Ordú 57A

Na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004 : I.R. Uimh. 349 de 2006

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004) 2006, is teideal dóibh, i ngníomh an 28ú lá d’Iúil 2006.

2. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2006.

3. Leasaítear leis seo na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an Ordú seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 57:

‘‘ORDÚ 57A

NA hACHTANNA UM STÁDAS COMHIONANN, 2000 go 2004

Riail a hAon — MÍNIÚ

San Ordú seo, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Stádas Comhionann 2000 (Uimh. 8 de 2000), agus ciallaíonn ‘‘an tÚdarás’’ an tÚdarás Comhionannais dá bhforáiltear i gCuid I den Acht agus ciallaíonn ‘‘an Stiúrthóir’’ Stiúrthóir an Bhinse Comhionannais dá bhforáiltear i gCuid I den Acht agus ciallaíonn ‘‘an Chúirt’’ an Chúirt Chuarda agus ciallaíonn ‘‘an tAire’’ an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Forléireofar ‘‘oifigeach comhionannais’’ de réir Alt 20 den Acht.

Riail a Dó — IDIRTHRÉIMHSEACH

Gach iarratas a sheirbheáiltear nó gach imeacht a thionscnaítear sula mbeidh na Rialacha seo tagtha i ngníomh ach atá de réir Rialacha agus chleachtas na Cúirte atá ann, beidh an bhailíocht chéanna acu is a bheidh ag iarratais a dhéanfar nó imeachtaí a thionscnófar de réir na Rialacha seo.

Riail a Trí — ACHOMHAIRC IN AGHAIDH BHREITHEANNA AN STIÚRTHÓRA (ALT 21 DEN ACHT)

1. Déanfar achomharc de bhun alt 21(7A) den Acht in aghaidh bhreith an Stiúrthóra ar iarratas ó ghearánach ar thréimhse ama a shíneadh faoi fho-ailt (3) nó (7) den alt sin laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (7A) den alt sin trí Fhoriarratas tionscnaimh iar bhFógra chun an Stiúrthóra agus chun an ghearánaigh nó an fhreagróra, de réir mar a bheidh (dá ngairtear ‘‘an pairtí eile’’ sa Riail seo), agus is maidir le halt 21(7A) den Acht an teideal a bheidh ar an bhFógra, sonrófar ann forais an achomhairc agus is é a bheidh mar fhoras leis mionnscribhinn ag fiorú coip dheimhnithe den bhreith a mbeidh an t-achomharc á dhéanamh ina haghaidh agus ina leagfar amach aon fhíoras iomchuí.

2. Tabharfar fógra faoin achomharc don Stiúrthóir agus don ghearánach nó don fhreagróir, de réir mar a bheidh (da´ ngairtear ‘‘an pairtí eile’’ sa Riail seo), tríd an bhFogra Foriarratais agus an mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach san Fhoriarratas, de réir na bhforálacha maidir le Billí Sibhialta agus doiciméid eile atá in Ordú 11 de na Rialacha seo a sheirbheáil nó trína sheirbheáil ar an Stiúrthóir agus ar an bpáirtí eile, nó más rud é go raibh aturnae ag ionadú an pháirtí eile os comhair an Stiúrthóra, ar an aturnae sin; agus maidir leis an achomharc nó aon doiciméad eile a sheirbheáil ar an aturnae sin, nó a sheachadadh ag a oifig, nó a chur chuige leis an bpost réamhíoctha chuig an oifig sin, measfar gur seirbheáil mhaith an tseirbheáil sin ar an bpáirtí a mbeidh an t-aturnae sin ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann amhail ar an lá a sheachadfar nó a sheirbheálfar an doiciméad sin, nó a seachadfaí é i ngnáthchúrsa an phoist.

Riail a Ceathair — ACHOMHAIRC IN AGHAIDH BHREITHEANNA AN STIÚRTHÓRA (ALT 22 DEN ACHT)

1. Déanfar achomharc de bhun alt 22(2) den Acht in aghaidh breithe ón Stiúrthóir faoi Alt 22(1) chun éileamh a dhíbhe trí Fhoriarratas tionscnaimh iar bhFógra chun an Stiúrthóra agus chun an fhreagróra, agus is maidir le h-alt 22(2) den Acht an teideal a bheidh ar an bhFógra, sonrófar ann forais an achomhairc agus is é a bheidh mar fhoras leis mionnscríbhinn ina dtaispeánfar cóip dheimhnithe den bhreith a mbeidh an t-achomharc á dhéanamh ina haghaidh agus ina leagfar amach aon fhíorais iomchuí.

2. Tabharfar fógra faoin achomharc don Stiúrthóir agus don fhreagróir tríd an bhFógra Foriarratais agus an mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach san Fhoriarratas, de réir na bhforálacha maidir le Billí Sibhialta agus doiciméid eile atá in Ordú 11 de na Rialacha seo a sheirbheáil nó trína seirbheáil ar an Stiúrthóir agus ar an bhfreagróir, nó más rud é go raibh aturnae ag ionadú an fhreagróra sin os comhair an Stiúrthóra, ar an aturnae sin; agus maidir leis an achomharc nó aon doiciméad eile a sheirbheáil ar an aturnae sin, nó é a sheachadadh ag a oifig, nó a chur chuige leis an bpost réamhíoctha chuig an oifig sin, measfar gur seirbheáil mhaith an tseirbheáil sin ar an bhfreagróir ar an lá a sheachadfar nó a sheirbheálfar an doiciméad sin amhlaidh, nó a seachadfaí é i ngnáthchúrsa an phoist.

Riail a Cúig — IARRATAIS FAOI ALT 23(3) DEN ACHT

Is trí Bhille Sibhialta a eisiúint, a bheidh i bhFoirm 2B de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is oiriúnach, a thionscnóidh an tÚdarás iarratas ar urghaire nó ar fhaoiseamh eile de bhun alt 23(3) den Acht.

Riail a Sé — ACHOMHAIRC IN AGHAIDH BHREITHEANNA AN STIÚRTHÓRA (ALT 28 DEN ACHT)

1. Is trí Fhoriarratas tionscnaimh iar bhFógra, ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an t-achomharcóir ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh a bheidh á lorg, a dhéanfar achomharc de bhun alt 28 den Acht. Beidh na hiarratais sin de réir Fhoirm 36F atá i gceangal leis na hOrduithe seo, de réir mar is cuí.

2. Tabharfar fógra faoin achomharc don ghearánach nó don fhreagróir, de réir mar a bheidh (dá ngairtear ‘‘an pairtí eile’’ sa Riail seo) agus don Stiúrthóir, de réir mar is cuí, tríd an bhFógra Foriarratais a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach san Fhoriarratas, de réir na bhforálacha maidir le Billí Sibhialta agus doiciméid eile atá in Ordú 11 de na Rialacha seo a sheirbheáil nó trína sheirbheáil ar an ngearánach nó ar an bhfreagróir, de réir mar a bheidh (dá ngairtear ‘‘an pairtí eile’’ sa Riail seo), nó más rud é go raibh aturnae ag ionadú an pháirtí eile sin os comhair an Stiúrthóra, ar an aturnae sin, agus ar an Stiúrthóir, de réir mar is cuí; agus maidir leis an bhFógra Foriarratais nó aon doiciméad eile a sheirbheáil ar an aturnae sin, nó a sheachadadh ag a oifig, nó é a chur chuige leis an bpost réamhíoctha chuig an oifig sin, measfar gur seirbheáil mhaith an tseirbheáil sin ar an bpáirtí a mbeidh an t-aturnae sin ag gníomhú thar a cheann amhail ar an lá a sheachadfar nó a sheirbheálfar an doiciméad sin amhlaidh, nó a seachadfaí é i ngnáthchúrsa an phoist. Ní dhéanfar an Foriarratas a liostú ach amháin lena lua ar an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach ann agus déanfaidh an Chúirt dáta le haghaidh éisteachta a shocrú an tráth sin.

3. Comhdófar na doiciméid seo a leanas, de réir mar is cuí, i dteannta an iarratais:


(i) cóip dheimhnithe de bhreith an Stiúrthóra agus dáta na breithe ar an gcóip sin;

(ii) cóipeanna deimhnithe de gach fógra, pléadáil, doiciméad agus de na mionsonraí go léir a bheidh soláthraithe ag ceachtar páirtí don Stiúrthóir;

(iii) aon doiciméadacht iomchuí eile.


4. Beidh ráiteas san achomharc faoi na forais ar a bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir seasamh mar thacaíocht leis an achomharc.

5. Cuirfear an dáta ar an achomharc, agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an achomharcóra, agus déanfaidh a aturnae, más ann, é a shíniú nó, mura mbeidh aon aturnae aige, síneoidh an t-achomharcóir é.

6. Ar iarratas iar bhfógra ó aon pháirtí, féadfaidh an Breitheamh a ordú d’aon pháirtí eile sonraí iomlána agus níos fearr a sheachadadh faoi aon ábhair a luaitear san achomharc, nó cóipeanna a sheachadadh d’aon doiciméad dá dtagraítear sa chéanna.

7. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt nó ach amháin mar a fhoráiltear leis an Acht, is ar fhianaise béil a éistfear an t-achomharc.

Riail a Seacht — BREITHEANNA AGUS SOCRAÍOCHTAÍ IDIRGHABHÁLA A FHORFHEIDHMIÚ

Is trí Fhoriarratas tionscnaimh iar bhFógra, a mbeidh mar fhoras leis Mionnscríbhinn arna mionnú ag an ngearánach nó ag Príomhfheidhmeannach an Údaráis nó ag oifigeach cuí a bheidh údaraithe go cuí aige, nó i gcás socraíochta, ag an bhfreagróir, de réir mar is cuí, a dhéanfar iarratais ar fhaoiseamh trí fhorfheidhmiú de bhun alt 31 den Acht agus foilseánfar na nithe seo a leanas sa Mhionnscríbhinn sin:


(a) cóip dheimhnithe de bhreith an Stiúrthóra nó den taifead i scríbhinn ar théarmaí na socraíochta;

(b) fianaise ar dháta na breithe nó ar dháta an taifid i scríbhinn ar an tsocraíocht, agus leagfar amach inti:

 

(i) ainm, seoladh agus tuairisc an duine a mbeidh an faoiseamh á lorg ina aghaidh;

(ii) deimhneasc nach bhfuil aon achomharc déanta de bhun alt 28 den Acht;

(iii) aon fhíorais is iomchuí maidir leis an mainneachtain líomhnaithe téarmaí breithe nó na téarmaí socraíochta a chomhlíonadh, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is cuí;

(iv) toiliú an ghearánaigh, más cuí;

(v) aon fhíoras iomchuí eile.

 

Riail a hOcht — DOICIMÉID A THABHAIRT AR AIRD AGUS FAISNÉIS A SHOLÁTHAR

Maidir le hiarratais ón Stiúrthóir nó ó oifigeach comhionannais ar fhaoiseamh de bhun alt 35 den Acht, is trí Fhoriarratas tionscnaimh iar bhFógra, a mbeidh mar fhoras leis Mionnscríbhinn arna mionnú ag an Stiúrthóir nó ag oifigeach cuí a bheidh údaraithe go cuí ag an Stiúrthóir nó ag oifigeach comhionannais, a dhéanfar iad, agus foilseánfar sa mhionnscríbhinn sin, de réir mar is cuí, an doiciméadacht uile a bhaineann le ceanglais a rinneadh faoi alt 33(2)(b) agus/nó alt 34(1)(a) den Acht; agus leagfar amach inti


(i) ainm, seoladh agus tuairisc an duine a mbeidh an faoiseamh á lorg ina aghaidh;

(ii) na ceanglais is infheidhme faoi alt 33(2)(b) agus/nó alt 34(1)(a) den Acht i leith an dá fhoráil sin (de réir mar a bheidh);

(iii) cineál na mainneachtana líomhnaithe an fhoráil nó na forálacha lena mbaineann a chomhlíonadh;

(iv) aon fhíorais iomchuí eile.


Riail a Naoi — IONAD

Is sa Chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir nó ar an bhfreagróir (de réir mar a bheidh), nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a thionscnófar imeachtaí faoin Acht de réir alt 45 den Acht.

Riail 10 — FIANAISE

Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt agus faoi réir Riail a Sé den Ordú seo, is ar Mhionnscríbhinn amháin a éistfear gach imeacht faoin Acht seachas imeachtaí le haghaidh faoisimh de bhun alt 23(3) den Acht.

Riail a hAon Déag — COSTAIS

Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí léi a dhéanamh maidir le costais.’’

4. Déanfar an Fhoirm atá sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha a ghabhann leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2006, mar Fhoirm 36F, díreach i ndiaidh Fhoirm 36E.