Ordú 46

An County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877; Na hAchtanna um Thalamh Socraithe; Na hAchtanna um Fhaoiseamh d'Iontaobhaithe; agus Achtanna na nIontaoibhaithe

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim46-I.R. Uimh. 251 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ilghnéitheach) 2009
Uim46-I.R. Uimh. 155 De 2010: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Athchóiriú An Dlí Talún Agus Tíolactha 2009) 2010

1. Déanfar imeachtaí faoi Alt 33 (i) agus (k) den County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877, arna leathnú leis an bPríomh-Acht, nó faoi na hAchtanna um Thalamh Socraithe, na hAchtanna um Fhaoiseamh d'Iontaobhaithe nó Achtanna na nIontaobhaithe (seachas imeachtaí chun go n-íocfaidh Iontaobhaithe airgead isteach sa Chúirt) a thionscnamh trí Bhille Sibhialta de réir Fhoirm 2B de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo a eisiúint, agus is maidir leis an Acht faoina mbeidh an t-imeacht á thionscnamh agus leis an iontaobhas nó an tsocraíocht, de réir mar a bheidh, an teideal a bheidh air, agus is “Bille Sibhialta Cothromais” an teideal a bheidh ar an mBille Sibhialtasin.
2. Cuirfear ag bun gach Bille Shibhialta Cothromais faoin Ordú seo a thíolacfar don Chúirt, agus ag bun gach cóipe de, ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a mbeartófar é a sheirbheáil orthu; agus, mura mbeartófar é a sheirbheáil ar aon duine, tabharfar ráiteas sa chéill sin ag bun an Bhille Shibhialta agus ag bun gach cóipe de.

3. Nuair nach mbeartófar Bille Sibhialta a sheirbheáil ar aon duine, déanfaidh an Cláraitheoir Contae, ar é a eisiúint, áit éisteachta agus lá agus am le haghaidh na héisteachta a fhormhuiniú ar an mBille Sibhialta arna leasú go cuí agus ar chóip shéalaithe de.

4. Ar aon Bhille Sibhialta, nó aon fhoriarratas faoi Bhille Sibhialta, a éisteacht, déanfar na fíorais ar a mbeifear ag seasamh i dtacaíocht leis an gcéanna nó ina choinne a chruthú le mionnscríbhinn mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.

5. Féadfaidh an Breitheamh aon ábhar a tharchur chun an Chláraitheora Contae chun fiosrúcháin a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt ar thoradh na bhfiosrúchán sin.

6. Aon duine ar mian leis airgead a íoc, stoc a aistriú, nó urrús a thaisceadh ar iontaobhas le freastal ar orduithe na Cúirte, déanfaidh sé agus comhdóidh sé san Oifig mionnscríbhinn arb é an teideal a bheidh uirthi ná maidir leis an Acht faoina mbeidh an t-imeacht á thionscnamh agus leis an iontaobhas áirithe, agus ina leagfar amach—

(a) a ainm féin, a sheoladh, agus a thuairisc;

(b) an áit ina mbeidh aon ordú ón gCúirt nó aon fhógra faoi aon ábhar nó ordú, nó aon doiciméad a bhainfidh leis an gciste iontaobhais, le seirbheáil air;

(c) an méid airgid, stoic, nó urrúis a bheartóidh sé a íoc, a aistriú, nó a thaisceadh ar iontaobhas le freastal ar orduithe na Cúirte;

(d) gearrthuairisc ar an iontaobhas nó ar chineál nó ábhar na hionstraime á bhunú;

(e) ainmneacha, seoltaí, agus tuairiscí na ndaoine a mbeidh leas acu sa chiste nó teideal acu chuige, de réir mar is fearr is eol don teisteoir agus mar a chreideann sé; agus

(f) go mbeidh an teisteoir sásta freagra a thabhairt ar gach uile fhiafraí maidir le feidhmiú an airgid a íocfar isteach, nó an stoic a aistreofar, nó an urrúis a thaiscfear is cuí leis an mBreitheamh a dhéanamh nó a ordú.

7. Ar an gCláraitheoir Contae d'fháil na mionnscríbhinne sin déanfaidh sé meabhrán i dtaobh an lae ar comhdaíodh í a fhormhuiniú uirthi, agus nuair a bheidh an mhionnscríbhinn sin formhuinithe amhlaidh measfar chun gach críche gur comhdaíodh í mar a bheidh formhuinithe uirthi.

8. Aon duine a mbeidh an mhionnscríbhinn sin á comhdú aige féadfaidh sé deimhniú, arb é an teideal a bheidh air ná maidir leis an Acht faoina mbeidh an t-airgead le taisceadh, an stoc le haistriú, nó ant-urrús le taisceadh, agus leis an iontaobhas áirithe, a fháil ón gCláraitheoir Contae á dheimhniú gur comhdaíodh an mhionnscríbhinn.

9. I gcás airgid, féadfaidh an duine a mbeidh an mhionnscríbhinn sin á comhdú aige ionpháirteacht a fháil láithreach ón gCláraitheoir Contae agus an tsuim a thaisceadh sa Chúirt chun creidmheasa ar leithligh an iontaobhais áirithe. Air sin taifeadfaidh an Cláraitheoir Contae go bhfuarthas na cistí.

10. I gcás stoic, féadfaidh an duine a mbeidh an mhionnscríbhinn sin á comhdú aige, ar an deimhniú a luaitear sa riail leathdheireanach roimhe seo a fháil, an stoc a aistriú chun ainm an Chláraitheora Contae ar iontaobhas le freastal ar orduithe na Cúirte, agus déanfaidh sé láithreach an deimhniú aistrithe a fhágáil leis an gCláraitheoir Contae, agus déanfaidh seisean meabhrán i dtaobh an lae agus an ama a bhfuair sé é a fhormhuiniú air láithreach.

11. I gcás aon urrúis eile, féadfaidh an duine a mbeidh an mhionnscríbhinn á comhdú aige an t-urrús a thaisceadh láithreach leis angCláraitheoir Contae in ainm an Chláraitheora Contae ar iontaobhas le freastal ar orduithe na Cúirte, agus déanfaidh an Cláraitheoir Contae meabhrán i dtaobh an lae agus an ama ar taisceadh an t-urrús leis a fhormhuiniú láithreach ar an mionnscríbhinn.

12. Ar an bhfáil nó an deimhniú aistrithe a thaifeadadh, nó ar dheimhniú gur taisceadh urrús a thabhairt, cuirfidh an Cláraitheoir Contae taifead sa Leabhar Taifid cuí i dtaobh theideal an iontaobhais áirithe agus na suime airgid a íocadh, nó i dtaobh sonraí faoin stoc a aistríodh nó faoin urrús a taisceadh, agus i dtaobh ainmneacha agus sheoltaí na ndaoine a rinne an íocaíocht, an t-aistriú nó an taisceadh sin, agus i dtaobh ainmneacha na ndaoine go léir ar luadh sa mhionnscríbhinn go bhfuil leas acu san airgead nó sa stoc nó san urrús sin nó go bhfuil teideal acu chuige, nó atá á éileamh sin, agus i dtaobh sheoltaí agus thuairiscí na ndaoine sin mar a tugadh iad sa mhionnscríbhinn, agus déanfaidh sé fógra ina mbeidh sonraí faoin íocaíocht, faoin aistriú nó faoin taisceadh a chur láithreach leis an bpost chuig gach duine de na daoine sin is déanaí a luaitear ag an seoladh a tugadh sa mhionnscríbhinn.

13. Féadfaidh aon duine a bheidh i dteideal aon chistí sa Chúirt, nó a bheidh ag éileamh leas a bheith aige iontu, nó féadfaidh an t-iontaobhaí ar mian leis treorú na Cúirte a fháil maidir leis na cistí go léir nó le haon chuid díobh, nó maidir leis an ioncam go léir astu nó le haon chuid de, a infheistiú nó a íoc amach nó a dháileadh, Bille Sibhialta a eisiúint ina leagfar amach an t-iontaobhas áirithe ina mbeidh sé ag déanamh an iarratais, agus substaint an ordaithe a bheidh sé ag iarraidh a fháil, agus ina n-iarrfaidh sé ordú agus treorú na Cúirte maidir leis na cistí a íocadh isteach sa Chúirt amhlaidh agus le cearta gach duine chucu. Seirbheálfaidh an gearánaí sin cóip den Bhille Sibhialta ar gach duine a mbeidh leas aige sna cistí sin, nó a bheidh á éileamh nó ar léir leas a bheith aige iontu.

14. Más rud é go mbainfidh an Bille Sibhialta le caipiteal ciste a bheidh sa Chúirt, déanfar an t-iontaobhaí, agus gach duine a mbeidh leas aige sa chiste sin, a ainmniú sa Bhille Sibhialta mar dhaoine a mbeartófar an Bille Sibhialta a sheirbheáil orthu; agus más rud é nach mbainfidh an Bille Sibhialta ach le hioncam an chiste iontaobhais ní ainmneofar amhlaidh ach an t-iontaobhaí, mura n-ordóidh agus go dtí go n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.

15. Más rud é go mbainfidh duine ar bith leas as forálacha an Ordaithe seo gan leorchúis, féadfaidh an Breitheamh a ordú don duine sin a chostais féin a iompar, agus costais aon daoine eile a íoc, nó aon chuid de na costais sin faoi seach a iompar agus a íoc.