Ordú 51A

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 : I.R. Uimh. 388 de 2005

Ordú: 51A

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 : I.R. Uimh. 388 de 2005 

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim51A-I.R. Uimh. 410 De 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Tionóntachtaí Cónaithe) 2006


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004), 2005, is teideal dóibh, i ngníomh an 4ú lá de Lúnasa, 2005.

2. Déanfar an tOrdú dá dtagraítear sna Rialacha seo a chur leis na hOrduithe sin atá sna Rialacha Cúirte Cuarda, 2001, arna leasú, agus forléireofar é i dteannta na nOrduithe sin. 


ORDÚ

ORDÚ , Riail — An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

(AN tACHT UM THIONÓNTACHTAI CÓNAITHE 2004) (Uimh. 27 de 2004)

Riail a hAon

1. San Ordú seo, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (Uimh. 27 de 2004); déanfar ‘‘ordú cinnidh’’ a léiriú ag féachaint d’fhorálacha Alt 121 den Acht agus ciallaíonn ‘‘an Bord’’ an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha arna bhunú le hAlt 150 den Acht agus ciallóidh ‘‘an Chuaird’’ an Chuaird Cúirte Cuarda ina bhfuil nó ina raibh an tionóntacht nó an teaghais sin.

Riail a Dó

2. (1) Is i bhfoirm Foriarratais iar bhFógra, de réir Fhoirm 1 atá i gceangal leis an Ordú seo, fara cibé leasuithe is cuí, ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an tIarratasóir ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh a bheidh á lorg, a dhéanfar gach iarratas faoi Alt 124 den Acht, i bhfoirm éilimh chun orduithe cinnidh a fhorfheidhmiú, ón mBord nó ó pháirtí a bheidh luaite in ordú cinnidh agus beidh an t-ordú cinnidh bunaidh nó cóip dheimhnithe den chéanna, arna deimhniú ag an Iarratasóir gur cóip dhílis í den ordú cinnidh, i gceangal leis. Beidh Mionnscríbhinn forais, ina leagfar amach na fíorais ar a mbeifear ag seasamh san iarratas ar fhorfheidhmiú, mar thaca leis an bhForiarratas réamhluaite.

(2) Is sa Chuaird ina bhfuil nó ina raibh an tionóntacht nó an teaghais lena mbaineann a dhéanfar iarratais.

(3) Is trí fhógra faoi na himeachtaí (arb é an Fógra Foriarratais agus Mionnscríbhinní forais, más ann, é) a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais, a thabharfar fógra faoi gach iarratas don Fhreagróir / do na Freagróirí a bheidh i gceist, agus déanfar an fógra sin a sheirbheáil go pearsanta de réir fhorálacha na Rialacha seo, nó trí chóip dhílis den chéanna a fhágáil ag áit chónaithe nó áit ghnó an Fhreagróra nó trína cur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go háit chónaithe nó áit ghnó an Fhreagróra. Má tá ar intinn ag an bhFreagróir cur i gcoinne an iarratais agus nach é an Bord is Iarratasóir, déanfaidh an Freagróir fógra á rá gurb amhlaidh go bhfuil ar intinn aige nó aici cur i gcoinne an iarratais a thabhairt don Bhord tráth nach déanaí ná 5 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais agus déanfar an fógra sin a sheirbheáil trí chóip dhílis den chéanna a fhágáil ag oifigí cláraithe an Bhoird nó trína cur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go hoifigí cláraithe an Bhoird.

(4) Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is ar fhianaise mhionnscríbhinne, nó de réir mar a chinnfidh an Chúirt, a éistfear gach iarratas faoi Alt 124 den Acht.

Riail a Trí

3. (1) Is i bhfoirm Foriarratais iar bhFógra, ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an tIarratasóir ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh a bheidh á lorg, nó, i gcásanna práinne, trí Dhuillín Ex Parte, ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an tIarratasóir ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh a bheidh á lorg, a dhéanfar gach iarratas ar fhaoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach faoi Alt 189 den Acht. Beidh Mionnscríbhinn forais, ina leagfar amach na fíorais ar a mbeifear ag seasamh agus an faoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach a bheidh i gceist á lorg, mar thaca leis an bhFógra Foriarratais nó an Duillín Ex Parte réamhluaite.

(2) Is sa Chuaird ina bhfuil nó ina raibh an tionóntacht nó an teaghais lena mbaineann a dhéanfar iarratais.

(3) I gcás ina mbeidh iarratas á dhéanamh trí Fhógra Foriarratais, tabharfar fógra ceithre lá ar a laghad ina thaobh, agus déanfar an fógra sin a sheirbheáil go pearsanta de réir fhorálacha na Rialacha seo, nó trí chóip dhílis den chéanna a fhágáil ag áit chónaithe nó áit ghnó an Fhreagróra nó trína cur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go háit chónaithe nó áit ghnó an Fhreagróra.

(4) Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is ar fhianaise mhionnscríbhinne, nó de réir mar a chinnfidh an Chúirt, a éistfear gach iarratas faoi Alt 189 den Acht.

Riail a Ceathair

4. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais