Ordú 47
Daoine mímheabhracha
1. Déanfar gach iarratas tionscnaimh chun na Cúirte chun a dhearbhú duine a bheith ina dhuine mímheabhrach a thionscnamh le Bille Sibhialta i bhFoirm 2F de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, ar Bille Sibhialta maidir le Cumas é, arna shíniú ag an iarratasóir agus ag a Aturnae (más ann), agus sula n-eiseofar an Bille Sibhialta sin comhdófar dhá mhionnscríbhinn, ar duine éigin a mbeidh suim aige i soileas an duine a mbeifear á líomhain gur duine mímheabhrach é a dhéanfaidh ceann acu agus ar liachleachtóir a dhéanfaidh an ceann eile.
2. Leagfar amach i mionnscríbhinn an duine a mbeidh suim aige i soileas an duine sin:—
(i) ainm agus áit chónaithe an duine a mbeifear á líomhain gur duine mímheabhrach é agus ainm agus áit chónaithe a neasghaoil, chomh fada agus is eol don teisteoir an céanna; agus
(ii) an fhianaise ar an mímheabhair a bheidh á líomhain, go bhfios don teisteoir go pearsanta; agus
(iii) sonraí na maoine is gá a chosaint agus a chur chun feidhme chun tairbhe don duine sin.
3. Leagfar amach go soiléir agus go sonrach i mionnscríbhinn an liachleachtóra:—
(i) cineál na mímheabhrach a bheidh á líomhain; agus
(ii) an fhianaise maidir le hiompar, comhrá, gníomhartha agus cúiseanna corpartha ar a mbeidh tuairim an teisteora i dtaobh slánmheabhrach nó mímheabhrach bunaithe.
4. Eiseoidh an t-iarratasóir nó a Aturnae an Bille Sibhialta agus na mionnscríbhinní leis an gCláraitheoir Contae, agus, chomh luath agus is féidir tar éis a n-eisiúna, cuirfidh sé faoi deara go seirbheálfar cóip den Bhille Sibhialta sin ar an duine a mbeifear á líomhain gur duine mímheabhrach é, agus ar an duine a mbeidh cónaí air leis, nó a mbeidh sé faoina chúram, mar aon le fógra gur eisíodh na mionnscríbhinní sin.
5. Déanfar Láithreas agus Cosaint i leith an Bhille Shibhialta sin a thaifeadadh agus a sheachadadh, de réir mar a bheidh, sa tslí agus laistigh de na tréimhsí ama a shonraítear in Ordú 15.
6. Ar dhul in éag don tréimhse ama le haghaidh Láithris, nó, i gcás inar taifeadadh Láithreas, ar dhul in éag don tréimhse ama le haghaidh Cosanta, féadfaidh an t-iarratasóir nó a Aturnae fógra trialach a sheirbheáil, agus déanfaidh sé an céanna a sheirbheáil ar gach duine ar ar seirbheáladh an Bille Sibhialta, agus ar cibé daoine eile (más ann) a thaifead láithreas ina leith.
7. Mura seirbheálfaidh an t-iarratasóir nó a Aturnae fógra trialach laistigh de dheich lá tar éis sheachadadh na Cosanta, ansin féadfaidh an duine a mbeifear á líomhain gur duine mímheabhrach é, nó aon duine a mbeidh láithreas taifeadta aige thar a cheann, é a sheirbheáil, nó a iarraidh ar an gCúirt, le foriarratas iar bhfógra don iarratasóir, an Bille Sibhialta a dhíbhe d'uireasa é a thabhairt ar aghaidh nó fógra trialach a sheirbheáil de réir Ordú 33, rialacha 4 agus 5, de na Rialacha seo.
8. Ar an mBille Sibhialta sin a éisteacht, féadfaidh an Breitheamh, mura leor leis an fhianaise i dtacaíocht leis an iarratas, cibé fianaise eile a éileamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach, agus féadfaidh sé a ordú do liachleachtóir, seachas an cleachtóir ar ar a mhionnscríbhinn a forasaíodh an Bille Sibhialta, tuarascáil a thabhairt faoi rún don Bhreitheamh ar imthosca an cháis, agus féadfaidh sé an éisteacht a chur ar atráth go dtí go bhfaighidh sé an tuarascáil sin.
9. Más dóigh leis an mBreitheamh, ar an mBille Sibhialta a éisteacht, gur duine mímheabhrach an duine sin agus nach bhfuil ar a chumas a phearsa ná a mhaoin a bhainistí, agus gur gá an mhaoin a chosaint agus a chur chun feidhme chun tairbhe dó, féadfaidh sé a dhearbhú an duine sin a bheith ina dhuine mímheabhrach agus nach bhfuil ar a chumas a phearsa ná a mhaoin a bhainistí, agus gur gá an mhaoin sin a chosaint agus a chur chun feidhme chun tairbhe dó; agus sa chás sin ceapfaidh sé, nó tabharfaidh sé orduithe chun go gceapfar, caomhnóir ar phearsa agus ar mhaoin an duine sin, agus féadfaidh sé cúram an duine sin agus bainistí a mhaoine a chur ar an gcaomhnóir sin. In aon chás inar cuí leis an mBreitheamh é, féadfaidh sé daoine éagsúla a cheapadh ina gcaomhnóirí ar an bpearsa agus ar an maoin. Más rud é go ndéanfar ordú á ordú caomhnóir nó caomhnóirí den sórt sin a cheapadh, tabharfaidh an duine a bheidh le ceapadh, mura n-ordófar a mhalairt, urrús a bheidh le formheas ag an mBreitheamh go gcomhlíonfaidh sé go dílis a dhualgais, agus tabharfaidh sé cuntas go cuí maidir lena bhfaighidh sé mar chaomhnóir den sórt sin, agus íocfaidh sé an céanna de réir mar a ordóidh an Breitheamh.
10. In aon chás ina ndearbhóidh an Breitheamh duine a bheith ina dhuine mímheabhrach agus nach bhfuil ar a chumas a phearsa ná a mhaoin a bhainistí, nó in aon chás ina ndíbhfidh sé an Bille Sibhialta, féadfaidh an Breitheamh cibé ordú is ceart leis a dhéanamh maidir le costais agus caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis na himeachtaí.
11. Lamhálfar cibé táille is cuí leis an mBreitheamh don liachleachtóir a thabharfaidh cuairt agus tuarascáil faoi threoir na Cúirte. Déileálfaidh an Breitheamh leis an táille sin agus beidh sí ina cuid de chostais nan-imeachtaí, ach is é an t-achainíoch, nó an tAturnae ar a mbeidh cúram na n-imeachtaí, de réir mar a ordóidh an Breitheamh, a íocfaidh í sa chéad ásc.
12. Féadfaidh an Breitheamh tráth ar bith a ordú go ndéanfar aon chiste, ar maoin de chuid an duine mhímheabhraigh é, a infheistiú i cibé urrúis, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis an mBreitheamh, agus a ordú go ndéanfaidh caomhnóir na maoine cibé cuntais a fhaomhadh is dóigh leis an mBreitheamh is gá, cibé tráth agus i cibé slí a cheapfaidh an Breitheamh, agus tógfaidh an Cláraitheoir Contae gach cuntas den sórt sin agus comhdófar san Oifig é.
13. Má mhéadaíonn luach na maoine, cuirfidh an caomhnóir an méid sin in iúl don Chláraitheoir Contae; agus má mhéadaítear an mhaoin thar dhlínse na Cúirte leis an méadú sin, cuirfidh an Cláraitheoir Contae an méid sin in iúl don Chúirt agus do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.
14. Nuair a bheidh an Chúirt tar éis aon bhreithiúnas nó ordú a dhéanamh á dhearbhú aon duine a bheith ina dhuine mímheabhrach agus nach bhfuil ar a chumas a phearsa ná a mhaoin a bhainistí, déanfaidh an Cláraitheoir Contae fógra i dtaobh an bhreithiúnais nó an ordaithe sin, mar aon le cóip shéalaithe de, a chur láithreach chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, agus leagfar amach san fhógra sin an méid maoine is eol an tráth sin a bheith ag an duine sin agus an t-ioncam glan uaithi.
15. Más rud é, faoi ordú ón gCúirt, go gcónóidh aon duine i bhforas nó in ospidéal meabhairghalar chun gealta a aireachasú, déanfaidh duine de Chigirí na nOspidéal Meabhairghalar tuarascáil faoi aireachasú, cóireáil agus bail ghinearálta an duine sin a chur ar aghaidh chuig an gCláraitheoir Contae uair sa bhliain, mar eolas don Chúirt.
16. Déanfaidh gach caomhnóir ar dhuine mímheabhrach, uair sa bhliain ar a laghad, agus a mhinice a cheanglóidh an Chúirt air é, tuairisceán a thabhairt don Chláraitheoir Contae ina leagfar amach, chomh cruinn agus is indéanta in imthosca gach cáis, na sonraí a cheanglaítear ar Chúramaithe Gealt a thabhairt do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte faoi na hOrduithe Ginearálta um Ghealtacht (27 Meitheamh, 1879) nó faoi cibé Orduithe Ginearálta eile a bheidh i bhfeidhm ó am go ham.
17. Féadfaidh an Chúirt aon duine mímheabhrach a breithníodh ina dhuine mímheabhrach a scaoileadh ó rialú agus rialáil na Cúirte ar an gCúirt a bheith deimhin de go bhfuil a shláinte ó thaobh meabhrach de agus a chumas chun a mhaoin a bhainistí tugtha ar ais dó; ach ní dhéanfaidh an Chúirt aon ordú chun é a scaoileadh go dtí go mbeidh an duine a bheidh le scaoileadh scrúdaithe ag an mBreitheamh féin.
18. Ar bhás aon duine mhímheabhraigh a breithníodh ina dhuine mímheabhrach, beidh de dhualgas ar na caomhnóirí arna gceapadh ag an gCúirt deimhniú nó fianaise eile ar bhás an duine sin a chomhdú leis an gCláraitheoir Contae, mar aon le ráiteas fíoraithe ina leagfar amach imthosca mhaoin an duine sin, agus na héilimh, más ann, a bheidh i gcoinne na maoine sin i leith costas, cothabhála, nó eile, maidir leis an ngealtacht, agus, ar an mBreitheamh a bheith deimhin de go bhfuil na héilimh sin go léir glanta go cuí, agus (má éilíonn an Breitheamh é) ar phrobháid nó litreacha riaracháin a fhoilseánadh don Chláraitheoir Contae, déanfaidh an Breitheamh, le hordú, a ordú an t-ábhar a dhíbhe as dlínse na Cúirte.
19. Gach iarratas chun na Cúirte tar éis an bhreithiúnais ar Bhille Sibhialta maidir le Cumas, déanfar é le foriarratas dar foras mionnscríbhinn ina leagfar amach na fíorais is iomchuí maidir leis an iarratas.
20. Faoi réir na rialacha sin roimhe seo, beidh feidhm ag na rialacha agus ag an gcleachtas i ndáil le daoine mímheabhracha agus le coimircíocht a bhainfidh de thuras na huaire le dlínse Uachtarán na hArd-Chúirte, a mhéid is infheidhme, maidir le gach imeacht i leith daoine mímheabhracha sa Chúirt Chuarda.