Ordú 45

Riarthóirí pendente lite agus glacadóirí

1. Tráth ar bith i gcúrsa aon imeachta nuair is léir don Bhreitheamh é a bheith fóirsteanach riarthóir pendente lite nó glacadóir a cheapadh, féadfar an ceapachán sin a dhéanamh cibé acu a iarrfar é nó nachn-iarrfar é mar chuid den fhaoiseamh sa Bhille Sibhialta nó sa doiciméad tionscnaimh eile.

2. Más rud é go ndéanfar ordú á ordú riarthóir pendente lite nó glacadóir a cheapadh, tabharfaidh an duine a bheidh le ceapadh, muran-ordófar a mhalairt, urrús a bheidh le formheas ag an mBreitheamh go gcomhlíonfaidh sé go dílis a dhualgais, agus tabharfaidh sé cuntas go cuí maidir lena bhfaighidh sé mar riarthóir nó glacadóir den sórt sin, agus íocfaidh sé an céanna de réir mar a ordóidh an Breitheamh. Muran-ordófar a mhalairt, ceadófar luach saothair nó liúntas cuí don duine a cheapfar amhlaidh.

3. Nuair a cheapfar riarthóir pendente lite nó glacadóir agus é ordaithe dó cuntais a fhaomhadh, socróidh an Cláraitheoir Contae, faoi ordú na Cúirte, an lá nó na tráthanna a dtaiscfidh agus a ndeimhneoidh sé na cuntais sin, agus freisin na laethanta nó na tráthanna a n-íocfaidh sé na hiarmhéideanna ar léir iad a bheith dlite ar na cuntais a bheidh taiscthe amhlaidh, nó cibé cuid díobh a ndeimhneofar gur cuí dó í a íoc, agus maidir le haon riarthóir nó glacadóir den sórt sin a fhailleoidh a chuntais a thaisceadh nó a fhaomhadh, nó iarmhéid na gcuntas sin a íoc, an tráth a bheidh socraithe chuige sin, féadfaidh an Breitheamh ó am go ham an tuarastal nó an liúntas a bheidh á éileamh ag an riarthóir nó ag an nglacadóir sin a dhícheadú; agus féadfaidh sé ús a mhuirearú air de réir cibé ráta a chinnfear ó am go ham ar an iarmhéid a mbeidh faillithe aige amhlaidh a íoc le linn na tréimhse ama ar léir an céanna a bheith ar láimh ag aon riarthóir nó glacadóir den sórt sin.

4. Scríobhfar cuntais riarthóirí agus glacadóirí den sórt sin dála leabhair, ar pháipéar de thoise A4, agus déanfar ítimí gach cuntais a uimhriú go leantach; fíorófar na cuntais le mionnscríbhinn agus gairfear foilseáin díobh inti.

5. Beidh de chead ag riarthóir nó glacadóir den sórt sin, gan aon ordú sainráite, gach gnáth-eisíocaíocht a íoc, ach is faoi ordú na Cúirte amháin a dhéanfar gach íocaíocht eile.