Ordú: 27

Cúirtbhannaí a eistréatadh Airgead taiscthe a fhorghéilleadh : I.R. Uimh. 194 of 2001

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No27-S.I. No. 41 Of 2008: District Court (Criminal Justice Act 2007) Rules 2008
No27-S.I. No. 260 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Miscellaneous Provisions) Act 2009) Rules 2010
No27-S.I. No. 225 Of 2019: District Court (Estreatment) Rules 2019

Deimhneoidh an Breitheamh nár comhlíonadh coinníoll

1. Más rud é, ar choinníoll a ghabh le cúirtbhanna a bhfuil de chumhacht ag an gCúirt é a eistréatadh a bheith gan chomhlíonadh, go mbeartófar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú chun an cúirtbhanna a eistréatadh nó ar ordú chun suim airgid a thaisc an páirtí a chuaigh sa chúirtbhanna in ionad urra nó urraí a fhorghéilleadh, déanfar an cúirtbhanna a thabhairt ar aird ar dtús do Bhreitheamh atá sannta don dúiche chúirte ina mbeidh sé taiscthe san am sin, agus féadfaidh an Breitheamh, ar cibé cruthú nas is cuí leis nó lé i a bheith aige nó aici, deimhniú i bhFoirm 27.1, Sceideal B, a fhormhuiniú ar an gcúirtbhanna, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise ar aon choinníoll a ghabh leis an gcúirtbhanna a bheidh deimhnithe ann a bheith gan chomhlíonadh.

Ionad le haghaidh iarratais chun cúirtbhanna a eistréatadh nó chun suim airgid a fhorghéilleadh

2. Is ceannfort den Gharda Síochána a dhéanfaidh iarratas ar ordú chun cúirtbhanna den sort sin a eistréatadh nó chun suim airgid den sort sin a fhorghéilleadh agus féadfar é a dhéanamh ag aon suí dá éis den chúirt ina ndearnadh an t-ordú á ordú go rachfaí sa chúirtbhanna nó ar ceanglaíodh ar an bpríomhpháirtí leis an gcúirtbhanna láithriú os a comhair.

Fógra um iarratas
— chun cúirtbhanna a eistréatadh

3. (1) Sula ndéanfar iarratas den sort sin ar ordú eistréata, déanfar fógra i bhFoirm 27.2, Sceideal B, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bpríomhpháirtí nó ar an urra nó na hurraí leis an gcúirtbhanna nó orthu uile nó ar aon duine díobh de réir mar is cuí, ag tabhairt fógra dóibh i dtaobh an iarratais sin.

— chun airgead taiscthe a fhorghéilleadh

(2) Sula ndéanfar iarratas den sort sin ar ordú chun suim airgid a taisceadh in ionad urra nó urraí a fhorghéilleadh, déanfar fógra i bhFoirm 27.3, Sceideal B, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bpáirtí a thaisc an tsuim sin.

— Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar fógra a eiseofar faoin riail seo a sheirbheáil ar gach duine ar chuige nó chuici a bheidh sé dírithe de réir fhorálacha Ordú 10, riail 3 (1), de na Rialacha seo, nó leis an ngnáthphost agus déanfar é a sheirbheáil seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

(4) Más rud é nach mbeidh aon seoladh seasta laistigh den Stát ag an duine a mbeartófar fógra arna eisiúint faoin riail seo a sheirbheáil air nó uirthi, féadfar an fógra a sheirbheáil ar an duine sin i cibé slí a ordóidh an Breitheamh.

(5) Más rud é, áfach, go mbeartófar fógra um iarratas ar ordú chun suim airgid a taisceadh in ionad urra nó urraí a fhorghéilleadh a sheirbheáil agus gur deimhin leis an mBreitheamh, ar iarratas arna dhéanamh chuige sin, nach bhfuil aon seoladh seasta laistigh den Stát ag an duine atá le seirbheáil, agus nach eol cá bhfuil an duine sin agus nach féidir é sin a fháil amach trí fhiosrú réasúnach, féadfaidh an Breitheamh, le hordú, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, an tseirbheáil a ligean thar ceal sa chás sin.

— Fógra a thaisceadh

(6) Nuair a bheidh fógra a eiseofar faoin riail seo seirbheáilte, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe don éisteacht.

Ordú ón gCúirt

4. Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas réamhráite a éisteacht agus ar an gcúirtbhanna, agus an deimhniú a dúradh thuas formhuinithe air, a thabhairt ar aird agus ar aon fhianaise bhreise (más ann) a thairgfear i dtacaíocht leis an iarratas a éisteacht,

— chun cúirtbhanna a eistréatadh

(a) Más iarratas é ar ordú chun cúirtbhanna a eistréatadh, ordú a dhéanamh i bhFoirm 27.4, Sceideal B (a fhéadfar a dhéanamh ar mhodh formhuinithe ar an gcúirtbhanna), chun an cúirtbhanna a eistréatadh i cibé suim nó suimeanna is cuí leis an gCúirt agus i gcoinne an phríomhpháirtí nó i gcoinne an urra nó na n-urraí nó i gcoinne gach duine nó aon duine díobh, de réir mar is cuí leis an gCúirt,

**Ar choinníoll nach n-eistréatfar cúirtbhanna i gcoinne aon duine nár seirbheáladh an fógra um iarratas chun cúirtbhanna a eistréatadh air nó uirthi; nó

— chun airgead taiscthe a fhorghéilleadh

(b) Más iarratas é ar ordú chun suim airgid a taisceadh in ionad urra nó urraí a fhorghéilleadh, ordú a dhéanamh i bhFoirm 27.5, Sceideal B (a fhéadfar a dhéanamh ar mhodh formhuinithe ar an gcúirtbhanna), á ordú an tsuim airgid a taisceadh, nó aon chuid di, a fhorghéilleadh.

Cuirfidh an Cléireach fógraí

5. (1) Aon uair a dhéanfaidh an chúirt ordú chun cúirtbhanna a eistréatadh, déanfaidh an Cléireach fógra i bhFoirm 23.1, Sceideal B (fara aon mhodhnuithe is gá), a chur leis an ngná thphost chuig gach duine a ndearnadh an t-ordú ina choinne nó ina coinne á chur in iúl don duine sin go ndearnadh an t-ordú, an tsuim ina ndearnadh an cúirtbhanna a eistréatadh i gcoinne an duine sin agus an tréimhse ama (más ann) a ceadaíodh chun a híoctha.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an chúirt ordú á ordú suim airgid a taisceadh in ionad urra nó urraí (no cuid di) a fhorghéilleadh, cuirfidh an Cléireach, Más eol cá bhfuil an duine a thaisc an tsuim airgid, in iúl don duine sin go ndearnadh an t-ordú sin agus an tsuim airgid a ordaíodh a fhorgheilleadh. Más lú an tsuim sin ná an tsuim airgid a taisceadh, beidh an t-iarmhé id inaisíoctha leis an duine sin.

Ordú a fhorghníomhú — trí thochsal

6. (1) Más rud é nár comhlíonadh ordú chun cúirtbhanna a eistréatadh, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith tar éis don tréimhse ama a ceadaíodh chun a íoctha a bheith caite nó, murar ceadaíodh aon tréimhse ama den sort sin, tráth ar bith tar éis an t-ordú eistréata a dhéanamh, barántas i bhFoirm 27.6, Sceideal B, a eisiúint chun an tsuim a bheidh dlite ó aon duine faoin ordú a thobhach trí earraí an duine sin a thochsal agus a dhíol.

trí chimiú

***(2) Tráth ar bith tar éis barántas tochsail den sort sin a eisiúint, féadfaidh an ceannfort a dúradh, tar éis dó nó di fógra seacht lá ar a laghad i dtaobh an iarratais (i bhFoirm 27.7, Sceideal B) a thabhairt ar dtús don duine ar eisíodh an barántas tochsail ina choinne nó ina coinne (an freagróir) agus tar éis dó nó di an chóip bhunaidh den Fhoirm sin a thaisceadh leis an gCléireach, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun barántas a eisiúint chun an freagróir a chimiú chun príosúin, agus féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi ar an iarratasóir a éisteacht ná rbh fhéidir an barántas tochsail sin a fhorghníomhú, barántas (Foirm 27.8, Sceideal B) a eisiúint chun an freagróir a chimiú chun príosúin ar feadh téarma nach faide ná an tréimhse chuí a shonraítear sa scála atá leagtha amach in Ordú 23, r.7, de na Rialacha seo, agus air sin cuirfidh an t-iarratasóir an barántas tochsail ar ais go dtí an chúirt chun a chealaithe.

I gcás cúirtbhanna síochána — féadfaidh sé go n-éileofar banna nua

7. Más rud é go n-eistréatfaidh an Chúirt, i gcoinne an phríomhpháirtí, cúirtbhanna chun an tsíocháin a choinneáil nó a bheith dea-iomprach, nó chun an tsíocháin a choinneáil agus a bheith dea-iomprach, féadfaidh sí, i dteannta an cúirtbhanna a eistréatadh, a ordú don phríomhpháirtí dul i gcúirtbhanna nua le hurraí nó gan urraí chun oibleagáid an chúirtbhanna bunaidh a chomhlíonadh ar feadh na tréimhse a leanfadh sé i bhfeidhm mura mbeadh an t-ordú eistréata.

AN NÓS IMEACHTA FAOIN ACHT UM BANNAÍ, 1997

Eistréatadh agus forghéilleadh

8. (a) Maidir le duine cúisithe a ligtear faoi bhannaí ar é nó í a dhul i gcúirtbhanna, le hurra nó urraí nó gan urra, lena ngabhann coinníoll go láithreodh sé nó sí os comhair Cúirte sonraithe ar dháta sonraithe agus tráth sonraithe agus in áit shonraithe, más rud é nach láithreoidh sé nó sí de réir a chúirtbhanna nó a cúirtbhanna agus go n-eiseoidh an chúirt barántas chun an duine a ghabháil, ordóidh an chúirt cúirtbhanna an duine agus aon urra nó urraí a eistréatadh agus ordóidh sí an tsuim a bheidh íoctha isteach sa chúirt ag an duine cúisithe agus ag aon urra nó urraí a fhorghéilleadh.

(b) I gcás ina dtabharfar duine os comhair Cúirte de bhun alt 9(6) agus gur deimhin leis an gCúirt gur sháraigh an duine coinníoll a ghabh lena chúirtbhanna nó lena cúirtbhanna, ordóidh an chúirt cúirtbhanna an duine agus aon urra nó urraí a eistréatadh agus an t-airgead a bheidh íoctha isteach sa chúirt ag an duine cúisithe agus ag aon urra nó urraí, nó aon chuid de, a fhorghéilleadh.

Fógra faoin ordú

(c) Déanfar fógra faoin ordú, i bhFoirm 27.9, Sceideal B, a sheirbheáil ar an gcúisí agus ar aon urra nó urraí leis an ngnáthphost réamhíoctha.

Athrú /Urscaoileadh — Iarratas

9. (a) Féadfar iarratas chun ordú eistréata nó forghéillte arna dhéanamh faoi alt 9(1) nó 9(7) a athrú nó a urscaoileadh a dhéanamh laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú (Foirm 27.10, Sceideal B) a dhéanamh. Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an ionchú isitheoir leis an ngnáthphost réamhíoctha seacht lá ar a laghad sula n-éistfear an t-iarratas.

Ordú

(b) Is i bhFoirm 27.11, Sceideal B, a bheidh ordú ag athrú nó ag urscaoileadh ordaithe eistréata nó forghéillte.

Forghníomhú

10. Déanfar orduithe eistréata arna ndéanamh faoin Acht seo a fhorghníomhú de réir Riail 6 den Ordú seo.

*Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.
**Féach an Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 (alt 34).
***Féach an Fines Act (Ireland), 1851, [a. 3].