannta don cheantar Cúirte sin an fógra foriarratais a eisiúint.

(3) Ní foláir a bheith mar thaca leis an bhfógra foriarratais mionnscríbhinn arb é an teideal a bheidh uirthi

“MAIDIR LEIS AN ACHT UM BORD MEASÚNAITHE DÍOBHÁLACHA PEARSANTA, 2003

agus

MAIDIR LE hIARRATAS A BHAINEANN LE A.B., [LEANBH NÓ DUINE MÍMHEABHRACH], AS [SEOLADH] Ó C.D., AG GNÍOMHNÚ DÓ NÓ DI MAR [LUAIGH AN CHÁIL] THAR CEANN A.B. MAR A DÚRADH.”

(4) Ní foláir an fógra foriarratais a bheith dírithe chuig an bhfreagróir faoina ainm nó faoina hainm agus ní foláir don iarratasóir é a sheirbheáil ar an bhfreagróir tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte.

(5) Ní foláir an fógra foriarratais a sheirbheáil

(a) trína sheachadadh ar an bhfreagróir;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir (nó i gcás cuideachta, ag a hoifig chláraithe) nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha ag an bhfreagróir, ag an seoladh sin, nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir (nó i gcás cuideachta, chun a hoifige cláraithe) nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.

(6) Tráth a bheidh iarratas a bhaineann le measúnú den sórt sin á mheas, féadfaidh an Chúirt duine lánaoise a cheapadh chun gníomhú mar chaomhnóir ad litem ar an leanbh nó, más cuí, ar an duine mímheabhrach.

(7) I gcás inarb infheidhme é, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Ordú 45, riail 7 (a bhaineann le taiscí) maidir le measúnuithe arna ndéanamh i bhfabhar leanaí nó daoine mímheabhracha a bheidh ceadaithe de réir na rialach seo i leith an mhéid is inghnóthaithe de réir alt 38 d’Acht 2003.

(8) Ní foláir don Chléireach cóip dheimhnithe d’aon ordú arna dhéanamh de bhun na rialach seo a chur leis an ngnáthphost réamhíoctha nó le ríomhphost chuig an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta.

(9) Más rud é go n-eiseofar ordú íoca de réir alt 38 d’Acht 2003, ní foláir don Bhord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta cóip den ordú íoca a chur láithreach chuig an gCléireach leis an ngnáthphost réamhíoctha nó i bhformáid leictreonach.

(10) Más rud é go n-eiseofar ordú íoca de réir alt 38 d’Acht 2003, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar infheistiú de réir Ordú 43, riail 12. 

14 Iarratas ó mheasúnóirí chun na Cúirte

14. (1) Ní foláir iarratas ó mheasúnóir ar ordú faoi alt 27(2) d’Acht 2003 a dhéanamh ag suí den Chúirt Dúiche sa cheantar Cúirte ina bhfuil cónaí ar an duine ar ina choinne nó ina coinne a lorgaítear an t-ordú lena mbaineann nó ina seolann sé nó sí gnó.

(2) Ní foláir gur trí fhógra iarratais i bhFoirm 40A.08, Sceideal C, a dhéanfar iarratas den sórt sin agus ní foláir é a dhíriú chuig an bhfreagróir faoina ainm nó faoina hainm.

(3) Ní foláir don iarratasóir fógra faoin iarratas a sheirbheáil tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte. Ní foláir an fógra a sheirbheáil:

(a) trína sheachadadh ar an bhfreagróir;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin; nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.