Ordú 62

Cásanna sonraithe

1. I Rialacha 1 go 5, ciallaíonn “Cás Sonraithe” cás sonraithe, nó nuair a éilíonn an comhthéacs é, cás a bheartófar a shonrú, de bhun Alt 16 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947.

2. Beidh de dhualgas ar an bpáirtí a cheapfaidh an Chúirt chun cúram Cáis Shonraithe a bheith air, nó d'éagmais ceapacháin den sórt sin, ar an bpáirtí a iarrfaidh go ndéanfaí cás a shonrú, dréacht den chás a ullmhú agus a chur faoi bhráid aon pháirtí eile sa chás, gan mhoill, lena chomhaontú ag gach páirtí eile den sórt sin.

3. Féadfaidh an Breitheamh cibé orduithe is cuí a thabhairt i ndáil leis an gCás Sonraithe a ullmhú, agus beidh an chúis nó an t-ábhar ar atráth os comhair an Bhreithimh go ceann cibé tréimhse teoranta a cheadóidh an Breitheamh chun an cás a ullmhú agus a chomhaontú. Beidh de dhualgas ar an bpáirtí a mbeidh cúram an cháis air dréacht den chás arna chomhaontú, nó d'éagmais comhaontaithe, arna ullmhú aige a chur faoi bhráid an Chláraitheora Contae le aghaidh an Bhreithimh deich lá ar a laghad roimh an dáta atrátha.

4. I gcás nach mbeifear tar éis teacht ar chomhaontú, nó nach mbeidh aon dréacht ullmhaithe nó curtha isteach laistigh den tréimhse ama a bheidh ceadaithe, féadfaidh an Breitheamh diúltú cás a shonrú nó ant-ábhar a chur ar atráth go ceann tréimhse gairide breise agus is breith chríochnaitheach breith an Bhreithimh. Ar aon slí, féadfaidh an Breitheamh féin, más cuí leis, téarmaí an cháis a shocrú agus an céanna a shonrú agus a shíniú dá réir sin. Féadfaidh an Breitheamh cibé Ordú is cuí leis a dhéanamh i ndáil le costais ullmhaithe an cháis agus na láithreas os a chomhair.

5. A luaithe a bheidh an Cás Sonraithe sínithe, déanfar é a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae lena tharchur chuig an gCúirt Uachtarach.

6. Beidh feidhm ag an Riail seo agus ag na Rialacha ina dhiaidh seo maidir le cás Ioncaim a shonróidh an Breitheamh, nó má éilíonn an comhthéacs é, a bheartóidh sé a shonrú, de bhun Alt 428 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, arna chur chun feidhme le hAlt 430 den Acht céanna.

7. Déanfaidh an páirtí a dteastóidh uaidh go sonródh an Breitheamh cás cóip den fhógra a cheanglaítear faoi Alt 428 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a chur láithreach chuig an achomharcóir nó chuig an gcigire, de réir mar a bheidh.

8. Beidh de dhualgas ar an bpáirtí a dteastóidh uaidh go ndéanfaí cás den sórt sin a shonrú dréacht den chéanna a ullmhú agus laistigh de thrí mhí ó dháta chinneadh an Bhreithimh an dréacht sin a chur chuig an gCláraitheoir Contae lena tharchur chuig an mBreitheamh, agus cóip de a chur chuig an achomharcóir nó chuig an gcigire, de réir mar a bheidh.

9. I gcás nach gcomhlíonfar forálacha Riail 8, beidh de chead ag an bpáirtí ar éirigh leis, cibé acu is é an t-achomharcóir nó an cigire é, dréacht den chás sonraithe a ullmhú é féin agus an céanna a chur chuig an gCláraitheoir Contae lena tharchur chuig an mBreitheamh, agus sa chás sin cuirfear cóip den dréacht sin chuig an bpáirtí a d'iarr go ndéanfaí an cás a shonrú.

10. I gcás nach mbeidh aon dréachtchás sonraithe curtha ag ceachtar páirtí chuig an mBreitheamh laistigh de 6 mhí ó dháta an fhógra a cheanglaítear faoi Alt 428 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, féadfaidh an Breitheamh féin téarmaí an cháis shonraithe a shocrú agus an céanna a shonrú agus a shíniú dá réir sin, agus ar a mhalairt, féadfaidh sé fad a chur leis an tréimhse ama chun dréacht den chás a ullmhú agus fógra a thabhairt don pháirtí a bheidh ag iarraidh go ndéanfaí cás a shonrú go bhféadfaidh sé a mheas, mura mbeidh dréacht curtha isteach laistigh den tréimhse ama fhadaithe sin, an iarraidh sin a bheith tarraingthe siar go neamh-inchúlghairthe, agus sa chás nach mbeidh aon dréacht curtha isteach laistigh den tréimhse ama fhadaithe sin, féadfaidh an Breitheamh dá réir sin déileáil leis an iarraidh sin faoi is dá mbeadh sí tarraingthe siar go neamh-inchúlghairthe, agus féadfaidh sé diúltú aon chás a shonrú, mura deimhin leis go bhfuil forais réasúnacha ann don mhoill agus is breith chríochnaitheach breith an Bhreithimh.