Ordú 70

An tAcht um Barántas Gabhála Eorpach 2003 : I.R. Uimh. 57 de 2005

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim70-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007


1. Leasaítear leis seo na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an Ordú seo a leanas a chur isteach:
‘‘An tAcht um Barántas Gabhála Eorpach 2003

I. Réamhráiteach

1. (1) San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘Acht 2003’’ an tAcht um Barántas Gabhála Eorpach 2003;

ciallaíonn ‘‘Creat-Chinneadh’’ Creat-Chinneadh an 13ú Meitheamh 2002 ón gComhairle maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus leis na nósanna imeachta tabhartha suas idir Ballstáit, a bhfuil an téacs de leagtha amach sa Sceideal a ghabhann le hAcht 2003.

2. (1) Faoi réir fho-riail 2, is ina iarratas ex parte,a mbeidh mionnscríbhinn ó dhuine a bheidh údaraithe go cuí thar ceann an iarratasóra mar fhoras leis, a dhéanfar iarratas faoi alt 33(1) d’Acht 2003 ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó thar ceann an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, chun na Cúirte chun barántas gabhála Eorpach a eisiúint i leith duine. A mhéid is indéanta, is san fhoirm atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCreat-Chinneadh a bheidh barántas gabhála Eorpach a eiseofar de bhun an iarratais sin, agus beidh sa bharántas sin an fhaisnéis atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin, mar aon le cibé faisnéis a cheanglaítear le halt 33(2) d’Acht 2003 nó, i gcás nach mbeidh sé indéanta an barántas gabhála Eorpach a bheith san fhoirm sin, beidh sa bharántas sin an fhaisnéis atá leagtha amach in alt 33(3) d’Acht 2003.

(2) I gcásanna práinne, féadfaidh an Chúirt iarratas faoi alt 33(1) d’Acht 2003 a éisteacht trí fhianaise béil nó i cibé slí a chinnfidh an Chúirt.’’

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 3ú lá de Mhárta, 2005.

3. Déanfar na rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001, arna leasú, agus is é na Rialacha Cúirte Cuarda (An tAcht um Barántas Gabhála Eorpach 2003) 2005 is teideal dóibh.