Ordú 27

Breithiúnas mainneachtana i gcásanna nach dtagann faoi réim an ordaithe roimhe seo

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim27-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007
Uim27-I.R. Uimh. 470 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Iarratais Agus Achomhairc Reachtúla) 2009


1. (i) In aon chás nach mbeidh teideal ag an ngearánaí faoi fhorálacha an Orduithe roimhe seo breithiúnas a iarraidh, agus ina mainneoidh cosantóir láithreas a thaifeadadh nó Cosaint a sheachadadh, de réir mar a bheidh, féadfaidh an gearánaí, faoi réir fhorálacha na bhFo-Rialacha seo a leanas den Riail seo, tráth ar bith tar éis na mainneachtana sin, ar fhógra a sheirbheálfar ar an gcosantóir sin, ceithre lá glan ar a laghad roimh an éisteacht, breithiúnas a iarraidh ar an gCúirt agus is de réir Fhoirmeacha 9 agus 10 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha seo a dhéanfar na hiarratais sin.

(ii) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhFo-Riail (v) den Riail seo, ní fhéadfar aon fhógra foriarratais ar Bhreithiúnas d'éagmais cosanta i gcaingne ina mbeidh damáistí neamhleachtaithe án-éileamh i dtort nó i gconradh a sheirbheáil mura rud é go mbeidh an gearánaí, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh sheirbheáil an fhógra sin, tar éis scríobh chuig an gcosantóir ag tabhairt fógra dó é a bheith ar intinn aige fógra foriarratais ar Bhreithiúnas a sheirbheáil agus, an tráth céanna, ag toiliú le cosaint a sheachadadh go déanach laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta na litreach.

(iii) Mura seachadfar aon chosaint laistigh den tréimhse sin beidh de cead ag an ngearánaí fógra foriarratais ar Bhreithiúnas d'éagmais cosanta a sheirbheáil, a bheidh le cur ar ais go dtí dáta ceithre lá dhéag glan ar a laghad ó dháta seirbheála an fhógra; déanfar an fógra foriarratais sin a chomhdú tráth nach déanaí ná sé lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais.

(iv) Más rud é, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an fógra foriarratais sin ar Bhreithiúnas a sheirbheáil, go seachadfaidh an cosantóir cosaint ar an ngearánaí agus, sé lá ar a laghad roimh an dáta a raibh an céanna le cur ar ais, go dtaiscfidh sé cóip den chosaint in Oifig an Chláraitheora Contae agus cóip dheimhnithe den fhógra foriarratais i gceangal léi, ní chuirfear an foriarratas sin ar Bhreithiúnas i liosta an Bhreithimh ach beidh sé arna scriosadh amach agus íocfaidh an cosantóir leis an ngearánaí cibé suim a chinnfidh an Cláraitheoir Contae ó am go ham i leith a chostas maidir leis an bhforiarratas sin ar Bhreithiúnas.

(v) Más rud é, in aon chás, gur féidir leis an ngearánaí cúiseanna speisialta a shuíomh lenar gá fógra foriarratais ar Bhreithiúnas d'éagmais cosanta a sheirbheáil sna cásanna dá bhforáiltear leis an Riail seo le práinn níos mó ná de réir na bhforálacha sin roimhe seo sa Riail seo, féadfaidh sé iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte ar Ordú ag ceadú dó fógra foriarratais ar Bhreithiúnas d'éagmais Cosanta a sheirbheáil, ina dtabharfar fógra ceithre lá glan ar a laghad don chosantóir, nó, ar a mhalairt, féadfaidh an Breitheamh a mheas gur seirbheáil mhaith í seirbheáil fhógra foriarratais ina mbeidh fógra ceithre lá glan ar a laghad tugtha don Chosantóir.

2. Ar an iarratas sin a éisteacht féadfaidh an Breitheamh, ar chruthúnas a fháil i dtaobh na mainneachtana sin mar a dúradh, agus ar cibé fianaise, ó bhéal nó eile, a thabharfar ar aird a éisteacht, breithiúnas a thabhairt ar éileamh an ghearánaí arna fhormhuiniú ar an mBille Sibhialta, nó féadfaidh sé a cheadú don chosantóir iomlán an éilimh, nó cuid de, a chosaint ar cibé téarmaí is cóir leis.

3. Ar iarratas ar bhreithiúnas faoin Ordú seo a éisteacht féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae cibé Ordú is cóir leis a dhéanamh maidir le costais.

4. (a) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin Ordú seo ar Bhreithiúnas d'éagmais Láithris nó Cosanta i gcoinne páirtí a mbeidh Bille Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh seirbheáilte air lasmuigh den Stát faoi fhorálacha Ordú 13, beidh mionnscríbhinn idtacaíocht leis an iarratas sin ina luafar go gcreideann an teisteoir:

(i) gur éileamh a bhfuil cumhacht ag an gCúirt de bhua Acht 1998 é a éisteacht agus a chinneadh atá i ngach éileamh a bheidh á dhéanamh;

(ii) nach bhfuil dlínse eisiach de réir bhrí Choinbhinsiún 1968 ag Cúirteanna aon Stáit eile an t-éileamh sin a éisteacht agus a chinneadh;

(iii) go ndearnadh Bille Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh nó fógra ina thaobh a sheirbheáil ar an gcosantóir nó ar an bhfreagróir, nó go raibh sé ábalta é a fháil ar shlí eile, in am trátha le go bhféadfadh sé socrú a dhéanamh i dtaobh é féin a chosaint, nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin, mar a cheanglaítear le hAlt 20 de Choinbhinsiún 1968.

(b) Déanfar fógra i dtaobh an iarratais sin, mar aon le cóip den mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an gcéanna, a sheirbheáil ar an gCosantóir 10 lá ar a laghad sula n-éistfear an céanna.

5. Beidh i ngach Mionnscríbhinn a úsáidfear chun Iarratas ar Bhreithiúnas mainneachtana faoi Ordú 27 a fhorasú deimhnisc á rá an mbeidh cáin bhreisluacha iníoctha ag an éilitheoir ar a chostais dhlíthiúla agus, más iníoctha, an mbeidh an tsuim is iníoctha amhlaidh inghnóthaithe aige ó na Coimisinéirí Ioncaim.