Ordú 5B

Nós imeachta trí thoghairm díobhálacha pearsanta : I.R. Uimh. 526 de 2005

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim5A-I.R. Uimh. 11 De 2018
Uim5A-I.R. Uimh. 215 De 2019

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb iad na Rialacha Cúirte Cuarda (Díobhálacha Pearsanta), 2005, is teideal díobh, i ngníomh an 20ú lá de Mheán Fómhair, 2005.
2. Cuirfear an tOrdú seo a leanas isteach sna Rialacha Cúirte Cuarda, 2001, arna leasú, díreach i ndiaidh Ordú 5, agus forléireofar é i dteannta na Rialacha sin.
‘‘ORDÚ 5A — NÓS IMEACHTA TRÍ THOGHAIRM DÍOBHÁLACHA PEARSANTA
1. San Ordú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs nó an t-ábhar a mhalairt—
ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004;
tá le ‘‘caingean díobhálacha pearsanta’’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht agus léireofar ‘‘caingean’’ dá réir sin;
folaíonn ‘‘díobháil phearsanta’’ aon ghalar agus aon mhallachar ar bhail choirp nó mheabhrach duine;
ciallaíonn ‘‘toghairm díobhálacha pearsanta’’ doiciméad tionscnaimh lena dtionscnaítear caingean díobhálacha pearsanta de réir riail 3 den Ordú seo;
folaíonn ‘‘gearánaí’’ duine éagtha, i gcás ina dtionscnaítear caingean díobhálacha pearsanta chun tairbhe do chleithiúnaithe duine éagtha;
tá le ‘‘pléadáil’’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht;
ciallaíonn ‘‘Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí’’ an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí arna leithroinnt agus arna heisiúint chuig duine faoi alt 223 (a cuireadh isteach le halt 14 den Acht Leasa Shóisialaigh 1998) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993.
2. (1) Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo maidir le caingne díobhálacha pearsanta agus maidir leis na himeachtaí go léir i gcaingne díobhálacha pearsanta.
(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Ordú seo, i gcás ina mbeidh aon easaontas ann idir foráil d’aon riail den Ordú seo agus aon fhoráil eile de na Rialacha seo, beidh forlámhas ag an bhforáil den riail den Ordú seo maidir le caingne díobhálacha pearsanta.
3. (1) Tionscnófar caingean díobhálacha pearsanta le doiciméad tionscnaimh a bheidh de réir Fhoirm 2P de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis seo agus gairfear toghairm díobhálacha pearsanta de.
(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Ordú seo beidh feidhm, fara modhnuithe cuí, maidir le toghairm díobhálacha pearsanta ag na forálacha de na Rialacha seo a bhaineann le Bille Sibhialta.
4. I gcás ina líomhnaíonn gearánaí go raibh sé neamhábalta, an tráth a eisíodh toghairm díobhálacha pearsanta, aon chuid den fhaisnéis a cheanglaítear le halt 10 den Acht a shonrú sa toghairm díobhálacha pearsanta a áireamh sa toghairm díobhálacha pearsanta, áireoidh sé ráiteas sa toghairm díobhálacha pearsanta maidir leis na cúiseanna go n-éilítear nach bhféadfaí aon fhaisnéis den sórt sin a sholáthar tráth eisithe na toghairme. Déanfaidh an gearánaí, an tráth a sheirbheálfar an toghairm díobhálacha pearsanta nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin (cibé acu trí leasú nó ar shlí eile), cibé cuid den fhaisnéis a cheanglaítear le halt 10 agus nach raibh sa toghairm díobhálacha pearsanta a sholáthar.
5. I ngach caingean díobhálacha pearsanta beidh na pléadálacha i gcomhréir le ceanglais alt 13 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004.
6. (1) Déanfaidh gach cosantóir a rinne Láithreas a thaifeadadh cosaint a sheachadadh. Beidh an chosaint de réir Fhoirm 6A(i) de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis seo. I gcás ina ndéanfaidh aon chosantóir frithéileamh, beidh an frithéileamh sin de réir Fhoirm 6A(ii) de Sceideal na bhFoirmeacha agus cuirfear í mar aguisín leis an gcosaint.
(2) Déanfar an chosaint a sheachadadh ar an ngearánaí nó a Aturnae laistigh de 6 sheachtain tar éis don chosantóir Láithreas a thaifeadadh.
7. (1) Beidh mionnscríbhinn fíoraithe ar phléadáil nó ar fhaisnéis bhreise a cheanglaítear a fhíorú faoi mhionn faoi alt 14(1), 14(2) nó 14(3) den Acht de réir Fhoirm 6A(iii) de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis seo. I gcás nach dtugtar an mhionnscríbhinn ar leithligh ón bpléadáil nó ón doiciméad eile lena mbaineann, cuirfear í mar aguisín leis an bpléadáil nó leis an doiciméad eile sin.
(2) Déanfar cóip den mhionnscríbhinn fíoraithe a sheachadadh ar an bpáirtí ar a mbeidh an phléadáil nó an doiciméad eile le seachadadh. I gcás ina gcuirfear an mhionnscríbhinn mar aguisín leis an bpléadáil nó leis an doiciméad eile, déanfar an chóip den mhionnscríbhinn a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear leis na Rialacha seo chun an phléadáil nó an doiciméad eile sin a sheachadadh. Thairis sin, déanfar an mhionnscríbhinn a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear le halt 14 den Acht chun an mhionnscríbhinn a thaisceadh sa chúirt.
(3) I gcás ina ndéanfar an chóip den mhionnscríbhinn a sheachadadh tar éis an phléadáil nó an doiciméad eile a sheachadadh, tosóidh an tréimhse ama a fhorordaítear leis na Rialacha seo chun aon phléadáil nó doiciméad eile a sheachadadh mar fhreagra ar rith ón dáta a dhéanfar an chóip sin a sheachadadh.
(4) Déanfar mionnscríbhinn fíoraithe a thaisceadh sa chúirt de réir mar a cheanglaítear le halt 14(4) den Acht trína comhdú san Oifig.
8. (1) Is trí fhoriarratas chuig an gCúirt iar bhfógra don pháirtí nó do na páirtithe freasúracha a mbeidh mionnscríbhinn arna mionnú ag páirtí déanta an iarratais nó thar a cheann mar fhoras leis a dhéanfar na hiarratais seo a leanas i gcaingean díobhálacha pearsanta faoi réir na rialacha seo a leanas den Ordú seo:

(i) Iarratas ó chosantóir faoi alt 10(3) den Acht ar bhac ar an gcaingean nó ar dhíbhe na caingne mar gheall ar an ngearánaí do mhainneachtain an fhaisnéis a sholáthar is gá chun alt 10 den Acht a chomhlíonadh;
(ii) Iarratas ó chosantóir faoi alt 11(3) den Acht ar bhac ar an gcaingean nó ar dhíbhe na caingne mar gheall ar an ngearánaí do mhainneachtain faisnéis bhreise a sholáthar arna hiarraidh faoi alt 11(1) nó alt 11(2) den Acht;
(iii) Iarratas ó ghearánaí faoi alt 12(3) den Acht ar bhac ar an gcaingean nó ar bhreithiúnas mar gheall ar an gcosantóir do mhainneachtain an fhaisnéis a sholáthar is gá chun alt 12 den Acht a chomhlíonadh;
(iv) Iarratas ar ordú chun go ndéanfaidh an páirtí freasúrach sonraí breise agus níos fearr maidir le haon phléadáil arna seachadadh ag an bpáirtí sin a sheachadadh;
(v) Iarratas ó pháirtí ar mian leis go dtabharfar fianaise sa chaingean le mionnscríbhinn, faoi alt 19 den Acht;

Ní eiseofar iarratas dá dtagraítear i míreanna (i), (ii), (iii) nó (iv) den fho-riail seo mura rud é:
(a) go mbeidh scríofa roimhe sin ag páirtí déanta an iarratais chuig an bpáirtí freasúra iomchuí á iarraidh go gcomhaontóidh an páirtí sin le hiarraidh pháirtí déanta an iarratais;
(b) gur ceadaíodh tréimhse ocht lá is fiche chun iarraidh pháirtí déanta an iarratais a chomhlíonadh; agus
(c) gur mhainnigh nó gur dhiúltaigh an páirtí ar ar iarradh amhlaidh an iarraidh sin a chomhlíonadh nó go ndearna an páirtí sin faillí sa chéanna.

(2) Ní ghéillfear d’aon iarratas ar bhreithiúnas nó ar aon fhaoiseamh eile cheal pléadála i gcaingean díobhálacha pearsanta murar shásaigh páirtí déanta an iarratais an Chúirt gur fhíoraigh sé a phléadálacha roimhe sin sa chaingean sin faoi mhionn de réir an Ordaithe seo.
9. (1) Is trí fhoriarratas chuig an gCúirt iar bhfógra don pháirtí freasúrach nó do na páirtithe freasúracha a mbeidh mionnscríbhinn arna mionnú ag páirtí déanta an iarratais nó thar a cheann mar fhoras leis a dhéanfar iarraidh ó pháirtí ar ordú ón gCúirt faoi alt 15 den Acht go seolfar comhdháil idirghabhála.
(2) I gcás ina n-ordóidh an Chúirt go seolfar comhdháil idirghabhála, féadfaidh sí na himeachtaí a chur ar atráth ar feadh cibé tréimhse ama is dóigh léi is cuí chun a chumasú an chomhdháil idirghabhála a sheoladh.
(3) I gcás ina n-ordóidh an Chúirt go seolfar comhdháil idirghabhála, féadfaidh sí an tréimhse ama a fhadú chun go gcomhlíonfaidh na páirtithe nó aon pháirtí acu aon fhoráil de na Rialacha seo nó aon ordú ón gcúirt sna himeachtaí.
(4) Is i bhfoirm mionnscríbhinne a thabharfar an tuarascáil faoi alt 16 den Acht ón duine a bheidh ceaptha faoi alt 15(4) den Acht chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar chomhdháil idirghabhála agus fíorófar sa Mhionnscríbhinn sin na nithe seo a leanas i dteannta aon nithe a cheanglaítear le halt 16 den Acht a bheith sa tuarascáil sin:

(a) a cheapadh nó a ceapadh mar idirghabhálaí;
(b) cibé acu a seoladh nó nár seoladh an chomhdháil idirghabhála;
(c) murar seoladh, na cúiseanna nár tharla an chomhdháil idirghabhála;
(d) má seoladh,
(i) an tráth ag ar seoladh agus an áit inar seoladh an chomhdháil idirghabhála;
(ii) na páirtithe a bhí i láthair;
(iii) cibé acu a thángthas nó nár thángthas ar shocraíocht sa chaingean agus
(iv) téarmaí aon socraíochta arna síniú ag na páirtithe.
10. Déanfar cóipeanna d’fhógra an ghearánaí maidir le tairiscint téarmaí socraíochta a cheanglaítear le halt 17(1) den Acht agus d’fhógra an chosantóra a cheanglaítear le halt 17(2) den Acht a thaisceadh sa chúirt trína gcomhdú (mar aon le mionnscríbhinn maidir leis an gcéanna a sheirbheáil ar an bpáirtí freasúra) san Oifig a luaithe is féidir tar éis an tréimhse fhorordaithe dá dtagraítear in alt 17(3) den Acht a bheith caite. Beidh an fógra sin de réir Fhoirm 6A(iv) de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis seo.
11. (1) Féadfaidh duine a bheidh i gceannas ar éisteacht réamhthrialach arna hordú ag an gCúirt faoi alt 18 den Acht cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh ag an éisteacht sin is gá chun a chinneadh cé acu de na nithe a bhaineann leis an gcaingean agus atá faoi dhíospóid.
(2) Aon ordachán arna thabhairt nó aon ordú arna dhéanamh ag éisteacht réamhthrialach ag duine, seachas Breitheamh, atá i gceannas ar an éisteacht sin, féadfaidh páirtí dá ndéantar difear achomharc a dhéanamh chun na Cúirte ina choinne.’’
....
5. Leasaítear Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001, arna leasú, trí na Foirmeacha atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha sa tslí seo a leanas:
(i) Foirm 2P: díreach i ndiaidh Fhoirm 2O;
(ii) Foirmeacha 6A(i) go (iv): díreach i ndiaidh Fhoirm 6A.