Order 67A

Imeachtaí a thaifeadadh : I.R. Uimh. 354 de 2008

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim67A-I.R. Uimh. 100 De 2013: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Imeachtaí A Thaifeadadh), 2013 
Uim67A-I.R. Uimh. 410 De 2014: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Soláthar Athscríbhinní Ar Éisteachtaí Pianbhreithe), 2014


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Imeachtaí a Thaifeadadh) 2008 is teideal díobh, i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair 2008.

2. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2008.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

...

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 67:

 

1. San Ordú seo,

ciallaíonn “taifead” taifead comhaimseartha ar na himeachtaí lena mbaineann arna dhéanamh ar aon mhodh amháin nó níos mó, lena n-áirítear na modhanna seo a leanas, gan teorannú—

(a) aon nóta luathscríbhinne nó nóta eile cibé acu a bheidh sé scríofa, clóscríofa nó clóite, agus

(b) aon fhuaimthaifeadadh nó taifeadadh eile is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste nó in amharcfhoirm agus a bheidh ceadaithe ag an gcúirt;

ciallaíonn “scríbhneoir scríbhinne” aon duine (lena n-áirítear comhlacht corpraithe atá ag gníomhú trína fhostaí nó trína chonraitheoir) arna cheapadh nó arna ceapadh ag an tSeirbhís Chúirteanna chun scríbhinn a dhéanamh den taifead.”

2. Faoi réir riail 3 agus riail 7 d’Ordú 58, ag triail nó ag éisteacht aon chúise nó aon chaingne, féadfaidh aon pháirtí, le cead ón gCúirt agus faoi réir agus de réir aon ordacháin ón gCúirt, taifead ar na himeachtaí a dhéanamh nó a chur faoi deara é a dhéanamh agus beidh na nithe seo a leanas sa taifead sin—

(a) an fhianaise ó bhéal;

(b) i gcás caingne arna triail ag Breitheamh agus ag giúiré, coimriú an Bhreithimh don ghiúiré agus na hordacháin a thabharfaidh sé nó sí don ghiúiré agus na haighneachtaí agus na foréilimh a cuireadh faoi bhráid an bhreithimh agus an rialú uaidh nó uaithi orthu;

(c) in aon chás arna thriail ag Breitheamh gan ghiúiré, breithiúnas an Bhreithimh (mura breithiúnas i scríbhinn é).

3. Déanfaidh duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag an tSeirbhís Chúirteanna an taifead ar aon imeachtaí coiriúla nó cuirfidh sé nó sí faoi deara é a dhéanamh agus beidh sa taifead sin na haighneachtaí go léir a rinne an t-abhcóide i gcúrsa na trialach lena n-áirítear óráidí oscailte agus dúnta don ghiúiré agus aon aighneachtaí arna ndéanamh mar mhaolú ar an bpianbhreith.

4. Ag éisteacht aon imeachtaí os comhair an Chláraitheora Contae, féadfaidh aon pháirtí, le cead ón gCláraitheoir Contae, agus faoi réir aon ordaithe nó ordacháin ón gCláraitheoir Contae, taifead ar na himeachtaí sa chás sin a dhéanamh nó a chur faoi deara é a dhéanamh agus beidh na nithe seo a leanas sa taifead sin—

(a) aon fhianaise ó bhéal;

(b) aon óráid nó aighneachtaí ón abhcóide nó ón aturnae;

(c) breithiúnas nó rialú an Chláraitheora Contae (mura breithiúnas nó rialú i scríbhinn é).

5. An páirtí a dhéanfaidh taifead i gcás dá dtagraítear i riail 2 nó i riail 4, nó a chuirfidh faoi deara é a dhéanamh, is é nó is í a íocfaidh an costas a ghabhann le táirgeadh an taifid agus, i gcás ina n-éilítear aon scríbhinn, an costas a ghabhann le táirgeadh na scríbhinne sin agus is é nó is í an páirtí sin a iompróidh an íocaíocht sin mura ndeimhneoidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae (de réir mar a bheidh) tar éis na trialach nó na héisteachta gurbh fhóirsteanach ina thuairim gur cheart na himeachtaí nó aon chuid díobh a bheith taifeadta amhlaidh, nó, de réir mar a bheidh, scríbhinn a bheith táirgthe. Má thugtar deimhniú den sórt sin, is cuid de na costais sa chúis an costas a d’eascair as an taifead lena mbaineann an deimhniú a dhéanamh (agus, i gcás ina bhfuil sé deimhnithe, aon chostas a d’éirigh as táirgeadh scríbhinne den taifead nó as an taifead).

6. Beidh cumhacht ag an mBreitheamh i gcúrsa na trialach nó na héisteachta nó ag deireadh na trialach nó na héisteachta a ordú go ndéanfar scríbhinn den taifead nó d’aon chuid den taifead a thabhairt dó ar chostas an phobail nó a thabhairt d’aon pháirtí a iarrfaidh sin ar chostas an pháirtí sin.

7. Mura rud é:

(a) go gceadaítear a mhalairt leis an Ordú seo agus dá réir, nó

(b) go gceadaíonn an Chúirt a mhalairt agus, sa chás sin, faoi réir agus de réir aon ordacháin ón gCúirt,

ní dhéanfaidh aon duine, seachas an tSeirbhís Chúirteanna nó duine a bheidh údaraithe aici thar a ceann, aon taifead ar imeachtaí ar shlí seachas le nótaí i scríbhinn nó i luathscríbhinn.”.