Ordú 18

An Cláraitheoir Contae

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim18-I.R. Uimh. 1 De 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Orduithe Forfheidhmithe Eorpacha) 2006
Uim18-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007
Uim18-I.R. Uimh. 191 De 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Cláraitheoir Contae) 2008
Uim18-I.R. Uimh. 155 De 2010: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Athchóiriú An Dlí Talún Agus Tíolactha 2009) 2010

1. Is é an Cláraitheoir Contae, sa Chontae dá mbeidh sé sannta, oifigeach cuí na Cúirte i leith a dlínse uile, agus beidh sé freagrach as na dualgais uile a fhorchuirtear air féin nó ar an Oifig, le Reacht nó eile, a chomhall agus as doiciméid agus taifid uile na Cúirte a shlánchoimeád. Cuirfidh sé faoi deara go gcoimeádfar cibé comhaid agus leabhair thaifid, agus i cibé foirm, a fhorordóidh an tAire ó am go ham.
Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo agus gan dochar d'aon fhorálacha eile de na Rialacha seo, féadfaidh an Cláraitheoir Contae, de réir Alt 34(1) d'Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995, agus an Dara Sceideal a ghabhann leis, na horduithe seo a leanas a dhéanamh:
(i) Aon ordú a fhéadfar a dhéanamh sa ghnáthchúrsa.
(ii) Aon ordú ag lorg ráitis faoi ainmneacha na ndaoine is comhpháirtithe in aon ghnólacht a bheidh ag agairt nó á agairt i gcaingean nó in ábhar.
(iii) Ordú chun an tréimhse ama a fhadú chun aon ghníomh nó aon bheart a dhéanamh i gcaingean nó in ábhar.
(iv) Ordú chun doiciméid nó maoin réadach nó phearsanta a fhollasú, ar mhodh teoranta nó ginearálta, nó a iniúchadh, nó chun agarcheisteanna a sheachadadh.
(v) Ordú chun glacadóir a cheapadh nó a urscaoileadh in iarratais neamhchonspóidithe.
(vi) Ordú chun caingean a dhíbhe, maille le costais, d'uireasa í a thabhairt ar aghaidh nó toisc nach ndearnadh mionnscríbhinn fhollasaithe nó nár freagraíodh agarcheisteanna.
(vii) Ordú chun cosaint a scriosadh amach maille le costais toisc nach ndearnadh mionnscríbhinn fhollasaithe nó nár freagraíodh agarcheisteanna.
(viii) Ordú chun fianaise a thógáil, ar coimisiún.
(ix) Ordú de dhroim iarratais ar ordacháin maidir le seirbheáil i gcás bille shibhialta nó doiciméid tionscnaimh eile nach ábhar inter partes é nó maidir le haon nós imeachta eile in aon chaingean nó ábhar.
(x) Ordú ag cur páirtí breise isteach in aon imeacht nó ag cur páirtí in ionad páirtí eile in aon imeacht.
(xi) Ordú ag tabhairt cead chun idiragairt agus láithriú a dhéanamh.
(xii) Ordú chun pléadálacha a leasú, le toiliú.
(xiii) Ordú chun toiliú a ghlacadh agus riail Chúirte a dhéanamh de i gcás na páirtithe a bheith sui juris.
(xiv) Ordú faoi na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959.
(xv) Ordú chun cistí atá chun sochair do naíon a íoc amach as an gCúirt ar é nó í do theacht i lán-aois, nó (má údaraítear é le hordú ó bhreitheamh) chun tairbhe dó nó di le linn mionaoise.
(xvi) Ordú i gcásanna neamhchonspóidithe chun cuntas a thógáil nó fiosrúchán a dhéanamh.
(xvii) Ordú chun forghairm a eisiúint, lena seirbheáil lasmuigh den dlínse, d'fhonn imeachtaí in ábhair phrobháide chointinneacha a thabhairt faoi aird.
(xviii) Ordú chun forghairm a eisiúint d'fhonn deonú probháide nó litreacha riaracháin a thaisceadh sa Chúirt in ábhair phrobháide chointinneacha.
(xix) Ordú ag tabhairt cead chun mionnscríbhinn fhorlíontach scríbhinní a chomhdú.
(xx) Ordú á ordú d'aon pháirtí scríbhinní a thaisceadh.
(xxi) Ordú ag ceapadh glacadóra in ionad glacadóra a d'éag nó a urscaoileadh, lena n-áirítear aon ordacháin iarmhartacha riachtanacha maidir le cuntais an ghlacadóra éagtha nó urscaoilte.
(xxii) Ordú stoptha ar airgead nó urrúis sa Chúirt.
(xxiii) Ordú chun sub-poena a eisiúint faoi Ordú 39, riail 30, de Rialacha na nUaschúirteanna.
(xxiv) Ordú chun lis pendens a dhíchur ar iarratas ón duine a chláraigh é.
(xxv) Ordú faoi Ordú 33, riail 1, de Rialacha na nUaschúirteanna, le toiliú, ag socrú na saincheisteanna a bheidh le triail.
(xxvi) Ordú ag tabhairt cead chun forghníomhú a eisiúint in ainm nó i gcoinne ionadaí pearsanta dlíthiúil páirtí éagtha.
(xxvii) Ordú ag tabhairt cead chun Ordú nua Forghníomhaithe a eisiúint ar an ordú bunaidh a bheith caillte.
(xxviii) Ordú chun imeachtaí a aistriú chuig an gCúirt Dúiche, le toiliú ó na páirtithe, lena n-áirítear gach ordú coimhdeach chun airgead a taisceadh sa Chúirt a aistriú.
(xxix) Ordú ag tabhairt cead chun fógra tríú páirtí a sheirbheáil le toiliú ón ngearánaí.
2. Tógfaidh an Cláraitheoir Contae na cuntais sin go léir agus déanfaidh sé na fiosrúcháin sin go léir a ordóidh an Chúirt, agus deimhneoidh sé a dtoradh don Chúirt ar iad a bheith críochnaithe agus chuige sin beidh aige cumhachtaí uile an Scrúdaitheora san Ard-Chúirt, agus eiseoidh sé cibé forghairmeacha agus subpoena is gá chun dlínse na Cúirte a chur i ngníomh.
3. Más léir don Chláraitheoir Contae gur ábhar cuí lena chinneadh ag an mBreitheamh atá in aon ábhar, féadfaidh an Cláraitheoir Contae an t-ábhar sin a tharchur chun an Bhreithimh agus féadfaidh seisean ant-ábhar a chur de láimh nó é a tharchur ar ais chun an Chláraitheora Contae maille le cibé ordacháin is cuí leis.
4. Beidh de chumhacht ag an gCláraitheoir Contae gach fógrán a mbeidh gá leis a shocrú, agus socrú a dhéanamh chun na fógráin sin a chur isteach i cibé foilseacháin is dóigh leis is ceart.
5. Féadfaidh an Cláraitheoir Contae aon pháirtí in aon imeacht, nó aon fhinné a mheasfaidh sé gur gá go bhfreastalódh sé i ndáil le haon dualgas nó cumhacht dá dtugtar dó le reacht nó eile, a thoghairm chun freastal os a chomhair agus feadfaidh sé an páirtí nó an finné sin a cheistiú faoi mhionn.
6. Beidh de chumhacht ag an gCláraitheoir Contae, nuair a ordóidh an Breitheamh dó é nó nuair a chumhachtaítear dó é leis na Rialacha seo, gach Bille Costas a fhómhas, lena n-áirítear costais amhail idir aturnae agus cliant, agus deimhneoidh sé an tsuim a bheidh dlite go cuí ina leith. I ngach cás, déanfaidh sé na costais a thomhas trí shuim réasúnach a shocrú i leith an Bhille go léir nó i leith aon ítime áirithe ann.
7. Aon pháirtí a bheidh míshásta le haon deimhniú, rialú nó cinneadh a bheidh tugtha ag an gCláraitheoir Contae, féadfaidh sé, laistigh de dheich lá ó dháta an deimhnithe, an rialaithe nó an chinnidh sin, a iarraidh ar an mBreitheamh trí fhoriarratas iar bhfógra an deimhniú, an rialú nó an cinneadh sin a athbhreithniú, agus air sin féadfaidh an Breitheamh cibé ordú is cuí leis a dhéanamh.
8. D'éagmais aon ordaithe ón gCúirt, nó d'éagmais ordacháin nó iarrata ó dhuine a bheidh i dteideal an céanna a dhéanamh, maidir le hinfheistiú suimeanna airgid a bheidh íoctha isteach sa Chúirt, déanfaidh an Cláraitheoir Contae ordacháin maidir lena n-infheistiú a iarraidh ar an mBreitheamh.
9. Mura mbeidh an Breitheamh i láthair beidh de chumhacht ag an gCláraitheoir Contae a dhearbhú an Chúirt a bheith ar atráth go ceann cibé tréimhse, nó go dtí cibé dáta, is gá.
10. Ó am go ham féadfaidh an Cláraitheoir Contae i ngach Contae iarmhéideanna cistí a bheidh chun sochair d'aon chuntas mórleabhair, agus nach mbeifear tar éis déileáil leo le cúig bliana déag nó os a chionn, a shall-iompar go dtí cuntas mórleabhair ghinearálta le haghaidh iarmhéideanna díomhaoine; agus feadfaidh sé an t-ús nó na díbhinní a fhabhróidh ó am go ham ar iarmhéideanna cistí a bheidh sall-iompartha amhlaidh a iompar chun sochair don chuntas mórleabhair ghinearálta céanna. Nuair a bheifear le gníomhú ar ordú a dhéileálann le cistí a bheidh sall-iompartha faoin Riail seo, déanfaidh an Cláraitheoir Contae na cistí sin, agus aon ús nó díbhinní a bheidh fabhraithe orthu, a aisiompar chun sochair do chuntas mórleabhair faoin teideal céanna leis an gcuntas ónar sall-iompraíodh amhlaidh iad, agus déileálfaidh sé leo mar a ordófar leis an ordú sin.
11. Ar nó roimh an 31ú lá de Nollaig gach tríú bliain ullmhóidh an Cláraitheoir Contae liosta nó ráiteas de na cuntais san Oifig a sall-iompraíodh go dtí an cuntas mórleabhair ghinearálta faoin Riail deiridh roimhe seo. Déanfar an liosta nó an ráiteas sin a chomhdú agus a fhoilseánadh san Oifig, agus foilseofar cóip de san Iris Oifigiúil.