Ordú 55

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha),1979 (Uimh. 27 de 1979)

1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 (Uimh. 27 de 1979), agus ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil.

2. Tosófar achomharc chun na Cúirte Cuarda faoi Alt 18(5) den Acht laistigh den tréimhse ama atá leagtha amach in Alt 18(5) den Acht trí Bhille Sibhialta, ar Bille Sibhialta Tithíochta é, de réir Fhoirm 2K de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí, a eisiúint agus a chomhdú. I dteannta aon iarratais den sórt sin comhdófar cóip de chinneadh an Aire lena mbainfidh an t-iarratas sin. D'éagmais an chomhdaithe sin, féadfaidh an Cosantóir an t-iarratas sin a chomhdú é féin, mar aon le cóip den chinneadh sin, agus air sin, nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, féadfaidh an Breitheamh cibé Ordú is ceart leis a dhéanamh.

3. Is é an tAchomharcóir a bheidh ina ghearánaí agus is é an tAire a bheidh ina chosantóir.

4. Is sa Chontae ina mbeidh an teach lena mbainfidh, nó, le toiliú an Aire, in aon Chontae eile, a dhéanfar iarratais.

5. Seirbheálfar gach iarratas tríd an gcéanna a chur, leis an bpost cláraithe réamhíoctha faoi sheoladh an Aire, nó tríd an gcéanna a fhágáil ag oifig an Aire, i gclúdach faoi sheoladh an Aire.

6. Ní bhainfidh an Riail seo le Baile Átha Cliath. Luafar i ngach iarratas dáta tosaithe na suíonna ag a mbeartófar an t-iarratas a liostú lena éisteacht, agus comhdóidh an gearánaí é tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh thosach na suíonna sin.

7. Ní bhainfidh an Riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Luafar i ngach iarratas an dáta arb inmhianaithe an t-iarratas a liostú lena éisteacht air agus comhdóidh an t-iarratasóir é tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh an dáta sin.

8. Ar Bhille Sibhialta Tithíochta a chomhdú de réir na Rialacha seo, taifeadfaidh an Cláraitheoir Contae an céanna lena éisteacht.

9. Cuirfear an dáta ar gach iarratas, agus beidh air ainm agus seoladh seirbheála an iarratasóra, agus déanfaidh a Aturnae, más ann, é a shíniú, nó mura mbeidh aon Aturnae aige, síneoidh sé féin é.

10. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is trí fhianaise béil a éistfear gach iarratas faoin Acht.

11. I ngach iarratas lena mbainfidh an tOrdú seo féadfaidh an Breitheamh gach ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh maidir le costais.