Ordú 68

An tAcht um Chiontóirí Gnéis, 2001

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim68-I.R. Uimh. 132 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Seirbheáil) 2009
Uim68-I.R. Uimh. 142 De 2015: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Chiontóirí Gnéis, 2001), 2015
Uim68-I.R. Uimh. 380 De 2018


1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Chiontóirí Gnéis, 2001 (Uimh. 18 de 2001).

2. Gach iarratas faoin Acht a bheidh arna sheirbheáil nó gach imeacht faoin Acht a bheidh arna thionscnamh sula mbeidh na Rialacha seo tagtha i ngníomh ach a bheidh de réir Rialacha agus chleachtas na Cúirte a bhí nó atá ann, beidh an bhailíocht chéanna aige is a bheidh ag iarratais a dhéanfar nó imeachtaí a thionscnófar de réir na Rialacha seo.

3. Déanfar gach iarratas faoi Alt 16 den Acht ar ordú um chiontóir gnéis trí fhoriarratas tionscnaimh iar bhfógra chun an Fhreagróra agus beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir nó thar ceann an iarratasóra mar fhoras leis, ar mionnscríbhinn í sin ina leagfar amach na nithe dá dtagraítear in alt 16(2) den Acht, mar aon le haon nithe iomchuí eile.

4. Déanfar gach iarratas faoi Alt 19(1) den Acht trí fhoriarratas tionscnaimh iar bhfógra chun an chomhalta den Gharda Síochána a rinne an t-iarratas ar ordú um chiontóir gnéis, ar ordú é is ábhar do na himeachtaí, nó chun an Ard-Cheannfoirt den roinn ina mbeidh gnáthchónaí ar an bhfreagróir nó ina mbeidh an áit chónaithe is gnáiche aige nó aici, agus beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bhfreagróir mar fhoras leis, ar mionnscríbhinn í sin ina leagfar amach na fíorais ar a líomhnófar nach gá an t-ordú um chiontóir gnéis a choimeád i bhfeidhm chun an pobal a chosaint ó dhíobháil thromchúiseach ón bhfreagróir nó, de réir mar a bheidh, gur cúis éigeartais é éifeacht an ordaithe de thuras na huaire, mar aon le haon nithe iomchuí eile.

5. Is trí fhoriarratas tionscnaimh iar bhfógra chun an fhreagróra, ar foriarratas é a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis, a dhéanfar gach iarratas faoi Alt 19(2) den Acht.

6. Déanfar gach iarratas faoi Alt 11 den Acht trí fhoriarratas tionscnaimh iar bhfógra chun an Cheannfoirt den Gharda Síochána den roinn ina mbeidh gnáthchónaí ar an duine a mbeidh an t-iarratas sin á dhéanamh aige nó aici nó ina mbeidh an áit chónaithe is gnáiche aige nó aici, agus beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an duine a mbeidh an t-iarratas sin á dhéanamh aige nó aici mar fhoras leis, ar mionnscríbhinn í sin ina leagfar amach na fíorais ar a líomhnófar nach bhfóntar do leasanna na maitheasa poiblí a thuilleadh tríd an duine a mbeidh an t-iarratas sin á dhéanamh aige nó aici do leanúint de bheith faoi réir cheanglais Chuid 2 den Acht, mar aon le haon nithe iomchuí eile.

7. Is sa Chontae ina mbeidh gnáthchónaí ar an bhfreagróir nó ina mbeidh aon ghairm, gnó nó slí bheatha á seoladh nó á sheoladh aige nó aici a dhéanfar iarratais faoi Alt 16, 19(1) nó 19(2), nó is é nó í an breitheamh den chuaird ina líomhnófar gur ghníomhaigh an freagróir ar shlí a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúint gur gá nó, de réir mar a bheidh, gur ghá ordú um chiontóir gnéis a dhéanamh a dhéanfaidh na hiarratais sin.

8. Is sa Chontae ina mbeidh gnáthchónaí ar an duine a mbeidh ant-iarratas á dhéanamh aige nó aici, nó ina mbeidh an áit chónaithe is gnáiche aige nó aici, a dhéanfar iarratais faoi Alt 11.

9. Déanfar gach iarratas a sheirbheáil de réir na bhforálacha maidir le Billí Sibhialta agus doiciméid eile a sheirbheáil atá in Ordú 10 de na Rialacha Cúirte Cuarda, 1950, arna leasú, nó de réir Alt 7 d'Acht na gCúirteanna, 1964, nó, i leith iarratas faoi Alt 16 den Acht, nuair a ordóidh an Chúirt sin a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar éisteacht sholamh d'iarratais, trí tharchur macasamhlach nó leis an bpost leictreonach nó le seirbheáil phearsanta nó tríd an gcéanna a sheachadadh ar cibé duine nó daoine nó ag cibé seoladh a ordóidh an Chúirt nó i cibé slí eile a ordóidh an Chúirt.

10. Cinnfidh an Chúirt an ar fhianaise Mhionnscríbhinne amháin, nó ar fhianaise Mhionnscríbhinne agus ar fhianaise béil araon, a éistfear an t-iarratas.

11. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais.