Ordú 16

Urrús i leith costas

1. Nuair a theastóidh ó pháirtí urrús i leith costas a fháil ó pháirtí eile, beidh cead aige an t-urrús sin a iarraidh ar an bpáirtí sin, trí fhógra; agus i gcás nach dtabharfaidh an páirtí deiridh sin, laistigh de sheacht lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil, gealltanas, trí fhógra, go ngéillfidh sé don iarratas sin, beidh cead ag an bpáirtí óna dteastóidh an t-urrús é a iarraidh ar an gCúirt trí fhoriarratas iar bhfógra a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis; agus déanfar gach iarratas den sórt sin sula ndéanfaidh an páirtí a mbeidh an t-urrús á lorg aige aon bheart, seachas láithreas a thaifeadadh sa chúis nó san ábhar tar éis dá cheart chun an urrúis sin a theacht chun cinn, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt in imthosca speisialta.

2. Ní bheidh cosantóir i dteideal ordú a fháil á chur d'iallach ar an ngearánaí urrús a thabhairt i leith costas ar an aon fhoras amháin gur lasmuigh de dhlínse na Cúirte atá cónaí ar an ngearánaí.

3. Ní bheidh aon chosantóir i dteideal ordú a fháil le haghaidh urrúis i leith costas toisc cónaí a bheith ar aon ghearánaí lasmuigh de dhlínse na Cúirte, mura dtabharfar mionnscríbhinn shásúil go bhfuil cosaint de bhua tuillteanais ag an gcosantóir sin.

4. In aon chaingean nó ábhar ina mbeidh urrús i leith costas ag teastáil, beidh san urrús cibé suim a ordóidh an Cláraitheoir Contae agus tabharfar an céanna cibé tráth nó tráthanna agus i cibé modh agus foirm a ordóidh sé, faoi réir achomhairc chun na Cúirte.

5. Más rud é go mbeidh banna le tabhairt mar urrús i leith costas, is don pháirtí nó don duine óna mbeidh an t-urrús ag teastáil a thabharfar é agus ní d'Oifigeach don Chúirt, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.