Ordú 80

Agóidí i gcoinne athnuachana ar cheadúnais le haghaidh deochanna meisciúla, foirmeacha deimhnithe athnuachana, athnuachaintí ar cheadúnais a thaifeadadh.

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘Acht 1986’’ Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 (Uimh. 26 de 1986);

ciallaíonn ‘‘Acht 1988’’ an tAcht Deochanna Meisciúla, 1988 (Uimh. 16 de 1988).

Ionad

2. (1) Faoi réir fhorálacha mhír (2) den riail seo, más rud é go ndéanfar agóid faoi alt 4 (6) d’Acht 1986, i gcoinne athnuachana—

(a) ar ar-cheadúnas chun deochanna meisciú la a dhíol,

(b) ar cheadúnas bialainne speisialta arna dheonú faoi Chuid II d’Acht 1988, nó

(c) ar cheadúnas nó ar cheadúnais chun biotáille nó leann a dhíol ar mionreic lena n-ó l lasmuigh den áitreabh ina ndíoltar iad, is ag an gCúirt Bhliantúil um Cheadúnú don cheantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an agóid a dhéanfar í.

 

(2) Más rud é gur i gcoinne athnuachana ar cheadúnas mórdhíoltóra leanna nó ar aon eischeadúnas eile a théann in éag, de bhua alt 49 den Finance (1909-10) Act, 1910, an tríochadú lá de Mheitheamh gach bliain, a dhéanfar an agóid, féadfar an agóid sin a dhéanamh ag an suí deiridh den Chúirt chun gnó achomair a sheoladh i mí an Mheithimh don cheantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an agóid, nó ag an gcéad suí eile den Chúirt a bheidh ar fáil ina dhiaidh sin.

Fógra agóide

3. (1) Sula ndéanfar an agóid sin, déanfar fógra i bhFoirm 80.1, Sceideal C, arna síniú ag an agóideoir nó ag an aturnae thar ceann an agóideora, a eisiúint agus a sheirbheáil.

(2) Déanfar an fógra a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais nó na gceadúnas a ghabhann leis an áitreabh lena mbaineann an agóid lá is fiche ar a laghad roimh dháta suí na Cúirte Bliantúla um Cheadúnú a dúradh, nó an tsuí eile den Chúirt a ndearnadh an agóid a liostú lena héisteacht os a comhair. Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná seacht lá roimh dháta an tsuí sin.

An Cléireach do thabhairt fógra don Bhailitheoir C & M, etc.

4. Ar an bhfógra agóide a fháil, déanfaidh an Cléireach fógra dá ré ir (i bhFoirm 80.2, Sceideal C), a thabhairt láithreach don Bhailitheoir Custam agus Máil don dúiche ina bhfuil an t-áitreabh sin agus, más rud é nach comhalta den Gharda Síochána é nó í an t-agóideoir, tabharfaidh an Cléireach fógra freisin don Cheannfort den Gharda Síochána don limistéar.

Ordú ón gCúirt

5. (1) Is i bhFoirm 80.3, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an agóid a éisteacht.

An Cléireach —

do chur cóipe chuig an mBailitheoir C & M

(2) Más rud é go gceadóidh an Chúirt an agóid agus nach ndéanfar aon fhógra achomhairc i gcoinne an ordaithe sin a thaisceadh leis an gCléireach laistigh den tréimhse ama a bheidh forordaithe chuige sin, cuirfidh an Cléireach cóip dheimhnithe den ordú ón gCúirt chuig an mBailitheoir Custam agus Máil.

— do chur deimhnithe athnuachana (nó cóip de) chuig an mBailitheoir

(3) Más rud é go ndícheadóidh an Chúirt an agóid agus nach ndéanfar aon fhógra achomhairc i gcoinne an ordaithe sin a thaisceadh leis an gCléireach laistigh den tréimhse ama a bheidh forordaithe chuige sin, déanfaidh an Cléireach deimhniú chun an ceadúnas a athnuachan, i bhFoirm 80.4, Sceideal C (nó cóip di), a chur láithreach chuig an mBailitheoir Custam agus Máil.

— do thabhairt fógra don Bhailitheoir i gcásanna achomhairc

6. Más rud é go ndéanfar fógra achomhairc i gcoinne aon ordaithe ón gCúirt lena mbaineann an tOrdú seo a thaisceadh, tráth ar bith, leis an gCléireach, déanfaidh an Cléireach sin fógra chuige sin a chur láithreach chuig an mBailitheoir Custam agus Máil.

An modh seirbheála

7. Maidir le doiciméid a cheanglaítear leis an Ordú seo a chur chuig an mBailitheoir Custam agus Máil, féadfar iad a chur leis an bpost cláraithe, nó féadfar iad a sheachadadh ar oifig an Bhailitheora sin, más cuí.

Foirmeacha deimhnithe athnuachana

8. Is i bhFoirm 80.4, Sceideal C, a bheidh an deimhniú a eiseofar chun ceadúnas sé lá nó ceadúnas luathdhúnta a athnuachan. Más rud é go ndeonófar deimhniú chun ceadúnas a athnuachan de bhun alt 30 (1) (b) den Acht Deocha Meisciúla, 1960, is i bhFoirm 77.5, Sceideal C, a bheidh an deimhniú sin.

Athnuachaintí ar cheadúnais a thaifeadadh

9. I ngach cás ina ndéanfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim athnuachan ar cheadúnas de réir bhrí alt 4 d’Acht 1986 a dheonú agus a eisiúint agus go bhfaighidh an Cléireach fógra i dtaobh eisiúint an cheadúnais sin ó na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh an Cléireach sin na sonraí faoi a thaifeadadh i gClár na gCeadúnas agus coinneoidh sé nó sí an fógra sin faoina choimeád nó faoina coimeád.