Ordú 15

Láithriú, cosaint, taisceadh, tairiscint íocaíochta in ionad taisceadh agus frithéileamh

  1. Má tá ar intinn ag cosantóir Bille Sibhialta nó imeacht eile a chosaint, taifeadfaidh sé láithreas san Oifig san fhoirm fhorordaithe dá bhforáiltear i bhFoirm 5 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo. Taiscfear an fhoirm sin leis an gCláraitheoir Contae, nó cuirfear chuige leis an bpost í, ionas go sroichfidh sí an Oifig sula mbeidh an tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris caite, agus san am céanna taiscfear cóip den fhoirm sin leis an ngearánaí (má tá sé ag agairt go pearsanta) nó lena Aturnae, nó cuirfear chuige leis an bpost í, faoi réir fhorálacha Ordú 5, riail 4, den Ordú seo.
     
  2. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha seo, is deich lá ón mBille Sibhialta a sheirbheáil, gan lá na seirbheála a áireamh, nó cibé tréimhse ama bhreise a chomhaontófar idir na páirtithe, an tréimhse ama chun láithreas a thaifeadadh, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
     
  3. (1) Where no appearance has been entered, within the time allowed, to a Civil Bill, for a defendant who is a child, the plaintiff shall, before further proceeding with the action against the said defendant, apply in the Office in the manner prescribed in Order 19 for an order that some proper person be assigned guardian ad litem of such defendant by whom he or she may appear and defend.

    (2) Where no appearance has been entered, within the time allowed, to a Civil Bill or other originating document, for a defendant who is a person whose capacity to conduct proceedings is in question or may shortly be in question, but in respect of whom no decision-making representation order has been made under section 38(2)(b) of the Assisted Decision-Making (Capacity) Act 2015 which is in force, the plaintiff shall, before further proceeding with the action against the said defendant, apply to the Court under Order 6, rule 8. 
    (Order 15 rule 3, substituted by SI 201 of 2023, translation not yet available.)
     
  4. Déanfaidh cosantóir a mbeidh Láithreas taifeadta aige mar a dúradh, laistigh den tréimhse bhreise deich lá ina dhiaidh sin, fógra i scríbhinn, dá ngairtear an Chosaint sna Rialacha seo, a sheachadadh ar an ngearánaí nó ar a Aturnae; cuirfear an dáta ar an gCosaint sin agus beidh sí de réir Fhoirm 6A de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhFoirm sin is cuí.
     
  5. Luafar go soiléir sa Chosaint na forais ar a ndíospóideann an cosantóir éileamh an ghearánaí. Faoi réir fhorálacha Ordú 65, ní ghlacfar le haon chosaint chun an t-éileamh nó aon chuid de a shárú mura dóigh leis an mBreitheamh go bhféadfaí go cóir sin a bhaint de thátal as na sonraí a bheidh tugtha sa Chosaint.
  6. Beidh gach cosantóir in imeachtaí eisiachtana i dteideal gach cosaint a bheidh aige de réir dlí nó cothromais a phléadáil.
  7. Féadfaidh cosantóir i gcaingean aon cheart nó éileamh a fhritháireamh nó a chur suas mar fhrithéileamh i gcoinne éilimh an ghearánaí, cibé acu is éileamh i leith damáistí an fritháireamh nó an frithéileamh sin nó nach ea, agus beidh an éifeacht chéanna leis an bhfritháireamh nó leis an bhfrithéileamh sin is a bheadh le croschaingean, chun a chur ar chumas an Bhreithimh breithiúnas críochnaitheach a fhógairt sa chaingean chéanna, ar an éileamh bunaidh agus ar an bhfrithéileamh araon. Ach, ar iarratas ón ngearánaí roimh an triail, féadfaidh an Breitheamh, más é a thuairim nach féidir an fritháireamh nó an frithéileamh sin a chur de láimh go caoithiúil sa chaingean a bheidh ar feitheamh, nó nach cóir é a cheadú, cead a dhiúltú don chosantóir leas a bhaint as an bhfritháireamh nó as an bhfrithéileamh sin.
  8. Le Cosaint á phléadáil go ndearnadh tairiscint roimh chaingean, ní foláir an tsuim airgid a líomhnaítear a tairgeadh a thabhairt isteach sa Chúirt.
  9. (a) Ní bhainfidh an riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Féadfaidh aon Chosantóir, tráth taifeadta láithris, nó tráth ar bith ina dhiaidh sin
  1. arb aon dáta é nach déanaí ná dáta an Fhógra Trialach nó
  2. arb ocht seachtain ar a laghad é roimh an dáta éisteachta a bheidh luaite san Fhógra Trialach a chomhaontófar idir na páirtithe,

suim, a líomhnóidh sé gur leor í chun éileamh an ghearánaí a shásamh, a thaisceadh sa Chúirt, agus féadfar an taisceadh sin a dhéanamh le hadmháil dliteanais nó le séanadh dliteanais. I gcás ina mbeidh níos mó ná éileamh amháin nó cúis chaingne amháin ann luafaidh an cosantóir cé acu díobh a bhfuil an taisceadh sin á dhéanamh ina leith.

(b) Bainfidh an riail seo le gach Cuaird seachas Cuaird Bhaile Átha Cliath. Féadfaidh aon Chosantóir, tráth taifeadta láithris, nó tráth ar bith ina dhiaidh sin

  1. arb aon dáta é nach déanaí ná dáta an Fhógra Trialach, nó
  2. arb ocht seachtain ar a laghad é roimh an lá a mbeidh an cás le héisteacht den chéad uair nó cibé tréimhse is giorra ná sin roimh an lá a mbeidh an cás le héisteacht den chéad uair a chomhaontófar idir na páirtithe,

suim, a líomhnóidh sé gur leor í chun éileamh an ghearánaí a shásamh, a thaisceadh sa Chúirt, agus féadfar an taisceadh sin a dhéanamh le hadmháil dliteanais nó le séanadh dliteanais. I gcás ina mbeidh níos mó ná éileamh amháin nó cúis chaingne amháin ann luafaidh an cosantóir cé acu díobh a bhfuil an taisceadh sin á dhéanamh ina leith.

  1. a) Ní bhainfidh an riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Féadfaidh cosantóir, aon uair amháin, gan chead, agus ar fhógra a thabhairt don ghearánaí, suim bhreise airgid a thaisceadh sa Chúirt mar mhéadú ar thaisceadh a bheidh déanta faoi Riail 9a thuas. Ní foláir an fógra sin a thabhairt agus an taisceadh breise sin a dhéanamh

(i) ar dháta nach déanaí ná dáta an Fhógra Trialach nó

(ii) ocht seachtain ar a laghad (nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chomhaontófar idir na páirtithe) roimh an dáta éisteachta a bheidh luaite san Fhógra Trialach. Mura dtabharfar an fógra sin, agus mura ndéanfar an taisceadh breise sin mar a dúradh, measfar gurb é an taisceadh a bheidh déanta faoi Riail 9 an t-aon taisceadh sa Chúirt, agus déanfar an tOrdú seo a fhorléiriú dá réir sin.

(b) Bainfidh an riail seo le gach Cuaird seachas Cuaird Bhaile Átha Cliath. Féadfaidh cosantóir, aon uair amháin, gan chead, agus ar fhógra a thabhairt don ghearánaí, suim bhreise airgid a thaisceadh sa Chúirt mar mhéadú ar thaisceadh a bheidh déanta faoi Riail 9b thuas. Ní foláir an fógra sin a thabhairt agus an taisceadh breise sin a dhéanamh

(i) ar dháta nach déanaí ná dáta an Fhógra Trialach nó

(ii) ocht seachtain ar a laghad (nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chomhaontófar idir na páirtithe) roimh an lá a mbeidh an cás le héisteacht den chéad uair. Mura dtabharfar an fógra sin, agus mura ndéanfar an taisceadh breise sin mar a dúradh, measfar gurb é an taisceadh a bheidh déanta faoi Riail 9b an t-aon taisceadh sa Chúirt, agus déanfar an tOrdú seo a fhorléiriú dá réir sin.

  1. Aon Chosantóir a mbeidh taisceadh á dhéanamh aige faoin Ordú seo déanfaidh sé é sin a chur in iúl le doiciméad seachas a Chosaint agus coimeádfaidh an Cláraitheoir Contae an doiciméad sin i gcomhad ar leithligh agus ní nochtfaidh seisean ná aon duine eile don Bhreitheamh go ndearnadh an taisceadh sin go dtí go mbeidh breith tugtha aige ar na saincheisteanna go léir idir na páirtithe ach amháin an dliteanas i leith costas. Is san fhoirm a fhorordaítear i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo i bhFoirm 6B a bheidh an doiciméad sin, agus comhdófar é de réir na Rialacha seo, agus seirbheálfar cóip de ar an nGearánaí.
     
  2. Ach amháin i gcás taisceadh le cosaint á phléadáil go ndearnadh tairiscint, féadfaidh an gearánaí, laistigh de dheich lá tar éis an taiscthe sin mar a dúradh, fógra a sheirbheáil ar an gcosantóir go bhfuil sé ag glacadh leis an tsuim a taisceadh, agus oibreoidh an fógra sin mar bhac ar gach imeacht eile agus mar shocrú ar an éileamh ón ngearánaí a ndearnadh an taisceadh ina leith, ach amháin maidir le costais.

    Má tá an gearánaí faoi mhíchumas dlíthiúil, ansin, i dteannta fógra go bhfuiltear ag glacadh leis an tsuim a taisceadh, seirbheálfaidh sé ar an gcosantóir fógra foriarratais chun glacadh na suime sin a chur faoi fhormheas na Cúirte, agus ina dhiaidh sin ní thionscnófar aon imeacht eile sa chaingean ach amháin le cead ón mBreitheamh, agus, ar an bhfógra foriarratais sin a éisteacht, féadfar a dhearbhú go bhfuil an gearánaí i dteideal cibé costais a fháil is cóir leis an gCúirt, cibé acu a fhormheasfaidh an Chúirt glacadh na suime a dúradh nó nach bhformheasfaidh.
     
  3. I gcás inar mian leis an ngearánaí, agus gan é a bheith faoi aon mhíchumas dlíthiúil, glacadh leis an tsuim a taisceadh, déanfar an tsuim sin a íoc leis an ngearánaí gan aon Fhoraithne ná Ordú ón gCúirt a bheith riachtanach, ar fhógra, arna shíniú ag an ngearánaí nó ag a aturnae, a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae go bhfuiltear ag glacadh leis an tsuim sin mar lánsásamh san éileamh ar taisceadh ina leith í. Ina theannta sin, taiscfidh an gearánaí cóip den fhógra a cheanglaítear i Riail 12, nó, nuair nár seirbheáladh aon fhógra laistigh den tréimhse ama a shonraítear i Riail 12, litir ó aturnae an chosantóra (nó i gcás nach mbeidh aon aturnae aige, ón gcosantóir) ag toiliú glacadh go déanach leis an tsuim a taisceadh.
     
  4. I gcás ina nglacfaidh an gearánaí, agus gan é a bheith faoi mhíchumas dlíthiúil, le taisceadh faoin Ordú seo, beidh de chead aige, má shásaítear dá chionn sin iomlán a éilimh, a chostais a fhómhas ar cheithre lá a bheith caite ó fhógra faoina ghlacadh a sheirbheáil, mura rud é go n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, agus mura n-íocfar na costais laistigh de sheacht lá tar éis an fhómhais sin, beidh de chead aige breithiúnas a thaifeadadh i leith a chostas arna bhfómhas amhlaidh.
  5. Mura nglacfaidh an Gearánaí, agus gan é bheith faoi mhíchumas dlíthiúil, leis an tsuim iomlán a taisceadh, laistigh den tréimhse ama a ainmníodh, dlífidh sé na costais go léir a íoc a thabhófar ina dhiaidh sin de bhun an éilimh a ndearnadh an taisceadh ina leith, mura bhfaighidh sé breithiúnas i leith suime is mó ná an tsuim iomlán a taisceadh, gan costais a áireamh.
  6. Ach amháin mar a ordóidh an Chúirt a mhalairt, mura nglacfaidh an Gearánaí leis an tsuim a taisceadh, de réir fhorálacha na Rialacha seo, ansin, ar fhoirceannadh na n-imeachtaí, déanfar na suimeanna go léir a taisceadh a aisíoc leis an aturnae a bheidh ar taifead thar ceann an Chosantóra tráth an fhoirceanta sin nó, i gcás nach mbeidh aon aturnae ar taifead thar ceann an Chosantóra an tráth sin, leis an gCosantóir go pearsanta.
  7. Ní sheachadfar aon Chosaint tar éis na tréimhse ama a shonraítear sna Rialacha seo, gan cead ón gCláraitheoir Contae, ach amháin mar a chomhaontaítear a mhalairt idir na páirtithe, agus ní sheachadfar aon Chosaint mura mbeidh Láithreas taifeadta roimhe sin ag an gcosantóir mar a cheanglaítear leis na Rialacha seo.
  8. Faoi réir Ordú 17 de na Rialacha seo, ní cheadófar aon phléadáil i ndiaidh Cosanta, nó i ndiaidh Cosanta agus Frithéilimh.
  9. D'ainneoin aon ní atá i Riail 16 den Ordú seo, féadfaidh gearánaí, sula ndéanfar fógra trialach a sheirbheáil, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do chosantóir, airgead a thaisceadh sa Chúirt mar fhreagra ar fhrithéileamh, faoi réir na gcoinníollacha céanna maidir le costais agus eile a bhaineann le taisceadh sa Chúirt ag cosantóir.
  10. I ngach caingean ina ndéanfar taisceadh airgid de bhun fhorálacha Rialacha an Ordaithe seo féadfaidh an páirtí a mbeidh an taisceadh sin á dhéanamh aige, trí fhógra a thabhairt don Chláraitheoir Contae, a iarraidh go gcuirfear an t-airgead ar chuntas taisce nó ar chuntas reatha. Beidh an páirtí a mbeidh an taisceadh sin á dhéanamh aige ar chuntas taisce i dteideal go n-íocfar an t-ús a fhabhróidh air leis agus déanfar an t-ús sin a íoc amach leis an aturnae thar ceann an duine a rinne an taisceadh nó, mura mbeidh aon aturnae thar ceann an duine sin ar taifead, leis an duine a rinne an taisceadh, ar fhoirceannadh na n-imeachtaí, faoi réir aon rialaithe dá mhalairt a dhéanfaidh an Chúirt. Ní bheidh an t-ús sin ina chuid den taisceadh sin.
  11. 1) Measfar páirtí a bheith ina pháirtí cáilithe chun críocha na rialach seo más rud é gurb é a bheidh sa pháirtí sin:

(a) Aire Rialtais; nó
(b) an tArd-Aighne; nó
(c) an Rialtas; nó
(d) an Stát; nó
(e) aon pháirtí a mbeidh an Stát ag soláthar slánaíochta ina leith; nó
(f) slánaíochtóir d'aon pháirtí agus é údaraithe chun gnó a sheoladh sa Stát mar ghnóthas árachais de bhun an dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire; nó
(g) an Biúró Árachóirí Gluaisteán; nó
(h) an Biúró Árachóirí Gluaisteán Cuairte.

(2) I gcás ina mbeidh páirtí cáilithe i dteideal taisceadh a dhéanamh nó a mhéadú thar a cheann féin nó thar ceann aon pháirtí eile faoi na rialacha sin roimhe seo nó le hordú ón gCúirt, ansin féadfaidh an páirtí sin, in ionad aon airgead a thaisceadh sa Chúirt, a fhorthairiscint íoc a dhéanamh leis an bpáirtí nó leis na páirtithe eile sa chúis nó sna himeachtaí.

(3) Maidir le haon fhorthairiscint íocaíochta a dhéanfar faoi na rialacha seo, measfar gur taisceadh í agus measfar an éifeacht chéanna a bheith léi is atá le taisceadh agus beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha sin go léir roimhe seo d'Ordú 15 maidir leis na forthairiscintí sin i dtaca le tréimhse ama chun an céanna a dhéanamh agus chun glacadh leis an gcéanna amhail mar atá feidhm acu maidir le taisceadh.

(4) Déanfar forthairiscint de réir Fhoirm Uimh. 6B(i) nó Fhoirm Uimh. 6B(ii), de réir mar is cuí, agus luafar inti an ngéilltear nó an séantar dliteanas agus, faoi réir Riail 11, measfar gur cuid de na pléadálacha í. Is de réir Fhoirm Uimh. 6B(iii) a bheidh fógra i dtaobh glacadh leis an tairiscint agus beidh feidhm ag forálacha Rialacha 12, 13 agus 14 maidir leis sin.

(5) In aon chás ina mbeidh glactha le forthairiscint, agus as a aithle sin go gceanglaítear ar an bpáirtí a mbeidh an tairiscint sin déanta aige an tsuim a shonraítear a íoc, déanfar an tsuim shonraithe sin a íoc laistigh de cheithre sheachtain ó dháta an fógra a fháil go bhfuiltear ag glacadh leis an gcéanna.

(6) Maidir le haon pháirtí cáilithe a mbeidh forthairiscint déanta aige a mbeifear tar éis glacadh léi ach a mbeidh mainnithe aige an tsuim a sonraíodh san fhorthairiscint sin a íoc laistigh den tréimhse ama a ceanglaíodh, leanfaidh sé air de bheith faoi dhliteanas an tsuim a sonraíodh a íoc, mar aon le hús uirthi, de réir an ráta a bheidh socraithe i gcomhair breithiúnas ón gCúirt, in aghaidh gach míosa nó coda den mhí a fhanfaidh an tsuim sin nó aon chuid di fós gan íoc.

(7) Beidh de chead ag aon pháirtí nó páirtí cáilithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte i ndáil le haon fhorthairiscint nó le haon ní i ndáil léi agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordacháin a thabhairt ina thaobh sin a dhealróidh a bheith cóir agus cuí.

 

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim15-I.R. Uimh. 542 De 2004: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Uimh. 1) (An Tacht Um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003), 2004
Uim15-I.R. Uimh. 525 De 2005: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Cistí I Gcúirt) 2005
Uim15-I.R. Uimh. 470 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Iarratais Agus Achomhairc Reachtúla) 2009
Uim15-I.R. Uimh. 486 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Clúmhilleadh) 2009
Uim19A-I.R. Uimh. 11 De 2018