Ordú 32

Doiciméid a fhollasú agus a iniúchadh agus agarcheisteanna

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim32-I.R. Uimh. 122 De 2011: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Follasú) 2011


1. I gcás ina mbeidh iarraidh i scríbhinn ar fhollasú saorálach déanta ceithre lá dhéag ar a laghad roimh eisiúint an fhógra foriarratais agus nach mbeidh aon chomhaontú i scríbhinn chun follasú a dhéanamh sna téarmaí a iarradh faighte laistigh den tréimhse ama sin, féadfaidh aon pháirtí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte nó chun an Chláraitheora Contae, le fógra foriarratais a sheirbheálfar ceithre lá glan ar a laghad sula n-éistfear an céanna, ar ordú á ordú d'aon pháirtí eile in aon imeacht follasú faoi mhionn a dhéanamh ar na doiciméid atá nó a bhí ina sheilbh nó ina chumhacht agus a bhaineann le haon ábhar atá i gceist san imeacht. Ar an iarratas sin a éisteacht féadfaidh an Breitheamh diúltú dó nó é a chur ar atráth, más deimhin leis nach bhfuil gá leis an bhfollasú sin nó nach bhfuil gá leis ag an gcéim sin den imeacht, nó féadfaidh sé cibé ordú is cuí leis a dhéanamh, ar cibé téarmaí maidir leis an urrús i leith chostais an fhollasaithe nó eile is cuí leis, agus go ginearálta nó faoi theorainn aicmí áirithe doiciméad, de réir mar is cuí leis. Beidhan mhionnscríbhinn doiciméad sin de réir Fhoirm 31 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo.

2. Sa mhionnscríbhinn a bheidh le déanamh ag páirtí a mbeidh ordú den sórt a luaitear sa Riail deiridh roimhe seo déanta ina choinne, sonrófar cé acu de na doiciméid, más ann, a luaitear san ordú, a bhfuil sé ag cur i gcoinne a thabhairt ar aird, agus is san fhoirm atá i Sceideal na bhFoirmeacha a ghabhann leis na hOrduithe seo, fara cibé athruithe is gá sna himthosca, a bheidh an mhionnscríbhinn.

3. Is dleathach don Bhreitheamh tráth ar bith le linn aon chúis nó ábhar a bheith ar feitheamh a ordú d'aon pháirtí sa chéanna cibé cinn is ceart leis an mBreitheamh de na doiciméid a bheidh ina sheilbh nó ina chumhacht, agus a bhainfidh le haon ábhar a bheidh i gceist sa chúis nó san ábhar sin, a thabhairt ar aird, faoi mhionn; agus féadfaidh an Breitheamh déileáil leis na doiciméid sin, nuair a thabharfar ar aird iad, i cibé slí is cóir leis.

4. Beidh gach páirtí i gcúis nó in ábhar i dteideal, tráth ar bith, le fógra i scríbhinn, fógra a thabhairt d'aon pháirtí a bhfuil tagairt déanta d'aon doiciméad ina phléadáil nó ina mhionnscríbhinn, chun an doiciméad sin a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an bpáirtí a mbeidh an fógra sin á thabhairt aige, nó ag a Aturnae, agus chun a cheadú dó nó dóibh cóipeanna a dhéanamh de; agus aon pháirtí nach gcomhlíonfaidh an fógra sin ní bheidh de chead aige ina dhiaidh sin aon doiciméad den sórt sin a chur i bhfianaise thar a cheann féin, mura ndeimhneoidh sé don Bhreitheamh nach mbaineann an doiciméad sin ach lena theideal féin, agus eisean ina chosantóir sa chúis nó san ábhar, nó go raibh cúis nó leithscéal éigin eile aige is leor leis an mBreitheamh chun gan an fógra sin a chomhlíonadh; agus sa chás sin féadfaidh an Breitheamh a cheadú an doiciméad sin a chur i bhfianaise ar cibé téarmaí is cuí leis maidir le costais agus eile.

5. Mura dtabharfaidh na páirtithe a mbeidh fógra faoi Riail 4 seirbheáilte orthu fógra i dtaobh an ama chun na doiciméid a iniúchadh, nó má chuireann siad i gcoinne cead a thabhairt chun iniúchadh a dhéanamh, féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae, ar iarratas ón bpáirtí arb in é a mhian, ordú a dhéanamh chun an t-iniúchadh a dhéanamh cibé am agus áit agus i cibé slí is ceart leis. Is le foriarratas iar bhfógra a sheirbheálfar tráth nach déanaí ná ceithre lá glan sula n-éistfear an céanna a dhéanfar an t-iarratas sin agus bunófar é ar mhionnscríbhinn ina dtaispeánfar cad iad na doiciméid a n-iarrtar iad a iniúchadh agus go bhfuil siad i seilbh nó i gcumhacht an pháirtí eile.

6. Má mhainníonn aon pháirtí déanamh de réir aon ordaithe chun doiciméid a fhollasú nó a iniúchadh, dlífear a chaingean a dhíbhe d'uireasa í a thabhairt ar aghaidh, agus, más cosantóir é, dlífear a chosaint, más ann, a scriosadh amach, agus é a chur sa chás céanna ina mbeadh sé dá mba rud é nach ndearna sé cosaint.

7. I ngach cúis nó ábhar déanfar, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, costais an fhollasaithe a cheadú, mar chuid de chostais pháirtí iarrtha an fhollasaithe, amhail idir páirtí agus páirtí nó idir aturnae agus cliant, i gcás an follasú sin a bheith deimhnithe ag an mBreitheamh, agus sa chás sin amháin.

8. Beidh feidhm ag an Ordú seo maidir le naíonghearánaithe agus naíonchosantóirí, agus maidir lena neaschairde agus lena gcaomhnóirí ad litem.

9. Aon duine nach páirtí sa chúis nó sa chaingean a bheidh os comhair na Cúirte agus a dhealróidh don Chúirt nó don Chláraitheoir Contae gur dócha go bhfuil nó go raibh ina sheilbh, ina choimeád nó ina chumhacht aon doiciméid is iomchuí maidir le saincheist ag éirí nó ar dóigh di éirí as an gcúis nó as an gcaingean nó a bheidh, nó ar dóigh dó a bheith, in ann fianaise is iomchuí maidir le haon saincheist den sórt sin a thabhairt féadfar, le cead ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae, ar iarratas ó aon pháirtí sa chúis nó sa chaingean sin, a ordú dó le hordú ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae na hagarcheisteanna sin a fhreagairt nó follasú a dhéanamh ar na doiciméid sin nó iniúchadh na ndoiciméad sin a cheadú ar choinníoll, sula n-eiseofar an fógra foriarratais sin, go n-iarrfar go ndéanfaí an follasú sin go saorálach de réir fhorálacha Riail 1 den Ordú seo, agus go ndéanfar an iarraidh ar fhollasú saorálach chuig an duine a mbeidh follasú á iarraidh ina choinne agus chuig na páirtithe eile sna himeachtaí. Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha an Ordaithe seo amhail is dá mbeadh an tOrdú sin ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae dírithe ar pháirtí sa chúis nó sa chaingean sin ar choinníoll i gcónaí go ndéanfaidh an páirtí a mbeidh an t-ordú sin á iarraidh aige an duine sin a shlánú i leith na gcostas go léir a thabhóidh an duine sin le réasún dá chionn sin agus measfar gur costais an pháirtí sin sna himeachtaí na costais sin a iompróidh an páirtí sin.