Ordú 44

Urrús

1. Más rud é go n-éileofar banna nó cúirtbhanna ar dhuine ar bith, féadfaidh an Breitheamh a údarú go nglacfar le hionstraim arna forghníomhú ag aon duine sócmhainneach nó corparáid shócmhainneach (lena n-áirítear Cuideachta Árachais) a fhormheasfaidh sé. Aithriseofar i ngach banna nó cúirtbhanna den sórt sin go mbeidh an duine nó an chorparáid a mbeidh an céanna á fhorghníomhú aige nó aici faoi cheangal nó i bhfiacha, de réir mar a bheidh, ag an mBreitheamh a mbeidh na himeachtaí ina Chuaird de thuras na huaire.

2. Forghníomhófar gach banna nó cúirtbhanna i láthair an Bhreithimh, nó an Chláraitheora Contae, nó Coimisinéara chun daoine a chur faoi mhionn don Ard-Chúirt, nó i gcás an duine a bheidh ag dul sa bhanna nó sa chúirtbhanna sin a bheith ina chónaí lasmuigh d'Éirinn, nó a bheith lasmuigh d'Éirinn de thuras na huaire, os comhair aon duine a bheidh údaraithe go cuí chun daoine a chur faoi mhionn san áit ina mbeidh gnáthchónaí ar an duine sin nó ina mbeidh sé.

3. Ní gá aon bhanna ná cúirtbhanna a rollú, ach comhdófar an céanna san Oifig, agus ina dhiaidh sin féadfar é a shannadh nó féadfaidh an Breitheamh déileáil leis ar cibé slí eile is cóir.

4. Déanfaidh gach urra mionnscríbhinn go bhfuil sé leoracmhainneach, mura ligfidh an Breitheamh an mhionnscríbhinn sin thar ceal.

5. Ní rachaidh an Cláraitheoir Contae ná aon Oifigeach a bheidh ag gabháil leis an gCúirt in urra ar dhuine ar bith in aon chás ina mbeidh, de réir chleachtas na Cúirte, gá le hurrús.