Ordú 22

Thrú páirtithe

 1. Ní rachaidh caingean, imeacht ná ábhar ar ceal mar gheall ar bhás nó féimheacht aon pháirtí de na páirtithe, má mhaireann nó má leanann an chúis chaingne, agus ní bheidh an chaingean, an t-imeacht ná ant-ábhar sin lochtach mar gheall ar aon eastát nó teideal a shannadh, a bhunú nó a chineachadh pendente lite; agus, cibé acu a mhairfidh an chúis chaingne nó nach mairfidh, ní tharlóidh aon chealú mar gheall ar cheachtar páirtí a fháil bháis idir tráth an fhíoraisc nó tráth na saincheisteanna fíorais a chinneadh agus tráth an bhreithiúnais, nó idir tráth fógartha an bhreithiúnais nó an ordaithe agus tráth a thaifeadta, ach féadfar an breithiúnas nó an t-ordú a thaifeadadh i gcás den sórt sin d'ainneoin an bháis.
2. I gcás bhás nó fhéimheacht aon pháirtí i gcaingean, imeacht nó ábhar nó i gcás chineachadh a eastáit trí oibriú dlí, féadfaidh an Breitheamh, má mheastar gur gá sin chun na ceisteanna a bheidh i dtreis a shocrú go hiomlán, a ordú go ndéanfar páirtí d'ionadaí pearsanta an pháirtí sin nó dá shannaí nó dá iontaobhaí nó de chomharba eile ar a leas, más ann, nó go seirbheálfar fógra air, agus sin ar cibé téarmaí is cóir leis an mBreitheamh, agus déanfaidh an Breitheamh cibé ordú is cóir chun an chaingean, an t-imeacht nó an t-ábhar a chur de láimh.
3. I gcás aon eastát nó teideal a shannadh, a bhunú nó a chineachadh pendente lite, féadfaidh an duine a mbeidh an t-eastát nó an teideal sin tagtha nó cineachta chuige leanúint den chaingean, den imeacht nó den ábhar, nó féadfar leanúint den chaingean, den imeacht nó den ábhar ina choinnesean.
4. Más rud é, mar gheall ar bhás nó féimheacht, nó aon teagmhas eile do tharlú tar éis caingean, imeacht nó ábhar a thionscnamh, agus is cúis le hathrú nó tarchur leasa nó dliteanais, nó mar gheall ar aon duine leasmhar do theacht chun bheith ann tar éis an chaingean, an t-imeacht nó an t-ábhar a thionscnamh, gur gá nó gurb inmhianaithe go ndéanfaí páirtí d'aon duine nach páirtí cheana féin, nó go ndéanfaí páirtí i gcáil eile d'aon duine is páirtí cheana féin, féadfar ordú go rachfar ar aghaidh leis na himeachtaí idir na páirtithe leanúnacha, agus an páirtí nó na páirtithe nua sin, a fháil ex parte ar iarratas chun na Cúirte á líomhain gur tharla an t-athrú nó an tarchur leasa nó dliteanais sin, nó gur tháinig an duine leasmhar sin chun bheith ann.
5. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar ordú a gheofar mar a luaitear sa Riail deiridh roimhe seo a sheirbheáil ar an bpáirtí leanúnach nó ar na páirtithe leanúnacha, nó ar a nAturnaetha, agus freisin ar gach páirtí nua den sórt sin murab é an duine a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige an t-aon pháirtí nua a bheidh ann agus, ó thráth na seirbheála sin, beidh an t-ordú ina cheangal, ach sin faoi réir an chéad dá Riail ina dhiaidh seo, ar an duine ar a seirbheálfar é, agus beidh gach duine ar a seirbheálfar é agus nach páirtí sa chaingean, san imeacht, nó san ábhar cheana féin faoi cheangal Láithreas a thaifeadadh ina leith laistigh den tréimhse ama chéanna, agus sa tslí chéanna, ina mbeadh air Láithreas a thaifeadadh dá mba rud é gur seirbheáladh an doiciméad tionscnaimh air.
6. Más rud é go seirbheálfar ordú mar a luaitear i Riail 4 den Ordú seo ar aon duine nach bhfuil faoi mhíchumas nó, má tá sé faoi mhíchumas féin, a bhfuil caomhnóir ad litem aige sa chaingean, san imeacht nó san ábhar, féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú sin a urscaoileadh nó a athrú tráth ar bith laistigh de dheich lá óna sheirbheáil.
7. Más rud é go seirbheálfar aon ordú mar a luaitear i Riail 4 den Ordú seo ar aon duine atá faoi mhíchumas, agus nach bhfuil caomhnóir ad litem aige sa chaingean, san imeacht nó san ábhar, féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú sin a urscaoileadh nó a athrú tráth ar bith laistigh de dheich lá tar éis caomhnóir ad litem a cheapadh don pháirtí sin, agus, go dtí go mbeidh an tréimhse deich lá sin caite, ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag an ordú sin amhail i gcoinne an duine deiridh sin a luaitear.
8. Más rud é go n-éagfaidh an gearánaí nó an cosantóir i gcaingean, in imeacht nó in ábhar agus go mairfidh an chúis chaingne ach go mainneoidh an duine atá i dteideal dul ar aghaidh dul ar aghaidh, féadfaidh an cosantóir (nó an duine a bhféadfar leanúint den chaingean, den imeacht nó den ábhar ina choinne) a iarraidh le foriarratas iar bhfógra go gcuirfear d'iallach ar an ngearánaí (nó ar an duine atá i dteideal dul ar aghaidh) dul ar aghaidh laistigh de cibé tréimhse ama a ordófar; agus mura rachaidh sé ar aghaidh amhlaidh, féadfar breithiúnas a thaifeadadh nó ordú a dhéanamh i bhfabhar an chosantóra nó, de réir mar a bheidh, i bhfabhar an duine a bhféadfaí leanúint den chaingean, den imeacht nó den ábhar ina choinne.