Ordú 19A

Gluaiseacht Cháis (Ginearálta) : I.R. Uimh. 539 de 2009

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim19A-I.R. Uimh. 11 De 2018
 

1. (1) San Ordú seo:

ciallaíonn “gluaiseacht cháis” imeachtaí le haghaidh trialach a ullmhú de réir an nós imeachta faoin Ordú seo;

ciallaíonn “treoir um ghluaiseacht cháis” treoir a thabharfar maidir le himeachtaí aonair laistigh de chatagóir dá dtagraítear i bhfo-riail (2) agus de réir riail 3(1), go mbeidh na himeachtaí sin faoi réir ghluaiseacht cháis.

(2) Faoi réir fho-riail (3), beidh feidhm ag an Ordú seo maidir leis na himeachtaí seo a leanas:


(a) imeachtaí Cothromais;

(b) imeachtaí de bhun Bille Shibhialta um an Dlí Comharbais;

(c) aon imeachtaí, nach dtagraítear dóibh ag mír (a), lena n-áireofar éileamh maidir le conradh a shainchomhlíonadh nó éileamh ar dhamáistí mar gheall ar chonradh a shárú i leith foirgniú, méadú, athrú nó deisiú foirgnimh nó déanmhais eile;

(d) aon chatagóir eile imeachtaí, nó aon imeachtaí eile lena mbaineann nó lena ngabhann aon sainghnéithe, a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na Cúirte Cuarda mar imeachtaí a fhéadfaidh a bheith faoi réir ghluaiseacht cháis, agus foilseofar an t-ainmniú sin ar cibé modh a ordóidh Uachtarán na Cúirte Cuarda.


(3) Ní bheidh feidhm ag an Ordú seo maidir leis na himeachtaí seo a leanas:


(a) imeachtaí lena mbaineann Ordú 59 riail 4 (38);

(b) imeachtaí lena mbaineann Ordú 5B.


2. Is é is cuspóir do ghluaiseacht cháis a chinntiú go ndéanfar imeachtaí a ullmhú le haghaidh trialach ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dócha go n-íoslaghdóidh sé costais na n-imeachtaí agus lena mbainfear an úsáid is fearr as am agus acmhainní eile na cúirte.

3. (1) Féadfaidh na daoine seo a leanas treoir um ghluaiseacht cháis a thabhairt—


(a) an Cláraitheoir Contae uaidh féin ag aon liostú nó éisteacht os comhair an Chláraitheora Contae sna himeachtaí;

(b) an Breitheamh uaidh féin ag aon liostú nó éisteacht os comhair an Bhreithimh sna himeachtaí;

(c) an Cláraitheoir Contae nó an Breitheamh ar iarratas trí fhoriarratas ó aon pháirtí chun an Chláraitheora Contae nó chun an Bhreithimh, de réir mar a bheidh, iar bhfógra chun an pháirtí nó na páirtithe eile.


(2) Féadfar treoir um ghluaiseacht cháis a thabhairt i gcás gur deimhin leis an gCláraitheoir Contae nó leis an mBreitheamh (de réir mar a bheidh) gur cuí déanamh amhlaidh, ag féachaint do chastacht na n-imeachtaí, líon na saincheisteanna nó na bpáirtithe, an méid fianaise is dócha a bheidh ann, nó ar chúis speisialta eile agus sonrófar an chúis sin san ordú.

4. (1) I gcás go dtabharfar treoir um ghluaiseacht cháis—


(a) déanfar na himeachtaí a liostú os comhair an Chláraitheora Contae le haghaidh gluaiseacht cháis, agus air sin déanfaidh an Cláraitheor Contae toghairm, i bhFoirm 8A de Sceideal na bhFoirmeacha, a eisiúint chuig na páirtithe le haghaidh éisteacht ar ghluaiseacht cháis ar cibé dáta a shocróidh an Cláraitheoir Contae, ina dtabharfar fógra 21 lá ar a laghad do na páirtithe;

(b) déanfaidh an gearánaí nó aon pháirtí eile a bheidh ag ionchúiseamh na n-imeachtaí, tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an éisteacht ar ghluaiseacht cháis, leabhar innéacsaithe de phléadálacha arna mhalartú idir na páirtithe a chomhdú san Oifig, agus déanfaidh sé cóip den innéacs a sheirbheáil ar an bpáirtí nó na páirtithe eile.


(2) Is é is cuspóir don éisteacht ar ghluaiseacht cháis a chinntiú go ndéanfar na himeachtaí a ullmhú le haghaidh trialach ar an modh dá dtagraítear i riail 2 agus go ndéanfar, go háirithe, a luaithe is féidir roimh an triail:


(a) na saincheisteanna, ó thaobh fíorais nó dlí, a mhíniú chomh soiléir, beacht agus comair is féidir;

(b) gach pléadáil, mionnscríbhinn agus ráiteas maidir le saincheisteanna a sheirbheáil;

(c) aon iarratais iar bhfógra ar shonraí breise nó cuntais breise nó doiciméid bhreise agus freagraí orthu sin, aon admhálacha, nó iarrataí ar admhálacha, fógraí chun doiciméid nó fíorais a admháil agus freagraí orthu sin, aon mhionnscríbhinní arna ndéanamh de bhun aon fhógraí chun fíorais nó doiciméid a admháil, agus aon iarratais ar fhollasú trí litir agus freagraí orthu sin, a dhéanamh, a sheirbheáil nó a sheachadadh, de réir mar a bheidh; agus

(d) gach iarratas ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a bheartaíonn aon cheann de na páirtithe a dhéanamh.


5. (1) Déanfaidh gach Cláraitheoir Contae taifead a choimeád, agus féadfaidh an taifead sin a bheith i bhfoirm leictreonach, de na himeachtaí go léir in éisteachtaí ar ghluaiseacht cháis os a chomhair.

(2) Áireofar ar an taifead sin, maidir leis na himeachtaí lena mbaineann, sonraí i ndáil le—


(a) dáta eisiúna na toghairme chun freastal a dhéanamh ag an éisteacht;

(b) dáta gach éisteachta agus aon atráthú di;

(c) i gcás go ndéanfar an éisteacht a atráthú, an chúis leis an atráthú;

(d) ainm an chláraitheora contae a sheolfaidh an éisteacht;

(e) ainmneacha na n-abhcóidí, na n-aturnaetha agus aon pháirtithe a bheidh ag freastal;

(f) na horduithe a dhéanfar nó na treoracha a thabharfar ag an éisteacht nó aon atráthú di.


(3) Déanfar cóip den taifead a chur i gcomhad na Cúirte agus cuirfear cóip eile den chéanna ar fáil do pháirtí sna himeachtaí ar iarraidh uaidh.

6. (1) Ag an éisteacht ar ghluaiseacht cháis, maidir leis an gCláraitheoir Contae—


(a) déanfaidh sé na bearta a bheidh fós le déanamh chun an cás a ullmhú le haghaidh trialach a shuíomh, clár ama a shocrú chun ullmhú an cháis le haghaidh trialach a chríochnú, agus chun na críche sin aon chlár ama a mholfaidh na páirtithe a ghlacadh más deimhin leis go bhfuil sé réasúnach;

(b) féadfaidh sé orduithe a dhéanamh nó treoracha a thabhairt maidir le pléadálacha, ráitis maidir le saincheisteanna arna malartú idir na páirtithe, saincheisteanna a bheidh faoi dhíospóid idir na páirtithe a aithint, sonraí, follasú, agarcheisteanna, doiciméid a iniúchadh, maoin réadúil nó phearsanta a iniúchadh, coimisiúin agus finnéithe a cheistiú, nó eile, is gá nó is fóirsteanach;

(c) féadfaidh sé, maidir le páirtithe a bheidh sui juris, gealltanais chun na Cúirte a ghlacadh agus a thaifeadadh thar ceann na Cúirte fad a bheidh triail na n-imeachtaí ar feitheamh nó go dtí go ndéanfaidh an Chúirt ordú eile;

(d) féadfaidh sé fiosrúcháin a dhéanamh de na páirtithe chun an tréimhse is dócha a mhairfidh an triail a fháil amach agus na socruithe, más ann, maidir le finnéithe, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (lena n-áirítear físchomhdháil) agus aon socruithe eile is gá a dhéanamh le haghaidh na trialach;

(e) féadfaidh sé am agus modh na trialach a shocrú, agus féadfaidh sé dáta a shocrú don triail agus féadfaidh sé freisin treoracha a thabhairt i dtaobh fógra trialach nó fógra chun dáta a shocrú don triail a sheirbheáil;

(f) féadfaidh sé aon orduithe a dhéanamh agus aon treoracha a thabhairt a mheasfaidh sé is gá maidir le socruithe don triail;

(g) féadfaidh sé a ordú d’aon fhinnéithe saineolaíocha dul i gcomhairle le chéile laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Cláraitheoir Contae—

 

(i) chun na saincheisteanna a aithint a mbeartaíonn siad fianaise a thabhairt ina leith,

(ii) i gcás inar féidir é, chun teacht ar chomhaontú ar an bhfianaise a bheartaíonn siad a thabhairt i leith na saincheisteanna sin, agus

(iii) chun aon ábhar a bhreithniú a n-ordóidh an cláraitheoir contae nó an Breitheamh dóibh é a bhreithniú,

agus féadfaidh sé a cheangal go ndéanfaidh na finnéithe sin sonraí maidir le toradh a gcuid comhchomhairliúchán a thaifeadadh i meamram a bheidh le cur faoi bhráid an chláraitheora contae acu le chéile agus le seachadadh acu ar na páirtithe, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an cláraitheoir contae, ar choinníoll nach mbeidh aon toradh den sórt sin ina cheangal ar na páirtithe.


(2) Déanfar aon ordú a dhéanfar nó treoir a thabharfar ag éisteacht ar ghluaiseacht cháis a eisiúint laistigh de 21 lá tar éis na héisteachta sin.

(3) Féadfaidh an Cláraitheoir Contae éisteacht ar ghluaiseacht cháis a chur ar atráth ó am go ham agus ó áit go háit de réir mar is cuí chun go bhféadfar aon ordú a dhéanfar nó aon treoir a thabharfar a chomhlíonadh nó chun go bhféadfar aon ghníomh nó beart a bheidh le déanamh sna himeachtaí a dhéanamh, nó d’fhonn éisteacht ar ghluaiseacht cháis a atosú tar éis ábhar a tharchur chun na Cúirte.

7. (1) Féadfaidh an Breitheamh, nó an Cláraitheoir Contae ag éisteacht ar ghluaiseacht cháis, ar iarratas iar bhfógra ó aon cheann de na páirtithe nó uaidh féin, nuair is cuí leis é agus ag féachaint d’imthosca go léir an cháis, a ordú go ndéanfar na himeachtaí nó aon saincheist sna himeachtaí a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse ama, nach faide ná 28 lá de ghnáth, is cuí leis agus a iarraidh ar na páirtithe idirghabháil, comhréiteach nó eadráin nó próiseas eile chun díospóid a réiteach (is próiseas a ngairtear “próiseas um réiteach malartach díospóidí” do gach ceann díobh san fho-riail seo) a úsáid chun na himeachtaí nó an tsaincheist a shocrú nó a chinneadh.

(2) I gcás go gcinnfidh na páirtithe beart dá dtagraítear i bhfo-riail (1) a dhéanamh—


(a) féadfaidh an Cláraitheoir Contae nó an Breitheamh, de réir mar a bheidh, an tréimhse a fhadú d’aon pháirtí aon fhoráil de na Rialacha seo a chomhlíonadh;

(b) féadfaidh an Breitheamh an tréimhse a fhadú d’aon pháirtí aon ordú arna dhéanamh ag an mBreitheamh sna himeachtaí a chomhlíonadh agus

(c) féadfaidh an Cláraitheoir Contae nó an Breitheamh, de réir mar a bheidh, orduithe breise nó orduithe eile a dhéanamh nó treoracha a thabhairt chun go bhféadfar próiseas um réiteach malartach díospóidí a úsáid go héifeachtach.


(3) I gcás go mbeidh ordú déanta faoi fho-riail (1)—


(a) féadfaidh an Breitheamh, nó an Cláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh, na himeachtaí a liostú ó am go ham chun tuarascáil a fháil i dtaobh an méid dul chun cinn a bheidh déanta trí phróiseas um réiteach malartach díospóidí a úsáid;

(b) féadfaidh aon pháirtí, iar bhfógra don pháirtí eile, iarratas a dhéanamh ar ordú a urscaoileadh.


8. (a) I gcás gurb é tátal an Chláraitheora Contae go ndearnadh moill nó mainneachtain mhíchuí maidir le haon ordú arna dhéanamh nó aon treoir arna tabhairt ag an gCúirt nó aige féin a chomhlíonadh nó maidir le haon cheanglas de na Rialacha seo a chomhlíonadh, féadfaidh sé an t-ábhar a liostú lena éisteacht ag an gcéad suí eile den Chúirt nó, tar éis dul i gcomhairle leis an gCláraitheoir Contae cuí, a chur faoi deara go ndéanfar an t-ábhar a liostú ag an gcéad suí eile den Chúirt in aon ionad laistigh den Chuaird.

(b) I gcás gurb amhlaidh tátal an Chláraitheora Contae, tabharfaidh sé Tuarascáil don Chúirt ina leagfar amach an mhoill nó an mhainneachtain lena mbaineann. Is i bhFoirm 8B de Sceideal na bhFoirmeacha a bheidh an tuarascáil sin.

9. Déanfaidh na haturnaetha a láithreoidh do gach ceann de na páirtithe nó, mura mbeidh aturnae ag feidhmiú don pháirtí, an páirtí é féin, freastal ar an éisteacht ar ghluaiseacht cháis agus ar aon atráthú di. I gcás go measfaidh an Cláraitheoir Contae gur riachtanach nó inmhianaithe é, féadfaidh sé a ordú do pháirtí freastal ar an éisteacht d’ainneoin aturnae a bheith ag feidhmiú don pháirtí.

10. (1) Cinnteoidh gach ionadaí de chuid páirtí a bheidh ag freastal ar an éisteacht ar ghluaiseacht cháis go mbeidh sé sách eolach ar na himeachtaí agus go mbeidh údarás aige ón bpáirtí a bhfuil sé ag feidhmiú dó déileáil le haon ábhair ar dócha go ndéileálfar leo.

(2) I gcás go mbeidh abhcóide ag feidhmiú do pháirtí féadfaidh an t-abhcóide sin freastal ar an éisteacht ar ghluaiseacht cháis, ach ní cheadófar na táillí abhcóidí do cheachtar páirtí as freastal ar an éisteacht ar ghluaiseacht cháis le linn costais a bheith á bhfómhas nó á dtomhas ach amháin i gcás ina ndeimhneoidh an Cláraitheoir Contae amhlaidh.

11. (1) Féadfaidh an Cláraitheoir Contae costais a thabhófar i dtaca leis an éisteacht ar ghluaiseacht cháis a dhámhadh amhail idir páirtí agus páirtí.

(2) Féadfaidh an Cláraitheoir Contae aon chostais den sort sin a fhómhas agus a thomhas agus, má ordaíonn an Chúirt amhlaidh, aon chostais de chuid aturnae nó cliaint a thabhófar i dtaca le héisteacht ar ghluaiseacht cháis a fhómhas agus a thomhas.

(3) Mura n-ordóidh an Cláraitheoir Contae nó an Breitheamh a mhalairt, is costais sa chúis na costais maidir le hiarratas ó pháirtí ar threoir um ghluaiseacht cháis.

(4) I gcás gur dealraitheach don Chláraitheoir Contae nach féidir dul ar aghaidh go caoithiúil le héisteacht ar ghluaiseacht cháis, nó gur dealraitheach don Chúirt nach bhféadfadh éisteacht ar ghluaiseacht cháis dul ar aghaidh go caoithiúil mar gheall ar mhainneachtain ag páirtí a bheith ullamh don éisteacht sin nó, de dheasca mhainneachtain aon pháirtí aon ordú nó treoir ón gCláraitheoir Contae a chomhlíonadh, féadfaidh an Cláraitheoir Contae nó, de réir mar a bheidh, an Chúirt, costais a dhámhadh i gcoinne an pháirtí sin, nó costais an pháirtí sin a dhícheadú, de réir mar a bheidh.

4. Déanfar na Foirmeacha a leanas, arna n-uimhriú mar 8A agus 8B faoi seach, a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda díreach i ndiaidh Foirm 8.