Ordú 26

Breithiúnas mainneachtana i gcásanna éileamh leachtaithe agus éileamh chun earrai agus airnéisí a sheachadadh

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim26-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007


1. Más rud é gur éileamh ar fhiach, nó éileamh leachtaithe, nó éileamh chun earraí nó airnéisí sonracha a sheachadadh, a bheidh in éileamh an ghearánaí i mBille Sibhialta agus nach mbeidh Láithreas taifeadta ag cosantóir laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha sa Bhille Sibhialta, nó, tar éis dó Láithreas a thaifeadadh, nach mbeidh Cosaint seachadta aige laistigh den tréimhse ama a cheaptar leis na Rialacha seo, féadfaidh an gearánaí, d'éagmais an Láithris nó na Cosanta sin, de réir mar a bheidh, iarratas a dhéanamh san Oifig chun breithiúnas a thaifeadadh i gcoinne an chosantóra sin. In aon chás díobh sin ina ndéanfaidh an cosantóir, tar éis caingean a bheith tionscanta, éileamh an ghearánaí a shásamh (ach amháin maidir le costais), féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh san Oifig ar bhreithiúnas i leith na gcostas a bhain le héileamh an ghearánaí. Beidh na doiciméid a luaitear i Rialacha 2 agus 3 den Ordú seo, fara cibé athruithe orthu agus cibé breisithe leo is cuí, mar thaca leis an iarratas ar an mbreithiúnas sin agus is de réir Fhoirmeacha 9 agus 10 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha seo a bheidh an t-iarratas sin.

2. Beidh na nithe seo a leanas mar thaca le hiarratas faoi fhorálacha Riail 1 den Ordú seo:—

(a) an Bille Sibhialta séalaithe agus formhuiniú na seirbheála air de réir na Rialacha seo;

(b) mionnscríbhinn nó dearbhú reachtúil gur seirbheáladh an Bille Sibhialta, nó gur seirbheáladh fógra ina thaobh, de réir mar a bheidh; agus

(c) más iarratas é ar bhreithiúnas d'éagmais Láithris, deimhniú ón gCláraitheoir Contae nár taifeadadh aon Láithreas nó, más iarratas é ar bhreithiúnas d'éagmais Cosanta, mionnscríbhinn ón ngearánaí nó ón aturnae thar ceann an ghearánaí ag fíorú gur taifeadadh Láithreas ach nár seachadadh Cosaint;

(d) mionnscríbhinn ag fíorú éileamh an ghearánaí, arna déanamh ag an ngearánaí nó ag duine éigin eile thar a cheann ar féidir leis mionn a thabhairt go deimhneach i dtaobh na bhfíoras; agus

(e) deimhniú ón ngearánaí más rud é gur i bpearsa a bheidh sé ag agairt, nó más rud é nach ea, ansin óna Aturnae, a shonróidh an méid a bheidh dlite iarbhír in alt na huaire sin, nó a dheimhneoidh go bhfuil na hearraí nó na hairnéisí a mbeidh an breithiúnas á lorg ina leith á gcoinneáil siar i gcónaí ag an gcosantóir, de réir mar a bheidh, agus, i gcás breithiúnais d'éagmais Cosanta, nár seirbheáladh aon Chosaint.

3. Más rud é gur éileamh ó Aire Roinne Rialtais nó ó Choimisiún na Talún nó ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí a bheidh san éileamh, féadfar é a fhíorú, agus féadfar an tsuim a bheidh dlite iarbhír in alt na huaire sin, nó coinneáil siar na n-earraí i gcónaí, de réir mar a bheidh, a chruthú, le haon deimhniú faoi shéala a bheidh, faoi reacht, ina fhianaise ar na hábhair a dheimhneofar ann, in ionad é a dhéanamh le mionnscríbhinn mar a fhoráiltear sa Riail deiridh roimhe seo.

4. Mionnófar an mhionnscríbhinn a shonraítear i Riail 2(d), ag fíorú éileamh an ghearánaí, agus tabharfar an deimhniú a shonraítear i Riail 2(e), laistigh den tréimhse ocht lá is fiche díreach roimh dháta an iarratais ar bhreithiúnas, nó mura ndéanfar ní leor an céanna.

5. Ar na doiciméid a shonraítear i Rialacha 2 agus 3 a thaisceadh san Oifig, mar aon le hiarraidh, arna stampáil go cuí, ar bhreithiúnas de réir na foirme cuí i Sceideal na bhFoirmeacha, féadfar breithiúnas a thaifeadadh san Oifig i leith na suime a dheimhneofar amhlaidh a bheith dlite iarbhír san am sin, nó i leith an mhéid a éilítear sa Bhille Sibhialta, cibé acu is lú, nó i leith sheachadadh na n-earraí nó na n-airnéisí, de réir mar a bheidh, mar aon le costais de réir an scála chuí. Más rud é go mbeidh an t-éileamh sásaithe (ach amháin maidir le costais), féadfar breithiúnas a thaifeadadh san Oifig i leith na gcostas amháin.

6. I gcás ina mbeidh beirt chosantóir nó níos mó ann, agus go mbeidh aon duine acu tar éis mainneachtain Láithreas a thaifeadadh, nó Cosaint a sheachadadh, de réir mar a bheidh, féadfaidh an gearánaí, de réir fhorálacha an Orduithe seo, a thabhairt go ndéanfar breithiúnas igcoinne an chosantóra sin a thaifeadadh san Oifig, agus féadfaidh sé forghníomhú a eisiúint i gcoinne an chosantóra sin, gan dochar dá cheart chun dul ar aghaidh leis an gcaingean i gcoinne aon chosantóra eile a mbeidh Láithreas taifeadta aige nó Cosaint seachadta aige, de réir mar a bheidh.

7. Déanfar costais réasúnacha arna gcinneadh ag an gCúirt nó ag an gCláraitheoir Contae a cheadú i gcásanna breithiúnais trí mhainneachtain.

8. Ní fhéadfar aon bhreithiúnas a thaifeadadh faoin Ordú seo igcoinne aon pháirtí a mbeidh Bille Sibhialta seirbheáilte air lasmuigh den Stát faoi Ordú 13.

9. Beidh i ngach Mionnscríbhinn a úsáidfear chun Iarratas ar Bhreithiúnas mainneachtana faoi Ordú 26 a fhorasú deimhnisc á rá an mbeidh cáin bhreisluacha iníoctha ag an éilitheoir ar a chostais dhlíthiúla agus, más iníoctha, an mbeidh an tsuim is iníoctha amhlaidh inghnóthaithe aige ó na Coimisinéirí Ioncaim.