Ordú: 49

Imeachtaí sibhialta a éisteacht : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 — FIANAISE

1 Fianaise bhéil

1. (1) Mura ndéanfaidh na páirtithe go léir san imeacht a mhalairt a chomhaontú i scríbhinn, agus faoi réir na Rialacha seo agus dhlí na fianaise, ní foláir finnéithe i dtriail aon éilimh a cheistiú ó bhéal agus faoi mhionn i gCúirt oscailte.

(2) D’ainneoin fho-riail (1), féadfaidh an Chúirt tráth ar bith, ar cibé cúiseanna is ceart léi, a ordú go bhféadfar fíoras áirithe a chruthú le mionnscríbhinn, nó go bhféadfar mionnscríbhinn finné a léamh ag an éisteacht nó ag an triail ar cibé coinníollacha is réasúnach leis an gCúirt.

(3) Ní fhéadfar ordú a dhéanamh lena n-údarófar fianaise finné a thabhairt trí mhionnscríbhinn i gcás gur dealraitheach don Chúirt go dteastaíonn bona fide ó pháirtí eile an finné a thabhairt ar aird chun a chroscheistithe nó chun a croscheistithe, agus gur féidir an finné a thabhairt ar aird. 

2 Fianaise dhoiciméadach

2. (1) Ní foláir d’oifigeach don Chúirt doiciméid a chuirfear i bhfianaise a mharcáil.

(2) Ní cheanglófar ná ní údarófar le haon ní i bhfo-riail (1) aon mharcáil ar uacht bhunaidh nach mbeidh ligthe chun probháide.

(3) Faoi réir aon ordachán ón gCúirt, beidh an páirtí a mbeidh aon doiciméad tairgthe i bhfianaise aige nó aici i dteideal an doiciméad sin a fháil ar ais. 

3 Fianaise trí theistíocht

3. In aon chás inar dealraitheach gur gá é ar mhaithe leis an gceartas, féadfaidh Cúirt a ordú go ndéanfar finné nó duine eile a cheistiú faoi mhionn agus féadfar leis an ordú a cheadú do pháirtí sna himeachtaí an ceistiú nó an teistíocht a thabhairt i bhfianaise sna himeachtaí ar cibé téarmaí, más ann, a ordóidh an Chúirt.


2 — CUR SÍOS I gCOMHAIR TRIALACH


4 Fógra trialach

4. (1) Nuair a bheidh láithreas agus cosaint seirbheáilte agus comhdaithe, féadfaidh an t-éilitheoir fógra trialach (Foirm 49.01, Sceideal C) a sheirbheáil.

(2) Ní foláir fógra trialach nach giorra ná deich lá a thabhairt don fhreagróir agus do na páirtithe riachtanacha go léir eile, ach amháin go bhféadfaidh na páirtithe comhaontú nach foláir tréimhse fógra níos giorra a bheith i bhfeidhm.

(3) Ní foláir fógra trialach a chomhdú leis an gCléireach go pras tar éis a sheirbheála, agus ní foláir cóip ar leithligh den fhógra a chomhdú le haghaidh gach páirtí breise.

(4) Mura n-iarrfaidh an páirtí a thabharfaidh fógra trialach a mhalairt, nó mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, oibreoidh fógra trialach chun an t-éileamh (lena n-áirítear aon fhrithéileamh) a chur síos lena éisteacht ag an gcéad tréimhse ama eile a bheidh ar fáil tar éis don tréimhse a bheidh luaite san fhógra trialach, de réir mar a shannfaidh an Cléireach, a bheith caite.

(5) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt don Chléireach, is ionann an chéad tréimhse ama eile a bheidh ar fáil agus an chéad suí eile den Chúirt a bheidh ar fáil le haghaidh gnó sibhialta don cheantar Cúirte nach foláir an t-éileamh a éisteacht ann, ag cibé am a thiocfaidh an t-éileamh ar aghaidh de réir a oird ar an liosta.

(6) In aon chás ina mbeidh comhaontú idir na páirtithe go bhfuil an t-éileamh (agus aon fhrithéileamh) réidh lena éisteacht, féadfar aon iarraidh a bheidh comhaontaithe idir na páirtithe go ndéanfar an éisteacht a shocrú go speisialta (agus aon chúiseanna leis an iarraidh sin) a áireamh san fhógra trialach, ar choinníoll go mbeidh litir ón bpáirtí freasúrach ina dtoileofar leis an iarraidh ag gabháil leis an bhfógra trialach.

(7) Féadfaidh an Cléireach éileamh (lena n-áirítear aon fhrithéileamh) a mbeidh feidhm ag fo-riail (6) maidir leis a chur síos lena éisteacht de réir aon iarrata, nó féadfaidh sé nó sí iarraidh ar an gCúirt ordachán a thabhairt de réir iarraidh den sórt sin.

(8) Ní foláir don Chléireach fógra a thabhairt don pháirtí a mbeidh fógra trialach seirbheáilte aige nó aici i dtaobh an ama ag a mbeidh, agus i dtaobh na háite ina mbeidh, an triail liostaithe, agus féadfaidh sé nó sí déanamh amhlaidh trí chóip den fhógra trialach, leis na mionsonraí sin curtha isteach ann, a chur ar ais chuig an bpáirtí sin. Ní foláir don pháirtí a mbeidh fógra trialach seirbheáilte aige nó aici fógra a thabhairt go pras do na páirtithe eile go léir i dtaobh an ama ag a mbeidh, agus i dtaobh na háite ina mbeidh, an triail liostaithe.

(9) Ní fhéadfaidh aon pháirtí fógra foriarratais ar bith lena lorgófar follasú nó sonraí breise a eisiúint tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis fógra trialach a sheirbheáil. 

5 Freagróir do sheirbheáil fógra trialach

5. I gcás go mainneoidh an t-éilitheoir fógra trialach a sheirbheáil laistigh de dheich lá tar éis cosaint an fhreagróra a sheachadadh, féadfaidh an freagróir déanamh amhlaidh agus féadfaidh sé nó sí an fógra trialach a chomhdú de réir riail 4. 

6 Iarratas chun éileamh a dhíbhe

6. (1) Más rud é go mainneoidh an t-éilitheoir fógra trialach a sheirbheáil laistigh de dheich lá tar éis cosaint an fhreagróra a sheachadadh, féadfaidh an freagróir, in ionad fógra trialach a sheirbheáil de réir riail 5, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte trí fhógra foriarratais chun an t-éileamh a dhíbhe d’uireasa é a thabhairt ar aghaidh.

(2) Ar iarratas faoi fho-riail (1) a éisteacht, féadfaidh an Chúirt a ordú an t-éileamh a dhíbhe agus/nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh, ar cibé téarmaí, is cóir léi. 

7 Páipéir don Chúirt

7. (1) Ní foláir don pháirtí, a mbeidh fógra trialach á sheirbheáil aige nó aici, an tráth céanna agus a chomhdóidh sé nó sí an fógra trialach, na nithe seo a leanas a chomhdú leis an gCléireach, lena n-úsáid ag an mBreitheamh:

(a) tacar cóipeanna de na pléadálacha, lena n-áirítear sonraí, agus aon mhionnscríbhinní sa chás i sraith chróineolaíoch;

(b) tacar cóipeanna d’aon chomhfhreagras ar a mbeidh ceachtar páirtí ag seasamh, i sraith chróineolaíoch;

(c) cóipeanna d’aon doiciméid eile a ordófar a chomhdú, agus

(d) i gcás go n-ordóidh duine de na daoine seo a leanas amhlaidh, de thuras na huaire:

(i) Uachtarán na Cúirte Dúiche i leith imeachtaí sibhialta i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, nó i leith earnálacha áirithe imeachtaí sibhialta, lena n-áirítear na himeachtaí lena mbaineann, sa Chúirt i gcoitinne, nó

(ii) Breitheamh a bheidh sannta go buan don dúiche Chúirte ina mbeidh na himeachtaí sibhialta tionscanta i leith imeachtaí sibhialta, nó i leith earnálacha áirithe imeachtaí sibhialta, lena n-áirítear na himeachtaí lena mbaineann, sa dúiche Chúirte sin,

ceistneoir comhlánaithe um chásbhainistiú (Foirm 49.02, Sceideal C).

(2) Ní theorannófar le fo-riail (1) cumas aon pháirtí seasamh ar aon doiciméad ag an éisteacht.


3 — TRIAIL


8 Éilimh a éisteacht le chéile

8. Más dóigh leis an gCúirt é a bheith inmhianaithe, féadfaidh sí a ordú dhá éileamh nó níos mó a thriail le chéile, ar cibé téarmaí is cóir léi maidir le costais. 

9 Frithéileamh a éisteacht

9. (1) Féadfar dul ar aghaidh ar leithligh le frithéileamh.

(2) Má théitear ar aghaidh ar leithligh le frithéileamh, ní foláir déileáil leis mar éileamh, is cuma cé acu a dhéanfar an t-éileamh bunaidh ina ndearnadh an frithéileamh a tharraingt siar, a bhacadh, a scor nó a dhíbhe. 

10 Ordacháin d’fhinnéithe

10. Féadfaidh an Chúirt a ordú d’fhinné nach páirtí:

(a) an Chúirt a fhágáil go dtí go mbeidh a fhianaise nó a fianaise ag teastáil; nó

(b) an Chúirt a fhágáil tar éis dá fhianaise nó dá fianaise a bheith tugtha; nó

(c) fanacht sa Chúirt tar éis dá fhianaise nó dá fianaise a bheith tugtha,

go dtí go ndéanfar an triail a fhoirceannadh nó a chur ar atráth. 

11 Breithiúnas

11. Féadfar breithiúnas (a fhéadfar a thaifeadadh i gceann de na Foirmeacha 49.03 go 49.08, Sceideal C, de réir mar is cuí, fara cibé modhnuithe is gá) a thabhairt ar thaobh éilitheoir amháin nó níos mó, agus i gcoinne nó i bhfabhar freagróir amháin nó níos mó (a fhéadfar a thaifeadadh i bhFoirm 49.09, Sceideal C, de réir mar is cuí, fara cibé modhnuithe is gá). 

12 Atráthú

12. (1) Féadfaidh an Breitheamh, más fóirsteanach leis nó léi é ar mhaithe leis an gceartas, triail a chur siar nó a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse ama, agus ar cibé téarmaí, más ann, is cóir leis nó léi.

(2) Ní theorannófar le fo-riail (1) aon chumhacht eile de chuid na Cúirte atráthú a dhéanamh. 

13 Neamhláithriú ag triail

13. (1) Más rud é, nuair a ghairfear cás sa Chúirt, go láithreoidh an t-éilitheoir, agus nach láithreoidh an freagróir, féadfaidh an t-éilitheoir a éileamh nó a héileamh a chruthú sa mhéid gur airsean nó uirthise a luífidh an dualgas cruthúnais.

(2) Más rud é, nuair a ghairfear cás sa Chúirt, go láithreoidh an freagróir, agus nach láithreoidh an t-éilitheoir, beidh an freagróir i dteideal, más rud é nach mbeidh aon fhrithéileamh aige nó aici, breithiúnas a fháil lena ndéanfar an t-éileamh a dhíbhe, ach más rud é go mbeidh frithéileamh aige nó aici ansin féadfaidh sé nó sí an frithéileamh a chruthú sa mhéid gur airsean nó uirthise a luífidh an dualgas cruthúnais. 

14 Orduithe coimhdeacha chun íocaíocht a dhéanamh

14. (1) Nuair a bheidh an Chúirt tar éis breithiúnas a fhógairt nó ordú a dhéanamh (nó tráth ar bith dá éis sin ar fhógra a thabhairt don pháirtí freasúrach), féadfaidh an Chúirt a ordú an tráth nó na tráthanna nach foláir an fiach nó na damáistí agus costais an bhreithiúnais, nó an méid a bheidh sonraithe san ordú mar aon leis na costais, a íoc, agus na tráthchodanna nach foláir é nó iad a íoc iontu.

(2) Más rud é go ndéanfar ordú i leith tráthchodanna ar bhreithiúnas a fhógairt nó ar ordú a dhéanamh, ní fhéadfar ordú forghníomhaithe ar bith a eisiúint i gcoinne an fhreagróra go dtí go mbeifear tar éis mainneachtain íocaíocht a dhéanamh nó tar éis mainneachtain tráthchuid éigin a íoc de réir an ordaithe.

(3) Féadfaidh an Chúirt bac a chur ar fhorghníomhú ar scór aon bhreithiúnais nó ordaithe go ceann cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí is cóir leis an gCúirt. 

15 Dlínse breithiúnas a thabhairt nó éileamh a dhíbhe de bhua tuillteanas nó gan dochar

15. Beidh dlínse iomlán ag an gCúirt i ngach cás chun breithiúnas a thabhairt ar an éileamh, nó chun an t-éileamh a dhíbhe de bhua tuillteanas nó gan dochar do cheart an éilitheora chun dul ar aghaidh trí fhógra éilimh nua. 

16 I gcás go ndéanfar díbhe gan dochar a thabhairt ar aird

16. Más rud é, nuair a ghairfear cás sa Chúirt, go dtabharfaidh an freagróir ordú ón gCúirt ar aird lena ndéanfar an chúis chéanna chaingne ón éilitheoir i gcoinne an fhreagróra a dhíbhe gan dochar, ní fhéadfaidh an t-éilitheoir dul ar aghaidh leis an gcás go dtí go mbeidh an méid costas a bheidh dlite ar scór an ordaithe sin íoctha ag an éilitheoir leis an bhfreagróir. 

17 Féadfar crosbhreithiúnais a fhritháireamh

17. (1) Más rud é:

(a) go ndéanfaidh an Chúirt crosbhreithiúnais idir na páirtithe céanna; nó

(b) go mbeidh breithiúnais ón gCúirt idir na páirtithe céanna, san am céanna, gan forghníomhú nó gan forghníomhú ach go páirteach,

féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó cheachtar páirtí, a ordú na breithiúnais a fhritháireamh i gcoinne a chéile.

(2) Murab ionann méideanna na mbreithiúnas a n-ordófar iad a fhritháireamh i gcoinne a chéile, féadfaidh an Chúirt a ordú nach n-eiseofar breithiúnas ach ar an tsuim is mó díobh a bheidh dlite, agus uirthi sin amháin, agus nach n-eiseofar nó nach bhforghníomhófar an breithiúnas ach i leith an tsuim a bheidh dlite fós tar éis an tsuim a bheidh dlite ar an mbreithiúnas eile a asbhaint. 

18 Breithiúnas le toiliú

18. (1) Féadfaidh freagróir nach mbeidh aturnae ná abhcóide ag feidhmiú ar a shon nó ar a son toiliú le breithiúnas a ordófar ina choinne nó ina coinne.

(2) Ní foláir do fhreagróir a thoileoidh le breithiúnas toiliú a shíniú, ar toiliú é nach foláir é a chruthú i gCúirt oscailte nó le mionnscríbhinn lena bhfíorófar forghníomhú an toilithe.

(3) Féadfaidh an Chúirt breithiúnas a thabhairt de réir théarmaí an toilithe. 

19 Ordú chun rátaí a ghnóthú agus forghníomhú i gcoinne earraí i gcás go mainneofar iad a íoc

19. (1) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt ordú chun rátaí a ghnóthú, féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfar an tsuim láithreach nó ina tráthchodanna.

(2) In ordú a mbeidh feidhm ag fo-riail (1) maidir leis, féadfaidh an Chúirt a ordú, mura n-íocfar an tsuim ag an am agus ar an tslí a ordófar amhlaidh, go dtoibheofar an méid nach mbeidh íoctha trí earraí an fhreagróra a mbeidh an t-ordú déanta ina choinne nó ina coinne a thochsal agus a dhíol agus trí airgead an fhreagróra a mbeidh an t-ordú déanta ina choinne nó ina coinne a thógáil. 

20 Ús

20. (1) Maidir le breithiúnas chun suim airgid is mó ná €190.46 (gan costais ná caiteachais finnéithe a áireamh) a ghnóthú, beidh ús ar an tsuim de réir an ráta sa bhliain a bheidh sonraithe de thuras na huaire in alt 26 den Debtors (Ireland) Act 1840, go dtí go sásófar é.

(2) Ní foláir ús a ríomh ó dháta an bhreithiúnais mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(3) Maidir le breithiúnas chun suim airgid nach mó a méid ná €190.46 a ghnóthú, ní bheidh ús air.