Ordú: 47A

Breithiúnas mainneachtana in éilimh nach éilimh i leith féich : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

 1 Féadfaidh éilitheoir iarratas a dhéanamh ar bhreithiúnas d’éagmais láithris agus cosanta

1. Más rud é nach ndéanfaidh freagróir a mbeidh fógra éilimh in éileamh seachas éileamh i leith féich seirbheáilte air nó uirthi láithreas a sheirbheáil agus a chomhdú ná cosaint a sheirbheáil laistigh den tréimhse ama a bheidh forordaithe le hOrdú 42, nó laistigh d’aon tréimhse ama eile a bheidh socraithe ag an gCúirt chun a láithreas a sheirbheáil agus a chomhdú nó chun a chosaint nó a cosaint a sheirbheáil, féadfaidh an t-éilitheoir iarratas a dhéanamh ar ordú i dtaobh breithiúnas mainneachtana. 

2 Iarratas trí fhoriarratas iar bhfógra

2. (1) In aon chás a mbeidh feidhm ag an Ordú seo maidir leis, féadfaidh an t-éilitheoir, faoi réir fhorálacha na rialach seo, tráth ar bith tar éis don fhreagróir mainneachtain a dhéanamh láithreas a sheirbheáil agus a chomhdú nó cosaint a sheirbheáil, trí fhoriarratas iar bhfógra chun an fhreagróra a sheirbheálfar ar an bhfreagróir tráth nach giorra ná ceithre lá glan roimh dháta fillte an fhoriarratais, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar bhreithiúnas.

(2) Sula n-eiseoidh agus sula seirbheálfaidh an t-éilitheoir fógra foriarratais ar bhreithiúnas faoi fho-riail (1), ní foláir dó nó di, 14 lá ar a laghad sula n-eiseoidh sé nó sí an fógra foriarratais, scríobh chuig an bhfreagróir agus fógra a thabhairt don fhreagróir á rá go bhfuil ar intinn ag an éilitheoir fógra foriarratais ar bhreithiúnas a sheirbheáil agus toiliú a thabhairt, an tráth céanna, chun láithreas agus cosaint a sheirbheáil go déanach laistigh de 14 lá ó dháta na litreach sin.

(3) Más rud é nach seirbheálfar láithreas agus cosaint laistigh de 14 lá ó dháta na litreach sin, féadfaidh an t-éilitheoir fógra foriarratais ar bhreithiúnas mainneachtana a eisiúint (trína chomhdú leis an gCléireach chun dáta fillte a fháil) agus a sheirbheáil, agus ní foláir é a bheith le filleadh go dtí dáta fillte nach giorra ná 14 lá ó dháta seirbheála an fhógra foriarratais.

(4) Ní foláir go mbeidh mar thaca ag iarratas faoin riail seo—

(i) mionnscríbhinn nó dearbhú reachtúil (Foirm 41.01, 41.0241.03, Sceideal C, de réir mar is cuí) á rá go ndearnadh an fógra éilimh a sheirbheáil; agus

(ii) deimhniú (Foirm 47.01, Sceideal C) a fhéadfar a fhormhuiniú ar an mionnscríbhinn fíoraithe a bheidh sínithe ag aturnae an éilitheora nó ag an éilitheoir (má bhíonn sé nó sí ag gníomhú i bpearsa) á rá nach bhfuarthas aon láithreas, aon fhógra lenar éilíodh sonraí ná aon chosaint ón bhfreagróir; agus

(iii) mionnscríbhinn lena bhfíorófar an fógra éilimh (ar choinníoll, i gcaingean díobhálacha pearsanta, nach mbeidh gá le mionnscríbhinn bhreise más rud é go mbeidh an toghairm díobhálacha pearsanta fíoraithe roimhe sin); agus

(iv) foirm breithiúnais (foraithne) (Foirm 49.03, Sceideal C, fara aon mhodhnuithe is gá).

(5) Ní foláir cóip den mhionnscríbhinn lena bhfíorófar an fógra éilimh a sheirbheáil (mura ndearnadh í a sheirbheáil roimhe sin) ar an bhfreagróir i dteannta an fhógra foriarratais. Ní foláir na doiciméid eile a luaitear i bhfo-riail (4) a thabhairt ar aird ar an bhforiarratas a éisteacht ach, i gcás go gceadóidh an Chúirt é, féadfar an fhoirm breithiúnais (foraithne) a chomhdú leis an gCléireach ina dhiaidh sin.

(6) Más rud é gur féidir leis an éilitheoir cúiseanna speisialta a shuíomh a fhágfaidh gur gá fógra foriarratais ar bhreithiúnas a sheirbheáil faoin riail seo le práinn níos mó ná de réir na dtréimhsí fógra dá bhforáiltear, féadfaidh sé nó sí iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú lena dtabharfar cead don éilitheoir fógra foriarratais ar bhreithiúnas mainneachtana a sheirbheáil ina dtabharfar fógra nach giorra ná ceithre lá glan don fhreagróir nó, ar a mhalairt, féadfaidh an Chúirt a mheas gur seirbheáil leormhaith í seirbheáil fógra foriarratais a bheidh seirbheáilte go hiarbhír ina dtabharfar fógra nach giorra ná ceithre lá glan don fhreagróir. 

3 Déanfar foriarratas a scriosadh amach maille le costais más rud é go ndéanfar cosaint a chomhdú 6 lá ar a laghad roimh an dáta fillte

3. Más rud é, tar éis fógra foriarratais ar bhreithiúnas a sheirbheáil, go seachadfaidh an freagróir cosaint ar an éilitheoir agus, sé lá ar a laghad roimh an dáta fillte, go ndéanfaidh sé nó sí cóip den chosaint a chomhdú leis an gCléireach agus cóip dheimhnithe den fhógra foriarratais i gceangal léi, beidh an foriarratas ar bhreithiúnas arna scriosadh amach agus dlífidh an freagróir costais an fhoriarratais ar bhreithiúnas a íoc leis an éilitheoir de réir Sceideal na gCostas. 

4 Mionnscríbhinn lena bhfíorófar éileamh

4. (1) Ní foláir an mhionnscríbhinn lena bhfíorófar éileamh an éilitheora a mhionnú laistigh de mhí amháin roimh an dáta ar a ndéanfar an t-iarratas ar bhreithiúnas.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-riail (1) i gcás go mbeidh an t-éilitheoir ag seasamh ar mhionnscríbhinn fíoraithe a ghabhann le toghairm díobhálacha pearsanta a bheidh déanta breis agus aon mhí amháin roimh an dáta ar a ndéanfar an t-iarratas.

(3) I gcás go mbeidh éileamh i leith cáin bhreisluacha san iarratas ar bhreithiúnas, ní foláir go bhfíorófar leis an mionnscríbhinn (nó leis an deimhniú) cibé acu atá nó nach bhfuil cáin bhreisluacha iníoctha ag an éilitheoir ar a chostais nó ar a costais dhlíthiúla, agus más iníoctha, cibé acu atá nó nach bhfuil an tsuim is iníoctha inghnóthaithe ag an éilitheoir ó na Coimisinéirí Ioncaim. 

5 Ceanglais bhreise i gcás gur seirbheáladh an fógra éilimh lasmuigh den Stát

5. (1) I gcás go ndearnadh an fógra éilimh (nó fógra i dtaobh eisiúint an fhógra éilimh) a chur chuig an gcoigríoch lena sheirbheáil faoi fhorálacha an Rialacháin Seirbheála agus nach mbeidh láithreas agus cosaint seirbheáilte ná comhdaithe ag an bhfreagróir ná fógra tugtha aige nó aici go bhfuil ar intinn aige nó aici cosaint a dhéanamh, ní fhéadfar breithiúnas mainneachtana a thabhairt go dtí gur deimhin leis an gCúirt go ndearnadh forálacha Airteagal 19 den Rialachán Seirbheála a chomhlíonadh agus beidh feidhm ag forálacha Ordú 41A nó, de réir mar is cuí, forálacha Ordú 41B, maidir le haon iarratas den sórt sin.

(2) I gcás go ndearnadh an fógra éilimh (nó fógra i dtaobh eisiúint an fhógra éilimh) a chur chuig an gcoigríoch lena sheirbheáil faoi fhorálacha Choinbhinsiún na Háige agus nach mbeidh láithreas agus cosaint seirbheáilte ná comhdaithe ag an bhfreagróir ná fógra tugtha aige nó aici go bhfuil ar intinn aige nó aici cosaint a dhéanamh, ní fhéadfar breithiúnas d’éagmais láithris a thabhairt go dtí gur deimhin leis an gCúirt go ndearnadh forálacha Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige a chomhlíonadh.

(3) Féadfar fianaise gur comhlíonadh forálacha Airteagal 19 den Rialachán Seirbheála nó forálacha Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige a thabhairt le mionnscríbhinn agus féadfar í a áireamh sa mhionnscríbhinn lena bhfíorófar an fógra éilimh. 

6 Dáta fillte

6. (1) Ní foláir dáta fillte le haghaidh éisteacht os comhair na Cúirte a shannadh do na hiarratais go léir a dhéanfar trí fhoriarratas ar bhreithiúnas faoin Ordú seo.

(2) Féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas agus aon fhianaise is cuí leis an gCúirt a éisteacht—

(a) breithiúnas a thabhairt ar éileamh an éilitheora atá san fhógra éilimh i cibé méid ar deimhin leis an gCúirt gur cóir é;

(b) cead a thabhairt don fhreagróir iomlán an éilimh nó cuid de a chosaint ar cibé téarmaí is cóir leis an gCúirt;

(c) a ordú go ndéanfar mionnscríbhinn bhreise nó mionnscríbhinní breise a chomhdú, nó an t-iarratas a chur ar atráth d’fhonn fianaise bhreise a éisteacht;

(d) diúltú an t-ordú a bheidh á lorg san iarratas a dhéanamh;

(e) aon ordú eile is cuí léi a dhéanamh.

(3) Más rud é go n-ordóidh an Chúirt, faoi fho-riail (2)(c), go ndéanfar mionnscríbhinn bhreise nó mionnscríbhinní breise a chomhdú, féadfaidh an Chúirt ordú dofhreagartha a dhéanamh a mbeidh éifeacht leis maidir le comhdú na mionnscríbhinne sin nó na mionnscríbhinní sin, gan an t-iarratas a éisteacht an athuair os comhair na Cúirte.

(4) Ní foláir don Chléireach fógra a thabhairt don éilitheoir i dtaobh aon ordú a dhéanfaidh an Breitheamh nó (más rud é go mbeidh an t-iarratas tarchurtha chun na Cúirte) aon bhreith nó ordú ón gCúirt.

(5) Ar iarratas ar bhreithiúnas faoin Ordú seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt Ordú le haghaidh costas a dhéanamh de réir Sceideal na gCostas. 

7 Leanúint d’imeacht i gcoinne freagróirí eile

7. Féadfaidh éilitheoir, a gheobhaidh ordú ar bhreithiúnas mainneachtana i gcoinne freagróra de réir an Ordaithe seo, an t-ordú a fhorfheidhmiú agus leanúint den imeacht i gcoinne aon fhreagróir eile. I gcás go ndéanfaidh an t-éilitheoir méid iomlán a éilimh nó a héilimh, lena n-áirítear costais i gcoinne aon fhreagróra, a ghnóthú trí fhorfheidhmiú nó ar shlí eile, ní foláir bac a chur ar imeachtaí breise i gcoinne aon fhreagróir eile, ach amháin i leith aon chostais bhreise a fhéadfar a éileamh i gcoinne aon fhreagróir eile. 

8 Mainneachtain láithreas agus cosaint a dhéanamh i dtaobh frithéilimh

8. Más rud é go ndéanfaidh freagróir frithéileamh a sheirbheáil, beidh feidhm ag rialacha 1 go 6 amhail is dá mba rud é—

(a) gurbh é nó í an freagróir an t-éilitheoir;

(b) gur thagairt don láithreas i dtaobh an fhrithéilimh tagairt don láithreas sna rialacha sin; agus

(c) gurbh é nó í an t-éilitheoir an freagróir.

9 Breithiúnas mainneachtana a chur ar ceal

9. (1) Féadfaidh páirtí a mbeidh breithiúnas mainneachtana faighte ina choinne nó ina coinne faoin Ordú seo, iarratas a dhéanamh trí fhógra foriarratais (Foirm 44.02, Sceideal C, fairis na modhnuithe is gá) chun na Cúirte sa cheantar Cúirte ina bhfuarthas an breithiúnas ar ordú chun an breithiúnas a athrú nó a chur ar ceal ar an bhforas gur le calaois, mífhaisnéis, neamhshúilíocht, nó dearmad nó ar fhoras leordhóthanach eile a fuarthas an céanna.

(2) Ní oibreoidh seirbheáil an fhógra foriarratais mar bhac ar imeachtaí mura dtaiscfidh an freagróir leis an gCléireach an méid a mbeidh breithiúnas tugtha ina leith agus an méid a bheidh socraithe le haghaidh costas. 

10 Mainneachtain déanamh de réir ordú

10. Más rud é go mainneoidh páirtí déanamh de réir ordú arna dhéanamh ag an gCúirt in imeachtaí sibhialta, féadfaidh an Chúirt, i gcás go measfaidh sí gur cóir déanamh amhlaidh, na himeachtaí sibhialta a dhíbhe nó aon chosaint nó frithéileamh a scriosadh amach agus dul ar aghaidh chun breithiúnas a thabhairt nó aon ordú (lena n-áirítear aon ordú le haghaidh costas) a dhéanamh de réir mar a bheidh cuí ansin amhail is nach ndearna an páirtí mainneachtnach pléadáil.