Ordú 19

Iarratais taoibhe

  1. Ar na doiciméid chuí a thaisceadh agus na táillí forordaithe a íoc, féadfar iarratas a dhéanamh san Oifig de réir Fhoirm 26 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo i leith na nithe seo a leanas, agus féadfaidh an Cláraitheoir Contae orduithe a dhéanamh ar an gcéanna:—
  1. for the appointment of a guardian ad litem of a child;
    (Order 19 rule 1  paragraph i, substituted by SI 201 of 2023, translation not yet available.)
  2. chun go rachaidh gearánaí, ba mhionaoiseach le déanaí, ar aghaidh ina ainm féin;
  3. chun dul ar aghaidh, d'ainneoin páirtí a bheith tar éis bháis, ar a cheart a bheith ar marthain;
  4. chun ordú coinníollach a dhaingniú ar dheimhniú nár suíodh aon chúis;
  5. chun a mheas gur seirbheáil leormhaith í seirbheáil Bille Shibhialta nó doiciméid tionscnaimh eile faoi Ordú 11, Riail 13;
  6. chun a cheadú Bille Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile a sheirbheáil lasmuigh den dlínse, de bhun Ordú 13;
  7. chun airgead a bheidh taiscthe chun creidmheasa mionaoisigh a íoc amach as an gCúirt ar é do theacht i lán-aois;
  8. chun earráidí cléireachais nó earráidí in ainmneacha páirtithe in aon imeachtaí a cheartú, cibé acu is le toiliú a cheartaítear iad nó nach ea, ach sin faoi réir athsheirbheáil a dhéanamh nuair nach le toiliú a cheartaítear iad;
  9. chun Bille Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile a athnuachan, dá bhforáiltear in Ordú 12 de na Rialacha seo;
  10. chun dul ar aghaidh i gcoinne cosantóra, ba naíon le déanaí, ar aois iomlán a bheith slánaithe aige nó aici;
  11. chun dul ar aghaidh trí Ard-Aighne nua nó ina choinne nó ina coinne;
  12. go soláthróidh páirtí cíosrolla;
  13. go n-íocfaidh tionóntaí a gcíosanna le glacadóir, le forghabhálaí, le caomhnóir nó le riarthóir pendente lite;
  14. go ndéanfaidh daoine atá i bhfiacha ag eastát pearsanta na suimeanna atá dlite díobh a íoc le glacadóir nó le riarthóir pendente lite;
  15. ar urghaire do Shirriam chun ceannaitheoir a chur i seilbh i gcás Cláraitheora Contae a bheidh sannta do na hoifigí Cúirte Cuarda do chontaetha Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí;
  16. ar urghaire do Shirriam chun tionónta a chur i seilbh i gcás Cláraitheora Contae a bheidh sannta do na hoifigí Cúirte Cuarda do chontaetha Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí;
  17. chun díol a dhaingniú go hiomlán;
  18. chun toiliú a ghlacadh agus Riail Chúirte a dhéanamh de i gcás na páirtithe a bheith sui juris;
  19. chun ordú coinníollach a dhaingniú ar dheimhniú nár suíodh aon chúis, agus chun ordú a dhéanamh á ordú cibé costais (más ann) a forchoimeádadh tráth déanta an ordaithe choinníollaigh a íoc;
  20. ar bhreithiúnas eisealbhaithe ar shéanadh;
  21. chun dul ar aghaidh, comhréiteach as an áireamh.