Ordú 64A

Cistí i gCúirt : I.R. Uimh. 525 de 2005

1. Leasaítear leis seo na Rialacha Cúirte Cuarda:

(i) tríd an Ordú seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 64:

‘‘Ordú 64A

Cistí i gCúirt

I. Réamhráiteach

1. San Ordú seo:

ciallaíonn ‘‘Cuntasóir’’ an Cuntasóir dá dtagraítear in alt 16 den Acht Oifigigh Cúirte 1926, nó ionadaí a bheidh ceaptha ag an tSeirbhís Chúirteanna;

ciallaíonn ‘‘Oifig an Chuntasóra’’ an oifig dá dtagraítear in alt 15 den Acht Oifigigh Cúirte 1926;

ciallaíonn ‘‘Príomh-Chléireach’’ an Príomh-Chléireach in Oifig an Chuntasóra nó ionadaí a bheidh ceaptha ag an tSeirbhís Chúirteanna;

ciallaíonn ‘‘cistí’’ airgead, blianachtaí, stoic, scaireanna nó urrúis eile;

ciallaíonn ‘‘Foras’’ cibé cuideachta nó foras, is sealbhóir ar cheadúnas chun gnó baincéireachta a sheoladh laistigh den Stát, a ainmneoidh an Cuntasóir ó am go ham, i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Cuarda, chun seirbhísí baincéireachta cuntas reatha a sholáthar don Chuntasóir i leith airgid a bheidh le taisceadh sa Chúirt.

II. Cistí a Thaisceadh sa Chúirt

2. (1) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda earnálacha imeachtaí, nó dámhachtainí nó taiscí arna ndéanamh in imeachtaí, a fhorordú ar ina leith a bheidh cistí a bheidh le híoc isteach sa Chúirt le taisceadh in Oifig an Chuntasóra.

(2) I gcás ina ndearna Uachtarán na Cúirte Cuarda earnáil imeachtaí, nó dámhachtainí nó taiscí arna ndéanamh in imeachtaí, a fhorordú chun críocha fhoriail 1 den Riail seo, déanfar airgead atá san earnáil sin agus atá le taisceadh sa Chúirt a íoc isteach in Oifig an Chuntasóra nó, i gcás ina n-ordóidh an Cuntasóir é, san Fhoras agus déanfaidh an Cuntasóir nó an Foras, de réir mar a bheidh, a chur faoi deara go dtabharfar admháil don duine a dhéanann an taisceadh agus fógra faoin admháil sin a chur chuig an gCláraitheoir Contae leis an bpost nó ar cibé slí eile (lena n-áirítear aistriú leictreonach) a chinnfidh an Cuntasóir.

(3) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda earnálacha imeachtaí, nó dámhachtainí nó taiscí arna ndéanamh in imeachtaí, a fhorordú ar ina leith a bheidh cistí a íocadh isteach sa Chúirt cheana féin le taisceadh in Oifig an Chuntasóra.

(4) I gcás ina ndearna Uachtarán na Cúirte Cuarda earnáil imeachtaí, nó dámhachtainí nó taiscí arna ndéanamh in imeachtaí, a fhorordú chun críocha fhoriail 3 den Riail seo, déanfaidh an Cláraitheoir Contae taiscí arna dtaisceadh sa Chúirt agus atá san earnáil sin a íoc isteach in Oifig an Chuntasóra nó, i gcás ina n-ordóidh an Cuntasóir é, san Fhoras, de réir amchláir a shocróidh an Cuntasóir i gcomhairle leis an gCláraitheoir Contae, agus déanfaidh an Cuntasóir nó an Foras, de réir mar a bheidh, a chur faoi deara go dtabharfar admháil don Chláraitheoir Contae a dhéanann an taisceadh agus an admháil sin a chur chuig an gCláraitheoir Contae leis an bpost nó ar cibé slí eile (lena n-áirítear aistriú leictreonach) a chinnfidh an Cuntasóir.

(5) I gcás ina mbeidh cistí atá le híoc isteach sa Chúirt le taisceadh in Oifig an Chuntasóra, beidh seiceanna chun airgead a thaisceadh iníoctha leis an gCuntasóir.

(6) Cuirfidh an Cuntasóir faoi deara go ndéanfar an t-airgead go léir a íoctar isteach in Oifig an Chuntasóra de bhun fhorialacha 1 nó 3 den Riail seo a thaisceadh leis an bhForas a luaithe is indéanta agus cuirfidh an Foras faoi deara admháil a eisiúint chuig an gCuntasóir maidir le gach taisceadh den sórt sin.

(7) I gcás ina ndearna Uachtarán na Cúirte Cuarda earnáil imeachtaí, nó dámhachtainí nó taiscí arna ndéanamh in imeachtaí, a fhorordú chun críocha fhoriail 1 den Riail seo, déanfar urrúis atá san earnáil sin agus atá le haistriú isteach sa Chúirt a aistriú chuig cuntas an Chuntasóra i leabhair an Fhorais, nó aon chuideachta nó comhlachta chorpraithe eile a bhfuil na hurrúis sin cláraithe ina leabhair.

(8) I gcás ina ndearna Uachtarán na Cúirte Cuarda earnáil imeachtaí, nó dámhachtainí nó taiscí arna ndéanamh in imeachtaí, a fhorordú chun críocha fhoriail 3 den Riail seo, déanfar urrúis atá san earnáil sin agus atá le haistriú isteach sa Chúirt a aistriú chuig cuntas an Chuntasóra i leabhair an Fhorais, nó aon chuideachta nó comhlachta chorpraithe eile a bhfuil na hurrúis sin cláraithe ina leabhair.

(9) Déanfar na foirmeacha atá forordaithe de thuras na huaire le Rialacha na nUaschúirteanna lena n-úsáid in Oifig an Chuntasóra, i gcás inarb infheidhme nó inar cuí, agus fara cibé athruithe nó modhnuithe is gá, a úsáid i leith aon earnála a bheidh forordaithe ag Uachtarán na Cúirte Cuarda chun críocha fhorialacha 1 nó 3 den Riail seo.

(10) I gcás ina mbeidh cistí atá le híoc isteach sa Chúirt le taisceadh in Oifig an Chuntasóra, déanfaidh an Cuntasóir, ach amháin i gcás ina ndéanfar ordachán a tharchur go leictreonach de bhun fhoriail 12 den Riail seo chun cistí a thaisceadh, ordachán le haghaidh taisceadh de bhun ordaithe a eisiúint, ar chóip dheimhnithe den ordú nó, i gcás ina gceadóidh an Cuntasóir é, ar dhoiciméad ina bhfuil cibé sonraí, a bheidh i cibé foirm agus a bheidh fíordheimhnithe ar cibé slí a fhorordóidh an Cuntasóir ó am go ham, a fháil ón gCláraitheoir Contae.

(11) I gcás ina mbeidh cistí atá le híoc isteach sa Chúirt le taisceadh in Oifig an Chuntasóra, féadfar taisceadh cistí sa Chúirt nach n-ordaítear le hordú a dhéanamh ar ordachán chuig an bhForas, nó chuig an gcuideachta eile nó chuig an gcomhlacht corpraithe eile, ar ordachán é a bheidh le heisiúint ag an gCuntasóir ar iarraidh ar thaisceadh a bheidh sínithe ag an duine ar mian leis an taisceadh sin a dhéanamh nó thar ceann an duine sin.

(12) Féadfaidh an Cláraitheoir Contae ordachán de bhun ordú ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae a tharchur chuig an gCuntasóir go leictreonach i cibé foirm agus i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha agus eisceachtaí a ordóidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham.

(13) Maidir le hordú ina bhfuil ordachán chun cistí a thaisceadh sa chúirt, déanfaidh an gearánaí nó páirtí eile, ar chun tairbhe dó nó di a bheidh an taisceadh le déanamh é a ghlacadh, laistigh de 14 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus déanfaidh an páirtí sin é a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an gcosantóir nó ar an bpáirtí eile ar a gceanglaítear an taisceadh a dhéanamh.

(14) Déanfaidh an cosantóir nó an páirtí eile dá n-ordaítear taisceadh cistí a dhéanamh sa chúirt na cistí lena mbaineann a thaisceadh sa chúirt laistigh de 28 lá tar éis an t-ordú lena n-ordaítear an taisceadh sin a sheirbheáil ar an bpáirtí sin.

3. (1) Maidir le haon earnáil imeachtaí, nó dámhachtainí nó taiscí arna ndéanamh in imeachtaí, nach mbeidh forordaithe ag Uachtarán na Cúirte Cuarda chun críocha fhorialacha 1 nó 3 de Riail 2 den Ordú seo, féadfaidh an Cuntasóir, i gcomhairle leis an gCláraitheoir Contae don chontae lena mbaineann, banc nó foras eile, is sealbhóir ar cheadúnas chun gnó baincéireachta a sheoladh laistigh den Stát, a fhorordú agus déanfar airgead atá le taisceadh sa chúirt a íoc isteach ann.

(2) I gcás ina ndearna an Cuntasóir banc a fhorordú de réir agus chun críocha fhoriail 1 den riail seo i leith contae, déanfar airgead atá in aon earnáil dá dtagraítear san fhoriail sin agus atá le taisceadh sa chúirt a íoc isteach sa bhanc nó san fhoras sin agus cuirfidh an banc nó an foras faoi deara go dtabharfar admháil don duine a dhéanann an taisceadh.

4. (1) Beidh de chead ag duine ar a gceanglaítear taisceadh a dhéanamh sa chúirt de bhun ordaithe an taisceadh sin a dhéanamh gan ordú breise d’ainneoin nach mbeidh an t-ordú seirbheáilte nó go mbeidh an tréimhse ama a theorannaítear leis an ordú chun an taisceadh sin a dhéanamh caite.

(2) I gcás ina mbeidh an tréimhse ama arna teorannú chun taisceadh den sórt sin a dhéanamh caite, déanfaidh an duine ar a gceanglaítear an taisceadh a dhéanamh suim bhreise a íoc isteach sa chúirt mar ús ar an méid atá le taisceadh de réir cibé ráta úis breithiúnais a bhí i ngníomh an dáta is déanaí ar ar ceanglaíodh an taisceadh a dhéanamh.

(3) Más rud é go mbeidh aon suim airgid tagtha chun bheith iníoctha ag an duine sin le haghaidh úis, nó i leith díbhinní nó ar shlí eile, mar gheall ar an mainneachtain sin, beidh de chead aige cibé suim bhreise a thaisceadh sa Chúirt ar iarraidh arna síniú ag an duine ar mian leis an taisceadh sin a dhéanamh nó thar ceann an duine sin: ar choinníoll nach ndéanfaidh aon taisceadh den sórt sin ina dhiaidh sin difear ná dochar d’aon dliteanas, próiseas nó iarmhairt eile a mbeidh an duine sin tagtha chun bheith faoina réir mar gheall ar a mhainneachtain i dtaca leis an taisceadh a dhéanamh laistigh den tréimhse ama arna teorannú amhlaidh.

III. Infheistíocht

5. (1) gcás ina n-ordaítear nó ina gceanglaítear airgead arna thaisceadh leis an gCuntasóir a infheistiú sealbhófar an infheistíocht sin, faoi réir fhoriail 2 den riail seo, in ainm an Chuntasóra.

(2) I gcás ina n-ordaítear nó ina gceanglaítear airgead arna thaisceadh leis an gCuntasóir a infheistiú, féadfar an infheistíocht sin a shealbhú, maidir leis an infheistíocht sin go léir nó cuid nó codanna di, in ainm cibé ainmnithigh nó ainmnitheach agus fo-ainmnithigh nó foainmnitheach a shonróidh an Cuntasóir le ceadú Uachtarán na Cúirte Cuarda.

(3) I gcás ina n-ordaítear don Chuntasóir, nó ina gceanglaítear ar an gCuntasóir, infheistíocht a dhíol, a bhriseadh nó a réadú ar shlí eile tabharfaidh sé na hordacháin sin go léir is gá chun na críche sin a luaithe is féidir agus cinnteoidh sé go n-íocfar na fáltais ón díol, ón mbriseadh nó ón réadú sin a luaithe is féidir isteach i gcuntas an Chuntasóra.

IV. Cistí a Íoc, a Sheachadadh agus a Aistriú agus Déileálacha eile leo

6. I gcás ina mbeidh cistí atá le híoc isteach sa Chúirt le taisceadh in Oifig an Chuntasóra, déanfaidh an Cuntasóir, ach amháin i gcás ina ndéanfar ordachán a tharchur go leictreonach de bhun fhoriail 12 de riail 2 den Ordú seo chun cistí a íoc nó a aistriú, ordachán chun cistí a íoc nó a aistriú de bhun ordú ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae a eisiúint, ar chóip dheimhnithe den ordú nó, i gcás ina gceadóidh an Cuntasóir é, ar dhoiciméad ina bhfuil cibé sonraí, a bheidh i cibé foirm agus a bheidh fíordheimhnithe ar cibé slí a fhorordóidh an Cuntasóir ó am go ham, a fháil ón gCláraitheoir Contae.

7. (1) I gcás ina mbeidh cistí taiscthe leis an gCuntasóir—

(a) gach ordachán ón gCuntasóir chun cistí nó urrúis a íoc, a sheachadadh nó a aistriú as an gCúirt, nó chun cistí a dhíol, a infheistiú nó a thabhairt anonn, seachas ordachán a tharchuirfear ar mhodh leictreonach de bhun fhoriail 6 den riail seo, beidh sé sínithe, (i) ag an gCuntasóir, nó mura mbeidh sé i láthair, ag ionadaí an Chuntasóra nó (ii) ag an bPríomh-Chléireach.

(b) Tabharfar fógra don Fhoras i dtaobh ainm gach oifigigh a bheidh údaraithe chun ordacháin de bhun mhír(a) den fhoriail seo a shíniú agus d’aon chuideachta eile ar a gceanglaítear gníomhú ar ordacháin den sórt sin mar aon leis an tréimhse ama, i gcás ceapacháin shealadaigh, ar ar a feadh a leanfar den chéanna; agus, i gcásan Chuntasóra agus an Leas-Chuntasóra, is é Príomh-Fheidhmeannach na Seirbhíse Cúirteanna a shíneoidh an fógra sin.

(2) I gcás ina mbeidh cistí taiscthe leis an gCuntasóir—

(a) Déanfaidh cibé oifigeach in Oifig an Chuntasóra a bheidh ceaptha ag an gCuntasóir chun na críche sin gach ordachán den sórt sin a chomhshíniú.

(b) Tabharfar fógra don Fhoras i dtaobh ainm gach oifigigh a bheidh údaraithe ordacháin de bhun mhír (a) den fhoriail seo a chomhshíniú agus d’aon chuideachta eile ar a gceanglaítear gníomhú ar ordacháin den sórt sin, mar aon leis an tréimhse ama, i gcás ceapacháin shealadaigh, ar ar a feadh a leanfar den chéanna; agus is é an Cuntasóir nó an Príomh-Chléireach a shíneoidh an fógra sin.

(3) Aon oifigeach a dhéanfaidh aon ordachán den sórt sin a chomhshíniú, cuirfidh sé i gcomparáid é leis an gcóip den sceideal arna comhdú in Oifig an Chuntasóra agus deimhneoidh sé dó féin go bhfuil an t-ordachán sin údaraithe leis an sceideal sin agus go bhfuil sé de réir an sceidil sin. Breacfaidh an t-oifigeach sin síos nóta faoi na hordacháin a dhéanann sé a chomhshíniú agus faoi dháta an chomhshínithe, sa chóip den sceideal.

(4) Tabharfar fógra don Fhoras i dtaobh ainm gach oifigigh a bheidh údaraithe ordacháin a chomhshíniú de bhun fhoriail 1 den riail seo agus i dtaobh ainm gach oifigigh a bheidh údaraithe ordacháin a chomhshíniú de bhun fhoriail 2 den riail seo, agus d’aon chuideachta eile ar a gceanglaítear gníomhú ar ordacháin den sórt sin mar aon leis an tréimhse ama, i gcás ceapacháin shealadaigh, ar ar a feadh a leanfar den chéanna; agus beidh an fhaisnéis sin faoi láimh an Chuntasóra nó an Phríomh-Chléirigh.

(5) Is ordacháin leordhóthanacha iad ordacháin arna gcomhshíniú ag aon oifigeach den sórt sin le linn dá údarás leanúint ar aghaidh cé nach ndéanfar na hordacháin sin a thíolacadh le gníomhú orthu go dtí go mbeidh deireadh lena údarás.

(6) Féadfaidh an Cuntasóir íoc nó aistriú cistí as an gCúirt a dhéanamh go leictreonach i cibé foirm agus ar cibé slí a ordóidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham.

(7) Sa riail seo ciallaíonn ‘‘ordachán’’ seic, dréacht, barántas nó údarás eile chuig an bhForas chun airgead arna thaisceadh nó atá le taisceadh sa Chúirt a íoc nó a ghlacadh nó ionstraim lena ndéantar aon stoic nó scaireanna atá in ainm an Chuntasóra a aistriú.

8. (1) I gcás ina gceanglaítear ar an gCuntasóir le hordú nó ar shlí eile aon díbhinn, blianacht nó íocaíocht thréimhsiúil eile a íoc, déanfaidh sé, nuair a bheidh aon mhí dhéag caite tar éis dháta na chéad íocaíochta den sórt sin, agus i gceann eatramh nach faide ná dhá mhí dhéag ina dhiaidh sin, a chur faoi deara fiosruithe a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí iomchuí an íocaí agus a thaifid a athmheas más cuí.

(2) I gcás ina mbeidh teideal ag duine (dá ngairtear ‘‘an t-íocaí’’ sa riail seo) íocaíocht a fháil faoi ordú nó ar shlí eile, agus mura n-ordófar thairis sin leis an ordú nó leis an údarás le haghaidh íocaíochta, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) déanfaidh an Cuntasóir, ar iarraidh i scríbhinn a fháil ón íocaí laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an ordaithe nó an údaráis eile le haghaidh íocaíochta, an íocaíocht sin tríd an ordachán le haghaidh íocaíochta a sheachadadh ar an íocaí in Oifig an Chuntasóra, ar fhianaise maidir le céannacht an íocaí a bheith tugtha ar aird don Chuntasóir ar fianaise í is leor chun an Cuntasóir a shásamh;

(b) i gcás nach mbeidh iarraidh faighte aige de réir mhír (a) den fhoriail seo, féadfaidh an Cuntasóir an íocaíocht sin a dhéanamh (i) trí aistriú chuig cuntas in ainm an íocaí a bheidh sonraithe i scríbhinn ag an íocaí, (ii) leis an bpost chuig seoladh a bheidh sonraithe i scríbhinn ag an íocaí;

(c) i gcás ina ndéanfar cumhacht aturnae arna forghníomhú ag an íocaí agus arna fianú a chur chuig an gCuntasóir nó a sheachadadh air, féadfaidh sé an t-ordachán le haghaidh íocaíochta a sheachadadh ar an aturnae a bheidh ainmnithe leis an gcumhacht (i) go pearsanta, ar fhianaise i dtaobh chéannacht an aturnae a thabhairt ar aird don Chuntasóir ar fianaise í is leor chun an Cuntasóir a shásamh, (ii) trí aistriú isteach i gcuntas in ainm an aturnae, de réir mar a éileoidh an t-aturnae le iarraidh arna déanamh i scríbhinn, nó (ii) leis an bpost chuig seoladh a bheidh sonraithe i scríbhinn ag an aturnae.

(3) (a) I gcás ina mbeidh aon íocaíocht údaraithe cibé acu le hordú nó ar shlí eile, sula n-ordóidh sé an íocaíocht sin, féadfaidh an Cuntasóir, má mheasann sé gur cuí, fianaise i dtaobh chéannacht an íocaí a éileamh ar fianaise í is leor chun an Cuntasóir a shásamh.

(b) I gcás inar dréacht an t-ordachán le haghaidh íocaíochta, beidh sé iníoctha leis an íocaí agus beidh sé crosáilte ionas nach mbeidh sé iníoctha ach amháin trí bhaincéir.

V. Cuntais a iniúchadh

9. (1) Ar an 31ú lá d’Eanáir gach bliain, nó dá éis, déanfaidh an Cuntasóir cuntas a ullmhú, i cibé foirm a fhorordóidh sé le ceadú ó Uachtarán na Cúirte Cuarda, ina dtaispeánfar an méid iomlán cistí a bheidh íoctha nó aistrithe isteach sa Chúirt nó amach as an gCúirt sa bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair sa bhliain dheireanach roimhe sin agus iarmhéid na gcistí sa Chúirt ag tús agus deireadh na bliana sin.

(2) Déanfaidh an Cuntasóir, tráth nach déanaí ná an 31ú lá d’Eanáir gach bliain socrú a dhéanamh chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcuntas dá dtagraítear i bhforiail 1 den riail seo a bheidh le déanamh ag iniúchóir neamhspleách tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta gach bliain díreach i ndiaidh na bliana lena mbaineann an cuntas.

(3) Déanfar cóipeanna den chuntas sin, arna iniúchadh de réir fhoriail 2 den riail seo, a chur ar aghaidh chuig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus chuig an Aire Airgeadais.’’

....

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh ar an 20ú lá de Mheán Fómhair 2005.

3. Forléireofar na rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001, arna leasú, agus féadfar na Rialacha Cúirte Cuarda (Cistí i gCúirt) 2005 a ghairm díobh.