Ordú: 1

Suíonna

O.1, r.1 Suíonna

1. Suífidh an Chúirt sna háiteanna, ar na laethanta agus ag na hamanna a bheidh ceaptha ó am go ham faoi na forálacha reachtúla agus na forálacha eile chuige sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Suíonna breise

Féadfaidh Breitheamh, áfach, suí den Chúirt a thionól ina dhúiche nó ina dú iche—

(1) in áit nó ag am nach mbeidh ceaptha amhlaidh, chun réamhscrúdú a dhéanamh ar chionta indíotáilte;
(2) ag am nach mbeidh ceaptha amhlaidh, chun aon imeachtaí a éisteacht a cuireadh ar atráth ó shuí a bhí ceaptha amhlaidh; agus
(3) in áit nó ag am nach mbeidh ceaptha amhlaidh, chun cibé cionta achoimre a éisteacht a shonrófar ó am go ham le hordú ón Aire de bhun alt 15 d’Acht na gCú irteanna, 1971.

Tráthanna agus áiteanna le gnóa dhéanamh

*2. Féadfaidh Breitheamh, ina shuí dó nó ina suí di in áit, ar lá agus ag am a bheidh ceaptha chun aon chineáláirithe gnó Cúirte a dhéanamh aon chineál eile gnó Cúirte a dhéanamh ag an suí sin.

 

*An tAcht Cú irteanna Breithiú nais, 1953 [a.27 (2)].