Ordú 14B

Doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil i mBallstáit de chuid an AE (lena n-áirítear an Stát) : I.R. Uimh. 833 de 2004 (arna leasú le I.R. Uimh. 597 de 2014)

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim14B-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007
Uim14B-I.R. Uimh. 188 De 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse, Aithint, Forghníomhú Agus Seirbheáil Imeachtaí) 2008
Uim14B-I.R. Uimh. 375 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Doiciméid Bhreithiúnacha Agus Sheachbhreithiúnacha In Ábhair Shibhialta Nó Thráchtála A Sheirbheáil I Mballstáit) 2009 
Uim14B-I.R. Uimh. 597 De 2014: Doiciméid Bhreithiúnacha Agus Sheachbhreithiúnacha A Sheirbheáil I Mballstáit De Chuid An Ae (Lena N-Áirítear An Stát)
Uim14B-I.R. Uimh. 618 De 2015: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse Agus Aithint Agus Forghníomhú Breithiúnas In Ábhair Shibhialta Nó Tráchtála), 2015
Uim14B-I.R. Uimh. 478 De 2018
Uim14B-I.R. Uimh. 147 De 2019
 

Riail a hAon

1. San Ordú seo, mura n-éilítear a mhalairt leis an gcomhthéacs nó leis an ábhar:

ciallaíonn ‘‘Ballstát‘‘ nó ‘‘Ballstáit’’ Ballstát nó Ballstáit den Chomhphobal Eorpach seachas Ríocht na Dan¬mhairge;

ciallaíonn ‘‘an Rialachán’’ Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 an 29 Bealtaine, 2000 ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó tráchtála a sheirbheáil i mBallstáit agus leasuithe ar an gcéanna;

ciallaíonn ‘‘an Ghníomhaireacht Ghlactha’’ nó ‘‘na Gníomhaireachtaí Glactha’’ an t-eintiteas nó na heintitis a bheidh ainmnithe ag gach ceann de Bhallstáit an AE de bhun Airteagal 2(2) den Rialachán agus in Éirinn is é an Cláraitheoir Contae cuí é;

ciallaíonn ‘‘an Ghníomhaireacht Tarchuir’’ nó ‘‘na Gníomhaireachtaí Tarchuir’’ an t-eintiteas nó na heintitis a bheidh ainmnithe ag gach ceann de Bhallstáit an AE de bhun Airteagal 2(1) den Rialachán agus in Éirinn is é an Cláraitheoir Contae cuí é. 

Riail a Dó

2. Tá feidhm ag an Ordú seo maidir le doiciméid lena mbaineann an Rialachán a sheirbheáil sna hábhair dá dtagraítear ag Airteagal 1 den Rialachán. 

Riail a Trí

3. Aon pháirtí in aon imeachtaí lena mbaineann an Rialachán ar mian leis nó léi go ndéanfar doiciméad a sheirbheáil de bhun an Rialacháin, ní foláir dó nó di na nithe seo a leanas a thaisceadh leis an nGníomhaireacht Tarchuir;

(a) dhá chóip den Doiciméad atá le seirbheáil, mar aon le cóip bhreise den doiciméad le haghaidh gach duine atá le seirbheáil;

(b) iarraidh chun an doiciméad a sheirbheáil i dteanga dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) den Rialachán, de réir mar a bheidh, san fhoirm a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán;

(c) gealltanas go n-íocfar na costais seirbheála.

Riail a Ceathair

4. Más rud é nach ndéanann aon iarraidh chun an doiciméad a sheirbheáil forálacha na Rialacha seo a chomhlíonadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht Tarchuir an méid sin in iúl don iarratasóir agus sonróidh sí na hagóidí i gcoinne na hiarrata. 

Riail a Cúig

5. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Tarchuir, a luaithe a chomhlíonfaidh an iarraidh chun an doiciméad a sheirbheáil forálacha Rialacha 2 agus 3, an doiciméad nó na doiciméid lena mbaineann a tharchur de réir Airteagal 4 den Rialachán. 

Riail a Sé

6. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Tarchuir na nithe seo a leanas ar aghaidh chuig an Iarratasóir, ar an modh tarchuir is tapúla is féidir:

(i) cóip den admháil dá dtagraítear ag Airteagal 6 den Rialachán;

(ii) cóip den fhógra aischurtha dá dtagraítear ag Airteagal 6 den Rialachán mar aon leis na doiciméid a tarchuireadh;

(iii) iarraidh ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid atá ar iarraidh; nó

(iv) cóip den deimhniú a fhianaíonn gur dhiúltaigh an seolaí glacadh leis in Airteagal 8 den Rialachán, de réir mar a bheidh, a luaithe is indéanta tar éis na doiciméid nó na hiarrataí sin a bheith faighte ag an nGníomhaireacht Tarchuir.

Riail a Seacht

7. Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht Tarchuir liosta de na Ballstáit lena mbaineann an Rialachán agus de na teangacha a bheidh sonraithe ag gach Ballstát chun críocha Airteagal 4(3) den Rialachán agus na codanna sin de na Ballstáit iomchuí lena mbaineann an teanga iomchuí. Beidh an liosta sin ar fáil lena iniúchadh le linn uaireanta oscailte oifig an Chláraitheora Contae. 

Riail a hOcht

8. Déanfaidh an Cláraitheoir Contae, mar Ghníomh¬aireacht Ghlactha, an doiciméad nó na doiciméid a sheirbheáil, nuair a bheidh siad faighte go cuí, leis an bpost cláraithe nó i bhfoirm áirithe a iarrfaidh an Ghníomhaireacht Tarchuir mura mbeidh an modh sin ar neamhréir le dlí na hÉireann, de réir Airteagal 7 den Rialachán. 

Riail a Naoi

9. Ar dheimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Rialachán a fháil ón nGníomhaireacht Ghlactha iomchuí, déanfaidh an Ghníomhaireacht Tarchuir an deimhniú a tharchur láithreach chuig an iarratasóir. 

Riail a Deich

10. I dteannta an mhodha seirbheála a thuairiscítear i riail 3, féadfaidh páirtí sna himeachtaí a roghnú seirbheáil a dhéanamh i mBallstát eile trí ghníomhairí taidhleoireachta nó consalachta, leis an bpost nó trí sheirbheáil go díreach, de réir Airteagail 13, 14 agus 15 den Rialachán, ach amháin i gcás go mbeidh sé curtha in iúl ag an mBallstát inar mian an tseirbheáil a dhéanamh, de réir Airteagal 23(1) den Rial¬achán, go bhfuil sé in aghaidh sheirbheáil na ndoiciméad ina chríoch ar an modh sin. 

Riail a hAon Déag

11. Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht Tarchuir liosta d’aon dearbhuithe arna ndéanamh ag aon Bhallstát ina gcuirfear in iúl go bhfuil an Ballstát sin in aghaidh aon chineál seirbheála den sórt sin. Beidh an liosta sin ar fáil lena iniúchadh le linn uaireanta oscailte oifig an Chláraitheora Contae. 

Riail a Dó Dhéag

12. (1) Faoi réir Riail 12(5) ní dhéanfar breithiúnas a thabhairt nó a thaifeadadh d’éagmais Láithris in aon imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo go dtí go suífear:

(i) go ndearnadh an doiciméad a sheirbheáil ar mhodh a fhorordaítear le dlí inmheánach an Bhallstáit chun a ndírítear é chun doiciméid a sheirbheáil i gcaingne baile ar dhaoine laistigh dá chríoch; nó

(ii) go ndearnadh an doiciméad a sheachadadh iarbhír ar an gCosantóir nó ar a áit chónaithe ar mhodh eile dá bhforáiltear leis an Rialachán, agus go ndearnadh an tseirbheáil nó an seachadadh, i gceachtar cás, in am trátha le go bhféadfadh an Cosantóir cosaint a dhéanamh.

(2) Is le cead ón gCúirt amháin a thaifeadfar breithiúnas d’éagmais Láithris.

(3) Is trí Fhoriarratas iar bhfógra a dhéanfar iarratas ar chead Breithiúnas trí mhainneachtain a thaifeadadh agus beidh mar thaca leis Mionnscríbhinn ina bhfíorófar éileamh an Ghearánaí ar fhaoiseamh agus ina bhfíorófar na bearta a rinneadh chun na himeachtaí a sheirbheáil agus beidh cruthú leordhóthanach air sin mar thaca leis.

(4) Maidir leis an Mionnscríbhinn dá dtagraítear i Riail 12(3), más rud é gur éileamh lena mbaineann Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle atá san éileamh, luafar inti freisin go gcreideann an teisteoir;

(i) maidir le gach éileamh a dhéantar leis an Toghairm, gur éileamh é a bhfuil cumhacht ag an gCúirt, de bhua Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig, 2000 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (Rialachán 44/2001), nó aon leasú ar an gcéanna, é a éisteacht agus a chinneadh; agus

(ii) nach bhfuil dlínse eisiach ag aon Chúirt eile de réir bhrí Rialachán 44/2001 an t-éileamh sin a éisteacht agus a chinneadh.

(5) Féadfaidh an Chúirt cead a thabhairt Breithiúnas a thaifeadadh sa chás nach mbeidh aon deimhniú seirbheála nó seachadta faighte ón nGníomhaireacht Tarchuir, ar choinníoll:

(i) go ndearnadh an Doiciméad a tharchur ar cheann de na modhanna dá bhforáiltear sa Rialachán;

(ii) go mbeidh tréimhse ama (nach lú ná sé mhí), is leordhóthanach leis an gCúirt, caite ó dháta tarchurtha an Doiciméid; agus

(iii) nach mbeidh aon deimhniú d’aon chineál faighte, d’ainneoin go mbeidh gach iarracht réasúnach déanta ar é a fháil trí údaráis inniúla an Bhallstáit chun a ndíreofar é.

Riail a Trí Déag

13. Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim, i gcás práinne, orduithe a dhéanamh le haghaidh aon bhearta sealadacha nó cosantacha a theastóidh ón nGearánaí. 

Riail a Ceathair Déag

14. Is trí Fhoriarratas iar bhFógra a dhéanfar aon iarratas chun an tréimhse ama a fhadú chun achomharc a dhéanamh i gcoinne aon Bhreithiúnais a fuarthas trí mhainneachtain, agus beidh Mionnscríbhinn an pháirtí tionscanta mar fhoras leis, agus féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi:

(i) go ndearnadh an t-iarratas laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis don Chosantóir eolas a bheith aige nó aici ar an mBreithiúnas; agus

(ii) nach raibh eolas ag an gCosantóir, agus gan aon locht airsean ná uirthise faoi sin, ar an Doiciméad in am trátha chun cosaint a dhéanamh nó eolas ar an mBreithiúnas in am trátha chun achomharc a dhéanamh; agus

(iii) gur nocht an Cosantóir cosaint prima facie ar an gcaingean de bhua tuillteanais,

an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais a fhadú ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cóir léi. 

Riail a Cúig Déag

15. Ní ghlacfar le haon iarratas den sórt sin ar Bhreithiúnas a fuarthas trí mhainneachtain a chur ar ceal mura ndéanfar an t-iarratas laistigh de thréimhse ama a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach. 

Riail a Sé Déag

16. Ní ghlacfar le haon iarratas chun an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an Bhreithiúnais a fhadú maidir le Breithiúnais i dtaca le stádas nó inniúlacht daoine. 

Riail a Seacht Déag

17. I gcás éagmais Láithris ag Cosantóir i ndáil le Toghairm thioscnaimh, comhdóidh an Gearánaí Mionn¬scríbhinn san Oifig Chúirte Cuarda chuí ina bhfíorófar na fíorais ar a seasfar agus air sin féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar Bhreithiúnas d’éagmais Láithris. 

Riail a hOcht Déag

18. Faoi réir fhorálacha an ordaithe seo, beidh feidhm ag Orduithe 26 agus 27, a mhéid is indéanta, maidir le hiarratais faoin ordú seo ar chead chun Breithiúnas a thaifeadadh. 

Riail a Naoi Déag

19. A mhéid a bheidh aon rialacha in aon Ordú eile de na Rialacha seo ar neamhréir le forálacha Rialachán 1348/2000 nó forálacha an Ordaithe seo lena bhforálfar do rialacha cúirte maidir le Rialachán 1348/2000, is ag forálacha Rialachán 1348/2000 nó forálacha an Ordaithe seo lena bhforordaítear rialacha cúirte maidir le Rialachán 1348/2000 a bheidh an forlámhas.