Ordú 61

Doiciméid a chur ar fáil de bhun alt 14 den Acht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas (na Comhphobail Eorpacha), 1998

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim61-I.R. Uimh. 597 De 2014: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Coinbhinsiún Lugano Agus Rialachán Cothabhála), 2014


1. I gcás breithiúnais nó ordaithe ón gCúirt Chuarda a mbeifear a iarraidh a fhorghníomhú i stát conarthach eile, tabharfaidh an Cláraitheoir Contae, ar iarraidh ó pháirtí leasmhar, cóip den ordú nó den fhoraithne agus den bhreithiúnas i scríbhinn (más ann) ón gCúirt, arna fíordheimhniú le Séala na Cúirte arna mhúnlú uirthi agus le síniú an Chláraitheora Contae, don pháirtí sin.

2. Is ar Mhionnscríbhinn chun an Chláraitheora Contae a dhéanfar iarratas ar dheimhniú de bhun Alt 14 (b) d'Acht 1998, ar Mionnscríbhinn í:

(a) a mbeidh teideal na n-imeachtaí a mbeidh forghníomhú áiarraidh ina leith mar theideal uirthi agus ar a mbeidh uimhir thaifeadta na n-imeachtaí,

(b) ina sonrófar cineál na n-imeachtaí,

(c) ina sonrófar an fhoráil nó na forálacha áirithe de Choinbhinsiún 1968 lenar ghabh an Chúirt dlínse uirthi féin,

(d) ina sonrófar an dáta a rachaidh an tréimhse ama in éag chun achomharc a thaisceadh i gcoinne an bhreithiúnais nó, más rud é go mbeidh sí dulta in éag, an dáta a ndeachaigh sí in éag,

(e) ina sonrófar ar taifeadadh fógra achomhairc i gcoinne an bhreithiúnais nó fógra iarratais chun an tréimhse ama chun achomharc a thionscnamh i gcoinne an bhreithiúnais a fhadú, nó in aon chás nach láithríonn an cosantóir, fógra chun an breithiúnas a chur ar ceal,

(f) ina sonrófar, más rud é gur breithiúnas chun suim airgid a íoc a bheidh sa bhreithiúnas, an ráta úis, más ann, is iníoctha ar an tsuim agus an dáta óna mbeidh ús iníoctha,

(g) ina n-áireofar, i gceangal léi, cóip dhílis dheimhnithe den Bhille Sibhialta nó den doiciméad tionscnaimh eile lenar tosaíodh na himeachtaí.

3. Is de réir Fhoirm 40 i Sceideal na bhFoirmeacha a bheidh an deimhniú a chuirfear ar fáil de bhun Alt 14 (b) d'Acht 1998 agus beidh sé sínithe ag an gCláraitheoir Contae agus beidh sé fíordheimhnithe le séala na Cúirte agus beidh cóip dhílis dheimhnithe den Bhille Sibhialta nó den doiciméad tionscnaimh eile lenar tosaíodh na himeachtaí i gceangal leis.

4. I gcás breithiúnais d'éagmais láithris, ina theannta sin, d'fhonn doiciméad arna dheimhniú faoi Alt 14 (c) d'Acht 1998 a iarraidh, foilseánfaidh an mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras le hiarratas faoi Riail 2 thuas cóip dhílis dheimhnithe den mhionnscríbhinn nó den doiciméad, maille le haon fhoilseán a bheidh ag gabháil léi nó leis, á shuíomh gur seirbheáladh fógra faoi imeachtaí a thionscnamh ar an duine a rinne an mhainneachtain agus deimhneoidh an Cláraitheoir Contae gur cóip dhílis den doiciméad ar ar sheas an Chúirt ar bhreithiúnas a thabhairt a bheidh sa doiciméad sin.