Ordú 63

Triail a aistriú go dtí Cúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim63-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007


1. In aon Ordú a dhéanfaidh Breitheamh den Chúirt Chuarda de bhun Alt 31 d'Acht na gCúirteanna, 1981, ag déanamh triail duine a bheidh cúisithe i gcion indíotáilte a aistriú go dtí an Chúirt Chuarda ina suí di laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath, sonrófar an méid seo a leanas:—

(i) An Suí den Chúirt Chuarda laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath a mbeidh an cás aistrithe chuige;

(ii) Cibé acu i gcoimeád nó faoi bhannaí don chúisí;

(iii) Ainm agus seoladh Aturnae an chúisí, má tá Aturnae ag feidhmiú don chúisí.

2. Is san fhoirm atá leagtha amach i bhFoirm 39 de Sceideal na bhFoirmeacha a bheidh an tOrdú ón gCúirt Chuarda ag aistriú na trialach.

3. Más le linn Suí den Chúirt Chuarda laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath a dhéanfar an tOrdú ag aistriú na trialach, déanfar an cás a aistriú go dtí an Suí sin faoi réir Riail 4 den Ordú seo.

4. Más le linn an dá sheachtain deiridh de Shuí den Chúirt Chuarda laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath a dhéanfar an tOrdú ag aistriú na trialach, déanfar an triail a aistriú go dtí an chéad Suí eile den Chúirt Chuarda laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath.

5. Má dhéantar an tOrdú ag aistriú na trialach tráth nach mbeidh aon Suí den Chúirt Chuarda laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath, déanfar an triail a aistriú go dtí an chéad Suí eile den Chúirt Chuarda laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath.

6. I gcás ina ndéanfar Ordú den Chúirt Chuarda ag aistriú trialach déanfaidh an Cláraitheoir Contae, laistigh de 3 lá ó dháta déanta an ordaithe sin, an t-ordú sin agus gach doiciméad iomchuí a chur ar aghaidh go dtí an Cláraitheoir Contae do Chontae agus do Chathair Bhaile Átha Cliath.

7. Ní bheidh feidhm ag Ordú 67, Riail 16, maidir leis an Ordú seo