Ordú 29

Breithiúnas le toiliú san oifig

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim29-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007


1. Féadfaidh cosantóir, de réir fhorálacha an Ordaithe seo, ag aon chéim de na himeachtaí, toiliú le breithiúnas a thaifeadadh ina choinne. I ngach cás seachas na cinn a ndéantar socrú ina dtaobh leis na rialacha ina dhiaidh seo den Ordú seo ní thaifeadfar breithiúnas le toiliú ach amháin le hordú ón gCúirt.

2. Ní fhéadfar breithiúnas le toiliú a thaifeadadh san Oifig gan sin a tharchur chun na Cúirte ach amháin sna cásanna seo a leanas:—

(a) nuair is páirtithe sui juris na páirtithe uile sa toiliú, agus

(b) nuair is toiliú é le breithiúnas i leith eisiachtana, cíosa, foghailbhrabús, féich, damáistí mar gheall ar shárú conartha nó i dtort, nó i leith sheachadadh earraí nó airnéisí sonracha, agus

(c) nuair is toiliú é le breithiúnas ar éileamh an ghearánaí gan téarmaí ná coinníollacha maidir le bac ar fhorghníomhú nó íocaíocht i dtráthchodanna.

3. Féadfaidh toiliú bheith ina thoiliú le breithiúnas nach gcinneann ach an tsaincheist maidir le dliteanas an chosantóra ar éileamh an ghearánaí, nó cuid de, agus a fhorchoimeádann an ceart chun gach saincheist agus ábhar eile a chur faoi chinneadh na Cúirte.

4. Ní toiliú leordhóthanach aon toiliú le breithiúnas mura mbeidh sé i scríbhinn, agus sínithe ag an gcosantóir a bheidh ag toiliú amhlaidh, agus ag Aturnae, má tá Aturnae ag feidhmiú dó. Ar an toiliú sin, a bheidh de réir Fhoirm 4 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, a thaisceadh san Oifig, mar aon le mionnscríbhinn á fhíorú go ndearna an cosantóir a thoiligh leis é a fhorghníomhú, féadfar breithiúnas a thaifeadadh san Oifig i gcoinne an chosantóra sin idtéarmaí an toilithe gan sin a tharchur chun na Cúirte.

5. Más rud é go n-áireofar i mBille Sibhialta an Chosantóra éilimh i leith dhá chúis chaingne ar leithligh nó idirdhealaithe, nó níos mó ná sin, féadfaidh cosantóir, de réir fhorálacha an Ordaithe seo, toiliú le breithiúnas i leith aon éilimh áirithe, agus láithriú agus cosaint a dhéanamh i leith aon éilimh eile.

6. Más rud é go n-áireofar i mBille Sibhialta an ghearánaí éileamh ar fhiach nó éileamh leachtaithe in airgead, nó éileamh ar sheachadadh earraí nó airnéisí sonracha, féadfaidh cosantóir, de réir fhorálacha an Ordaithe seo, toiliú le breithiúnas i leith coda den fhiach, den éileamh nó de na hearraí sin, de réir mar a bheidh, agus láithriú agus cosaint a dhéanamh maidir leis an gcuid eile.

7. Féadfaidh an Cláraitheoir Contae i gcás ar bith diúltú breithiúnas le toiliú a thaifeadadh san Oifig, agus in aon chás den sórt sin tarchuirfidh sé an t-ábhar chun na Cúirte.

8. Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo, fara na modhnuithe is gá, maidir le frithéilimh.