Ordú 49

Ceadúnais deochanna meisciúla

1. Déanfar gach iarratas i leith ceadúnais Máil chun deochanna meisciúla a dhíol ag na Suíonna den Chúirt a bheidh ar bun sa bhaile mór is gaire don áitreabh lena mbainfidh an t-iarratas, agus sa chontae ina mbeidh an t-áitreabh sin.

2. Sula ndéanfar gach iarratas den sórt sin, tabharfar fógra arna shíniú ag an iarratasóir ina ndéarfar go bhfuil ar intinn aige iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar dheimhniú chun a chumasú dó ceadúnas máil a fháil chun deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól ar an áitreabh, agus ina leagfar amach suíomh agus ionad an áitribh, i leith an bhóthair nó an mhórbhealaigh ar a bhfuil sé nó a bhfuil sé lena ais, chomh maith, nó thairis sin ina sonrófar i slí fhíor shonrach an baile, an baile fearainn, agus, más i gcathair nó i mbaile mór dó, an tsráid, an chearnóg, an lána, nó an cineál eile áite, mar aon le huimhir an áitribh sin, má tá uimhir ar an áitreabh, agus freisin áit chónaithe an duine sin, agus thairis sin ina luafar an Suí den Chúirt ag a mbeidh an t-iarratas le déanamh. Nuair a bheidh an t-iarratas sin á éisteacht, déanfaidh an t-iarratasóir léarscáil nó plean ar a mbeidh an t-áitreabh is ábhar don iarratas laistigh de líne dhearg, leis an limistéar a bheidh le ceadúnú línithe go soiléir, a thabhairt ar aird don Chúirt.

3. Luafar ar cheann gach fógra den sórt sin an tAcht agus an tAlt den Acht a mbeidh sé beartaithe an t-iarratas a dhéanamh faoi.

4. Seirbheálfar an fógra sin:—

(i) ar an Oifigeach i gceannas Gharda Síochána an Cheantair (a) ina mbeidh cónaí ar an iarratasóir, agus, (b) ina mbeidh ant-áitreabh;

(ii) ar an mBreitheamh den Chúirt Dúiche ar ina dhúiche a bheidh an t-áitreabh;

(iii) ar an gCláraitheoir Contae don Chontae ina mbeidh an t-áitreabh; agus

(iv) ar an Údarás Dóiteáin.

5. Ach amháin i gCuaird Bhaile Átha Cliath, seirbheálfar an fógra sin lá is fiche ar a laghad roimh an lá ar a mbeidh an t-iarratas le déanamh. I gCuaird Bhaile Átha Cliath, seirbheálfar an fógra sin lá is fiche ar a laghad roimh an lá a mbeidh sé beartaithe an t-iarratas sin a dhéanamh, agus oibreoidh sé chun an t-iarratas a chur síos lena éisteacht aon lá tar éis éag don tréimhse ama sin ar a dtiocfaidh an t-iarratas sin ar aghaidh lena éisteacht de réir a oird sa liosta.

6. (a) Ní bhainfidh an riail seo le Cuaird Bhaile Átha Cliath; déanfar, 21 lá ar a laghad roimh an lá a mbeidh an t-iarratas le déanamh, an fógra sin a fhoilsiú i nuachtán a léitear san áit ina mbeidh an t-áitreabh sin, agus taiscfear cóip den nuachtán sin leis an gCláraitheoir Contae díreach ar é a eisiúint.

(b) Ní bhainfidh an riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath; déanfar an fógra sin a fhoilsiú agus a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae sa tslí chéanna is a fhoráiltear thuas i gcás na gCuarda eile, ach déanfar an foilsiú sin 21 lá ar a laghad roimh an dáta a luafar san fhógra sin gurb é an dáta é ar a mbeidh sé beartaithe an t-iarratas a dhéanamh.

7. Comhdóidh an Cláraitheoir Contae gach fógra a sheirbheálfar air, mar aon leis na fógráin sna nuachtáin go léir a thaiscfear leis, i ndáil le hiarratais den sórt sin.