Ordú: 45

Taiscí agus tairiscintí in ionad taisceadh : I. R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overvie

1 — LÉIRIÚ


1 Mínithe

1. San Ordú seo—

folaíonn “éileamh” frithéileamh agus aon éileamh arna dhéanamh trí fhógra tríú páirtí;

folaíonn “éilitheoir” freagróir a sheirbheálfaidh frithéileamh agus páirtí a dhéanfaidh éileamh trí fhógra tríú páirtí;

ciallaíonn “taisceadh” airgead a thaisceadh sa Chúirt de réir riail 2;

ciallaíonn “fógra i dtaobh taisceadh” fógra arna sheirbheáil de réir riail 2(3);

ciallaíonn “páirtí cáilithe” páirtí arna shainaithint nó arna sainaithint i riail 9(1);

folaíonn “freagróir” freagróir trí fhrithéileamh agus páirtí ar ina choinne nó ina coinne a dhéanfar éileamh tríú páirtí;

ciallaíonn “forthairiscint” tairiscint arna déanamh faoi riail 9(2).


2 — TAISCEADH


2 Feidhm

2. (1) Féadfaidh an freagróir, maidir le haon éileamh in imeacht sibhialta, tráth ar bith go dtí an tréimhse ama a bheidh forordaithe chun láithreas agus cosaint an fhreagróra a chomhdú agus a sheirbheáil, suim airgid, a líomhnóidh sé nó sí gur leor í chun an t-éileamh a shásamh, a thaisceadh sa Chúirt.

(2) Maidir le taisceadh i leith éilimh, féadfaidh sé bheith ar théarmaí trína gcuirfear i gcuntas aon éileamh eile idir an t-éilitheoir agus an freagróir arna dhéanamh san imeacht.

(3) Ní foláir fógra á rá go ndearnadh an taisceadh (Foirm 45.01, Sceideal C) a dhéanamh i scríbhinn i ndoiciméad seachas an láithreas agus an chosaint.

(4) Ní foláir ráiteas a bheith san fhógra i dtaobh taisceadh á rá go ndéantar an fógra a sheirbheáil de réir an Ordaithe seo.

(5) Ní foláir cóip den fhógra i dtaobh taisceadh a sheirbheáil ar an bpáirtí a mbeartaítear a éileamh nó a héileamh a shásamh leis an taisceadh nuair a dhéanfar an láithreas agus an chosaint ar an éileamh a sheirbheáil ar an bpáirtí sin.

(6) Ní foláir an chóip bhunaidh den fhógra i dtaobh taisceadh a chomhdú leis an gCléireach agus ní foláir don Chléireach í a choimeád i gcomhad ar leithligh.

(7) Ní fhéadfaidh an Cléireach ná aon duine eile an fíoras go ndearnadh aon taisceadh (ná méid an taiscthe sin) a nochtadh don Chúirt go dtí go mbeidh breith tugtha aici ar na saincheisteanna go léir idir na páirtithe lena mbaineann.

(8) Ní fhéadfar an fíoras go ndearnadh taisceadh ná méid an taiscthe sin a chur in iúl i gcosaint ná i bpléadáil eile ná i ndoiciméad eile a bheidh comhdaithe sa Chúirt (seachas an fógra i dtaobh taisceadh nó aon fhógra á rá gur glacadh le taisceadh). 

3 Tréimhse ama chun glacadh le taisceadh

3. (1) Féadfaidh an páirtí a mbeartaítear a éileamh nó a héileamh a shásamh le taisceadh an méid a bheidh taiscthe (Foirm 45.02, Sceideal C) a ghlacadh laistigh de 28 lá tar éis an fógra i dtaobh taisceadh a bheith seirbheáilte, nó tráth ar bith dá éis sin le toiliú i scríbhinn ón bpáirtí ag a mbeidh an taisceadh déanta.

(2) I gcás go ndéanfar taisceadh déanach nó taisceadh a mhéadú de réir riail 6, féadfaidh an páirtí a mbeartaítear a éileamh nó a héileamh a shásamh leis an taisceadh nó leis an taisceadh méadaithe an méid a bheidh taiscthe a ghlacadh laistigh de 28 lá tar éis an fógra i dtaobh taisceadh nó an fógra i dtaobh taisceadh méadaithe a bheith seirbheáilte, nó tráth ar bith dá éis sin le toiliú i scríbhinn ón bpáirtí ag a mbeidh an taisceadh nó an taisceadh méadaithe déanta. 

4 Iarmhairtí a ghabhann le taisceadh a ghlacadh

4. (1) Ar thaisceadh a ghlacadh, féadfar an méid a bheidh taiscthe a íoc leis an bpáirtí a bheidh á ghlacadh, gan aon bhreithiúnas ná ordú ón gCúirt, ar choinníoll go mbeidh taiscthe ag an bpáirtí, a ghlacfaidh an taisceadh, leis an gCléireach nó leis an gCuntasóir, fógra sínithe á rá go bhfuil glactha leis an taisceadh agus go bhfuil an t-éileamh sásaithe go hiomlán, ach amháin i dtaobh costas agus, i gcás gur gá, chun an taisceadh a ghlacadh, toiliú a fháil ón bpáirtí a rinne an taisceadh, toiliú i scríbhinn ón bpáirtí sin chun an taisceadh a ghlacadh go déanach.

(2) Mura féidir comhaontú a fháil idir na páirtithe lena mbaineann maidir leis an méid costas a bhfuil páirtí, a mbeidh glactha aige nó aici le taisceadh, ina theideal, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón éilitheoir nó ón bhfreagróir, de réir mar a bheidh, an scála costas, a mbeidh feidhm aige, a chinneadh. 

5 I gcás páirtí a bheith faoi mhíchumas

5. (1) D’ainneoin riail 3, agus faoi réir fhorálacha alt 63 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 (Uimh. 41 de 1961), i gcás gur duine faoi mhíchumas an páirtí a mbeartaítear a éileamh nó a héileamh a shásamh le taisceadh, ansin, mar aon leis an bhfógra á rá go bhfuil glactha leis an taisceadh ní foláir a sheirbheáil ar an bpáirtí a mbeidh an taisceadh déanta aige nó aici fógra foriarratais (Foirm 44.01, Sceideal C, fairis an gcur isteach agus na modhnuithe is gá) chun go ndéanfaidh an Chúirt glacadh an taiscthe a cheadú.

(2) Tar éis fógra foriarratais a sheirbheáil de réir fho-riail (1), ní fhéadfar beart ar bith eile sna himeachtaí a dhéanamh ach amháin le cead ón gCúirt.

(3) Ar an bhforiarratas a éisteacht, féadfar an méid costas is cóir leis an gCúirt a dhámhachtain don pháirtí tionscnaimh, cibé acu a cheadóidh an Chúirt glacadh an taiscthe nó nach gceadóidh. 

6 Cead taisceadh déanach a dhéanamh

6. (1) D’ainneoin riail 2(1), féadfaidh páirtí taisceadh a dhéanamh, nó íocaíocht bhreise a dhéanamh sa chúirt chun taisceadh atá ann cheana féin a mhéadú—

(a) in aon chás ina ndearnadh leasú ar an ráiteas éilimh san fhógra éilimh (nó, de réir mar a bheidh, sa fhrithéileamh nó san fhógra tríú páirtí) ina ndéanfar an t-éileamh, laistigh de 28 lá tar éis an phléadáil leasaithe a sheirbheáil ar an bpáirtí a mbeidh an taisceadh á dhéanamh aige nó aici; nó

(b) le toiliú i scríbhinn ón bpáirtí a mbeartaítear a éileamh nó a héileamh a shásamh leis an taisceadh, laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadófar i dtoiliú an pháirtí sin, agus ní foláir an chóip bhunaidh den toiliú sin a thaisceadh leis an gCléireach; nó

(c) le cead ón gCúirt, laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadófar san ordú ón gCúirt.

(2) Ní foláir do pháirtí a dhéanfaidh nó a mhéadóidh taisceadh de réir fho-riail (1) fógra i dtaobh taisceadh (nó fógra i dtaobh taisceadh méadaithe) a sheirbheáil ar an bpáirtí a mbeartaítear a éileamh nó a héileamh a shásamh. 

7 Dliteanas i leith costas i gcás nach nglacfar le taisceadh

7. (1) I gcás nach nglacfaidh páirtí leis an méid a taisceadh laistigh den tréimhse ama a bheidh forordaithe, dlífidh an páirtí sin na costais uile a thabhófar tar éis an taiscthe (nó an taiscthe mhéadaithe) i leith an imeachta a íoc mura gcinnfidh an Chúirt gur mó an méid atá dlite i leith an éilimh ná an méid a taisceadh i leith an éilimh.

(2) I gcás go gcinnfidh Cúirt gur lú an méid a bhfuil páirtí ina theideal i leith éilimh ná an méid a taisceadh chun an t-éileamh sin a shásamh, ní foláir don Chúirt breithiúnas a thabhairt ar thaobh an pháirtí a mbeidh an t-éileamh á dhéanamh aige nó aici i leith an mhéid a chinnfidh an Chúirt a bheith dlite, ach ní foláir di na costais a tabhaíodh i leith na n-imeachtaí tar éis an taiscthe a dhámhachtain don pháirtí a mbeidh an taisceadh déanta aige nó aici.

(3) Féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh, is dóigh leis an gCúirt is cóir, maidir leis an méid a taisceadh sa chúirt a dhiúscairt.

(4) D’ainneoin fho-rialacha (1) agus (2), féadfaidh an Chúirt, mar gheall ar imthosca speisialta an cháis arna sainaithint go sonrach ag an gCúirt, a ordú, maidir leis an bpáirtí nár ghlac an taisceadh—

(a) nach ndlífidh sé nó sí aon chuid, ná méid sonraithe, de chostais an pháirtí a rinne an taisceadh a íoc, is costais a tabhaíodh tar éis an taisceadh a bheith déanta; nó

(b) go bhféadfaidh sé nó sí méid sonraithe de chostais an pháirtí sin a ghnóthú ón bpáirtí a rinne an taisceadh, is costais a tabhaíodh tar éis an taisceadh a bheith déanta.

8 Airgead arna thaisceadh a infheistiú

8. Féadfaidh an páirtí a dhéanfaidh taisceadh, trí fhógra chun an Chléirigh nó chun an Chuntasóra, a iarraidh go ndéanfar an taisceadh a chur i gcuntas reatha nó a infheistiú. Beidh an páirtí a dhéanfaidh taisceadh i dteideal íocaíocht a fháil i leith aon ghnóchan infheistíochta a bheidh ag fabhrú agus ní foláir na fáltais as aon ghnóchan den sórt sin a íoc amach leis an bpáirtí a mbeidh an taisceadh déanta aige nó aici nó le haturnae an pháirtí sin ar chríoch a chur leis na himeachtaí, faoi réir aon ordú a fhéadfaidh an Chúirt a dhéanamh. Ní bheidh aon ghnóchan infheistíochta ina chuid den taisceadh.


3 — FORTHAIRISCINT Ó PHÁIRTÍ CÁILITHE IN IONAD TAISCEADH


9 Páirtithe cáilithe

9. (1) Beidh páirtí ina pháirtí cáilithe nó ina páirtí cáilithe chun críocha na rialach seo más rud é gurb é nó í a bheidh sa pháirtí:

(a) Aire Rialtais; nó

(b) an tArd-Aighne; nó

(c) an Rialtas; nó

(d) an Stát; nó

(e) aon pháirtí a mbeidh an Stát ag soláthar slánaíochta ina leith; nó

(f) slánaíochtóir d’aon pháirtí agus é nó í údaraithe chun gnó a sheoladh sa Stát mar ghnóthas árachais de bhun an dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire; nó

(g) an Oifig Árachóirí Gluaisteán; nó

(h) an Oifig Árachóirí Gluaisteán Cuairte.

(2) I gcás go mbeidh páirtí cáilithe i dteideal taisceadh a dhéanamh nó a mhéadú thar ceann an pháirtí cháilithe féin nó thar ceann aon pháirtí eile faoi Chuid 2 den Ordú seo nó le hordú ón gCúirt, ansin féadfaidh an páirtí cáilithe, in ionad airgead a thaisceadh sa Chúirt, forthairiscint íocaíochta a dhéanamh leis an bpáirtí a mbeartaítear a éileamh nó a héileamh a shásamh.

(3) Maidir le forthairiscint a dhéanfar faoin riail seo, measfar gur taisceadh í agus measfar an éifeacht chéanna a bheith léi agus atá le taisceadh.

(4) Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Chuid 2 den Ordú seo maidir le forthairiscintí ó thaobh na tréimhse ama a bheidh ann chun iad a dhéanamh agus chun glacadh leo amhail mar atá feidhm acu maidir le taisceadh.

(5) Ní foláir forthairiscint a dhéanamh i scríbhinn de réir Fhoirm 45.03, Sceideal C agus ní foláir go sonrófar inti cibé acu a ghéilltear nó a shéantar dliteanas agus, faoi réir riail 2, ní foláir a mheas gur cuid de na pléadálacha í.

(6) Ní foláir fógra á rá go bhfuiltear ag glacadh le forthairiscint a dhéanamh i scríbhinn de réir Fhoirm 45.04, Sceideal C agus beidh feidhm ag forálacha rialacha 4 agus 5 maidir le glacadh den sórt sin.

(7) I gcás go mbeidh glactha le forthairiscint, ní foláir don pháirtí cáilithe a mbeidh an fhorthairiscint déanta aige nó aici an tsuim a shonraítear san fhorthairiscint a íoc laistigh de 28 lá ón bhfógra a fháil á rá go bhfuiltear ag glacadh leis an bhforthairiscint.

(8) Maidir le páirtí cáilithe a mbeifear tar éis glacadh lena fhorthairiscint nó lena forthairiscint ach a mbeidh mainnithe aige nó aici an tsuim a bheidh sonraithe san fhorthairiscint a íoc laistigh de 28 lá ón bhfógra a fháil á rá go bhfuiltear ag glacadh leis an bhforthairiscint, leanfaidh sé air nó leanfaidh sí uirthi de bheith faoi dhliteanas an tsuim a bheidh sonraithe a íoc agus beidh sé nó sí freisin faoi dhliteanas ús ar an tsuim a bheidh sonraithe a íoc de réir an ráta a bheidh socraithe i gcomhair breithiúnais ón gCúirt in aghaidh gach lae i ndiaidh na tréimhse sin de 28 lá a fhanfaidh an tsuim shonraithe nó aon chuid den tsuim shonraithe fós gan íoc.

(9) Féadfaidh aon pháirtí nó páirtí cáilithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte i ndáil le haon fhorthairiscint nó le haon ábhar a bhaineann le forthairiscint agus féadfaidh an Chúirt aon ordú a dhéanamh nó aon ordacháin a thabhairt i dtaobh an iarratais sin a mheasfaidh an Chúirt a bheith cóir agus cuí.