Ordú 52

Díobhálacha mailíseacha

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim52-I.R. Uimh. 132 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Seirbheáil) 2009


Riail 1 — An tAcht Díobhálacha Mailíseacha, 1981

1. San Ordú seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Díobhálacha Mailíseacha, 1981 (Uimh. 9 de 1981).

Tá le “Údarás Áitiúil” an bhrí a shanntar dó le hAlt 2 den Acht.

2. Is trí Fhoriarratas tionscnaimh iar bhfógra de réir Fhoirm 33A i Sceideal na bhFoirmeacha, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí, a dhéanfar gach iarratas. Ainmneoidh gach Foriarratas a eiseofar faoin Ordú seo mar chosantóir an tÚdarás Áitiúil ar ar seirbheáladh an réamhfhógra faoi Alt 8 den Acht agus cuirfear an dáta air agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an ghearánaí, agus déanfaidh a Aturnae, más ann, é a shíniú, nó mura mbeidh aon Aturnae aige, síneoidh sé féin é. Tionscnófar an t-iarratas sa Chontae ina mbeidh an tÚdarás Áitiúil a mbeidh dámhadh cúitimh á iarraidh ina choinne, agus ar a mbeidh an réamhfhógra seirbheáilte, bunaithe.

3. Seirbheálfar gach Foriarratas a eiseofar faoin Ordú seo agus gach fógra faoi Alt 10 den Acht leis an bpost cláraithe, nó ar aon cheann de na modhanna ar a bhféadfar Bille Sibhialta a sheirbheáil, ar Rúnaí Contae nó Cléireach Baile an Údaráis Áitiúil a bheidh le seirbheáil, ar choinníoll nach gá gur Seirbheálaí Toghairme a dhéanfaidh an tseirbh-eáil sin.

4. Ní bhainfidh an Riail seo le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Luafar i ngach Foriarratas a eiseofar faoin Ordú seo dáta tosaithe na Suíonna ag a mbeartófar an Foriarratas a liostú lena éisteacht, agus comhdóidh an gearánaí cóip de, mar aon le formhuiniú a Sheirbheála, san Oifig tráth nach déanaí ná deich lá roimh thosach na Suíonna sin.

5. Ní bhainfidh an Riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Luafar i ngach Foriarratas an dáta ar a mbeartófar an t-iarratas a liostú lena éisteacht agus comhdóidh an gearánaí cóip de, mar aon le formhuiniú a sheirbheála, san Oifig tráth nach déanaí ná deich lá roimh an dáta sin.

6. I ngach fógra faoi Alt 10 den Acht leagfar amach na forais ar a mbeifear ag seasamh le haghaidh iarrata ar an gCúirt go n-íocfaí go hiomlán nó go páirteach as cistí an fhógra-pháirtí aon chúiteamh a dhámhfaí. Beidh ag gabháil le gach fógra faoi Alt 10, agus seirbheálfar ina theannta, cóip den réamhfhógra a seirbheáladh ar an Údarás Áitiúil.

7. Aon Údarás Áitiúil a mbeidh ar intinn aige laghdú nó eisiamh cúitimh a iarraidh de bhun fhorálacha Fho-Alt (1) nó Fho-Alt (3) d'Alt 12 den Acht tabharfaidh sé fógra seacht lá don iarratasóir á rá go bhfuil ar intinn aige seasamh ar an gcéanna agus léireofar san fhógra sin an fhoráil nó na forálacha ar a mbeidh sé ar intinn seasamh agus tabharfaidh sé cibé sonraí i ndáil leis an bhforáil nó na forálacha sin a chuirfidh in iúl go leordhóthanach don iarratasóir cineál an cháis a bheidh ar intinn ag an Údarás Áitiúil a dhéanamh faoin Alt sin. Mura gcomhlíonfar an Riail seo féadfaidh an Breitheamh an t-iarratas a chur ar atráth nó déileáil leis an ábhar ar shlí eile de réir mar is cuí leis.

8. Ní chuirfidh neamh-chomhlíonadh na Rialacha seo aon Imeachtaí ar neamhní mura n-ordóidh an Chúirt amhlaidh.

9. Folóidh cumhachtaí na Cúirte cumhacht chun an tréimhse ama le haghaidh aon ghnímh nó imeachtaí faoin Acht seo nó faoin Ordú seo a shíneadh, nó chun aon ghníomh nó imeachtaí den sórt sin a chur ar ceal go hiomlán nó go páirteach, nó a leasú, nó chun déileáil leis nó leo ar chuma eile i cibé slí agus ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt.

10. Is trí Fhoriarratas tionscnaimh iar bhfógra de réir Fhoirm 33B i Sceideal na bhFoirmeacha, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí, a thionscnófar gach iarratas faoi Alt 19, Fo-alt 4, den Acht, agus seirbheálfar é le litir chláraithe nó ar aon cheann de na modhanna ar a bhféadfar Bille Sibhialta a sheirbheáil, ar choinníoll nach gá gur Seirbheálaí Toghairme a dhéanfaidh an tseirbheáil sin.

11. Coimeádfaidh an Cláraitheoir Contae leabhar, dá ngairfear an Leabhar Díobhálacha Mailíseacha, ina dtaifeadfaidh sé gach Foriarratas a eiseofar faoin Ordú seo ar chúiteamh i ndíobháil mhailíseach san ord ina bhfaighidh sé é, agus leagfaidh sé amach ann rialú na Cúirte i ngach cás.

12. Luafar i ngach Foraithne i leith cúitimh, nó i ngach diúltú cúiteamh a dhámhachtain, cibé acu is le costais nó gan chostais a dhéantar í nó é, agus i gcás gur le costais a dhéantar í nó é, cuirfear isteach inti nó ann an tsuim chruinn is iníoctha i leith costas (lena n-áirítear caiteachais na bhfinnéithe). Is de réir Fhoirmeacha 33C nó 33D de Sceideal na bhFoirmeacha, de réir mar is cuí, a bheidh an Fhoraithne nó an diúltú sin.

13. Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt costais a dhámhachtain agus an céanna a thomhas nó, de rogha air sin, a ordú go ndéanfaidh an Cláraitheoir Contae an céanna a fhómhas, ach amháin a mhéid a bheidh socrú don chéanna déanta le Rialacháin arna ndéanamh faoi Alt 15, Fo-Alt 2, den Acht. Beidh an fómhas sin de réir cibé scála a fhorordófar. Féadfaidh aon pháirtí arb éagóir leis an fómhas sin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte d'fhonn go ndéanfaidh sí na costais a athbhreithniú. Déileálfar le caiteachais na bhfinnéithe de réir Ordú 66, Riail 5.

Riail 2 — Díobhálacha Coiriúla do Phearsa Duine

1. Is sa Chontae ina ndearnadh an díobháil a dhéanfar iarratas ar chúiteamh i ndíobhálacha coiriúla faoi Alt 106 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836, arna leasú le hAlt 5 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus is de réir Fhoirm 34B de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo a dhéanfar an t-iarratas sin.

2. I gcásanna ina raibh an díobháil choiriúil ina trúig bháis do dhuine, is é a ionadaí pearsanta dlíthiúil a dhéanfaidh an t-iarratas, ar choinníoll go bhféadfaidh neasghaol amháin nó níos mó dá chuid an réamhfhógra a cheanglaítear leis seo ina dhiaidh seo a sheirbheáil nó go bhféadfar é a sheirbheáil thar ceann an neasghaoil nó na neasghaolta sin.

3. Laistigh de cheithre lá dhéag ó dhíobháil choiriúil a dhéanamh, déanfaidh an t-iarratasóir, nó duine éigin ag gníomhú thar a cheann, a chur faoi deara i ngach cás réamhfhógra á rá go bhfuil ar intinn aige iarratas ar chúiteamh a dhéanamh chun na Cúirte a sheirbheáil ar Rúnaí Contae nó ar Chléireach Baile an Údaráis Áitiúil don limistéar ina ndearnadh an díobháil agus ar an gComhalta i gCeannas Stáisiún an Gharda Síochána don áit ina ndearnadh an díobháil sin. Tabharfaidh an réamhfhógra sin sonraí iomlána faoin am a rinneadh agus faoin áit ina ndearnadh an díobháil sin agus beidh sé de réir Fhoirm 34A de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí.

4. Déanfaidh an Chúirt na costais, amhail idir páirtí agus páirtí, a thomhas nó tarchuirfear iad chun an Chláraitheora Contae lena bhfómhas de réir cibé scálaí a fhorordófar. Féadfaidh aon pháirtí arb éagóir leis an fómhas sin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte d'fhonn go ndéanfaidh sí na costais a athbhreithniú. Déileálfar le caiteachais na bhfinnéithe de réir Ordú 66, Riail 5, de na Rialacha seo.

5. Ach amháin mar a fhoráiltear anseo roimhe seo, bainfidh forálacha Ordú 52, seachas Rialacha 6, 7 agus 10 de, mutatis mutandis, le hiarratais ar chúiteamh i ndíobháil choiriúil do phearsa duine mar a bhaineann siad le hiarratais ar chúiteamh i ndíobháil mhailíseach.