Ordú 37

Astú Agus Cimiú

1. Má mhainníonn an duine a bheidh faoi cheangal ag aon ordú ón gCúirt, seachas breithiúnas chun airgead a íoc, téarmaí an ordaithe sin a chomhlíonadh, féadfaidh an páirtí a bheidh i dteideal thairbhe an ordaithe sin fógra a sheirbheáil á cheangal ar an duine a bheidh faoi cheangal amhlaidh freastal sa Chúirt ar lá agus ag am a ainmneofar san fhógra sin chun cúis a shuíomh faoi nár cheart é a chimiú mar gheall ar a dhíspeagadh trí mhainneachtain déanamh de réir an ordaithe sin. Seirbheálfar an fógra sin go pearsanta i ngach cás mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt ar chúis mhaith. Thairis sin, sula ndéanfar an fógra sin a sheirbheáil, déanfar cóip den Ordú Cúirte a n-iarrtar go ndéanfaí dá réir a sheirbheáil go pearsanta ar an bpáirtí a ndearnadh an tOrdú inachoinne agus formhuiniú pionóis ar an gcóip sin.

2. Ní eiseofar aon ordú astaithe gan cead ón gCúirt, agus iarrfar an cead sin trí Fhoriarratas iar bhfógra chun an pháirtí a n-iarrtar gon-eiseofaí an t-astú ina choinne agus déanfar an fógra sin a sheirbheáil go pearsanta ar an duine a n-iarrtar go n-astófaí é. Thairis sin, sulandéanfar an fógra sin a sheirbheáil, déanfar cóip den Ordú Cúirte an-iarrtar go ndéanfaí dá réir a sheirbheáil go pearsanta ar an bpáirtí a ndearnadh an tOrdú ina choinne agus formhuiniú pionóis ar an gcóip sin.

3. Díreofar gach ordú astaithe nó cimithe mar gheall ar dhíspeagadh Cúirte chun Ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina mbeidh cónaí, nó fáil, ar an bpáirtí a bheidh le hastú nó le cimiú, nó chun cibé comhalta eile den Gharda Síochána a ordóidh an Chúirt.

4. Déanfaidh an páirtí arb ar a thionscnamh a fuarthas ordú astaithe nó cimithe an t-ordú sin a thaisceadh leis an oifigeach cuí chun a fhorghníomhaithe.

5. Aon duine a bheidh i gcoimeád faoi aon ordú astaithe nó cimithe féadfaidh sé a iarraidh ar an gCúirt é a scaoileadh, ar fhógra a thabhairt don pháirtí arb ar a thionscnamh a cimíodh é go bhfuil ar intinn aige an t-iarratas sin a dhéanamh.