Ordú 23

Fianaise

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim23-I.R. Uimh. 429 De 2018
Uim23-I.R. Uimh. 328 De 2019


1. Mura mbeidh aon chomhaontú ann i scríbhinn idir Aturnaetha na bpáirtithe uile, agus faoi réir na Rialacha seo agus dhlí na fianaise, is viva voce faoi mhionn agus i gCúirt oscailte a cheisteofar na finnéithe i dtriail aon chaingne, ach féadfaidh an Breitheamh tráth ar bith, ar cibé cúiseanna is ceart leis, a ordú go bhféadfar aon fhíoras nó fíorais áirithe a chruthú trí mhionnscríbhinn, nó go bhféadfar, ar cibé coinníollacha is réasúnach leis an mBreitheamh, mionnscríbhinn aon fhinné a léamh ag an éisteacht nó ag an triail, ar choinníoll, más léir don Bhreitheamh go dteastaíonn bona fide ón bpáirtí eile finné a thabhairt ar aird chun a chroscheistithe, agus gur féidir an finné sin a thabhairt ar aird, nach ndéanfar ordú á údarú fianaise an fhinné sin a thabhairt trí mhionn-scríbhinn.

2. Marcálfaidh oifigeach don Chúirt doiciméid a chuirfear i bhfianaise agus, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, cuirfear ar ais iad, a luaithe is féidir tar éis na héisteachta, chun an pháirtí a mbeidh siad á dtairiscint aige.

3. In aon chaingean, más léir gur gá é ar mhaithe leis an gceartas, féadfar ordú a dhéanamh chun duine nó finné ar bith a cheistiú faoi mhionn os comhair na Cúirte, nó os comhair aon oifigigh, san Oifig, a ainmneoidh an Cláraitheoir Contae nó an Breitheamh, nó os comhair aon duine oiriúnaigh eile, agus in aon áit chaoithiúil, agus féadfaidh an t-ordú a chumhachtú d'aon pháirtí in aon chaingean, imeacht nó ábhar den sórt sin an ceistiú nó an teistíocht sin a thabhairt i bhfianaise sa chaingean, san imeacht nó san ábhar ar cibé téarmaí, más ann, a ordóidh an Breitheamh.