Ordú 39

Glacadóir le haghaidh forghníomhú i gcothromas

1. I ngach cás ina ndéanfar iarratas chun glacadóir le haghaidh forghníomhú i gcothromas a cheapadh, le linn don Bhreitheamh cinneadh a dhéanamh an cóir nó an caoithiúil an ceapachán sin a dhéanamh, tabharfaidh sé aird ar an méid den bhreithiúnas a bheidh ina sheilbh ag an iarratasóir, ar an méid is dóigh a gheobhaidh an glacadóir, agus ar na costais agus na caiteachais is dóigh a bhainfidh agus a ghabhfaidh le ceapadh an ghlacadóra sin, agus féadfaidh sé a ordú aon fhiosrúcháin i dtaobh na nithe sin nó nithe eile a dhéanamh sula gceapfaidh sé é. Déanfar an t-ordú ar cibé téarmaí a ordóidh an Breitheamh, maidir le costais agus eile, lena n-áirítear an glacadóir a dhul faoi urrús i gcásanna cuí.

2. Féadfar an t-ordú a dhéanamh ar iarratas ex-parte. Ní foláir an mhionnscríbhinn i dtacaíocht leis a bheith de réir cheanglais Riail I den Ordú deiridh roimhe seo, ach gur leor don ghearánaí a shuíomh go bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil suim airgid, nach gá gur fiach í, ina sheilbh ag duine éigin eile, nó go bhfuil duine éigin eile ar tí a híoctha leis an bhféichiúnaí breithiúnais nó thar a cheann, agus go bhfuil leas tairbhiúil ag an bhféichiúnaí breithiúnais sin sa tsuim sin.

3. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú ag ceapadh glacadóra le haghaidh forghníomhú i gcothromas, is ordú daingean a bheidh ann, faoi réir cheart an fhéichiúnaí breithiúnais, nó duine eile dá ndéanfaidh sé difear, a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú sin a urscaoileadh, agus ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Breitheamh an t-ordú sin a athrú nó a urscaoileadh de réir mar is dóigh leis is ceart.

4. Féadfar ordú a dhéanamh ag ceapadh glacadóra le haghaidh forghníomhú i gcothromas i leith suime aonair, nó i leith suimeanna ar leithligh, nó i leith sraithe d'íocaíochtaí tréimhsiúla leanúnacha ina mbeidh leas tairbhiúil ag an bhféichiúnaí breithiúnais.