Ordú 24

Freastas finnéithe

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim24-I.R. Uimh. 132 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Seirbheáil) 2009

1. Aon pháirtí ar mian leis go bhfreastalóidh duine ar bith chun fianaise a thabhairt, nó aon leabhair, páipéir nó doiciméid a thabhairt ar aird don Chúirt, nó d'oifigeach don Chúirt, iarrfaidh sé, agus eiseoidh an Cláraitheoir Contae, toghairm fhinné á cheangal ar an duine a ndíreofar an toghairm chuige ceanglais na toghairme sin a chomhlíonadh ag an tráth agus san áit a bheidh luaite inti. Is de réir Fhoirm 14 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo a bheidh an toghairm sin.

2. In aon chás ina mbainfidh deacracht leis an toghairm sin a eisiúint, féadfar a iarraidh ar an gCúirt í a eisiúint, agus má iarrtar sin féadfaidh an Breitheamh a ordú í a eisiúint, nó déileáil thairis sin leis an ábhar de réir mar is cóir leis.

3. I ngach cás, mura n-ordóidh an Breitheamh nó an CláraitheoirContae a mhalairt, is go pearsanta nó leis an bpost cláraithe a dhéanfar toghairm fhinné a sheirbheáil ar an duine a bheidh ainmnithe inti. Más léir nár tugadh tréimhse ama réasúnach don duine ar ar seirbheáladh an toghairm chun a chumasú dó láithriú de bhun na toghairme, nó nár íocadh a chostais réasúnacha leis nó nár tairgeadh dó iad, féadfaidh an Breitheamh an tseirbheáil sin a chur ar ceal nó neamhaird a thabhairt uirthi.

4. Féadfar gach toghairm fhinné, seachas toghairm duces tecum, a dhíriú chun breis agus duine amháin agus a sheirbheáil ar bhreis agus duine amháin.

5. Aon Oifigeach don Chúirt a gceanglófar air freastal le haon taifead nó doiciméad ag aon suí nó in aon áit lasmuigh den Chontae ina mbeidh sé ag fónamh mar oifigeach den sórt sin, beidh sé i dteideal a cheangal go ndéanfaidh an tAturnae nó an páirtí ar mian leis go bhfreastalóidh sé leorshuim airgid a thaisceadh leis faoi chomhair na muirear agus na gcaiteachas cóir a bheidh air i leith an fhreastail sin, agus go ngeallfaidh an tAturnae nó an páirtí sin aon mhuirir agus caiteachais chóra bhreise nach nglanfaidh an tsuim sin go hiomlán a íoc.

6. Aon duine a bheidh toghairthe go cuí chun fianaise a thabhairt, nó chun aon leabhair, páipéir nó doiciméid a bheidh ina sheilbh nó faoina urláimh a thabhairt ar aird, ar leabhair, páipéir nó doiciméid iad ar mian leis an bpáirtí a mbeidh ceangal á chur aige air freastal iad a chur i bhfianaise, más rud é, gan leithscéal dleathach, go mainneoidh sé freastal nó fianaise a thabhairt, nó na leabhair, na páipéir nó na doiciméid sin a thabhairt ar aird, de réir na toghairme, nó más rud é, mura saorfar go cuí é ó bheith i láthair, go mainneoidh sé fanacht i láthair ar feadh na héisteachta, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi gur toghaireadh an duine sin go cuí, agus gur tairgeadh a chaiteachais réasúnacha dó, é a astú mar gheall ar dhíspeagadh, nó fíneáil a chur air i ngeall ar a mhainneachtain, agus mura n-íocfaidh sé í féadfaidh an Chúirt pianbhreith phríosúnachta ar feadh tréimhse nach faide ná mí a chur air.

7. Féadfaidh an Chúirt, ar chúis a shuíomh, an t-iomlán nó aon chuid d'aon fhíneáil nó príosúnacht a bheidh gearrtha aici faoin Riail deiridh roimhe seo a loghadh, nó féadfaidh sí a ordú go ndéanfar suim aon fhíneála a bheidh gearrtha aici amhlaidh, nó aon chuid di, a íoc le ceachtar páirtí i leith chostais agus chaiteachais aon iarchurtha nó atráthaithe ba ghá mar gheall ar mhainneachtain an fhinné sin mar a dúradh.