Ordú: 51

Forghníomhú agus forfheidhmiú breithiúnas : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 — GINEARÁLTA

1 Mínithe

1. San Ordú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs nó an t-ábhar a mhalairt—

folaíonn “barántas forghníomhaithe” barántas chun maoin a urghabháil agus barántas seachadta earraí. 

2 Bac ar fhorghníomhú

2. (1) Féadfaidh an Chúirt bac a chur ar fhorghníomhú aon bhreithiúnais nó ordaithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt bac a chur ar fhorghníomhú ordaithe, nó aon ordú a dhéanamh de réir mar is gá de bharr chineál an cháis, ar fhoras ábhar a tharlóidh tar éis an t-ordú a dhéanamh. 

3 Ré breithiúnas

3. (1) Beidh breithiúnais i lánfheidhm agus i lánéifeacht go ceann dhá bhliain déag ón dáta ar a dtabharfar nó ar a ndéanfar iad, ach ní fhéadfar breithiúnas ar bith a fhorghníomhú tar éis sé bliana ón dáta ar a dtabharfar nó ar a ndéanfar é gan cead ón gCúirt.

(2) Ní foláir gur trí fhógra foriarratais a dhéanfar iarratas ar chead chun forghníomhú a dhéanamh tar éis sé bliana agus ní foláir an fógra foriarratais a sheirbheáil ar an duine a bhféachtar lena chur nó lena cur faoi dhliteanas. 

4 Páirtithe a mhalartú

4. (1) Más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse dhá bhliain déag ar lena linn a bheidh breithiúnas i bhfeidhm, go dtarlóidh athrú, trí bhás, nó trí shannadh nó eile, ar na páirtithe, féadfaidh páirtí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, ar fhógra chun an pháirtí eile a bheith seirbheáilte, á iarraidh an breithiúnas a leasú dá réir sin.

(2) Más deimhin léi go bhfuil an páirtí a dhéanfaidh iarratas faoi fho-riail

(1) i dteideal forghníomhú a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt aon ordú cuí a dhéanamh agus féadfaidh sí aon leasú a dhéanamh ar bhreithiúnas is gá chun éifeacht a thabhairt don ordú sin agus féadfaidh sí cibé téarmaí is cóir léi, i dtaobh costas nó eile, a fhorchur. 

5 Forghníomhú i gcoinne beirte nó níos mó

5. (1) Más rud é go dtabharfar nó go ndéanfar breithiúnas i gcoinne beirt fhreagróirí nó níos mó i gcomhpháirt, féadfar an breithiúnas nó an t-ordú a fhorfheidhmiú le barántas nó ar shlí eile i gcoinne aon duine de na freagróirí amhail is go ndearnadh an t-ordú i gcoinne an fhreagróra sin go leithleach.

(2) Más rud é go ndéanfaidh aon duine de na freagróirí ordú i gcoinne beirt fhreagróirí nó níos mó i gcomhpháirt a shásamh, ní fhéadfaidh an páirtí ar ina fhabhar nó ina fabhar a bheidh an t-ordú, a bheidh sásaithe amhlaidh, déanta bearta ar bith eile a dhéanamh i gcoinne aon fhreagróir eile. 

6 Forghníomhú i gcoinne comhpháirtithe

6. (1) I gcás gur i gcoinne gnólachta a thabharfar breithiúnas nó a dhéanfar ordú, féadfar forghníomhú a eisiúint:

(a) i gcoinne aon mhaoin de chuid na comhpháirtíochta laistigh den Stát;

(b) i gcoinne aon duine a láithrigh ina ainm féin nó ina hainm féin faoi Ordú 43, riail 22 agus a mhainnigh cosaint a sheachadadh, nó a d’admhaigh ar na pléadálacha gur comhpháirtí é nó í, nó ar breithníodh é nó í a bheith ina chomhpháirtí nó ina comhpháirtí.

(2) Más rud é go n-éileoidh an duine a fuair breithiúnas go bhfuil sé nó sí i dteideal forghníomhú a eisiúint i gcoinne aon duine eile mar gur comhalta den ghnólacht é nó í, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte iar bhfógra chun an duine eile sin ar chead chun déanamh amhlaidh.

(3) Féadfaidh an Chúirt cead a thabhairt chun forghníomhú a eisiúint mura mbeidh an dliteanas faoi dhíospóid. Más rud é go mbeidh an dliteanas faoi dhíospóid, féadfaidh an Chúirt a ordú an dliteanas a thriail agus a chinneadh ar aon slí ina bhféadfar aon saincheist nó ceist in aon chaingean a thriail agus a chinneadh.

(4) Ach amháin amhail i gcoinne aon mhaoin de chuid na comhpháirtíochta, ní fhágfaidh breithiúnas i gcoinne gnólachta aon chomhalta den chomhpháirtíocht, is comhalta a bhí lasmuigh den Stát nuair a eisíodh an fógra éilimh nó an doiciméad eile lenar tosaíodh na himeachtaí sibhialta agus nár thaifead láithreas, faoi dhliteanas, ná ní dhéanfaidh sé difear dó nó di ar shlí eile, mura rud é go ndearnadh páirtí sna himeachtaí sibhialta de nó di faoi Ordú 43, nó gur seirbheáladh é nó í laistigh den dlínse tar éis an fógra éilimh nó an doiciméad eile lenar tosaíodh na himeachtaí sibhialta a eisiúint. 

7 Feidhm rialacha, cleachtais agus nóis imeachta áirithe den Chúirt Chuarda

7. Faoi réir an Ordaithe seo agus ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite leis na Rialacha seo, beidh feidhm ag na rialacha, ag an gcleachtas agus ag an nós imeachta den Chúirt Chuarda a mbeidh feidhm acu maidir le Cláraitheoir Contae nó a ghlacfaidh sé nó sí i bhforghníomhú barántas forghníomhaithe, fara cibé modhnuithe is gá, maidir le forghníomhú barántas chun maoin a urghabháil agus maidir le forghníomhú barántas seachadta. 

8 Cláraitheoir Contae eile d’fhorghníomhú

8. Féadfaidh Cláraitheoir Contae barántas a bheidh dírithe chuig Cláraitheoir Contae eile a fhorghníomhú más rud é go bhfuil earraí leis an duine a mbeidh an barántas eisithe ina choinne nó ina coinne le fáil sa chontae dá ngníomhóidh an Cláraitheoir Contae eile sin.


2 — EARRAÍ A URGHABHÁIL CHUN BREITHIÚNAS I LEITH AIRGID NÓ COSTAS A SHÁSAMH


9 Cláraitheoir Contae d’fhorghníomhú

9. (1) Ceanglóidh breithiúnais chun airgead a ghnóthú nó breithiúnais nó orduithe i leith costas ar na Sirriamaí agus na Cláraitheoirí Contae go léir earraí an fhreagróra nó an éilitheora, de réir mar is cuí, a thógáil i bhforghníomhú chun an fiach, na costais, an cháin bhreisluacha, na caiteachais, agus an t-ús ar an bhfiach, de réir mar a bheidh, a ghlanadh.

(2) Féadfar barántas a bheidh le síniú ag an gCláraitheoir Contae lena n-údarófar forghníomhú a chur le gach breithiúnas chun airgead a ghnóthú nó le gach breithiúnas.

(3) Ní foláir barántais, lena n-údarófar forghníomhú breithiúnas chun airgead a ghnóthú nó forghníomhú breithiúnas nó orduithe le haghaidh costas, agus barántais chun rátaí a ghnóthú a dhíriú chun a bhforghníomhaithe:

(a) chuig an gCláraitheoir Contae don chontae ina bhfuil an ceantar Cúirte suite; nó

(b) i gcás go bhfuil cuid de dhá chontae nó níos mó sa cheantar Cúirte, chuig Cláraitheoir Contae an chontae sin ina bhfuil an chuid den cheantar Cúirte ina gcónaíonn an duine a mbeidh an breithiúnas tugtha nó an t-ordú déanta ina choinne nó ina coinne nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha. 

10 Barántais a fhorghníomhú

10. (1) I gcás gur chun airgead a íoc a bheidh barántas agus go ndéanfar earraí a urghabháil faoin mbarántas, féadfaidh an duine a mbeidh an barántas dírithe chuige nó chuici na hearraí a dhíol ar ceant laistigh den tréimhse a bheidh socraithe leis an mbarántas nó, mura mbeidh tréimhse ar bith socraithe amhlaidh, laistigh d’aon mhí amháin ón lá a urghabhadh na hearraí, mura ndéanfar an tsuim dar eisíodh an barántas, agus na caiteachais ar thógáil agus ar choimeád na n-earraí, a íoc sula ndíolfar na hearraí.

(2) D’ainneoin fho-riail (1), féadfaidh an Chúirt, ó am go ham, an tréimhse, a shocrófar leis an mbarántas nó dá bhforálfar leis na Rialacha seo chun earraí a urghabhadh faoi bharántas a dhíol ar ceant, a fhadú go ceann tréimhse nach faide ná aon mhí amháin ón lá a bheadh an tréimhse caite murach sin agus mar sin de ó am go ham.

(3) I gcás go ndíolfar earraí faoi fho-riail (1), maidir leis an mbarrachas, más ann, a bheidh ann:

(a) tar éis an méid a bheidh le tobhach a choinneáil; agus

(b) tar éis na caiteachais réasúnacha go léir, a thabhófar iarbhír i ndáil leis na hearraí a chur ar ceant, a choinneáil; agus

(c) tar éis na caiteachais, ar thógáil agus ar choimeád na n-earraí, a choinneáil,

ní foláir é a íoc leis an duine ónar urghabhadh na hearraí.

(4) Ní gá don duine a sheolfaidh ceant faoin riail seo ceadúnas a fháil chun gníomhú mar cheantálaí.

(5) I gcás go ndéanfaidh an duine a mbeidh barántas faoi riail 2 eisithe ina choinne nó ina coinne an méid a bheidh le tobhach leis an mbarántas a íoc leis an duine, nó a thairiscint don duine, a bheidh freagrach as an mbarántas a fhorghníomhú, ní foláir don duine a bheidh freagrach as an mbarántas a fhorghníomhú staonadh ón mbarántas a fhorghníomhú.

(6) Nuair a thoibheofar aon airgead nó nuair a íocfar é le teachtaire cúirte faoi aon bharántas, ní foláir don teachtaire cúirte admháil a thabhairt ar an airgead. 

11 Barántas chun earraí a urghabháil

11. (1) I gcás go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt i leith suim airgid nó go mbeidh ordú déanta aici chun suim airgid a íoc i leith costas, féadfaidh Cléireach barántas a scaoileadh chun earraí an duine ar ina choinne nó ina coinne a bheidh an breithiúnas tugtha nó an t-ordú déanta a urghabháil chun an fiach breithiúnais a ghlanadh:

(a) i gcás nach sonrófar in aon Acht faoinar tugadh an breithiúnas nó faoina ndearnadh an t-ordú modh ar bith chun an t-ordú a fhorfheidhmiú nó i gcás go ndéanfar foráil sa chéanna maidir le forfheidhmiú trí thochsal, agus

(b) i gcás ceann amháin acu seo a leanas—

(i) go mbeidh an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais nó an ordaithe caite agus nach mbeidh achomharc ar bith tionscanta, nó

(ii) go ndearnadh achomharc a dhíbhe agus nach mbeidh forghníomhú eisithe ag an gCúirt Chuarda.

12 Barántas a eisiúint

12. (1) Eiseofar barántas dá dtagraítear sa riail seo nuair a shíneoidh an Breitheamh an barántas agus nuair a eiseoidh an Cléireach é don duine a iarrfaidh go n-eiseofar é.

(2) Ní foláir dáta a eisiúna a bheith ar bharántas dá dtagraítear sa riail seo. 

13 Ré barántais forghníomhaithe

13. (1) Beidh barántas bailí chun forghníomhú a dhéanamh go ceann aon bhliana amháin tar éis lá a eisiúna.

(2) D’ainneoin fho-riail (1), féadfaidh an Chúirt, ó am go ham, tréimhse bhailíochta an bharántais chun forghníomhú a dhéanamh a fhadú go ceann tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin ón lá a bheadh sí caite murach sin agus mar sin de ó am go ham.

(3) Ní ceadmhach fadú faoi fho-riail (2) a dhéanamh tar éis an lae a rachaidh an barántas in éag.

(4) Féadfar iarratas ar ordú faoi fho-riail (2) a dhéanamh gan fógra a thabhairt d’aon duine.

(5) Ní foláir don pháirtí ag a mbeidh an t-ordú á fháil cóip d’ordú faoi fho-riail (2) a sheachadadh ar an gCláraitheoir Contae.

(6) Ní foláir tosaíocht barántais, ar ina leith a bheidh fadú faoi fho-riail (2) déanta, a chinneadh faoi threoir an dáta ar ar seachadadh an barántas i dtosach ar an duine chun a mbeidh sé dírithe.


3 — BARÁNTAIS SEACHADTA


14 Barántas seachadta

14. (1) Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú—

(a) chun earraí a sheachadadh; nó

(b) chun earraí a sheachadadh nó chun a luach measúnaithe a ghnóthú—

féadfaidh Cléireach barántas seachadta a eisiúint.

(2) Más rud é gur chun luach measúnaithe a fháil ar earraí, agus chuige sin amháin, a bheidh an t-ordú ón gCúirt, féadfar an t-ordú a fhorfheidhmiú ar an modh céanna le haon ordú eile chun airgead a íoc.