Ordú 66

Costais

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim66-I.R. Uimh. 353 De 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Costais) 2008
Uim66-I.R. Uimh. 251 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ilghnéitheach) 2009
Uim66-I.R. Uimh. 486 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Clúmhilleadh) 2009
No66-S.I. No. 155 Of 2010: Circuit Court Rules (Land And Conveyancing Law Reform Act 2009) 2010
Uim66-I.R. Uimh. 444 De 2010: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Costais) 2010
Uim66-I.R. Uimh. 11 De 2018


1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le Reacht nó leis na Rialacha seo, beidh sé faoina rogha ag an mBreitheamh nó ag an gCláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh, costais aon pháirtí in aon imeacht sa Chúirt a dheonú nó a choimeád siar.

2. Beidh ar áireamh i ndámhachtain chostas nó chaiteachas a dhéanfar i ndáil le haon imeachtaí sa Chúirt aon suim is iníoctha i bhfoirm cánach breisluacha ar na costais nó na caiteachais sin ag an bpáirtí ar ina fhabhar a dhéanfar dámhachtain den sórt sin i gcás ina suífidh an páirtí sin nach inghnóthaithe an tsuim sin ar aon slí eile, agus sa chás sin amháin.

3. Féadfaidh an Breitheamh costais aon iarratais nó foriarratais nó ordaithe, ex parte nó eile, a dhámhachtain, is cuma cén breithiúnas críochnaitheach a thabharfar san imeacht, nó féadfar costais san imeacht a dhéanamh díobh, nó féadfar iad a fhorchoimeád chun go ndéileálfar leo ar chríochnú an imeachta.

4. I gcás costas a dhámhfar in aon imeacht i gcoinne beirte nó níos mó, nó i gcoinne dhá pháirtí nó níos mó, beidh éifeacht acu ina gcoinne, agus beidh siad iníoctha acu, go leithleach agus i gcomhpháirt, muran-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.

5. Áireofar caiteachais fhinnéithe sna costais a dhámhfar in aon chás mura ndéanfaidh an Breitheamh iad a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach. Is é an Breitheamh a dhéanfaidh na caiteachais sin a thomhas nó, i gcás an Breitheamh á ordú amhlaidh, déanfaidh an Cláraitheoir Contae iad a thomhas, faoi réir achomhairc chun na Cúirte.

Sa riail seo folóidh an focal “caiteachais”, i gcás finné shaineolaigh, a tháillí réasúnacha i leith gach ní ba ghá roimh an éisteacht.

6. Is é an Cláraitheoir Contae a dhéanfaidh fómhas ar na costais go léir a ordófar a fhómhas (agus beidh cumhachtaí uile Máistir Fómhais den Ard-Chúirt aige chuige sin), faoi réir, maidir le gach ítim, lenan-áirítear eisíocaíocht agus táillí Abhcóide, achomhairc chun na Cúirte, a dtabharfar fógra ina thaobh laistigh de dheich lá ó chríochnú an fhómhais.

7. Ní dhéanfar aon chostais seachas eisíocaíocht iarbhír agus riachtanach a cheadú ná a dhámhachtain d'aon pháirtí mura mbeifear tar éis Aturnae a theagasc chun na himeachtaí a sheoladh thar a cheann.

8. I gcás ina ndámhfar costais nó caiteachais, déanfaidh an páirtí dá ndámhfar na costais nó na caiteachais sin bille de na costais nó de na caiteachais sin a sheachadadh, agus tabharfaidh sé fógra seacht lá ar a laghad i dtaobh an fhómhais le haghaidh lae agus uair an chloig a bheidh le socrú (go ginearálta nó go speisialta) ag an gCláraitheoir Contae, agus féadfaidh an páirtí sin gach íocaíocht ba ghá agus ba chuí dó a dhéanamh, mar aon leis na muirir agus na caiteachais sin go léir a dhealraíonn a bheith tabhaithe go cuí chun fianaise a fháil, a áireamh sa bhille sin, ar choinníoll go bhféadfaidh an páirtí a dtabharfar an bille sin dó suim airgid a thairiscint chun an bille sin a ghlanadh, agus má dhiúltaítear don tairiscint sin agus nach mó méid an bhille sin, ar é a fhómhas, ná an tsuim a bheidh tairgthe, beidh costais an fhómhais le híoc ag an bpáirtí a bheidh ag éileamh de bhun an bhille sin. Beidh ar áireamh i ngach Bille Costas ina mbeidh éileamh i leith cánach breisluacha an uimhir chláraithe a bheidh leithroinnte ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an duine ar leis is iníoctha an cháin bhreisluacha sin, mar aon le ráiteas á rá an bhfuil nó nach bhfuil an páirtí a bheidh ag éileamh de bhun an Bhille sin cláraithe chun críche cánach breisluacha. I gcás an páirtí sin a bheith cláraithe áireofar ráiteas á mhíniú cad chuige nach bhfuil an cháin bhreisluacha sin inghnóthaithe ar shlí eile.

9. In aon fhómhas ar chostais, in aon chás ina mbeidh ítimí ann i leith eisíocaíochtaí, déanfar iad a dheimhniú go cuí os comhair an Chláraitheora Contae, ach amháin nach ndéanfar an Riail seo a fhorléiriú ar shlí a choiscfidh ítimí a fhómhas i leith costas agus muirear a bheidh tabhaithe ach nach mbeidh íoctha.

In aon fhómhas ar chostais, in aon chás ina mbeidh ítimí ann i leith eisíocaíochtaí nó caiteachas, déanfar iad a dheimhniú go cuí os comhair an Chláraitheora Contae agus beidh i ngach deimhniú ina n-áireofar éileamh i leith cánach breisluacha an uimhir chláraithe a bheidh leithroinnte ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an duine ar leis is iníoctha an cháin bhreisluacha sin.

10. In imeachtaí neamhchosanta is iad na costais a cheadófar donghearánaí i gcásanna a bheidh faoi réim dhlínse na Cúirte Dúiche ná na costais a bheadh inghnóthaithe sa Chúirt sin, i dteannta cibé eisíocaíochta iarbhír agus riachtanaí a cheadófar.

11. In imeachtaí cosanta ina bhféadfaí an faoiseamh a deonaíodh a fháil sa Chúirt Dúiche, is iad na costais a cheadófar don ghearánaí ná na costais a bheadh inghnóthaithe sa Chúirt sin i dteannta cibé eisíocaíochta iarbhír agus riachtanaí a cheadófar, ar choinníoll i gcónaí go bhféadfaidh an Breitheamh i gcás den sórt sin costais a choinneáil siar más dóigh leis gur chúis a bhí ann ar chuí í a thabhairt ar aghaidh sa Chúirt Dúiche. I gcásanna a mbeidh an faoiseamh a éilítear faoi réim dhlínse na Cúirte Dúiche, agus go ndíbhfear an chaingean, féadfar costais a cheadú don chosantóir mar a ordóidh an Breitheamh.

12. Ní theorannóidh aon ní san Ordú seo ceart Aturnae chun costais a éileamh amhail idir Aturnae agus Cliant i leith oibre a bheidh déanta nó seirbhísí gairmiúla a bheidh tugtha, ná ní dhéanfaidh sé difear don cheart sin.

13. Féadfaidh an Breitheamh a ordú ar chúis speisialta go ndéanfar costais aon imeachta, amhail idir páirtí agus páirtí, a fhómhas ar scála is airde ná an scála is infheidhme i gcásanna eile. Luafar an chúis speisialta sin san fhoraithne nó san ordú.

14. Beidh na costais a luaitear i Riail 6 d'Ordú 5 iníoctha ag cosantóir tar éis Bille Sibhialta a eisiúint bíodh go mbeidh méid an éilimh ón ngearánaí íoctha leis an ngearánaí nó lena Aturnae, nó tairgthe don ghearánaí nó dá Aturnae, sula mbeidh an Bille Sibhialta sin seirbheáilte air.

15. I ngach cás beidh na costais a dhámhfar ar leith ón eisíocaíocht iarbhír agus riachtanach sin go léir a cheadófar agus de bhreis uirthi.

16. Measfar gur imeacht de réir bhrí Riail 1 den Ordú seo é frithéileamh.

Le linn dó costais fhrithéilimh a dhámhachtain, féadfaidh an Breitheamh:—

(a) na costais sin a cheadú ina n-iomláine, agus sa chás sin déanfar iad a fhómhas de réir an scála ba chuí dá mbeadh an cosantóir, mar ghearánaí, tar éis imeachtaí ar leithligh a thionscnamh i leith ábhar an fhrithéilimh; nó

(b) cibé cuid de na costais iomlána a cheadú is dóigh leis sna himthosca uile a bheith cóir agus réasúnach.

I gcás ina dtaifeadfar breithiúnas i bhfabhar an ghearánaí i leith a éilimh, agus i bhfabhar an chosantóra i leith a fhrithéilimh, nó i gcás ina ndíbhfear an t-éileamh agus an frithéileamh araon, féadfaidh an Breitheamh a ordú na costais a bheidh ceadaithe do pháirtí amháin a fhritháireamh, go hiomlán nó pro tanto, i gcoinne na gcostas a bheidh ceadaithe don pháirtí eile.

17. I gcás ina dtaifeadfar breithiúnas i bhfabhar cosantóra a mbeidh suim taiscthe sa Chúirt aige mar shásamh in éileamh an ghearánaí, féadfaidh an Breitheamh suim réasúnach a cheadú don chosantóir, i dteannta na gcostas cuí, chun costais an taiscthe agus na haistarraingthe a ghlanadh.

18. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha seo, is mar is cuí leis an gCúirt nó leis an gCláraitheoir Contae a bheidh táillí Abhcóide.

19. I gcás ina mbeidh breithiúnas taifeadta in aon imeacht, agus go gclárófar é faoi fhorálacha an Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924, nó an Achta Cúirte Cuarda (Breithiúnais a Chlárú), 1937, féadfar, i dteannta chostais chuí an imeachta sin, suim réasúnach a cheadú, i dteannta eisíocaíochta, i leith an chláraithe sin. Ar chruthúnas gur cláraíodh an breithiúnas sin a thabhairt ar aird dó, cuirfidh an Cláraitheoir Contae méid na suime agus na heisíocaíochta sin le méid na foraithne nó an ordaithe. Ní cheadóidh an Cláraitheoir Contae, ná ní cheadóidh an Chúirt ar achomharc uaidh, an tsuim agus an eisíocaíocht sin mura nglacfar leis go raibh an clárú sin réasúnach.

20. Déanfar costais in imeachtaí faoi réim fhorálacha Alt 48 (1) den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, a fhómhas de réir an scála Ard-Chúirte chuí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus de réir na Rialacha is infheidhme maidir leis sin, lúide an cúigiú cuid, mar aon le heisíocaíocht iarbhír agus riachtanach, le caiteachais fhinnéithe i gcás ina gceadóidh an Chúirt iad, agus le cibé táillí Abhcóide a cheadóidh an Cláraitheoir Contae, ag féachaint do chineál na n-imeachtaí agus do na saincheisteanna a bhí i gceist.

21. I ngach caingean i leith leabhail déanfar na costais a fhómhas i cibé slí a chinnfidh an Cláraitheoir Contae nó Breitheamh tráth éisteachta na caingne nó ar achomharc in aghaidh fómhais.

22. I gcás ina mbeidh scála speisialta costas forordaithe faoi Reacht, beidh feidhm ag an scála speisialta sin.

23. I gcás inar imeachtaí chun go ndéanfaí airnéis shonrach a thabhairt ar ais na himeachtaí, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh éileamh ar dhamáistí ina ionad sin ag gabháil leo, nó i gcás ina mbeidh deacracht, in aon chás cothromais nó eile, ag baint leis an scála cuí a fhionnadh nó a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Breitheamh, ag an éisteacht chun costais a fhómhas, luach na hairnéise sin nó ábhar na n-imeachtaí a chinneadh. In aon chás nach mbeidh an Breitheamh tar éis an luach sin a chinneadh, féadfaidh an Cláraitheoir Contae é a chinneadh, faoi réir achomhairc chun na Cúirte. Ar choinníoll i gcónaí go measfar, in agraí nó imeachtaí cothromais nach ndíolfar aon talamh is ábhar do na hagraí nó na himeachtaí sin le linn iad a bheith á seoladh, gurb ionann luach na talún sin agus luach an mhargaidh de chuid na talún sin arna chinneadh ag an gCúirt nó ag an gCláraitheoir Contae.

24. I gcás imeachtaí ag úinéir airnéise, i gcoinne fhruilitheoir na hairnéise sin faoi chomhaontú fruilcheannaigh, chun an airnéis a aisghabháil nó chun go ndéanfaí í a thabhairt ar ais, measfar, chun na costais a thomhas nó a fhómhas, gur caingean i gconradh atá sna himeachtaí sin inarb ionann an tsuim a ndéantar an t-agra ina leith agus méid na dtráthchodanna a bhí dlite agus neamhíoctha faoin gcomhaontú ar dháta tosaithe na n-imeachtaí.

25. I gcás ina mbeidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae den tuairim nach bhfuil aon scála cuí costas ann, féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae cibé suim a thomhas i leith costas agus a mheasfar a bheith réasúnach. Beidh ábhar achomhairc ann chun na Cúirte i gcoinne aon bhreithe ón gCláraitheoir Contae faoin Riail seo.

26. Beidh an tAturnae thar ceann an pháirtí a bheidh ag iarraidh san Oifig go n-eiseofar nó go n-athnuafar ordú forghníomhaithe i dteideal suim réasúnach a fháil mar chostais an chéanna agus i leith na gcostas sin, i dteannta eisíocaíochta, mar aon leis na costais a bheidh ceadaithe leis an bhforaithne nó leis an ordú a n-iarrfar í nó é a fhorghníomhú.

27. Chun costais a fhómhas nó a thomhas, measfar gur imeachtaí Cothromais na himeachtaí seo a leanas:—

(1) Gach agra chun eastáit éagach a riaradh;

(2) Gach agra chun iontaobhais a fhorghníomhú;

(3) Gach agra chun aon mhorgáiste, muirear nó lian ar aon tailte, nó ar aon mhaoin eile, réadach, airnéise réadaí, nó pearsanta, a fhoriamh, a dhíol, a fhuascailt nó a chur i bhfeidhm;

(4) Gach agra i leith sainchomhlíonadh;

(5) Gach agra chun aon ghníomhas, comhaontú, nó forchinntiú, nó aon tíolacadh maoine de chineál ar bith, a cheartú, a athchóiriú, a chur ar ceal, a chealú, nó a thabhairt suas;

(6) Gach agra chun aon chuntas comhpháirtíochta a thógáil, nó chun aon chomhpháirtíocht a dhíscaoileadh;

(7) Gach imeacht i leith idir-roinnt;

(8) Gach imeacht faoi na hAchtanna Iontaobhaithe;

(9) Gach imeacht a bhaineann le naín a chothabháil nó a chur chun cinn nó chun maoin naíon a chosaint;

(10) Gach imeacht i leith urghairí nó i leith orduithe de shamhail urghairí;

(11) Gach imeacht faoi na hAchtanna um Thalamh Socraithe;

(12) Gach imeacht a bhaineann le daoine mímheabhracha;

(13) Gach imeacht eile ina dtugtar dlínse don Chúirt le hAlt 48 (v) den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924.

28. I gcás ina mbeidh imeachtaí tionscanta ar thaobh an Chothromais den Chúirt, agus go mbeidh an Breitheamh den tuairim go bhféadfaí faoiseamh leordhóthanach a fháil in imeachtaí faoi aon dlínse eile de chuid na Cúirte, féadfaidh sé a ordú nach gceadófar don ghearánaí, má éiríonn leis, ach na costais agus an eisíocaíocht a d'fhéadfaí a cheadú sna himeachtaí sin faoin dlínse eile sin.

29. In aon chúis chosanta nó ábhar cosanta a bheidh á seoladh nó á sheoladh go pearsanta ag Aturnae ag an éisteacht, féadfaidh an Cláraitheoir Contae, nuair a bheidh an Táille Teagaisc á socrú aige, an obair bhreise a bheidh déanta ag an Aturnae agus an fhreagracht bhreise a bhí air a chur san áireamh.

30. Beidh i ngach Mionnscríbhinn a úsáidfear chun Iarratas ar Bhreithiúnas trí mhainneachtain faoi Ordú 26 nó Ordú 27 a fhorasú, nó chun iarratas ar Bhreithiúnas Achomair faoi Ordú 28 a fhorasú, deimhnisc á rá an bhfuil cáin bhreisluacha iníoctha ag an éilitheoir ar a chostais dhlíthiúla agus, más iníoctha, an bhfuil an tsuim is iníoctha amhlaidh inghnóthaithe aige ó na Coimisinéirí Ioncaim.