Ordú 59A
An Tacht Um Páirtnéireacht Shibhialta Agus Um Chearta Agus Oibleagáidí Áirithe De Chuid Comhchónaitheoirí 2010 : I.R. Uimh. 385 De 2011
Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
Uim59A-I.R. Uimh. 408 De 2014: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Tuairisciú Maidir Leis An Dlí Teaghlaigh), 2014
Uim59A-I.R. Uimh. 18 De 2016: Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Leanaí Agus Cóngais Teaghlaigh, 2015), 2016
Uim59-*** Superceded By S.I. No. 207 Of 2017 - I.R. Uimh. 358 De 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis In Imeachtaí Dlí Teaghlaigh) 2008
Uim59A-I.R. Uimh. 427 De 2018
An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de Chuid Comhchónaitheoirí 2010
1. San Ordú seo:
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010;
ciallaíonn “Acht 2004” an tAcht um Chlárú Sibhialta 2004;
tá le “imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta” an bhrí chéanna atá leis in alt 139 den Acht;
ciallaíonn “imeachtaí comhchónaí” imeachtaí faoi alt 15 den Acht, agus
folaíonn tagairt do pháirtnéireacht shibhialta a chlárú, i gcás páirtnéireachta sibhialta a aithnítear de bhua alt 5 den Acht, caidreamh dlíthiúil dá ndéantar tagairt san alt sin a chlárú.
Láthair
2. Déanfar aon imeachtaí faoin Ordú seo a thionscnamh sa chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar aon pháirtí sna himeachtaí nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha.
Imeachtaí páirtnéireachta sibhialta nó comhchónaí a thosú
3. (1) Déanfar na himeachtaí go léir le haghaidh na bhfaoiseamh seo a leanas in imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta faoin Ordú seo a thionscnamh tríd an mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta cuí a eisiúint as an Oifig don chontae cuí de réir Fhoirm 2S de Sceideal na bhFoirmeacha fara cibé modhnuithe is cuí san fhormáid agus ar an modh dá bhforáiltear:
(a) ordú faoi alt 4(1) den Acht lena n-áirítear cás ina lorgaítear an faoiseamh sin de bhua ordaithe arna dhéanamh faoi alt 5 den Acht;
(b) ordú ar iarratas ó pháirtnéir sibhialta chun go ndearbhófar tíolacas a bheith ar neamhní, faoi alt 28 den Acht, nó ar fhaoiseamh faoi alt 34 den Acht;
(c) ordú faoi alt 29(1) den Acht chun na Cúirte chun toiliú páirtnéara shibhialta is gá faoi alt 28 den Acht a ligean thar ceal, nó alt 29(4) den Acht chun an toiliú is gá faoi alt 28 den Acht a thabhairt thar ceann páirtnéara shibhialta;
(d) faoiseamh faoi alt 30(1) den Acht nó alt 30(2) den Acht;
(e) faoiseamh faoi Chuid 5 den Acht;
(f) ordú ar iarratas ó pháirtnéir sibhialta nó ó leanbh éagaigh a bhí ina pháirtnéir sibhialta nó ina páirtnéir sibhialta roimh bhás faoi alt 106 den Acht chun ceist a eascraíonn idir páirtnéirí sibhialta a chinneadh maidir le teideal chun maoine nó seilbh ar mhaoin;
(g) foraithne neamhnithe páirtnéireachta sibhialta faoi alt 107 den Acht;
(h) foraithne scaoilte i leith páirtnéireachta sibhialta faoi alt 110 den Acht;
(i) ordú ar sholáthar as eastát páirtnéara shibhialta éagtha faoi alt 127 den Acht;
(j) ordú lena n-ordaítear maoin a dhíol faoi alt 128 den Acht;
(k) faoi réir riail 23, ordú ag cealú diúscartha faoi alt 137 den Acht.
(2) Déanfar imeachtaí comhchónaí mar gheall ar aon ordú nó orduithe faoi ailt 174, 175, 187 agus 194 den Acht a thionscnamh tríd an mBille Sibhialta Comhchónaí cuí a eisiúint as an Oifig don chontae cuí de réir Fhoirm 2T de Sceideal na bhFoirmeacha fara cibé modhnuithe is cuí.
(3) Déanfar an Bille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta nó an Bille Sibhialta Comhchónaí, ar é a eisiúint, a sheirbheáil ar mhodh dá bhforáiltear san Ordú seo.
Foirm Imeachtaí
4. (1) Beidh gach aon Bhille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta agus gach aon Bhille Sibhialta Comhchónaí ina mhíreanna uimhrithe ina leagfar amach an faoiseamh a bheidh á lorg agus na forais ar a mbeifear ag seasamh mar thaca leis an iarratas.
(2) Áireofar i mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta le haghaidh Foraithne Scaoilte na mionsonraí seo a leanas i ngach cás—
(a) dáta clárúcháin agus áit chlárúcháin na páirtnéireachta sibhialta;
(b) an fad ama a raibh cónaí ar na páirtnéirí ar leithligh, lena n-áirítear an dáta ar thosaigh na páirtnéirí ar chónaí a bheith orthu ar leithligh, agus seoltaí an dá pháirtnéir le linn an ama sin, más eol sin;
(c) aoiseanna na bpáirtnéirí sibhialta, an fad a mhair a bpáirtnéireacht shibhialta agus an fad ama ar lena linn a bhí na páirtnéirí sibhialta ina gcónaí lena chéile tar éis a bpáirtnéireacht shibhialta a chlárú;
(d) aon mhíchumas coirp nó meabhrach atá ar cheachtar páirtnéir sibhialta;
(e) sonraí iomlána i dtaobh aon leanaí de chuid an pháirtnéara shibhialta is Iarratasóir nó Freagróir nó a bhfuil sé d’oibleagáid ar cheachtar de na páirtnéirí sibhialta iad a chothabháil agus á rá cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh soláthar do gach leanbh agus d’aon leanbh den sórt sin, agus má rinneadh, cén soláthar é;
(f) cibé acu arbh fhéidir go dtiocfadh an tIarratasóir nó an Freagróir ar chomhréiteach agus más féidir, cén bonn ar a bhféadfadh sé sin tarlú;
(g) mionsonraí i dtaobh aon fhaoisimh páirtnéireachta sibhialta roimhe sin a lorgaíodh agus/nó a fuarthas agus sonraí i dtaobh aon chomhaontaithe idirscartha roimhe sin a rinneadh idir na páirtithe (agus más cuí, ba chóir cóip dheimhnithe d’aon ordú cúirte iomchuí agus/nó d’aon chomhaontú iomchuí a chur i gceangal leis an mBille Sibhialta);
(h) mionsonraí i dtaobh aon fhaoisimh a lorgaíodh agus/nó a fuarthas roimhe sin i dtaca leis an bpósadh nó leis an dlí teaghlaigh agus mionsonraí i dtaobh aon chomhaontaithe idirscartha roimhe sin arna dhéanamh ag ceachtar de na páirtithe le haon duine eile (agus más cuí, ba chóir cóip dheimhnithe d’aon ordú cúirte iomchuí agus/nó d’aon ghníomhas idirscartha/ d’aon chomhaontú idirscartha a chur i gceangal leis an mBille Sibhialta);
(i) mionsonraí i dtaobh árais /áras cónaí i bpáirt agus/no áiteanna cónaí eile de chuid na bpáirtithe, lena n-áirítear, más iomchuí, mionsonraí i dtaobh aon árais/áite cónaí roimhe sin lena n-áireofar mionsonraí i dtaobh an dóigh inar áitíodh é nó í agus ina raibh sé nó sí ar úinéireacht;
(j) i gcás ina dtagraítear sa Bhille Sibhialta d’aon mhaoin dhochorraithe, cibé acu an talamh cláraithe nó neamhchláraithe é mar aon le tuairisc na talún/an áitribh dá dtagraítear amhlaidh;
(k) bonn na dlínse faoi alt 140 den Acht;
(l) slí bheatha/slite beatha gach aon pháirtí;
(m) na forais ar a bhfuiltear ag seasamh le haghaidh an fhaoisimh a lorgaítear;
(n) gach aon alt den Acht faoina bhfuil faoiseamh á lorg;
(o) aon ní eile a chuideoidh leis an gCúirt chun na gcríoch atá leagtha amach in alt 129(2) den Acht.
(3) Áireofar i mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta le haghaidh neamhniú, i ngach cás, cibé sonraí de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) is cuí mar aon leis na sonraí seo a leanas—
(a) dáta agus áit chláraithe na páirtnéireachta sibhialta;
(b) sainchónaí na bpáirtnéirí sibhialta ar dháta na páirtnéireachta sibhialta agus ar dháta tionscanta na n-imeachtaí agus, i gcás inar éag ceachtar de na páirtnéirí sibhialta sular tionscnaíodh na himeachtaí, sainchónaí an pháirtnéara shibhialta sin ar dháta an bháis;
(c) cibé acu a bhí nó nach raibh gnáthchónaí sa Stát ar na páirtnéirí sibhialta nó ar cheachtar acu ar feadh tréimhse bliana roimh dháta tionscanta na n-imeachtaí agus, i gcás inar éag ceachtar de na páirtnéirí sibhialta sular tionscnaíodh na himeachtaí, cibé acu a bhí nó nach raibh gnáthchónaí sa Stát ar an bpáirtnéir sibhialta éagtha sin ar feadh tréimhse bliana roimh bhás dó nó di;
(d) seoladh agus tuairisc gach aon pháirtí;
(e) an líon leanaí cleithiúnacha atá ag gach duine de na páirtnéirí sibhialta;
(f) na forais ar a lorgaítear an fhoraithne agus aon fhaoiseamh eile;
(g) an faoiseamh a lorgaítear agus na saincheisteanna a bheidh le triail.
(4) Maidir le Bille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta chun saincheist eanna maoine a chinneadh idir páirtnéirí sibhialta de bhun alt 106 den Acht, áireofar ann, i ngach cás, cibé sonraí de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) is cuí mar aon leis na sonraí seo a leanas—
(a) tuairisc, cineál agus méid an airgid nó na maoine eile lena mbaineann an t-iarratas;
(b) an méid a bhí ar eolas ag an bpáirtnéir sibhialta is Iarratasóir i ndáil le sealbhú agus rialú an airgid nó na maoine eile lena mbaineann an t-iarratas gach aon tráth iomchuí;
(c) cineál agus méid an leasa a bheidh á éileamh ag an Iarratasóir sa mhaoin nó san airgead agus an bonn ar a ndéantar éileamh den sórt sin;
(d) cineál agus méid aon éilimh ar fhaoiseamh a dhéanfar agus an bonn ar a ndéantar aon éileamh den sórt sin;
(e) i gcás ina ndéantar tagairt sa Bhille Sibhialta d’aon mhaoin dhochorraithe, cibé acu an talamh cláraithe nó neamhchláraithe é mar aon le tuairisc na talún/an áitribh dá dtagraítear amhlaidh;
(f) an modh ina n-éilítear gur mhainnigh, gur fhailligh nó gur dhiúltaigh an páirtnéir sibhialta is Freagróir cibé íocaíocht chuí nó diúscairt chuí a dhéanamh leis an bpáirtnéir sibhialta is Iarratasóir sna himthosca go léir agus mionsonraí aon íocaíochta nó diúscartha a rinneadh;
(g) aon nithe iomchuí eile.
(5) Áireofar i mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta ar fhaoiseamh de bhun alt 127 den Acht, i ngach cás, cibé mionsonraí de na mionsonraí a luaitear i bhfo-riail (2) is cuí mar aon leis na mionsonraí seo a leanas—
(a) dáta clárúcháin agus áit chlárúcháin na páirtnéireachta sibhialta agus dáta aon fhoraithne scaoilte agus déanfar foirm chlárúcháin na páirtnéireachta sibhialta agus cóip dheimhnithe d’aon fhoraithne scaoilte a chur i gceangal leis an mBille Sibhialta (mar aon le haistriúcháin fhíordheimhnithe, más cuí);
(b) mionsonraí i dtaobh faoisimh páirtnéireachta sibhialta roimhe sin a fuair an tIarratasóir agus go háirithe orduithe cothabhála cnapshuime agus orduithe coigeartaithe maoine, más ann;
(c) mionsonraí i dtaobh aon sochar a fuarthas roimhe sin ón bpáirtnéir sibhialta éagtha, nó a fuarthas thar a cheann nó thar a cheann, cibé acu ar mhodh comhaontaithe nó ar shlí eile agus sonraí i dtaobh aon sochar arna dtabhú chuig an Iarratasóir faoi théarmaí uacht an pháirtnéara shibhialta éagtha nó ar shlí eile;
(d) dáta báis an pháirtnéara shibhialta éagtha, an dáta ar deonaíodh ionadaíocht den chéad uair i leith eastát an pháirtnéara shibhialta sin agus, más infheidhme, an dáta ar tugadh fógra i dtaobh bhás an pháirtnéara shibhialta éagtha don pháirtnéir sibhialta is Iarratasóir agus an dáta ar ar thug an páirtnéir sibhialta is Iarratasóir fógra don ionadaí pearsanta go mbeartaíonn sé nó sí iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh de bhun alt 127(8) den Acht.
(e) cineál agus méid aon éilimh ar fhaoiseamh a bheidh á dhéanamh agus an bonn ar a ndéantar aon éileamh den sórt sin ar fhaoiseamh;
(f) stádas páirtnéireachta sibhialta nó pósta an pháirtnéara shibhialta éagtha ar dháta an bháis agus stádas páirtnéireachta sibhialta nó pósta an Iarratasóra ar dháta an iarratais agus an amhlaidh atá páirtnéireacht shibhialta nua nó pósadh nua déanta ag an Iarratasóir ó scaoileadh an pháirtnéireacht shibhialta idir an tIarratasóir agus an páirtnéir sibhialta éagtha;
(g) mionsonraí chleithiúnaigh uile an pháirtnéara shibhialta éagtha ar dháta an bháis agus sonraí chleithiúnaigh uile an Iarratasóra ar dháta an iarratais mar aon le mionsonraí aon daoine leasmhara eile;
(h) nach ndearnadh aon ordú de bhun alt 127(11) den Acht roimhe sin;
(i) mionsonraí i dtaobh luach eastát an pháirtnéara shibhialta éagtha, más eol sin;
(j) aon fhíorais iomchuí eile.
(6) Is trí fhoriarratas, a bheidh forasaithe ar mhionnscríbhinn, iar bhfógra chuig an bpáirtnéir sibhialta is Iarratasóir agus chuig cibé daoine eile a ordóidh an Chúirt, a dhéanfaidh an t-ionadaí pearsanta iarratais de bhun alt 127(7) den Acht i ndáil le dáileadh an eastáit.
(7) Áireofar i mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta le haghaidh faoisimh faoi alt 4 den Acht cibé sonraí de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) is cuí agus:
(a) cineál na cúise a bhí ag an Iarratasóir chun an faoiseamh a lorgaítear faoi alt 4 den Acht a lorg;
(b) mionsonraí iomlána maidir le clárúchán na páirtnéireachta sibhialta agus/nó scaoileadh na páirtnéireachta sibhialta ar ina leith a lorgaítear an dearbhú, lena n-áirítear an dáta ar ar cláraíodh agus/nó ar ar scaoileadh, agus an áit inar cláraíodh agus/nó inar scaoileadh an pháirtnéireacht shibhialta sin (agus, más cuí, ba chóir cóip dheimhnithe den fhoirm chlárúcháin páirtnéireachta sibhialta agus/nó den fhoraithne scaoilte a thaispeánadh don mhionnscríbhinn);
(c) i gcás ina lorgaítear dearbhú faoi alt 4 de bhun ordaithe arna dhéanamh faoi alt 5 den Acht, cóip dheimhnithe den ionstraim chlárúcháin nó den ionstraim scaoilte (más cuí, mar aon le haistriúchán fíordheimhnithe den chéanna, arna thaispeánadh don mhionnscríbhinn);
(d) sonraí i dtaobh aon imeacht(aí) roimhe sin nó atá ar feitheamh i ndáil le haon pháirtnéireacht shibhialta lena mbaineann, nó a bhaineann le stádas páirtnéireachta sibhialta nó pósta páirtí sa pháirtnéireacht shibhialta lena mbaineann;
(e) cearta aon duine seachas na páirtnéirí sibhialta lena mbaineann dá bhféadann an faoiseamh a lorgaítear difear a dhéanamh, lena n-áirítear duine lena bhfuil ceachtar de na páirtnéirí sibhialta cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta nua nó lena bhfuil ceachtar de na páirtnéirí sibhialta pósta, nó aon leanbh de chuid ceachtar de na páirtnéirí sibhialta a bhfuil sé d’oibleagáid ar cheachtar de na páirtnéirí sibhialta é nó í a chothabháil.
(8) Áireofar i mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta le haghaidh faoisimh faoi Chuid 4 den Acht i ngach aon chás cibé sonraí de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) is cuí mar aon leis na mionsonraí seo a leanas—
(a) seoladh agus tuairisc an árais chomhroinnte;
(b) dáta agus áit chlárúcháin pháirtnéireacht shibhialta na bpáirtithe;
(c) seoladh cónaithe agus slí bheatha an Iarratasóra agus an Fhreagróra (más eol);
(d) an faoiseamh a bheidh á lorg agus na fíorais a mbeartaítear seasamh orthu;
(e) luacháil inrátaithe an áitribh;
(f) aon imthosca iomchuí eile.
(9) Áireofar i mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta le haghaidh faoisimh faoi Chuid 5 den Acht, i ngach aon chás, cibé sonraí de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) is cuí mar aon leis na sonraí seo a leanas—
(a) na faoisimh bheachta atá á lorg agus na daoine ar ina leith atá siad á lorg;
(b) seoladh cónaithe agus slí bheatha an Iarratasóra agus an Fhreagróra (más eol);
(c) dáta agus áit chlárúcháin pháirtnéireacht shibhialta na bpáirtithe;
(d) sonraí iomlána i dtaobh aon leanaí de chuid an pháirtnéara shibhialta is Iarratasóir nó Freagróir nó aon leanaí a bhfuil sé d’oibleagáid ar cheachtar de na páirtnéirí sibhialta iad a chothabháil agus á rá cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh soláthar do gach leanbh agus d’aon leanbh den sórt sin, agus má rinneadh, cén soláthar é;
(e) cineál na mainneachtana cothabháil a dhéanamh atá á dhearbhú;
(f) aon athrú iomchuí ar imthosca (más infheidhme);
(g) aon imthosca iomchuí eile.
(10) Áireofar i mBille Sibhialta Comhchónaí cibé sonraí de na sonraí seo a leanas a luaitear san fho-riail seo is cuí—
(a) sonraí i dtaobh fhad an chaidrimh idir na páirtithe agus i dtaobh fhad a gcomhchónaí;
(b) sonraí i dtaobh an bhoinn ar a bhfuil na páirtithe ina gcónaí le chéile;
(c) a mhéid atá ceachtar páirtí i gcleithiúnas an duine ó thaobh airgeadais de agus aon chomhaontuithe i leith a gcúrsaí airgeadais;
(d) sonraí i dtaobh mhéid agus cineál aon socruithe airgeadais idir na páirtithe lena n-áirítear aon cheannach i gcomhpháirt ar eastát nó ar leas i dtalamh nó aon fháil i gcomhpháirt ar mhaoin phearsanta;
(e) an amhlaidh atá leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó ann de chuid ceachtar de na páirtithe nó de chuid na beirte acu;
(f) an amhlaidh atá duine de na páirtithe ag déanamh cúraim d’aon leanbh de chuid an pháirtí eile agus i mbun tacaíocht a thabhairt dó nó di;
(g) a mhéid a dhéanann na páirtithe iad féin a chur i láthair mar lánúin do dhaoine eile;
(h) aon mhíchumas coirp nó meabhrach ar cheachtar de na páirtithe;
(i) sonraí iomlána i dtaobh aon leanaí de chuid an Iarratasóra nó an Fhreagróra agus i dtaobh aon linbh as caidreamh roimhe sin ag ceachtar páirtí agus á rá an amhlaidh a rinneadh soláthar do gach leanbh agus d’aon leanbh den sórt sin agus má rinneadh, cén soláthar é;
(j) sonraí i dtaobh aon fhaoisimh a fuair ceachtar de na páirtithe roimhe sin i dtaca leis an bpósadh, leis an dlí teaghlaigh nó le páirtnéireacht shibhialta (agus más cuí, ba chóir cóip dheimhnithe d’aon ordú Cúirte iomchuí agus/nó d’aon chomhaontú iomchuí a thaispeánadh don mhionnscríbhinn);
(k) an áit ina bhfuil sainchónaí ar gach páirtí ar dháta an iarratais lena dtionscnaítear an t-imeacht nó an áit ina raibh gnáthchónaí ar gach páirtí don bhliain roimh dháta an iarratais sin;
(l) mionsonraí i dtaobh na háite/na n-áiteanna ina raibh cónaí le chéile ar na páirtithe le linn a gcaidrimh;
(m) i gcás ina ndéantar tagairt sa Bhille Sibhialta Comhchónaí d’aon mhaoin dhochorraithe cibé acu an talamh cláraithe nó talamh neamhchláraithe é agus tuairisc na dtailte/na n-áitreabh dá dtagraítear amhlaidh;
(n) aon ní eile a chuideoidh leis an gCúirt chun na gcríoch atá leagtha amach in alt 173(3) den Acht.
(11) I gcás iarratais ar sholáthar as eastát comhchónaitheora éagtha faoi alt 194 den Acht, áireofar sa Bhille Sibhialta Comhchónaí cibé mionsonraí de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (10) is cuí agus:
(a) mionsonraí i dtaobh aon fhaoisimh a fuair an tIarratasóir roimhe sin i dtaca le comhchónaí;
(b) mionsonraí i dtaobh aon fhaoisimh a fuarthas ón gcomhchónaitheoir éagtha nó thar ceann an chéanna ar mhodh comhaontaithe nó ar shlí eile agus mionsonraí i dtaobh aon sochar a d’fhabhraigh don Iarratasóir faoi théarmaí uacht an chomhchónaitheora éagtha nó ar shlí eile;
(c) dáta báis an chomhchónaitheora éagtha, an dáta ar deonaíodh ionadaíocht den chéad uair i leith eastát an chomhchónaitheora sin agus an dáta ar ar thug an tIarratasóir fógra don ionadaí pearsanta go mbeartaíonn sé nó sí iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh de bhun alt 194(6) den Acht;
(d) stádas páirtnéireachta sibhialta nó pósta an chomhchónaitheora éagtha ar dháta an bháis agus stádas páirtnéireachta sibhialta nó pósta an Iarratasóra ar dháta an iarratais;
(e) mionsonraí chleithiúnaigh uile an chomhchónaitheora éagtha ar dháta an bháis, sonraí chleithiúnaigh an Iarratasóra ar dháta an iarratais agus sonraí aon daoine leasmhara eile;
(f) mionsonraí i dtaobh an amhlaidh a rinneadh aon ordú roimhe sin faoi alt 173(7) den Acht;
(g) mionsonraí i dtaobh luach eastát an chomhchónaitheora éagtha, más eol sin;
5. Déanfar gach aon Bhille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta agus gach aon Bhille Sibhialta Comhchónaí a dhátú agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an Iarratasóra agus seoladh chun imeachtaí a sheirbheáil agus beidh sé sínithe ag Aturnae an pháirtí, más ann, nó, i gcás nach mbeidh Aturnae ag an Iarratasóir, ag an bpáirtí sin go pearsanta. Ba chóir an seoladh chun ar chóir Freagróir iarratas a dhéanamh d’fhonn faisnéis a fháil i ndáil le cúnamh dhlíthiúil a áireamh freisin sna Billí Sibhialta sin.
Eisiúint agus Taifeadadh
6. Ar Bhille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta nó Bille Sibhialta Comhchónaí a eisiúint, déanfar cóip den chéanna a chomhdú, mar aon le mionnscríbhinn Acmhainne, sa chaingean bheartaithe arna mionnú ag an Iarratasóir i gcomhlíonadh rialacha 17 agus 18 agus déanfaidh an Cláraitheoir Contae, air sin, an céanna a thaifeadadh.
Seirbheáil
7. (1) Déanfar gach aon Bhille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta agus gach aon Bhille Sibhialta Comhchónaí a sheirbheáil. In aon chás ina lorgófar faoiseamh airgid, déanfar Mionnscríbhinn Acmhainne i gcomhlíonadh rialacha 17 agus 18 san fhoirm atá leagtha amach i bhFoirm 51 de Sceideal na bhFoirmeacha nó cibé modhnú ar an gcéanna is cuí a sheirbheáil i dteannta an Bhille Shibhialta. I gcás ina lorgófar faoiseamh de bhun alt 121 den Acht nó alt 187 den Acht, déanfar fógra ina thaobh de réir Fhoirm 51A de Sceideal na bhFoirmeacha a sheirbheáil freisin ar iontaobhaithe na scéime pinsin a bheidh i gceist de réir Ordú 11, riail 17 agus Mionnscríbhinn i dtaobh na seirbheála sin a mhionnú agus a chomhdú laistigh de cheithre lá dhéag ón mBille Sibhialta a sheirbheáil. Féadfar gach aon phléadáil eile in imeachtaí arna dtionscnamh de réir na rialach seo a sheirbheáil de réir Ordú 11, riail 17 agus measfar í a bheith seirbheáilte ar an dara lá tar éis lá na postála.
(2) I gcás ina lorgófar faoiseamh de bhun alt 127 den Acht, déanfar an Bille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta a sheirbheáil de réir na Rialacha seo ar ionadaí pearsanta an éagaigh agus ar pháirtnéir sibhialta nó céile (más ann) an éagaigh agus ar cibé duine nó daoine eile de réir mar a ordóidh an Chúirt. I gcás ina lorgófar faoiseamh de bhun alt 194 den Acht, déanfar an Bille Sibhialta Comhchónaí a sheirbheáil de réir na rialacha seo ar ionadaí pearsanta an éagaigh, agus ar pháirtnéir sibhialta nó céile (más ann) an éagaigh agus ar cibé duine nó daoine eile de réir mar a ordóidh an Chúirt.
(3) Más rud é, in aon iarratas de bhun an Ordaithe seo, gur cuí ordú a threorú chuig aon tríú duine nach páirtí sna himeachtaí, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, an t-ábhar a chur ar atráth agus a ordú don Iarratasóir nó don Fhreagróir a chur in iúl don tríú duine a lorgaítear ordú ina choinne go bhfuil ordú á lorg ina choinne agus faoin dáta a bheith curtha ar atráth, ionas go bhféadfaidh an tríú duine sin láithriú agus éisteacht a fháil i ndáil leis an ordú sin a dhéanamh. Ina ionad sin, féadfaidh an Chúirt, le linn ordú a bheidh dírithe chuig aon tríú duine a dhéanamh, a fhoráil, san ordú sin, gur chóir go mbeadh saoirse ag an tríú duine sin iarratas a dhéanamh chun na Cúirte iar bhfógra don Iarratasóir agus don Fhreagróir chun an t-ordú a rinneadh a chur ar ceal a mhéid a bheidh sé dírithe chuig an tríú duine sin nó a mhéid a bhaineann sé leis.
Láithreas
8. Má bheartaíonn Freagróir an t-iarratas, nó aon chuid de, a chonspóid, déanfaidh sé/sí Láithreas a thaifeadadh san Oifig laistigh de 10 lá ón mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta nó, de réir mar a bheidh, an Bille Sibhialta Comhchónaí, a sheirbheáil air/uirthi, agus déanfaidh sé/sí cóip den Láithreas agus den deimhniú cuí a sheirbheáil ar Aturnaetha an Iarratasóra nó, más cuí, ar an Iarratasóir. Beidh ar an Láithreas seoladh chun aon iarratais idirbhreitheacha a sheirbheáil agus beidh sé sínithe ag Aturnae an Fhreagróra nó, mura bhfuil Aturnae ag an bhFreagróir, ag an bhFreagróir go pearsanta.
Cosaint
9. (1) Déanfaidh Freagróir, an tráth céanna a dhéanfaidh sé Láithreas a thaifeadadh, nó laistigh de 10 lá glan ó dháta seirbheála an Láithris, nó cibé am breise a chomhaontófar idir na páirtithe nó a cheadóidh an Chúirt, Cosaint a chomhdú agus a sheirbheáil, mar aon le Mionnscríbhinn Acmhainne (más gá) i gcomhlíonadh rialacha 17 agus 18, ar an Iarratasóir, nó ar Aturnae an Iarratasóra, más ann, agus ar an gCláraitheoir Contae san fhoirm atá leagtha amach i bhFoirm 51 nó cibé modhnú ar an gcéanna is cuí. I gcás ina lorgófar faoiseamh de bhun alt 121 nó alt 187 den Acht ar mhodh Frithéilimh, déanfar fógra ina thaobh de réir Fhoirm 51A de Sceideal na bhFoirmeacha a sheirbheáil freisin ar iontaobhaithe na scéime pinsean a bheidh i gceist agus Mionnscríbhinn i dtaobh na seirbheála sin a mhionnú agus a chomhdú laistigh de sheacht lá ón gCosaint agus an Frithéileamh a sheirbheáil.
(2) Ní dhéanfar aon Láithreas nó Cosaint a thaifeadadh tar éis an ama a shonraítear sna Rialacha seo gan cead ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae nó le comhaontú na bpáirtithe, agus ní dhéanfar aon Chosaint a thaifeadadh mura mbeidh Láithreas taifeadta roimhe sin ag an bhFreagróir mar a cheanglaítear leis na Rialacha seo.
(3) Cibé acuadhéantar nó nach ndéantar Cosaint a chomhdú agus a sheirbheáil in aon imeachtaí, beidh sé d’oibleagáid in aon chás ar an bhFreagróir, máscuí, Mionnscríbhinn Acmhainne a chomhdú agus a sheirbheáil laistigh de 20 lá tar éis an Bille Sibhialta Páirtnéireacht Sibhialta nó,deréir mar a bheidh, an Bille Sibhialta Comhchónaí, a sheirbheáil air/uirthi.
(4) Gan dochar do theideal na Cúirte uiríll a cheadú i ndáil le hordú astaithe tuillimh a dhéanamh nó a dhiúltú ag éisteacht na caingne, féadfar na huiríll sin chun críocha alt 117(7) nó alt 175(7) den Acht a áireamh sa Chosaint.
Foriarratais le haghaidh Breithiúnais
10. (1) In aon chás ina ndearna Freagróir mainneachtain i dtaca le Láithreas a thaifeadadh nó Cosaint a chomhdú, de réir mar a bheidh, féadfaidh an tIarratasóir, faoi réir fhorálacha na rialach seo, tráth ar bith tar éis na mainneachtana sin, iar bhfógra a bheidh le seirbheáil ar an bhFreagróir agus, i gcás ina lorgófar faoiseamh de bhun alt 121 nó alt 187 den Acht, ar iontaobhaithe na scéime pinsin lena mbaineann, tráth nach lú ná ceithre lá dhéag roimh an éisteacht, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar bhreithiúnas, d’éagmais Láithris nó Cosanta. Beidh an t-iarratas sin, ach amháin i gcás foriarratas is in-aischurtha i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath, inaischurtha i dtosach os comhair an Chláraitheora Contae de réir Ordú 59, riail 4(38)(5), mar a chuirtear chun feidhme maidir le himeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta agus imeachtaí comhchónaí.
(2) Ní dhéanfar aon fhógra foriarratais le haghaidh breithiúnais de mhainneachtain cosanta a sheirbheáil mura rud é gur scríobh an tIarratasóir chuig an bhFreagróir, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh sheirbheáil an fhógra sin, agus fógra á thabhairt dó go bhfuil sé beartaithe aige/aici fógra foriarratais le haghaidh Breithiúnais a sheirbheáil de mhainneachtain cosanta agus á thoiliú san am céanna le comhdú déanach Cosanta laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta na litreach.
(3) Mura seachadfar aon Chosaint laistigh den tréimhse sin beidh saoirse ag an Iarratasóir fógra foriarratais le haghaidh Breithiúnas a sheirbheáil de mhainneachtain Cosanta is fógra a bheidh in-aischurtha chuig dáta ar tráth é nach lú ná 14 lá glan ó dháta seirbheála an fhógra, agus beidh an fógra foriarratais sin le comhdú tráth nach déanaí ná sé lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais.
(4) Más rud é, in aon chás, gur féidir leis an Iarratasóir cúiseanna speisialta a shuíomh chun gur gá fógra foriarratais le haghaidh Breithiúnais a sheirbheáil de mhainneachtain Láithris/Cosanta i gcásanna dá bhforáiltear leis an Riail seo faoi phráinn is mó ná sin de réir na bhforálacha atá ar áireamh anseo roimhe seo, féadfaidh sé iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte ar Ordú lena dtabharfar saoirse dó fógra foriarratais le haghaidh Breithiúnais a sheirbheáil d’éagmais Láithris/Cosanta lena dtabharfar fógra ceithre lá glan ar a laghad don Fhreagróir nó ar a mhalairt, féadfaidh an Breitheamh a mheas gur seirbheáil mhaith í seirbheáil fógra foriarratais lena dtabharfar fógra ceithre lá glan ar a laghad don Fhreagróir.
(5) Ar an iarratas sin a éisteacht féadfaidh an Chúirt, ar an mainneachtain sin a dúradh a bheith cruthaithe, agus ar cibé fianaise, ó bhéal nó eile, a thabharfar ar aird a éisteacht, breithiúnas a thabhairt ar éileamh an Iarratasóra, arna fhormhuiniú ar an mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta nó, de réir mar a bheidh, ar an mBille Sibhialta Comhchónaí, nó féadfaidh sí cead a thabhairt don Fhreagróir iomlán an éilimh nó cuid de a chosaint ar cibé téarmaí a mheasfaidh sé nó sí a bheith cóir.
(6) In aon chás ina gcomhaontóidh na páirtithe i leith iomlán na bhfaoiseamh a bheidh á lorg agus ina mbeidh Cosaint de réir riail 9 comhdaithe agus seirbheáilte ag an bhFreagróir lena léireofar an comhaontú seo, féadfaidh an tIarratasóir nó an Freagróir, faoi réir fhorálacha na bhfo-rialacha seo a leanas, aon tráth tar éis an Chosaint sin a bheith comhdaithe agus seirbheáilte, iar bhfógra a sheirbheálfar ar an bpáirtí eile agus, i gcás ina lorgófar faoiseamh de bhun alt 121 nó alt 187 den Acht, ar iontaobhaithe na scéime pinsin lena mbaineann, tráth nach lú ná 14 lá glan roimh an éisteacht, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar bhreithiúnas, agus is trí fhoriarratas iar bhfógra a dhéanfar an t-iarratas.
(7) Ar an iarratas sin a éisteacht, féadfaidh an Chúirt, ar cibé fianaise, ó bhéal nó eile, a thabharfar ar aird—
(i) breithiúnas a thabhairt sna téarmaí a chomhaontófar idir na páirtithe, nó
(ii) cibé ordacháin a thabhairt i ndáil le seirbheáil Fógra Trialach/Fógra chun dáta le haghaidh Trialach a shocrú is dealraitheach don Chúirt a bheith cóir.
(8) Ar iarratas le haghaidh breithiúnais faoin Riail seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt cibé ordú maidir le costais a thabhairt a mheasfaidh an Chúirt a bheith cóir.
Fógra Trialach/Fógra chun dáta a shocrú le haghaidh Trialach
11. Faoi réir riail 10(7) agus (8) agus Ordú 59, riail 4(38)(14)(g) mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le himeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta agus imeachtaí comhchónaí, nuair a bheidh Cosaint taifeadta agus seirbheáilte go cuí, féadfaidh an tIarratasóir fógra trialach nó fógra chun dáta a shocrú le haghaidh trialach, de réir mar is cuí, de réir Fhoirmeacha 15A agus 15B, a sheirbheáil.
Fógra Trialach (Cuarda seachas Cuaird Bhaile Átha Cliath)
12. Ní bhainfidh an Riail seo le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Déanfar fógra trialach deich lá ar a laghad a sheirbheáil ar an bhFreagróir agus ar gach páirtí eile is gá. I gcás ina mbeidh faoiseamh á lorg faoi alt 121 nó alt 187 den Acht, déanfar fógra trialach a sheirbheáil freisin ar iontaobhaithe na scéime pinsin a bheidh i gceist. Déanfar an fógra trialach a chomhdú san Oifig tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis é a sheirbheáil. Oibreoidh seirbheáil an fhógra thrialaigh agus a chomhdú chun an chaingean nó an t-ábhar (lena n-áirítear frithéileamh, más ann) a chur síos lena héisteacht nó lena éisteacht ag na chéad Suíonna eile sin ina dhiaidh sin. Oibreoidh seirbheáil fógra chun dáta a shocrú le haghaidh trialach, arna chomhlánú go cuí san Oifig, ar gach páirtí is gá, chun an chaingean (lena n-áirítear frithéileamh, más ann) a chur síos lena héisteacht, agus lena liostú os comhair an Chláraitheora Contae chun dáta don éisteacht a leithroinnt.
Fógra chun dáta a shocrú le haghaidh Trialach (Cuaird Bhaile Átha Cliath)
13. Ní bhainfidh an Riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Déanfaidh páirtí ar mian leis fógra a thabhairt chun dáta a shocrú le haghaidh trialach de réir riail 11 nó riail 14 fógra chun dáta a shocrú le haghaidh trialach a thaisceadh leis an Oifig i bhFoirm 15B de Sceideal na bhFoirmeacha. Ar an bhfógra sin agus é comhlánaithe go cuí a fháil ón Oifig, déanfaidh an páirtí sin cóip den fhógra comhlánaithe, ina leagfar amach an dáta ar a socróidh an Cláraitheoir Contae dáta le haghaidh éisteachta, a sheirbheáil ar gach ceann de na páirtithe eile agus, i gcás ina mbeidh faoiseamh á lorg faoi alt 121 nó alt 187 den Acht, ar iontaobhaithe na scéime pinsin a bheidh i gceist. Tabharfar fógra deich lá ar a laghad chun dáta a shocrú le haghaidh trialach. Oibreoidh seirbheáil fógra chun dáta a shocrú le haghaidh trialach, arna chomhlánú go cuí san Oifig, ar gach páirtí is gá, chun an chaingean (lena n-áirítear frithéileamh, más ann) a chur síos lena héisteacht ar cibé dáta a shocróidh an Cláraitheoir Contae.
Seirbheáil ag Freagróir
14. I gcás ina mbeidh mainnithe ag an Iarratasóir fógra trialach nó fógra chun dáta a shocrú le haghaidh trialach, de réir mar is cuí, a sheirbheáil laistigh de dheich lá tar éis an Chosaint a sheirbheáil agus a thaifeadadh, féadfaidh an Freagróir é a sheirbheáil agus féadfaidh sé é a chomhdú de réir na Rialacha seo.
Uamadh
15. Más dóigh leis an gCúirt é a bheith inmhianaithe, féadfaidh sí a ordú dhá chaingean nó níos mó a thriail le chéile, agus sin ar cibé téarmaí is cóir leis an gCúirt maidir le costais.
Mionnscríbhinní Uiríll
16. (1) Ach amháin i gcás ina n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is trí Mhionnscríbhinn Uiríll, a chomhdófar agus a sheirbheálfar ar na páirtithe go léir sna himeachtaí laistigh de 28 lá tar éis fógra faoin iarratas ar fhaoiseamh faoi alt 121 nó, de réir mar a bheidh, alt 187 den Acht a sheirbheáil orthu de réir rialacha 7 agus 9, nó laistigh de cibé tréimhse ama nó i cibé slí a ordóidh an Chúirt, a dhéanfaidh aon fhógra-pháirtí, lena n-áirítear na hiontaobhaithe de chuid scéime pinsin, ar mian leis nó léi uiríll a dhéanamh chuig an gCúirt de bhun alt 122 nó, de réir mar a bheidh, alt 188 den Acht, na huiríll sin.
(2) Gan dochar do theideal na Cúirte uiríll a cheadú ó dhaoine a bhfuil leas tairbhiúil acu i maoin (agus nach é/í an páirtnéir sibhialta eile é/í) de bhun alt 128(5) den Acht nó ó dhaoine leasmhara de bhun alt 127(6) nó alt 194(6) den Acht tráth éisteachta na caingne, féadfar uiríll den sórt sin a dhéanamh i bhfoirm Mionnscríbhinne Uiríll, a chomhdófar agus a sheirbheálfar ar gach páirtí sna himeachtaí de réir mar a ordóidh an Chúirt.
Mionnscríbhinn Acmhainne
17. (1) Gan dochar:
(a) do cheart gach páirtí iarraidh agus/nó iarratas a dhéanamh chun a ordú a thuilleadh sonraí nó faisnéise a sheachadadh;
(b) do cheart gach páirtí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar Ordú Follasaithe; agus
(c) do dhlínse na Cúirte de bhun alt 142 agus alt 197 den Acht,
in aon chás ina ndéanfar faoiseamh airgeadais faoin Acht a lorg, déanfaidh na páirtithe Mionnscríbhinní Acmhainne a chomhdú de réir rialacha 6 agus 9 agus beidh feidhm ag na fo-rialacha seo a leanas i leith na Mionnscríbhinní sin.
(2) I ngach cás ina mbeidh Cosaint agus /nó Frithéileamh comhdaithe (seachas Cosaint de bhun riail 10(6)) déanfaidh gach páirtí, mura scaoilfidh an páirtí eile leis an gceanglas chun Mionnscríbhinn a dheimhniú, a Mhionnscríbhinn Acmhainne a dheimhniú, sa tslí a shonraítear i bhFoirm 51C, laistigh de 28 lá ón dáta a ndéanfar Mhionnscríbhinn Acmhainne an Fhreagróra a chomhdú nó 21 lá roimh an dáta a bheidh socraithe d’éisteacht ar ghluaiseacht cháis, cibé acu is luaithe.
(3) I ngach cás nach mbeidh Cosaint comhdaithe agus ina mbeidh éisteacht ar ghluaiseacht cháis liostaithe, déanfaidh gach páirtí a Mhionnscríbhinn Acmhainne a dheimhniú laistigh de cibé tréimhse ama a ordóidh an Cláraitheoir Contae.
(4) I gcás ina mainneoidh páirtí a Mhionnscríbhinn Acmhainne a chomhdú, a sheirbheáil nó na hítimí dá dtagrófar ina Mionnscríbhinní Acmhainne a dheimhniú go cuí de réir mar a cheanglaítear leis na Rialacha seo—
(i) féadfaidh an Chúirt, ar iarratas trí fhógra foriarratais, agus, de réir alt 34(1) d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995 agus an Dara Sceideal a ghabhann leis, féadfaidh an Cláraitheoir Contae, ar iarratas trí fhógra foriarratais nó i gcúrsa gluaiseachta cáis, Ordú a dhéanamh ag fadú na tréimhse ama ar laistigh di a chaithfidh an páirtí a rinne mainneachtain Mionnscríbhinn Acmhainne a chomhdú nó a sheirbheáil agus/nó na hítimí dá dtagraítear in aon Mhionnscríbhinn Acmhainne a dheimhniú (ar cibé slí nó ar cibé téarmaí a ordóidh an Chúirt nó an Cláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh) nó féadfaidh sí nó sé Ordú Follasaithe a dhéanamh, nó
(ii) féadfaidh an Chúirt cibé ordú eile a dhéanamh is dóigh leis an gCúirt is cuí agus is gá (lena n-áirítear ordú nach mbeidh an páirtí sin i dteideal éileamh ar aon fhaoisimh chúntacha faoin Acht a dhéanamh nó a chosaint, de réir mar is cuí, ach amháin mar a cheadóidh an Chúirt ar cibé téarmaí a chinnfidh an Chúirt is cuí agus/nó ag cur na n-imeachtaí ar atráth go ceann tréimhse sonraithe ama chun comhlíonadh a chumasú) agus ina theannta sin nó ar a mhalairt féadfar ordú de bhun alt 142(2) den Acht nó, de réir mar a bheidh, alt 197(2) den Acht, a lorg de réir riail 23.
18. Leagfar amach i bhfoirm sceidil sa Mhionnscríbhinn Acmhainne mionsonraí faoi ioncam, sócmhainní, maoin, acmhainní airgeadais, fiacha, dliteanais, oibleagáidí airgeadais agus freagrachtaí airgeadais an pháirtí cibé áit a mbeidh siad agus cibé foinse as a mbeidh siad ag teacht agus, de réir mar is fearr is eol don teisteoir, mar a cuireadh i bhfios dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, ioncam, sócmhainní, maoin, acmhainní airgeadais, fiacha, dliteanais, oibleagáidí airgeadais agus freagrachtaí airgeadais aon linbh chleithiúnaigh den pháirtí, cibé áit a mbeidh siad agus cibé foinse as a mbeidh siad ag teacht, agus is de réir na foirme a leagtar amach i bhFoirm 51, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí, a bheidh sí.
19. I gcás ina ndéanfar faoiseamh de bhun alt 121 nó alt 187 den Acht a lorg, luafar freisin sa Mhionnscríbhinn Acmhainne, de réir mar is fearr is eol don teisteoir, mar a cuireadh i bhfios dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, cineál na scéime, na sochair is iníoctha fúithi, an ghnáthaois inphinsin agus tréimhse seirbhíse ináirithe an chéile shibhialta is comhalta agus i gcás ina mbeidh faisnéis a bhaineann leis an scéim pinsin faighte ó iontaobhaithe na scéime faoi Achtanna na bPinsean 1990 go 2009, is ceart an fhaisnéis sin a fhoilseánadh sa Mhionnscríbhinn Acmhainne agus i gcás nach mbeidh an fhaisnéis sin faighte áireofar deimhneasc sonrach sa Mhionnscríbhinn Acmhainne maidir leis an gcúis nach bhfuarthas an fhaisnéis sin.
Frithéilimh
20. (1) Ach amháin mar a n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar Frith-éileamh, más ann, a bheidh tugtha ag Freagróir a áireamh sa Chosaint agus a sheirbheáil leis an gCosaint, de réir fhorálacha na Rialacha seo a bhaineann leis an gcéanna, agus leagfar amach i míreanna uimhrithe ann, go háirithe, na nithe atá leagtha amach sna fo-rialacha seo a leanas, más iomchuí.
(2) I gcás iarratais ar fhoraithne scaoilte, leagfar amach sa Fhrithéileamh ar an gcaoi chéanna leis an mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta na fíorais a shonraítear i riail 4(2) ar an gcaoi chéanna leis an mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a) an foras/na forais le haghaidh foraithne scaoilte, má lorgaítear sin;
(b) aon fhoras ar a bhfuil sé ar intinn ag an bhFreagróir seasamh mar thaca le haon fhaoiseamh cúntach a bheidh á éileamh; agus
(c) an faoiseamh a bheidh á lorg de bhun an Achta.
(3) I gcás iarratais ar fhoraithne neamhnithe, leagfar amach sa Fhrithéileamh ar an gcaoi chéanna leis an mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta cibé fíorais acu sin a shonraítear i riail 4(3) agus is cuí, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a) an foras/na forais le haghaidh foraithne neamhnithe;
(b) aon fhoras breise ar a bhfuil sé ar intinn ag an bhFreagróir seasamh mar thaca le haon fhaoiseamh a bheidh á éileamh; agus
(c) an faoiseamh a bheidh á lorg agus aon saincheisteanna breise a bheidh le triail.
(4) I gcás iarratais chun saincheisteanna maoine idir páirtnéirí sibhialta a chinneadh de bhun alt 106 den Acht, leagfar amach sa Fhrithéileamh ar an gcaoi chéanna leis an mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta cibé fíorais acu sin a shonraítear i riail 4(4) agus is cuí, mar aon leis an méid seo a leanas:
(i) aon fhoras breise ar a bhfuil sé ar intinn ag an bhFreagróir seasamh mar thaca le haon fhaoiseamh a bheidh á éileamh; agus
(ii) an faoiseamh a bheidh á lorg de bhun an Achta.
(5) I gcás iarratais ar fhaoiseamh faoi alt 4 den Acht, leagfar amach sa Fhrithéileamh ar an gcaoi chéanna leis an mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta cibé fíorais acu sin a shonraítear i riail 4(7) agus is cuí, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a) aon fhoras breise ar a bhfuil sé ar intinn ag an bhFreagróir seasamh mar thaca le haon fhaoiseamh a bheidh á éileamh; agus
(b) an faoiseamh a bheidh á lorg de bhun an Achta.
(6) I gcás iarratais ar fhaoiseamh faoi Chuid 4 den Acht, leagfar amach sa Fhrithéileamh ar an gcaoi chéanna leis an mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta cibé fíorais acu sin a shonraítear i riail 4(8) agus is cuí, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a) aon fhoras breise ar a bhfuil sé ar intinn ag an bhFreagróir seasamh mar thaca le haon fhaoiseamh a bheidh á éileamh; agus
(b) an faoiseamh a bheidh á lorg de bhun Chuid 4 den Acht.
(7) I gcás iarratais ar fhaoiseamh faoi Chuid 5 den Acht, leagfar amach sa Fhrithéileamh ar an gcaoi chéanna leis an mBille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta cibé fíorais acu sin a shonraítear i riail 4(9) agus is cuí, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a) aon fhoras breise ar a bhfuil sé ar intinn ag an bhFreagróir seasamh mar thaca le haon fhaoiseamh a bheidh á éileamh; agus
(b) an faoiseamh a bheidh á lorg de bhun Chuid 5 den Acht.
(8) I gcás iarratais ar fhaoiseamh faoi Chuid 15 den Acht, leagfar amach sa Fhrithéileamh ar an gcaoi chéanna leis an mBille Sibhialta Comhchónaí cibé fíorais acu sin a shonraítear i riail 4(10) agus is cuí, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a) aon fhoras breise ar a bhfuil sé ar intinn ag an bhFreagróir seasamh mar thaca le haon fhaoiseamh a bheidh á éileamh; agus
(b) an faoiseamh a bheidh á lorg de bhun Chuid 15 den Acht.
Fianaise
21. Ach amháin mar a n-ordóidh an Chúirt a mhalairt agus faoi réir riail 25, is ar fhianaise béil a éistfear gach Iarratas faoin Ordú seo agus is i gcúirt iata a bheidh na héisteachtaí sin.
22. D’ainneoin fhorálacha riail 21, i gcás ina ndéanfaidh an tIarratasóir nó an Freagróir faoiseamh de bhun alt 121 nó alt 187 den Acht a lorg, féadfar fianaise i dtaobh luacha achtúirigh sochair faoin scéim a thabhairt trí Mhionnscríbhinn arna comhdú thar ceann an Iarratasóra/an Fhreagróra, agus déanfaidh duine cuí an Mhionnscríbhinn sin a mhionnú agus seirbheálfar í ar na páirtithe go léir sna himeachtaí agus comhdófar í 14 lá ar a laghad roimh an éisteacht agus beidh sí faoi réir cheart an Fhreagróra/an Iarratasóra chun Fógra faoi Chroscheistiú a sheirbheáil i ndáil léi. I gcás ina mbeidh ceann de na páirtithe tar éis fianaise i dtaobh luacha achtúirigh sochair a thabhairt ar aird trí Mhionnscríbhinn dá bhforáiltear sa riail seo agus go mbeidh ar intinn ag an bpáirtí eile fianaise béil dá samhail nó frithfhianaise béil a thabhairt ar aird, déanfaidh an páirtí díospóideach fógra á rá go bhfuil sin ar intinn aige nó aici a sheirbheáil ar gach páirtí eile 10 lá ar a laghad roimh an éisteacht.
Iarratais Eatramhacha agus Idirbhreitheacha
23. (1) Is trí Fhógra Foriarratais a sheirbheálfar na hiarratais seo a leanas ar na páirtithe sna himeachtaí agus, i gcás iarratas de bhun alt 126(2) nó alt 192 den Acht, ar iontaobhaithe na scéime pinsin lena mbaineann:
(a) iarratas ar Ordú Eatramhach de bhun alt 47 den Acht;
(b) iarratas ar Réamhordú de bhun alt 115 den Acht;
(c) iarratas ar chothabháil go dtí go ndéanfar agra/go dtí go dtabharfar faoiseamh de bhun alt 116 den Acht;
(d) iarratas ar fhaisnéis de bhun alt 126(2) den Acht;
(e) iarratas ar fhaoiseamh de bhun alt 137 den Acht i gcás nach é sin an príomhfhaoiseamh a lorgaítear sna himeachtaí;
(f) iarratas ar fhaoiseamh de bhun alt 142(2) den Acht;
(g) iarratas ar fhaoiseamh de bhun alt 197(2) den Acht;
(h) iarratas ar aon fhaoiseamh idirbhreitheach eile.
(2) Sula ndéanfar aon iarratas idirbhreitheach ar fhollasú nó ar fhaisnéis de bhun alt 142(2) nó alt 197(2) den Acht, déanfar an fhaisnéis a bheidh á lorg a iarraidh i scríbhinn go saorálach 14 lá ar a laghad sula n-eiseofar an foriarratas ar an bhfaoiseamh lena mbaineann agus, ar mhainneachtain iarraidh den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an breitheamh an foriarratas a chur ar atráth nó an foriarratas a scriosadh amach nó cibé ordú, lena n-áirítear ordú maidir le costais, a dhéanamh a fheictear don Chúirt a bheith cuí.
(3) I gcás ina ndéanfar iarratas ar fhoraithne neamhnithe agus go mbeidh líomhain ann nach raibh ceachtar páirtí nó nach raibh siad araon in ann toiliú feasach a thabhairt, is trí Mhionnscríbhinn a dhéanfaidh an síciatraí sainchomhairleach an fianú sa chéill sin a luaitear in alt 107(c)(iv) den Acht a thabhairt sa chéad ásc. I gcás ina ndéanfaidh an páirtí freasúrach aon fhianú den sórt sin a dhíospóid, ansin, gan dochar do cheart an pháirtí sin chun fianaise shaineolach a chroscheistiú agus/nó a thabhairt ar aird, féadfar iarratas a dhéanamh chun cigirí síciatracha a cheapadh i leith an Iarratasóra agus/nó an Fhreagróra trí fhoriarratas iar bhfógra chun an pháirtí eile.
(4) Féadfar, in aon iarratas ar fhoraithne neamhnithe, iarratas a dhéanamh chun lia-chigirí agus/nó cigirí síciatracha a cheapadh i leith an Iarratasóra agus/nó an Fhreagróra trí Fhoriarratas iar bhFógra chun an pháirtí eile.
(5) Eiseofar Foriarratas a luaitear I bhfo-riail (3) nó (4) tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis dul in éag do na tréimhsí ama chun Láithreas a thaifeadadh agus Cosaint a sheachadadh ach amháin le cead ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae. I gcás ina gceapfaidh an Chúirt nó an Cláraitheoir Contae lia-chigirí agus/nó cigirí síciatracha, freastalóidh na haturnaetha thar ceann na bpáirtithe leis na páirtithe ar an lá ceaptha san áit ina mbeidh an t-iniúchadh le bheith ar bun chun na páirtithe a chéannú don Chláraitheoir Contae nó dá ainmnitheach/dá hainmnitheach. In aon imthosca nach mbeidh aon duine ag feidhmiú do pháirtí, ní foláir cruthúnas fótagrafach cuí céannachta a thabhairt ar aird ar leor é chun an Cláraitheoir Contae nó a ainmnitheach/a hainmnitheach a shásamh maidir le céannacht an pháirtí lena mbaineann. Ní dhéanfar aon iniúchadh mura gcomhlíonfar na nósanna imeachta atá sa riail seo. Ar an iniúchadh a chur i gcrích, déanfaidh an cigire tuarascáil air a chur go díreach chuig an gCláraitheoir Contae don Chontae inar eisíodh na himeachtaí.
(6) In aon chás inar deimhin leis an gCúirt go dtiocfadh nó go bhféadfadh sé go dtiocfadh díobháil thromchúiseach nó mísc thromchúiseach den mhoill a bhainfeadh le dul ar aghaidh trí Fhoriarratas iar bhFógra faoin Ordú seo, féadfaidh an Chúirt Ordú a dhéanamh ex parte de réir mar is cóir léi. Féadfar iarratais phráinneacha faoin Riail seo a dhéanamh chuig Breitheamh tráth ar bith nó áit ar bith a cheadóidh sé, trí chomhshocraíocht leis an gCláraitheoir Contae don Chontae a bheidh i gceist.
(7) I gcás inar cuí sin, is chun an Chláraitheora Contae, de réir an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995 agus Ordú 18 agus Ordú 19, a dhéanfar iarratais eatramhacha agus idirbhreitheacha.
24. Más rud é, ar an dáta chun aon Iarratas faoin riail seo a éisteacht, nach ndéileálfaidh an Chúirt leis an ábhar ar aon chúis, agus, go háirithe, de bhun atráthaithe arna lorg ag ceachtar páirtí, féadfaidh an páirtí eile, bíodh nó ná bíodh an páirtí sin ag toiliú leis an atráthú, cibé faoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach is cuí léi a iarraidh, agus féadfaidh an Chúirt é a dheonú, gan gá a bheith le Fógra Foriarratais a sheirbheáil.
25. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is ar Mhionnscríbhinn a éistfear aon iarratas eatramhach nó idirbhreitheach, ach amháin nach foláir do Theisteoir aon Mhionnscríbhinne a bheith ar fáil don Chúirt chun fianaise béil a thabhairt nó chun é/í a chroscheistiú mar is cuí leis an gCúirt, ach amháin nach n-éistfear Foriarratas ar Fhollasú agus Foriarratas i gcúrsa imeachtaí neamhnithe chun lia-chigirí/cigirí síciatracha a cheapadh ach ar Fhógra Foriarratais. I gcás ina n-éistfidh an Chúirt aon fhianaise béil i gcúrsa na n-iarratas sin ex parte, ullmhóidh an t-iarratasóir nó aturnae an iarratasóra nóta i dtaobh na fianaise sin agus formheasfaidh an Breitheamh é agus seirbheálfar láithreach ar an bhfreagróir é,mar aon le cóip den Ordú a bheidh déanta (más ann), mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
Faoiseamh breise agus iarratais thar ceann daoine cleithiúnacha
26. (1) I gcás inar mian le ceachtar páirtí nó le duine thar ceann linbh chleithiúnaigh páirtnéara shibhialta nó páirtnéara shibhialta éagtha, tráth ar bith tar éis an tIarratas a éisteacht, faoiseamh breise dá bhforáiltear san Acht a lorg, nó Ordú a bheidh déanta roimhe sin ag an gCúirt a athrú nó a urscaoileadh, eiseoidh an páirtí sin Fógra Foriarratais chun ataifeadadh a dhéanamh nó chun Ordú a athrú nó a urscaoileadh de réir mar a bheidh agus beidh Mionnscríbhinn ina lorgófar an faoiseamh sin mar fhoras leis an bhForiarratas sin. Beidh na Foriarratais sin faoi réir fhorálacha rialacha 7, 16, 17, 18, 19, 21 agus 22, de réir mar is cuí.
(2) I gcás inar mian le duine thar ceann linbh chleithiúnaigh páirtnéara shibhialta nó páirtnéara shibhialta éagtha iarratas a dhéanamh ar fhaoisimh chúntacha tráth éisteachta na caingne, is i bhfoirm Fógra Foriarratais, a sheirbheálfar ar gach páirtí eile sna himeachtaí, ina leagfar amach na faoisimh a bheidh á lorg agus a mbeidh Mionnscríbhinn mar fhoras leis, a dhéanfar an t-iarratas sin agus déanfar an Foriarratas sin a liostú lena éisteacht ar aon dáta le héisteacht na caingne i gcomhthráth leis. Beidh na Foriarratais sin faoi réir fhorálacha rialacha 7, 16, 17, 18, 19, 21 agus 22, de réir mar is cuí.
27. I gcás ina líomhnóidh aon pháirtí in imeachtaí i leith dearbhaithe faoi alt 4 den Acht go raibh an pháirtnéireacht shibhialta a bheidh i gceist ar neamhní nó in-neamhnithe agus go gcinnfidh an Chúirt déileáil leis an iarratas mar iarratas le haghaidh foraithne neamhnithe na páirtnéireachta sibhialta, féadfar na forálacha den Ordú seo i ndáil leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le foraitheanta neamhnaithe a oiriúnú i cibé slí a ordóidh an Chúirt.
Faoiseamh faoi alt 59B(2) d’Acht 2004
28. Féadfaidh na páirtithe iarratais faoi alt 59B(2) d’Acht 2004 ar ordú ag díolmhú na páirtnéireachta sibhialta ó fheidhm alt 59B(1)(a) d’Acht 2004 a dhéanamh ex parte. Féadfar na hiarratais sin a fhorasú ar Mhionnscríbhinn nó ar fhianaise béil arna tabhairt ag na páirtithe nó thar ceann na bpáirtithe, de réir mar a ordóidh an Chúirt, agus leagfar amach san fhianaise sin na cúiseanna leis an díolúine agus an bonn ar a n-éilítear gur chun leasa na bpáirtithe sa pháirtnéireacht shibhialta bheartaithe an t-iarratas.
Iarratais faoi alt 48 den Acht
29. Féadfar iarratais de bhun alt 48 den Acht a dhéanamh i bhfoirm Fógra Foriarratais tionscnaimh, a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis.
30. Chun críocha riail 29, is maidir leis an Acht an teideal a bheidh ar an bhfógra foriarratais agus luafar ann an faoiseamh a bheidh á lorg (lena n-áirítear cibé acu a bheidh nó nach mbeidh faoiseamh de bhun alt 49 den Acht á lorg); luafar ann ainm agus áit chónaithe nó seoladh seirbheála an Iarratasóra; luafar an dáta a mbeidh sé beartaithe faoiseamh a iarraidh ar an gCúirt agus déanfar é a chomhdú san Oifig don Chontae ina mbeidh an t-iarratas á dhéanamh de réir riail 3 (dá ngairtear “an Oifig chuí” anseo ina dhiaidh seo).
31. Chun críocha riail 29, gan dochar do dhlínse na Cúirte chun Ordú a dhéanamh le haghaidh seirbheála ionadaí, déanfar an Foriarratas a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an bhFreagróir ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige nó, mar mhalairt air sin, déanfaidh aon duine os cionn ocht mbliana déag d’aois é a sheirbheáil go pearsanta ar an bhFreagróir. I gcás ina ndéanfar faoiseamh de bhun alt 49 den Acht a lorg, seirbheálfar an foriarratas, ina theannta sin, ar iontaobhaithe na scéime pinsin. Ní foláir deich lá glan ar a laghad a bheith idir seirbheáil an fhógra agus an lá a bheidh ainmnithe ann chun an foriarratas a éisteacht.
32. (1) Faoi réir cheart na Cúirte chun cibé orduithe a thabhairt is cuí nó is caoithiúil léi, is le mionnscríbhinn a thabharfar fianaise le linn an foriarratas faoi riail 29 a éisteacht.
(2) Déanfar aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid mar thaca leis an bhforiarratas a chomhdú san Oifig agus déanfar cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin a sheirbheáil in éineacht leis an bhfógra. Déanfaidh an Freagróir, tar éis mionnscríbhinn an Iarratasóra a sheirbheáil air, aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid i gcoinne an iarratais a chomhdú san Oifig chuí agus a sheirbheáil ar an Iarratasóir agus, i gcás ina mbeidh faoiseamh de bhun alt 49 den Acht á lorg, ar iontaobhaithe na scéime pinsin, agus déanfar aon mhionnscríbhinn uiríoll a bheidh le húsáid ag iontaobhaithe na scéime pin-sin a chomhdú san Oifig chuí agus a sheirbheáil ar an Iarratasóir agus ar an bhFreagróir.
Ilghnéitheach
33. In imeachtaí ina n-iarrfar go ndearbhófaí gur tíolacadh ar neamhní an tíolacadh de bhun fhorálacha alt 28 den Acht, cuirfidh an gearánaí faoi deara gan mhoill tar éis na himeachtaí sin a thionscnamh sonraí iomchuí faoi na himeachtaí a thaifeadadh mar lis pendens ar an maoin agus/nó ar an áitreabh a bheidh i gceist faoi alt 121 den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009, agus dá réir.
34. Is I bhFoirm 51B i Sceideal na bhFoirmeacha fara cibé modhnuithe is gá a bheidh ráiteas maidir le tuilleamh chun críocha alt 56(1) nó alt 179(1) den Acht. Déanfar ráiteas den sórt sin ó fhéichiúnaí cothabhála a fhíorú ar mhionnscríbhinn nó faoi mhionn ag éisteacht an iarratais. Ní gá ráiteas den sort sin ó fhostóir a fhíorú ar mhionnscríbhinn mura n-iarrfaidh an creidiúnaí cothabhála amhlaidh.
3. (1) Is de réir Ordú 59, riail 5 a dhéanfar imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta ar fhaoiseamh faoi na hAchtanna um Fhoréigean Baile 1996 go 2002) (arna leasú le Cuid 9 den Acht) a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh.
(2) Is de réir Ordú 46 a dhéanfar imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta ar fhaoiseamh idir páirtnéirí sibhialta faoin Partition Act 1868 agus an Partition Act 1876, a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh i gcás gur ní ábhartha maidir leis na himeachtaí iad a bheith ina bpáirtnéirí sibhialta dá chéile.
Costais
36. (1) Féadfaidh an Breitheamh na costais amhail idir páirtí agus páirtí a thomhas, agus mura dtomhaisfear amhlaidh iad déanfaidh an Cláraitheoir Contae iad a fhómhas, d’éagmais comhaontaithe ag na páirtithe, de réir cibé scála costas a fhorordófar. Féadfaidh aon pháirtí arb éagóir leis fómhas den sórt sin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte agus na costais a chur faoi athbhreithniú aici.
(2) I gcás inar gá sin, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh ag cinneadh cé a íocfaidh as aon chostais arna dtabhú ag iontaobhaithe scéime pinsin de bhun alt 49, alt 125 nó alt 191 den Acht agus le linn an cinneadh sin a dhéanamh tabharfaidh an Chúirt aird, inter alia, ar na huiríll a bheidh déanta ag na hiontaobhaithe de bhun riail 16, más ann.
Ginearálta
37. Féadfaidh an Chúirt, ar cibé téarmaí (más ann) a mheasfaidh sí a bheith réasúnach, fadú nó giorrú a dhéanamh ar aon cheann de na tréimhsí ama a shocraítear leis na Rialacha seo chun aon bheart nó gníomh a dhéanamh in aon imeacht, agus féadfaidh sí freisin, ar cibé téarmaí maidir le costais nó eile is cuí léi, a dhearbhú gur leor aon bheart nó gníomh a rinneadh, bíodh nach ndearnadh é laistigh den tréimhse ama nó ar an modh a fhorordaítear leis na Rialacha seo.
Cláraitheoir na Cúirte do sheirbheáil orduithe
38. Sna himthosca go léir ina gceanglaítear ar chláraitheoir na Cúirte agus/nó ar an gCláraitheoir Contae cóip d’ordú a thaisceadh nó a sheirbheáil ar aon duine/daoine nó ar aon chomhlacht, déanfar an taisceadh nó an tseirbheáil sin a chomhlíonadh trí chóip dheimhnithe den ordú sin a sheirbheáil leis an bpost cláraithe chuig an duine/na daoine sin nó chuig an gcomhlacht sin.
Gluaiseacht Cháis
39. Beidh feidhm ag Ordú 59, riail 4(38), fara na modhnuithe is gá, maidir le himeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta agus imeachtaí comhchónaí agus déanfar na Foirmeacha 37L, 37M agus 37N arna modhnú dá réir a úsáid i ngluaiseacht cháis in imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta agus imeachtaí comhchónaí.