Ordú 71

An Tacht Um Rialáil Tacsaithe 2003 : I.R. Uimh. 350 de 2006

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Rialáil Tacsaithe) 2006 is teideal dóibh, i ngníomh an 30ú lá de Mheitheamh, 2006.

2. Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2006.

3. Leasaítear leis seo na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an Ordú seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 70. 


‘‘Ordú 71

An Tacht Um Rialáil Tacsaithe 2003

1. San Ordú seo:

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Rialáil Tacsaithe 2003 (Uimh. 25 de 2003),

tá le ‘‘údarás ceadúnúcháin’’ an bhrí chéanna atá leis san Acht, agus

ciallaíonn ‘‘an Ceannfort’’ Ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóir.

2. Is trí Fhógra Foriarratais tionscnaimh, a mbeidh Mionnscríbhinn mar fhoras leis, a dhéanfar iarratas faoi alt 36(2) den Acht. I ngach Fógra Foriarratais a eiseofar faoin Ordú seo, déanfar an t-iarratasóir ar fhaoiseamh a ainmniú mar ghearánaí agus déanfar an Ceannfort agus (i gcás inar sealbhóir ceadúnais dá ndéanfar difear é nó í an duine) an t-údarás ceadúnúcháin a dheonaigh an ceadúnas a ainmniú mar chosantóir nó mar chosantóirí.

3. Déanfaidh an t-iarratasóir an Fógra Foriarratais a shíniú, nó síneofar thar ceann an iarratasóra é, agus luafar ann an Suí den Chúirt ag a mbeidh an t-iarratas le déanamh.

4. Déanfar cóipeanna den Fhógra Foriarratais agus den Mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar na cosantóirí ar aon cheann de na modhanna ar a bhféadfar Bille Sibhialta a sheirbheáil.

5. Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, a ordú cóipeanna den Fhógra Foriarratais agus den Mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar aon duine eile a mheasfaidh an Chúirt a bheith iomchuí,nó a measfaidh an Chúirt go ndéanfaidh an t-iarratas difear dó nó di, agus féadfaidh sí cibé orduithe a thabhairt maidir le haon duine den sórt sin do sheachadadh aon mhionnscríbhinne.

6. Is i gcontae den chuaird ina mbeidh sé beartaithe ag an iarratasóir seirbhísí beagfheithicle seirbhíse poiblí a sholáthar a dhéanfar iarratas faoi alt 36(2) den Acht.

7. Ach amháin i gCuaird Bhaile Átha Cliath, déanfar an Fógra Foriarratais a sheirbheáil lá is fiche ar a laghad roimh an lá ar a mbeidh an t-iarratas le déanamh. I gCuaird Bhaile Átha Cliath, déanfar an Fógra Foriarratais a sheirbheáil lá is fiche ar a laghad roimh an lá ar a mbeidh sé beartaithe an t-iarratas sin a dhéanamh, agus oibreoidh sé chun an t-iarratas a chur síos lena éisteacht aon lá tar éis éag don tréimhse ama sin ar a dtiocfaidh an t-iarratas ar aghaidh lena éisteacht de réir a oird sa liosta.

8. Tabharfaidh an Cláraitheoir Contae fógra faoi bhreith na Cúirte trí chóip d’aon ordú a dhéanfar ar an iarratas sin a chur chun an Cheannfoirt agus chun an údaráis ceadúnúcháin lena mbaineann, agus chun aon duine a mbeidh fógra faoin iarratas tugtha dó nó di.’’