Ordú 35

Aistriú caingne

1. Aon uair a aistreoidh an Ard-Chúirt aon chaingean nó imeacht chun na Cúirte, taiscfidh an gearánaí leis an gCláraitheoir Contae, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an ordaithe aistrithe, an toghairm agus gach pléadáil, ordú, agus doiciméad a bheidh seachadta nó déanta cheana féin, agus as sin amach glacfar agus éistfear an chaingean nó an t-imeacht sa Chúirt amhail is dá mba sa Chúirt a tionscnaíodh a chéaduair í nó é, agus cinnfidh an Breitheamh costais na caingne nó an imeachta suas go dtí dáta an ordaithe aistrithe, mura n-ordófar a mhalairt leis an ordú aistrithe.

2. Más rud é, i gcás aon aistrithe dá luaitear sa riail deiridh roimhe seo, go mbeidh faillithe nó diúltaithe ag an ngearánaí na doiciméid a thaisceadh a fhorordaítear sa riail sin, féadfaidh an cosantóir, tráth ar bith tar éis na tréimhse ama a cheaptar sa riail sin, na doiciméid sin nó cóip dheimhnithe den ordú aistrithe, mar aon le cóipeanna de na doiciméid eile agus iad fíoraithe le mionnscríbhinn, a thaisceadh agus air sin rachaidh an chaingean ar aghaidh mar a fhorordaítear sa riail deiridh roimhe seo.

3. Déanfaidh an páirtí a mbeidh na doiciméid sin á dtaisceadh aige mar a fhoráiltear sa dá riail deiridh roimhe seo, laistigh de cheithre lá dhéag ón taisceadh sin, fógra a chomhdú agus a sheirbheáil ar an bpáirtí eile á rá gur taisceadh na doiciméid sin leis an gCláraitheoir Contae.

4. Nuair a dhéanfar aon chaingean nó imeacht a chur ar aghaidh nó a aistriú chun na hArd-Chúirte ón gCúirt, tarchuirfidh an Cláraitheoir Contae an comhad sa chaingean nó san imeacht chun an Oifigigh chuí don Ard-Chúirt.

5. In aon chás nach mbeidh Cosaint seachadta ag an gcosantóir roimh aistriú na caingne, is deich lá ó dháta seirbheála an fhógra a foráiltear le Riail 3 den Ordú seo an tréimhse ama chun Cosaint a chomhdú agus a sheirbheáil, mura n-ordófar a mhalairt leis an Ordú aistrithe. I gcás ina mbeidh na doiciméid taiscthe ag an gcosantóir leis an gCláraitheoir Contae, mar a fhoráiltear le Riail 2 den Ordú seo, is deich lá ó dháta an taiscthe sin an tréimhse ama chun Cosaint a chomhdú agus a sheirbheáil, mura n-ordófar a mhalairt leis an Ordú aistrithe.