Ordú 25

Mionnscríbhinní

1. Déanfar gach mionnscríbhinn os comhair an Chláraitheora Contae, nó Coimisinéara chun daoine a chur faoi mhionn don Ard-Chúirt, nó aturnae chleachtaigh nó, i gcás an duine a bheidh ag déanamh mionnscríbhinne a bheith ina chónaí lasmuigh d'Éirinn, nó a bheith lasmuigh d'Éirinn de thuras na huaire, os comhair aon duine a bheidh údaraithe go cuí chun daoine a chur faoi mhionn sa tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin nó ina bhfuil an duine sin.

2. Déanfar gach mionnscríbhinn a scríobh nó a chló dála leabhair; beidh sí i gcéadphearsa an teisteora; tarraingeofar suas í i míreanna uimhrithe; agus is maidir leis an gcaingean nó leis an ábhar ar ina leith a mhionnófar í an teideal a bheidh uirthi.
3. Luafar i ngach mionnscríbhinn slí bheatha agus áit chónaithe an teisteora, agus má tá an teisteoir os cionn ocht mbliana déag d'aois luafaidh sé é sin, agus má tá sé faoi bhun na haoise sin luafaidh sé a aois go beacht. Ní áireofar in aon mhionnscríbhinn ach cibé fíorais is féidir leis an teisteoir a chruthú as a eolas féin, agus luafar inti conas a fuair sé an t-eolas sin orthu, ach amháin ar fhoriarratais idirbhreitheacha, ar a bhféadfar ráitis ón teisteoir i dtaobh nithe a chreideann sé, agus na forais atá aige lena gcreidiúint, a ghlacadh.
4. Ní bheidh aon mhionnscríbhinn ina mionnscríbhinn leormhaith má mhionnaítear í os comhair an Aturnae a bheidh ag gníomhú don pháirtí ar thar a cheann a bheidh an mhionnscríbhinn le húsáid, nó os comhair chomhpháirtí, ghníomhaire, chomhfhreagróir nó chléireach an Aturnae sin, nó os comhair an pháirtí féin.
5. Gach duine a mbeidh mionnscríbhinn, dearbhú, nó an admháilmaidir le haon ghníomhas nó cúirtbhanna, á tógáil nó á thógáil aige—
(a) sonróidh sé dáta glactha agus áit ghlactha na mionnscríbhinne, an dearbhaithe nó na hadmhála sin; mura ndéanfaidh sé amhlaidh ní mheasfar an céanna a bheith údarach ná ní ghlacfar lena chomhdú é gan cead ón mBreitheamh;
(b) deimhneoidh sé sa jurat go bhfuil aithne aige féin ar an teisteoir, nó go bhfuil aithne aige ar dhuine éigin a ainmnítear sa jurat agus a dheimhníonn go bhfuil aithne aige ar an teisteoir;
(c) deimhneoidh sé sa mhionnscríbhinn, sa dearbhú nó san admháil sin, nuair is aon duine a dhealraíonn a bheith neamhliteartha nó dall a mhionnóidh nó a dhéanfaidh an céanna, gur léadh an mhionnscríbhinn, an dearbhú, an admháil nó an cúirtbhanna sin ina láthair don teisteoir, gur dhealraigh sé gur thuig an teisteoir an céanna, agus go ndearna an teisteoir a shíniú nó a mharc ina láthair. Ní úsáidfear aon mhionnscríbhinn, dearbhú, admháil nó cúirtbhanna den sórt sin i bhfianaise d'éagmais an deimhnithe sin mura deimhin leis an mBreitheamh ar shlí eile gur léadh an céanna don teisteoir, agus gur dhealraigh sé gur thuig sé é.
6. Beidh fonóta ar gach mionnscríbhinn á thaispeáint cén duine ar thar a cheann atá sí á comhdú, agus cén duine atá á comhdú agus cén seoladh atá aige, agus ní chomhdófar ná ní úsáidfear aon mhionnscríbhinn gan an nóta sin mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.
7. Aon mhionnscríbhinn a mbeidh ina jurat nó ina corp aon idirlíniú, athrú, nó scriosadh, ní dhéanfar, gan cead ón mBreitheamh, í a chomhdú, a léamh, ná a úsáid in aon imeacht a bheidh ar feitheamh sa Chúirt mura mbeidh an t-idirlíniú nó an t-athrú (seachas athrú trí scriosadh) fíordheimhnithe le hinisealacha an duine a thóg an mhionnscríbhinn ná, i gcás scriosadh, mura mbeidh na focail nó na figiúirí a dhealraíonn, tráth tógtha na mionnscríbhinne, a bheith scríofa ar an scriosadh athscríofa agus sínithe nó inisealaithe ar chiumhais na mionnscríbhinne ag an duine a thóg í.
8. Féadfaidh an Breitheamh aon mhionnscríbhinn a bheidh mionnaithe chun a húsáidte in aon chaingean nó ábhar a ghlacadh, d'ainneoin aon lochta trí mhíthuairisc ar pháirtithe nó ar shlí eile sa teideal nó sa jurat, nó aon mhírialtachta eile ina foirm, agus sa chás sin ordóidh sé meabhrán a dhéanamh ar an doiciméad gur glacadh amhlaidh é.
9. Sula n-úsáidfear aon mhionnscríbhinn comhdófar í san Oifig, ach ní bhacfaidh an Riail seo ar an mBreitheamh ordú a dhéanamh ar an iarratasóir nó a Aturnae do ghealladh aon mhionnscríbhinn a bheidh mionnaithe roimh dhéanamh an ordaithe sin, nó a gceadóidh an Breitheamh í a dhéanamh tar éis an ordaithe sin, a chomhdú, ar choinníoll go bhféadfaidh an Breitheamh eisiúint an ordaithe sin a bhac go dtí go mbeidh an mhionnscríbhinn sin comhdaithe.
10. Formhuineoidh an Cláraitheoir Contae ar gach mionnscríbhinn a chomhdófar meabhrán de dháta a comhdaithe, agus nuair a bheidh sí formhuinithe amhlaidh measfar chun gach críche gur comhdaíodh go cuí í ar an dáta a bheidh formhuinithe amhlaidh uirthi.
11. I gcás teorainn ama speisialta a bheith ceaptha chun mionnscríbhinní a sheachadadh nó a chomhdú, ní úsáidfear aon mhionnscríbhinn a sheachadfar nó a chomhdófar tar éis an ama sin gan cead ón mBreitheamh.
12. Déanfar gach athrú i gcuntas a fhíorófar le mionnscríbhinn a mharcáil le hinisealacha an duine ar os a chomhair a mhionnófar an mhionnscríbhinn, agus ní dhéanfar an t-athrú sin trí scriosadh.
13. Aon doiciméid a gcuirfear a n-aithne in iúl trí mhionnscríbhinn nó a dtagrófar dóibh inti, ní chuirfear i gceangal leis an mionnscríbhinn iad, ach tagrófar dóibh inti mar fhoilseáin.
14. Déanfar gach deimhniú ar fhoilseán dá dtagraítear i mionnscríbhinn a shíneoidh an duine ar os a chomhair a mhionnófar í a mharcáil le gearrtheideal na caingne nó an ábhair.
15. (1) Luafar i mionnscríbhinní nó dearbhuithe seirbheála cathain, cá háit, agus conas a rinneadh, agus cé a rinne, an tseirbheáil sin agus, i gcás seachadadh ar aon duine, luafar iontu (faoi réir Ordú 11, Riail 7) go raibh aithne shúl ag an teisteoir ar an duine sin tráth an tseachadta sin;
(2) Luafar i mionnscríbhinní nó dearbhuithe seirbheála Bille Shibhialta i gcaingne chun talamh a aisghabháil i ngeall ar neamhíoc cíosa nó rósheilbh nach eol don teisteoir nó don dearbhóir go bhfuil aon duine seachas na daoine a seirbheáladh i seilbh iarbhír na talún a mbeifear ag iarraidh í a aisghabháil, ná i seilbh aon choda di, mar thionónta nó mar fhothionónta;
(3) Luafar i mionnscríbhinní nó dearbhuithe seirbheála Bille Shibhialta i gcaingne eile chun talamh a aisghabháil nach eol don teisteoir nó don dearbhóir, agus nach gcreideann sé, go bhfuil aon duine seachas na daoine a seirbheáladh i seilbh iarbhír na dtailte a mbeifear ag iarraidh iad a aisghabháil, nó i seilbh aon choda díobh, nó ag fáil na gcíosanna agus na mbrabús as na tailte sin nó as aon chuid díobh. Fíorófar an ráiteas sin le mionnscríbhinn an Aturnae thar cheann an ghearánaí nó duine de na daoine a theagasc é chun na himeachtaí a thionscnamh nó, mura mbeidh Aturnae ag feidhmiú don ghearánaí, le mionnscríbhinn an ghearánaí.
16. Is ar an bpáirtí a chomhdóidh í a bheidh costais gach mionnscríbhinne ina leagfar amach, gan ghá, ábhair chlostráchta, nó ina mbeidh ábhar argóinteach, nó a bheidh fadálach.