Ordú 38

Fiacha a astú trí ghairnisí

1. Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ex parte ó aon duine a fuair breithiúnas nó ordú chun airgead a ghnóthú nó a íoc leis, cibé acu sula ndéanfar aon cheistiú ó bhéal ar an bhféichiúnaí a bheidh faoi dhliteanas faoin mbreithiúnas nó faoin ordú sin nó tar éis an cheistithe sin, agus ar mhionnscríbhinn ón duine féin nó óna Aturnae, á rá gur gnóthaíodh an breithiúnas nó go ndearnadh an t-ordú agus go bhfuil sé gan sásamh fós, agus a mhéid atá sé gan sásamh, agus go bhfuil aon duine eile i bhfiacha ag an bhféichiúnaí sin agus go bhfuil an duine sin laistigh den dlínse, a ordú go ndéanfar na fiacha go léir a bheidh dlite nó ag fabhrú ón tríú duine sin (dá ngairtear an gairnisí anseo feasta) don fhéichiúnaí sin a astú chun freagairt don bhreithiúnas nó don ordú; agus féadfar a ordú leis an ordú céanna nó le haon ordú ina dhiaidh sin go láithreoidh an gairnisí os comhair na Cúirte chun cúis a shuíomh le nach ceart gon-íocfadh sé leis an duine a fuair an breithiúnas nó an t-ordú sin an fiach a bheidh dlite uaidh don fhéichiúnaí sin, nó an méid de is leor chun an breithiúnas nó an t-ordú a shásamh.

Sa riail seo folóidh “aon duine eile” gnólacht, a mbeidh cónaí ar aon chomhalta de laistigh den dlínse, agus féadfar ordú gairnisí a dhéanamh i gcoinne aon ghnólachta in ainm an ghnólachta; agus is láithriú dóthanach ag an ngnólacht é aon láithriú a dhéanfaidh aon chomhalta a bheidh in alt na huaire laistigh den dlínse de bhun aon ordaithe a dhéanfar faoin riail seo.

2. Beidh seirbheáil ordaithe den sórt sin ar an ngairnisí, nó fógra ina thaobh a thabharfar dó i cibé slí a ordóidh an Chúirt, ina ceangal ar na fiacha sin ina lámha.

3. Mura n-íocfaidh an gairnisí isteach sa Chúirt láithreach an tsuim a bheidh dlite uaidh don fhéichiúnaí a bheidh faoi dhliteanas faoi bhreithiúnas nó faoi ordú, nó suim is comhionann le méid an bhreithiúnais nó an ordaithe, agus nach ndíospóidfidh sé an fiach a bheidh dlite uaidh, nó a éilítear a bheith dlite uaidh, don fhéichiúnaí sin, nó mura láithreoidh sé, ansin féadfaidh an Breitheamh a ordú go n-eiseofar forghníomhú, agus féadfar é a eisiúint dá réir sin, gan aon fhógra roimh ré, chun an tsuim a bheidh dlite ón ngairnisí sin a thobhach, nó cibé méid di is leor chun an breithiúnas nó an t-ordú a shásamh, mar aon le costais nan-imeachtaí gairnisí.

4. Má dhíospóideann an gairnisí a dhliteanas, féadfaidh an Breitheamh, in ionad ordú a dhéanamh go n-eiseofar forghníomhú, a ordú go ndéanfar aon saincheist nó ceist is gá chun a dhliteanas a chinneadh a thriail nó a chinneadh in aon slí ina bhféadfar aon saincheist nó ceisteanna i gcaingean a thriail nó a chinneadh.

5. Aon uair a mhaífidh an gairnisí, in imeachtaí chun astú fiach a fháil, gur le tríú duine éigin an fiach a n-iarrtar é a astú, nó go bhfuil lian nó muirear ag aon tríú duine air, féadfaidh an Breitheamh a ordú don tríú duine sin láithriú agus a rá cén cineál éilimh atá aige ar an bhfiach sin agus sonraí an éilimh sin a lua.

6. Tar éis dó aon tríú duine a éisteacht faoi ordú den sórt a luaitear i Riail 5, mar aon le haon duine eile a n-ordóidh an Chúirt dó láithriú, leis an ordú céanna nó le haon ordú ina dhiaidh sin, nó i gcás nach láithreoidh an tríú duine sin nuair a ordófar dó sin a dhéanamh, féadfaidh an Breitheamh a ordú go n-eiseofar forghníomhú chun an tsuim a bheidh dlite ón ngairnisí sin a thobhach, nó cibé méid di is leor chun an breithiúnas nó an t-ordú a shásamh, mar aon le costais na n-imeachtaí gairnisí, agus costais aon saincheiste nó ceiste a bheidh le triail nó le cinneadh de réir na Rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, agus féadfaidh sé éileamh an tríú duine sin a urchosc, nó cibé ordú eile a dhéanamh is oiriúnach leis an mBreitheamh, ar cibé téarmaí, i ngach cás, maidir le lian nó muirear (más ann) an tríú duine sin, agus maidir le costais, is dóigh leis a bheith cóir.

7. Beidh íocaíocht a dhéanfaidh an gairnisí, nó forghníomhú a thoibheofar air, faoi aon imeacht den sórt sin a dúradh ina hurscaoileadh nó ina urscaoileadh bailí dó, i leith na suime a íocadh nó a toibhíodh, amhail i gcoinne an fhéichiúnaí a bheidh faoi dhliteanas faoi bhreithiúnas nó ordú, cé go bhféadfar an t-imeacht sin a chur ar ceal nó an breithiúnas nó an t-ordú a fhreaschur.

8. Coimeádfaidh an Cláraitheoir Contae leabhar astaithe fiach; agus taifeadfar sa leabhar sin an t-astú agus na himeachtaí ina leith, mar aon le hainmneacha, dátaí, agus ráitis i dtaobh an mhéid a ghnóthófar, agus eile; agus féadfaidh duine ar bith, ar iarratas a dhéanamh chun an Chláraitheora Contae, cóipeanna a thógáil d'aon taifid a dhéanfar ann.

9. Is faoi rogha an Bhreithimh a bheidh costais aon iarratais chun fiacha a astú, agus costais aon imeachtaí a éireoidh as an iarratas sin nó a ghabhfaidh leis, agus maidir le costais an chreidiúnaí breithiúnais, mura n-ordófar a mhalairt, déanfar iad a choinneáil as an airgead a bheidh gnóthaithe aige faoin ordú gairnisí i dtosaíocht ar mhéid an fhéich breithiúnais.

10. Más rud é go suífear gur i leith tuarastail nó pá a dhlitear an tsuim a astaíodh agus gur deimhin leis an mBreitheamh, dá n-astófaí an tsuim sin, go hiomlán nó go páirteach, nach mbeadh leorshuim fágtha ag an bhféichiúnaí breithiúnais chun é féin agus na daoine atá i gcleithiúnas air a chothabháil, féadfar an t-ordú a chur ar ceal, nó é a athrú ionas nach mbainfidh sé ach le hiarmhéid an phá nó an tuarastail sin tar éis suim a asbhaint is dóigh leis an mBreitheamh is leor chun an féichiúnaí agus a chleithiúnaithe a chothabháil.

11. Tar éis suim a bheith astaithe i lámha gairnisí, féadfaidh an féichiúnaí, má tá cúis mhaith dhóthanach aige chun sin a dhéanamh, a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú gairnisí a urscaoileadh, agus féadfaidh an Breitheamh an t-ordú sin a athrú nó a urscaoileadh má mheasann sé gur suíodh an chúis sin.