Ordú 17

Sonraí agus sonraí breise in éileamh nó i gcosaint

1. I ngach imeacht chun fiacha leabhair nó fiacha siopa, nó cuntais reatha eile, a ghnóthú, déanfaidh an gearánaí sonraí iomlána i dtaobh a éilimh a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnach sula seirbheálfar an Bille Sibhialta nó tráth seirbheála an Bhille Shibhialta.

2. Féadfaidh cosantóir, tráth ar bith tar éis Bille Sibhialta a sheirbheáil air agus sula seachadfar Cosaint, nó féadfaidh gearánaí tráth ar bith tar éis Cosaint nó Frithéileamh a sheachadadh, cóipeanna de na cuntais nó de na doiciméid go léir, nó d'aon chuntas nó doiciméad, is foras don Chaingean nó don Chosaint nó don Fhrithéileamh a iarraidh trí fhógra i scríbhinn ar an bpáirtí eile, agus seachadfar na cóipeanna sin laistigh de sheacht lá tar éis an fógra sin a fháil ar na gnáth-tháillí scríobhaíochta a íoc. Beidh an iarraidh sin de réir Fhoirm 7 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí.

Ar fhógra i scríbhinn a bheith tugtha, tabharfaidh an páirtí a bheidh ag seachadadh na gcóipeanna sin cead láithreach don pháirtí eile na cóipeanna bunaidh de cibé cuntais nó doiciméid a bheidh ina sheilbh, nó ar fáil aige, a iniúchadh.

3. Féadfaidh aon pháirtí in imeacht a cheangal freisin, an tráth a shonraítear sa Riail deiridh roimhe seo, ar an bpáirtí eile trí fhógra i scríbhinn cibé faisnéis bhreise a thabhairt is gá le réasún maidir le haon nithe sonraithe a eascróidh as an éileamh i mBille Sibhialta nó as an gCosaint agus as an bhFrithéileamh. Beidh an iarraidh sin de réir Fhoirm 8 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí.

4. I ngach cás, féadfar ráiteas breise agus níos fearr i dtaobh chineál an Éilimh nó na Cosanta nó an Fhrithéilimh, nó sonraí breise agus níos fearr i dtaobh aon ní a bheidh luaite in aon phléadáil, fógra, nó imeacht scríofa inar gá sonraí, a ordú ar cibé téarmaí is cóir maidir le costais agus eile, agus féadfaidh an Breitheamh, mura ndéanfar an t-ordú sin a chomhlíonadh, a ordú an tÉileamh nó an Frithéileamh a bhac nó a dhíbhe, nó an Chosaint a scriosadh amach.

5. An páirtí ar ar a thionscnamh a bheidh sonraí seachadta faoi Ordú ón gCúirt beidh aige, mura bhforáiltear a mhalairt leis an Ordú, an fad céanna ama le haghaidh pléadála tar éis na sonraí a sheachadadh is a bhí aige ar dháta seirbheála an fhógra i dtaobh an iarratais. Ach amháin mar a fhoráiltear sna Rialacha seo, ní oibreoidh ordú le haghaidh sonraí mar bhac ar imeachtaí, ná ní thabharfaidh sé aon fhadú ama, mura bhforáiltear a mhalairt leis an ordú.

6. Más rud é, i dtuairim na Cúirte, nach mbeidh dóthain sonraí tugtha ag aon pháirtí in aon phléadáil, fógra, nó imeacht scríofa inar gá sonraí, féadfaidh an Chúirt na costais uile nó cuid de na costais i leith na pléadála, an fhógra nó an imeachta scríofa sin a dhícheadú don pháirtí sin, agus, i dteannta nó in ionad an dícheadaithe sin, féadfaidh sí na costais agus na caiteachais a bheidh arna dtabhú de dhroim na neamhdhóthanachta sin a dhámhachtain i gcoinne an pháirtí sin.