Ordú 67

Déileálaithe ginearálta

1. San Ordú seo, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an General Dealers (Ireland Act, 1903 (3 Edw. VII, Ch. 44).
Ionad —

Iarratas ar Cheadúnas Déileálaí Ghinearálta

2. (1) Féadfar iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Déileálaí Ghinearálta de bhun alt 1 (2) den Acht ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh ina mbeartaítear gnó a sheoladh.
Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 67.1, Sceideal C), arna síniú ag an iarratasóir nó ag an aturnae thar ceann an iarratasóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.
Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána a bhfuil an t-áitreabh ina dhúiche nó ina dúiche ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.
Fógra a thaisceadh

(4) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an chóip bhunaidh den fhógra sin, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh an dáta é isteachta sin.
Ordú ón gCúirt

(5) Má s rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 57.2, Sceideal C, a bheidh an ceadúnas.