Ordú 20

Suíonna i ndlísheomraí agus iarratais idirbhreitheacha

1. Aon iarratais ar dóigh leis an mBreitheamh gur chaoithiúla agus gur thapúla a chuirfí de láimh iad i nDlísheomra ná i gCúirt oscailte, féadfar iad a dhéanamh chun an Bhreithimh i nDlísheomra agus féadfaidh sé iad a éisteacht ann.

2. Féadfaidh aon pháirtí iarratais i ndáil le haon cheann de na nithe a luaitear anseo ina dhiaidh seo a dhéanamh chun an Bhreithimh, gan fógra d'aon pháirtí eile, ar chóip den Bhille Sibhialta, agus duillín ex parte de réir Fhoirm 27 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae agus ar mhionnscríbhinn a chomhdú mar thaca leis an iarratas.

Is iad seo a leanas na horduithe a fhéadfar a iarraidh faoin Riail seo:—

(a) gníomhas ar bith a thabhairt ar aird;

(b) glacadóir a cheapadh ar thailte nó ar mhaoin eile;

(c) aon mhaoin nó rud a shealbhú, a choinneáil, a chaomhnú nó a iniúchadh;

(d) urrús ó dhuine ar bith i leith aon airgid ina sheilbh;

(e) taisceadh aon ní dá luaitear i (c) agus (d), nó a íoc isteach sa Chúirt, ag feitheamh ar dhlíthíocht, a fhorfheidhmiú;

(f) aon earraí, stórearraí nó marsantas a dhíol a fhéadfaidh a bheith meatach, nó ar dóigh leis an gCúirt gurb inmhianaithe a thabhairt go ndíolfar láithreach iad, agus an praghas a íoc isteach sa Chúirt;

(g) aon chuntais a thógáil, nó aon fhiosruithe a dhéanamh, nó aon imeacht eile a ordú nó a údarú is cuí leis an mBreitheamh chun críche na caingne nó an agra;

(h) cead chun seirbheáil a dhéanamh ar mhodh speisialta nó treoracha maidir le seirbheáil, nó chun go measfar gur seirbheáil mhaith aon seirbheáil a bheidh déanta cheana féin;

(i) urghaire ad interim;

(j) ordú coinníollach gairnisí;

(k) glacadóir a cheapadh le haghaidh forghníomhú i gcothromas;

(l) seirbheáil lasmuigh den dlínse;

(m) toiliú a ghlacadh agus riail Chúirte a dhéanamh den chéanna.

3. Na horduithe a fhéadfaidh an Breitheamh a dhéanamh faoin riail deiridh roimhe seo, is féidir, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an Riail sin, iad a bheith daingean sa chéad ásc, nó faoin gcoinníoll nach suífear cúis lena malairt, agus féadfaidh an Breitheamh in aon chás áirithe cibé treoracha a thabhairt is oiriúnach leis, nó a ordú fógra i dtaobh an iarratais a thabhairt d'aon pháirtí eile.