Ordú 58

An tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Achainíocha agus Dícháilíochtaí), 1974 (Uimh. 8 de 1974)

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim58-I.R. Uimh. 354 De 2008: Na Rialacha Cúirte Cúarda (Imeachtaí A Thaifeadadh) 2008
Uim58-I.R. Uimh. 85 De 2016


1. San Ordú seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Achainíocha agus Dícháilíochtaí), 1974 (Uimh. 8 de 1974). Tá le “Toghchán Áitiúil” an bhrí a shanntar dó le hAlt 1(1) den Acht.

2. Is trí Bhille Sibhialta, ar Bille Sibhialta Toghcháin é, de réir Fhoirm 2M de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is gá, a thosófar achainí sa Chúirt chun toghchán áitiúil a thabhairt faoi cheist, agus comhlíonfaidh an achainí forálacha an Achta, lena n-áirítear Ailt 3 go 6 den Acht. Is sa Chontae ina mbeidh príomhoifig an Údaráis Áitiúil lena mbainfidh an achainí sin a dhéanfar an achainí.

3. Is é an gearánaí a bheidh ina Achainíoch agus is iad na daoine go léir a mbeidh cóip den Bhille Sibhialta seirbheáilte orthu de bhun Alt 4(1) den Acht a bheidh ina gcosantóirí.

4. Is de réir fhorálacha Alt 26 den Acht a sheirbheálfar gach Bille Sibhialta Toghcháin agus beidh sé faoi réir na Rialacha céanna maidir le comhdú is a bhaineann le gach catagóir eile Bille Shibhialta.

5. Laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta a sheirbheáil, déanfaidh gach cosantóir/freagróir Láithreas a thaifeadadh agus, laistigh de dheich lá eile, déanfaidh sé Cosaint de réir Fhoirm 6A de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is gá, a sheirbheáil ar an ngearánaí/achainíoch agus í a chomhdú san oifig.

6. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt is trí fhianaise béil a thriailfear gach imeacht faoin Acht.

7. Ceapfaidh an Chúirt duine chun freastal ar éisteacht gach imeachta agus, más gá, chun tuarascáil a dhéanamh, agus tabharfar an luathscríbhneoir oifigiúil ar an duine sin.

8. Is i bhfoirm Cáis Shonraithe a dhéanfar gach achomharc ar cheist dlí chun na Cúirte Uachtaraí de bhua fhorálacha Fho-alt 3 d'Alt 7 den Acht. Aon pháirtí ar mian leis achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ní foláir dó Fógra go bhFuil ar Intinn achomharc a dhéanamh a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an ordaithe a mbeidh sé ag déanamh achomhairc ina choinne. Beidh an fógra sin de réir Fhoirm 38A de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is gá.

9. Is de réir Fhoirm 38B de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is gá, a bheidh gach achomharc i bhfoirm cáis shonraithe.

10. Is é an t-achomharcóir a ullmhóidh gach achomharc i bhfoirm cáis shonraithe, agus is é Breitheamh na trialach a shocróidh é tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe go léir sna himeachtaí agus beidh ann:—

(a) Achoimre ar fhíorais iomchuí na n-imeachtaí.

(b) Forais an achomhairc.

11. Déanfar de réir Rialacha na nUaschúirteanna a bhaineann le seirbheáil agus taifeadadh achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí (atá in Ordú 58 de na Rialacha sin) agus beidh feidhm acu maidir le seirbheáil agus taifeadadh gach achomhairc i bhfoirm cáis shonraithe san Ordú seo.

12. (1) Ar éisteacht na n-imeachtaí a bheith críochnaithe, síneoidh an luathscríbhneoir oifigiúil an nóta luathscríbhinne a bheidh déanta aige agus deimhneoidh sé an céanna a bheith iomlán agus cruinn.

(2) Ar iarratas ón gCláraitheoir Contae tabharfaidh an luathscríbhneoir oifigiúil tuarascáil dó arb é a bheidh inti an nóta luathscríbhinne bunaidh agus scríbhinn d'iomlán an nóta sin nó de cibé cuid de a bheidh ag teastáil.

(3) Déanfar an scríbhinn a chlóscríobh agus déanfaidh an duine a chlóscríobhfaidh í, cibé acu is é an luathscríbhneoir oifigiúil é nó duine éigin eile, a dheimhniú gur scríbhinn iomlán agus cruinn í d'iomlán an nóta luathscríbhinne arna dhéanamh ag an luathscríbhneoir oifigiúil nó de cibé cuid de a bheidh ag teastáil.

(4) Beidh i dtuarascáil an luathscríbhneora oifigiúil an fhianaise, aon agóid a bheidh déanta i gcúrsa na fianaise sin, agus breithiúnas an Bhreithimh ach, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, ní bheidh aon chuid d'óráidí an Aturnae nó an Abhcóide san áireamh inti.

(5) Féadfaidh aon pháirtí a mbeidh leas aige in achomharc cóip den scríbhinn, arna hullmhú chun críocha an achomhairc, a fháil ón gCláraitheoir Contae ar na táillí cuí a íoc.

13. Is i bhfoirm cáis shonraithe chomhairligh a dhéanfar gach iarratas ar thuairim na Cúirte Uachtaraí ar aon cheist dlí a éireoidh i dtriail chaingne de bhua fhorálacha Fho-alt 1 d'Alt 23 den Acht.

14. Beidh gach cás sonraithe comhairleach de réir Fhoirm 38C deSceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is gá.

15. Maidir le gach cás sonraithe comhairleach, is é an páirtí a mbeidh an céanna á iarraidh aige, nó an páirtí a ainmneoidh Breitheamh na trialach, a ullmhóidh é agus is é Breitheamh na trialach, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe go léir sna himeachtaí, a shocróidh é agus beidh ann:

(a) Achoimre ar fhíorais iomchuí na n-imeachtaí.

(b) An cheist dlí a d'éirigh sa triail agus a mbeidh tuairim na Cúirte Uachtaraí á lorg ina taobh.

16. Déanfar de réir Rialacha na nUaschúirteanna a bhaineann le cásanna sonraithe chun na Cúirte Uachtaraí, atá i Riail 2(2) d'Ordú 59 de na Rialacha sin, agus beidh feidhm acu maidir le gach cás sonraithe comhairleach san Ordú seo.

17. (1) Is trí Fhógra Foriarratais de réir Fhoirm 38D de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is gá, a dhéanfar gach iarratas chun na Cúirte ar chead chun Bille Sibhialta Toghcháin a tharraingt siar agus comhlíonfaidh sé forálacha an Achta, lena n-áirítear Ailt 9 go 12 den Acht.

(2) Déanfar cóipeanna den dá nuachtán a mbeidh an fógra go bhfuil ar intinn cead a iarraidh ar an gCúirt chun an Bille Sibhialta Toghcháin a tharraingt siar curtha isteach iontu, de réir fhorálacha Fho-alt 3 d'Alt 9 den Acht, a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae díreach ar an gcéanna a eisiúint.

18. Féadfar Iarratas chun na Cúirte faoi Fho-alt (3) d'Alt 13 den Acht a dhéanamh ex parte.

19. I ngach imeacht lena mbainfidh an tOrdú seo, féadfaidh an Breitheamh gach Ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh maidir le costais, ag féachaint d'fhorálacha Ailt 21 agus 22 den Acht.